|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/22 |
7.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/22 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le slándáil faisnéise le haghaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1)), agus go háirithe Airteagal 39(1), pointe (e), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1139 bunaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad, chomh maith le forálacha maidir le húdaráis inniúla náisiúnta formhaoirseacht a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin agus ar na seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthraítear ag na aeradróim de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. |
|
(2) |
I gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, pointe 4.2.1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 (2) ón gCoimisiún, tá eagraíochtaí atá freagrach as soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh le córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a chothabháil chun rioscaí sábháilteachta a bhainistiú. D’fhéadfadh rioscaí sábháilteachta den sórt sin eascairt as bagairtí slándála faisnéise freisin. Ba cheart d’eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh aghaidh a thabhairt go cuí ar rioscaí den chineál sin. Chun an méid sin a chumasú, ba cheart raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 (3) a leasú chun eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhís láimhseáil ar talamh a chur san áireamh. |
|
(3) |
Oibríonn eagraíochtaí atá faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 amhail na heagraíochtaí láimhseáil ar talamh agus na heagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta naprúin faoi chóras dearbhaithe. Tugann sé sin le tuiscint nach gá dá n-údaráis inniúla a gcóras bainistíochta ná aon cheann dá chomhpháirteanna a fhormheas. Leis an gcóras céanna ba cheart na heagraíochtaí sin a bheith in ann na forálacha slándála faisnéise a chur i bhfeidhm gan ceangal a bheith orthu a lámhleabhar bainistíochta slándála faisnéise nó an próiseas chun athruithe a bhainistiú a bheith formheasta ag an údarás inniúil. Ba cheart na ceanglais a bhaineann leis na heilimintí sin a leasú chun an díolúine sin do na heagraíochtaí a chuireann dearbhú isteach a léiriú. |
|
(4) |
Eagraíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá faoi réir ceanglais slándála cheana féin a eascraíonn as Rialachán Tarmligthe Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 (4) ón gCoimisiún, ba cheart dóibh ceanglais Iarscríbhinn I (Cuid IS.D.OR.230 ‘Scéim tuairiscithe seachtraigh maidir le slándáil faisnéise’) a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún a chomhlíonadh freisin ós rud é nach bhfuil aon fhoráil i Rialachán (AE) 2015/1998 maidir le tuairisciú seachtrach ar theagmhais slándála faisnéise. |
|
(5) |
Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 01/2024 (5), arna heisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 128(4) de Rialachán (AE) 2018/1139, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. |
|
(7) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt d’eagraíochtaí a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na nósanna imeachta nua a thabharfar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó 6 bliana tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2(1) cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/22 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le slándáil faisnéise le haghaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh (IO L, 2025/20, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).’;" (*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/22 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le slándáil faisnéise le haghaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh (IO L, 2025/20, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).’;" |
|
(2) |
In Airteagal 5(1) cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:
(*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/22 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le slándáil faisnéise le haghaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh (IO L, 2025/20, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).’;" |
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 27 Márta 2031.
3. Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 16 Deireadh Fómhair 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí cheanglais a leagan síos maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad (IO L 2025/20, dd.mm.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1645/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 123, 12.5.2016, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).
(5) https://www.easa.europa.eu/en/document-library/opinions/opinion-no-012024.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear pointe IS.D.OR.200(a)(5) mar a leanas:
|
|
2. |
Leasaítear pointí (b) agus (c) de IS.D.OR.250 mar a leanas:
|
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe IS.D.OR.255: ‘IS.D.OR.255 Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/22/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)