|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/9 |
14.1.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/9 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe agus na nósanna imeachta oibre um eadráin a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéád fomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (1) (an ‘Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/904 (2) ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2023. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 20(1) den Chomhaontú, bunaíodh Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (‘CFAA’) chun cuidiú le bainistiú, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú, lena n-áirítear bainistiú an iniúchta neamhspleách, agus chun an t-idirphlé agus malartuithe faisnéise idir na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú a éascú. Foráiltear le hAirteagal 20(3) den Chomhaontú, go bhfuil CFAA lena rialacha nós imeachta féin a bunú. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 26(1) den Chomhaontú, i gcás inar theip ar na páirtithe conathacha sa Chomhaontú an díospóid a réiteach trí dhul ar iontaoibh comhairliúchán agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhála, is féidir le ceachtar Páirtí a iarraidh go mbunófaí painéal eadrána. Foráiltear le hAirteagal 26(5) den Chomhaontú, go mbunóidh CFAA na nósanna imeachta oibre um eadráin . |
|
(4) |
Le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh ag CFAA, glacfaidh sé cinntí lena mbunófar a rialacha nós imeachta agus na nósanna imeachta oibre um eadráin. |
|
(5) |
Ba cheart don Aontas an seasamh atá le glacadh in CFAA a chinneadh maidir le glacadh na gcinntí lena mbunófar rialacha nós imeachta CFAA agus na nósanna imeachta oibre um eadráin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais in CFAA a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA) arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinntí CFAA atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais in CFAA, gan cinneadh eile ón gComhairle, comhaontú le mionathruithe teicniúla ar dhréachtchinntí CFAA.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
PINTÉR S.
(1) IO L 121, 5.5.2023, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2023/904 ón gComhairle an 7 Márta 2023 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 121/1, 5.5.2023, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/904/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. ………..
ó CFAA maidir le glacadh Rialacha Nós Imeachta CFAA dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin
TÁ CFAA,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin, a síníodh in Montréal, Ceanada, an 15 Nollaig 2022, agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2023, agus go háirithe Airteagal 20(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
1. |
Glacfaidh CFAA a Rialacha Nós Imeachta féin agus forghníomhóidh sé a fheidhmeanna mar a thugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
2. |
De bhun Airteagal 20(2) den Chomhaontú, tá na Rialacha Nós Imeachta le glacadh de chomhthoil na bPáirtithe. |
|
3. |
Beidh na Rialacha Nós Imeachta ina gceangal ar na Páirtithe. |
TÁ CFAA TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
|
1. |
Bunaítear Rialacha Nós Imeachta CFAA mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
2. |
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an … |
Arna dhéanamh i/in/sa/san…
IARSCRÍBHINN
RIALACHA NÓS IMEACHTA CFAA
Airteagal 1
Ionadaíocht na bPáirtithe
1. Beidh CFAA comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe ar leibhéal Aireachta agus/nó na n-oifigeach sinsearach.
2. Is é Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin (nó an ceann atá freagrach as an nGuáin) a bheidh i gceannas ar ionadaíocht an Aontais chuig CFAA agus beidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach ar an ionadaíocht sin suas le líon uasta 10 n-ionadaí ar a mhéad.
3. Is é an tAire Acmhainní Nádúrtha a bheidh i gceannas ar ionadaíocht na Guáine chuig CFAA agus beidh sí comhdhéanta den Choimisinéir um Fhoraoisí, oifigigh ón Aireacht Acmhainní Nádúrtha, ón Aireacht Airgeadais, ón Aireacht Trádála, ón Aireacht Saothair, ón Aireacht Gnóthaí Meir-Indiacha, ó aon Aireacht nó aon Ghníomhaireacht Rialtais eile de réir mar is gá, agus ón gCoimisiún Foraoiseachta, suas le líon uasta 10 n-ionadaí ar a mhéad.
4. Tabharfaidh gach Páirtí fógra i scríbhinn don Rúnaíocht (dá dtagraítear in Airteagal 7) faoi ainmneacha, sonraí teagmhála agus feidhmeanna a n-ionadaithe do CFAA. Measfar go mbeidh an t-údarú ag na hionadaithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Pháirtí go dtí an dáta a thabharfaidh an Páirtí sin fógra don Rúnaíocht faoi ionadaí nua.
Airteagal 2
Cathaoirleacht
Beidh CFAA faoi chomhchathaoirleacht an Aire Acmhainní Nádúrtha thar ceann na Guáine agus Cheann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin (nó an ceann atá freagrach as an nGuáin) thar ceann an Aontais. Féadfaidh na Cathaoirligh socrú a dhéanamh go ndéanfaidh na hainmnithe faoi seach ionadaíocht thar a gceann. Feidhmeoidh an t-ainmní cearta uile an Chathaoirligh sin.
Airteagal 3
Breathnóirí páirtithe leasmhara
1. Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara náisiúnta sa Ghuáin ón tsochaí shibhialta, ó ENRanna áitiúla agus idirnáisiúnta, ón earnáil phríobháideach agus ó phobail dúchais freastal mar bhreathnóirí ar chruinnithe CFAA agus an Choiste Theicniúil de CFAA, dá ngairtear ‘breathnóirí páirtithe leasmhara’ anseo feasta, cé is moite d’aon seisiún a mheasann na Cathaoirligh a bheith coimeádta d’ionadaithe na bPáirtithe amháin.
2. Iarrfaidh an Rúnaíocht ar eagraíochtaí páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha ón tsochaí shibhialta, ó ENRanna áitiúla agus idirnáisiúnta, ón earnáil phríobháideach agus ó phobail dúchais a mbreathnóirí agus a gcomhaltaí malartacha a ainmniú/a thoghadh i gcomhréir lena nósanna imeachta féin faoi seach chuig CFAA agus chuig Coiste Teicniúil de CFAA ar feadh thréimhse 2 bhliain, mar a leanas:
|
— |
An tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) atá gníomhach i réimse na n-ábhar a bhaineann le foraoisí nó leis an gcomhshaol:beirt (2) bhreathnóirí. |
|
— |
Eagraíochtaí pobal dúchasach: beirt (2) bhreathnóirí. |
|
— |
An earnáil phríobháideach: beirt (2) bhreathnóirí. |
3. Tabharfaidh na heagraíochtaí páirtithe leasmhara fógra i scríbhinn don Rúnaíocht faoi ainmneacha, eagraíocht agus sonraí teagmhála a mbreathnóirí ainmnithe/tofa, chomh maith lena gcomhaltaí malartacha. Roinnfidh na páirtithe leasmhara próiseas roghnúcháin na mbreathnóirí leis an Rúnaíocht freisin.
4. Féadfaidh breathnóirí páirtithe leasmhara doiciméid maidir le míreanna sonracha ar an gclár oibre a chur faoi bhráid na Rúnaíochta tráth nach déanaí ná 7 lá féilire roimh chruinniú CFAA. Má dhearbhaíonn an Rúnaíocht ábharthacht agus breisluach na ndoiciméad a cuireadh isteach, marcálfaidh sí iad ‘Le haghaidh faisnéise’ agus scaipfidh sí ar ionadaithe na bPáirtithe iad.
5. Ní bheidh cearta vótála ná aon ról cinnteoireachta ag breathnóirí i ndáil leis na cinntí agus leis an moladh atá le glacadh ag CFAA nó ag ceann dá chomhlachtaí.
Airteagal 4
Coiste Teicniúil de CFAA
1. Tabharfaidh Coiste a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe ar an leibhéal oifigiúil, dá ngairtear ‘Coiste Teicniúil de CFAA’ anseo feasta, cúnamh do CFAA a dhualgais a dhéanamh.
2. Ullmhóidh Coiste Teicniúil de CFAA, dá ngairtear ‘an Coiste Teicniúil’ anseo feasta, cruinnithe agus plé CFAA, cuirfidh sé cinntí CFAA chun feidhme i gcás inarb iomchuí agus, go ginearálta, áiritheoidh sé leanúnachas CFAA agus feidhmiú cuí an Chomhaontaithe. Measfaidh sé aon ábhar a chuirfidh CFAA faoina bhráid chomh maith le haon ábhar eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe ó lá go lá.
3. Is é Ceann Comhair Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin (nó an ceann atá freagrach as an nGuáin) agus an Coimisinéir um Fhoraoisí nó a n-ainmnithe a dhéanfaidh comhchathaoirleacht ar an gCoiste Teicniúil.
4. Beidh ionadaithe an Aontais ar an gCoiste Teicniúil ina n-oifigigh ó Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin agus chuig an gCoimisiún Eorpach.
5. Is oifigigh ó na tíortha seo a leanas a bheidh ina n-ionadaithe de chuid na Guáine ar an gCoiste Teicniúil:
|
— |
An Aireacht Acmhainní Nádúrtha |
|
— |
An Aireacht Airgeadais |
|
— |
Coimisiún Foraoiseachta na Guáine |
|
— |
Nó aon Aireacht nó aon Ghníomhaireacht eile atá ábhartha chun an Comhaontú a chur chun feidhme |
6. Tiocfaidh an Coiste Teicniúil le chéile go rialta agus roimh gach cruinniú CFAA ar a laghad.
7. I gcás ina dtagann an Coiste Teicniúil le chéile go neamhspleách ar chruinniú CFAA, tarraingeoidh an tÉascaitheoir miontuairiscí comhpháirteacha suas ina ndéanfar achoimre ar an bplé agus síneoidh na Cathaoirligh iad. Roinnfidh an Rúnaíocht iad sin le Cathaoirligh CFAA.
8. Tabharfaidh Rúnaíocht CFAA tacaíocht riaracháin don Choiste Teicniúil.
9. Cuirfidh an Coiste Teicniúil na Rialacha Nósanna Imeachta atá ann faoi láthair i bhfeidhm mutatis mutandis
10. Níl aon chumhacht chinnteoireachta ag an gCoiste Teicniúil, ach féadfaidh sé a mholtaí a chur faoi bhráid CFAA.
Airteagal 5
Fochoistí maidir le CFAA
1. De réir Airteagal 3.11 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh na Páirtithe fochoistí de CFAA a bhunú, de réir mar is iomchuí, chun déileáil le réimsí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Cinnfidh CFAA cuspóir, comhdhéanamh, fad, cúraimí agus modhanna oibre na bhfochoistí sin. Ceapfaidh na Páirtithe a n-ionadaithe ar na fochoistí agus cuirfidh siad an Rúnaíocht ar an eolas. Cuirfear gach comhfhreagras, doiciméad agus teachtaireacht ábhartha idir pointí teagmhála gach fochoiste ar aghaidh chuig an Rúnaíocht freisin.
2. Ag gach cruinniú rialta, gheobhaidh CFAA tuarascálacha ó gach fochoiste maidir lena ghníomhaíochtaí agus lena dhul chun cinn, lena n-áirítear moltaí do CFAA lena n-athbhreithniú agus le haghaidh gníomhaíocht iomchuí.
3. Mura gcomhaontóidh CFAA a mhalairt, cuirfidh na fochoistí na Rialacha Nósanna Imeachta atá ann faoi láthair i bhfeidhm mutatis mutandis.
4. Níl aon chumhacht chinnteoireachta ag na fochoistí, ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid CFAA.
Airteagal 6
Saineolaithe agus eintitis cur chun feidhme
1. Féadfaidh na Cathaoirligh cuireadh a thabhairt do shaineolaithe freastal ar chruinnithe an Choiste Theicniúil agus/nó CFAA chomh maith le cruinnithe na bhfochoistí ar bhonn ad hoc chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha, agus ní bheidís i láthair ach nuair a phléifear na hábhair shonracha sin.
2. Féadfaidh na Cathaoirligh a chomhaontú cuireadh a thabhairt d’eintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe (‘eintitis cur chun feidhme’), freastal ar chruinnithe an Choiste Theicniúil de CFAA agus/nó ar chruinnithe CFAA chomh maith le fochoistí nó codanna díobh de réir mar is iomchuí ar bhonn ad hoc chun faisnéis agus an t-eolas is nuaí a sholáthar, chomh maith le treoraíocht agus comhairle a fháil maidir lena ngníomhaíochtaí agus maidir lena rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus lena chuspóirí a bhaint amach.
Airteagal 7
An Rúnaíocht
1. Gníomhóidh oifigeach de chuid Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin agus oifigeach de chuid Choimisiún Foraoiseachta na Guáine go comhpháirteach mar Rúnaíocht CFAA (‘an Rúnaíocht’). Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi ainm, feidhm/post agus sonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta den Rúnaíocht. Measfar an t-oifigeach a bheith fós ina chomhalta de Rúnaíocht an Pháirtí go dtí an dáta a thabharfaidh an Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi chomhalta nua.
2. Tabharfaidh an Rúnaíocht tacaíocht riaracháin do CFAA agus don Choiste Teicniúil, chomh maith le haon fhochoiste arna bhunú ag CFAA.
3. Tabharfaidh an tÉascaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 8 cúnamh don Rúnaíocht a cúraimí a dhéanamh.
Airteagal 8
Éascú
1. Fostóidh CFAA seirbhísí duine a bheidh neamhspleách agus neamhchlaonta, chun na hidirghníomhaíochtaí, an t-idirphlé agus an plé idir na Páirtithe agus idir na Páirtithe agus na páirtithe leasmhara a éascú i ndáil le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, dá ngairtear ‘Éascaitheoir’ anseo feasta.
2. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Éascaitheoir:
|
— |
tacaíocht a thabhairt maidir leis na hábhair uile a bhaineann le heagrú chruinnithe CFAA, an Choiste Theicniúil, na bhfochoistí, lena n-áirítear ar an gclár oibre, cuirí, lóistíocht agus aon ábhar eile a iarrfaidh an Rúnaíocht. |
|
— |
an plé le linn chruinnithe CFAA a éascú, coimeádann an Coiste Teicniúil, na fochoistí nótaí ar an bplé agus an dréachtpháipéar leathoifigiúil/na Miontuairiscí Comhpháirteacha nó achoimre ar an bplé a sholáthar de réir mar is ábhartha. |
|
— |
Na páirtithe leasmhara ábhartha uile a shainaithint i gcomhar leis na Páirtithe agus tacú, de réir mar is gá, leis na próisis chun na hionadaithe a ainmniú/a thoghadh mar bhreathnóirí páirtithe leasmhara. |
|
— |
Cúnamh a thabhairt maidir le hullmhú na Tuarascála Bliantúla ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí. |
|
— |
Aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme an Chreata Chomhpháirtigh Cur Chun Feidhme agus/nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí i gcoitinne a shainaithint agus a thuairisciú don Rúnaíocht. |
|
— |
Tacaíocht arna iarraidh sin maidir le saincheisteanna a bhaineann le cistiú, maoiniú agus comhordú deontóirí. |
|
— |
Aon saincheist i ndáil le sineirgí le tionscnaimh ábhartha eile a shainaithint agus a thuairisciú don Rúnaíocht, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Foraoise idir an Ghuáin agus an tAontas agus REDD+ ach gan a bheith teoranta di. |
|
— |
Freagairt ar aon iarraidh ón Rúnaíocht agus/nó ó Chathaoirligh CFAA, an Choiste Theicniúil agus na bhfochoistí. |
3. Feidhmeoidh an tÉascaitheoir faoi threoraíocht agus faoi mhaoirseacht na Rúnaíochta a bheidh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an Éascaitheora i gcónaí.
Airteagal 9
Doiciméid
I gcás ina mbeidh plé CFAA agus/nó an Choiste Theicniúil bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh an Rúnaíocht na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid CFAA agus déanfar tagairt dóibh sa Pháipéar leathoifigiúil agus/nó sna Miontuairiscí Comhpháirteacha.
Airteagal 10
Comhfhreagras
1. Is iad Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an nGuáin (nó an ceann atá freagrach as an nGuáin) agus an tAire atá freagrach as Airgeadas (le haghaidh na Guáine) mar a leagtar amach in Airteagal 22(1) den Chomhaontú, a bheidh ina n-ionadaithe ar na Páirtithe atá freagrach as teachtaireachtaí oifigiúla a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe
2. Díreofar gach comhfhreagras le CFAA chuig an Rúnaíocht. Cuirfidh an Rúnaíocht eolas ar fáil faoin mbealach ar féidir aighneachtaí a dhéanamh, mar shampla, trí chomhfhreagras i scríbhinn, ríomhphost, eile.
3. Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras a dhírítear chuig CFAA a chur ar aghaidh chuig na Cathaoirligh agus, i gcás inarb iomchuí, a scaipeadh mar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9 ar ionadaithe na bPáirtithe. Seolfaidh an Rúnaíocht comhfhreagras ó cheachtar den Chathaoirleach chuig na faighteoirí agus déantar iad a uimhriú agus a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, ar an bPáirtí eile.
4. Cuirfidh ceachtar Páirtí na doiciméid ábhartha uile chuig an Rúnaíocht ar a laghad tráth nach déanaí ná 14 lá féilire roimh an gcéad chruinniú eile de CFAA.
Airteagal 11
Cruinnithe
1. Tiocfaidh CFAA le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad, mar a fhoráiltear in Airteagal 20(4) den Chomhaontú, nó arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.
2. Mar eisceacht agus má chomhaontaíonn na Páirtithe, féadfar cruinnithe CFAA, an Choiste Theicniúil agus na bhfochoistí a thionól go fíorúil/trí fhíschomhdháil.
3. Reáchtálfaidh an Rúnaíocht gach cruinniú de CFAA ar dháta agus in áit a chomhaontóidh na Páirtithe. Is í an Rúnaíocht a chuirfidh amach an fógra maidir le tionól an chruinnithe d’ionadaithe na bPáirtithe tráth nach déanaí ná 28 lá féilire roimh thús an chruinnithe, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Cuirfidh na Páirtithe Rúnaíocht CFAA ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe na dtoscaireachtaí a bheidh ag freastal ar an gcruinniú tráth nach déanaí ná 14 lá féilire roimh thús an chruinnithe.
Airteagal 12
An clár oibre do na Cruinnithe
1. Déanfaidh an Rúnaíocht clár oibre sealadach a tharraingt suas le haghaidh gach cruinnithe ar bhonn tograí a dhéanfaidh na Páirtithe. Cuirfear ar aghaidh é, in éineacht leis na doiciméid ábhartha, chuig na Cathaoirligh tráth nach déanaí ná 21 lá roimh thús an chruinnithe.
2. Ní mór don Rúnaíocht nithe breise nó athruithe ar an gclár oibre sealadach a fháil tráth nach déanaí ná 14 lá féilire roimh thús an chruinnithe ar choinníoll go bhfaighidh an Rúnaíocht na doiciméid tacaíochta ábhartha uile in éineacht leis an iarraidh ar na nithe breise nó ar na hathruithe.
3. Glacfaidh CFAA an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna seachas iad atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
4. Féadfaidh an Rúnaíocht, le comhaontú ó Chomhchathaoirligh, na tréimhsí ama a shonraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú chun na riachtanais a bhaineann le cás ar leith a chur san áireamh.
Airteagal 13
Páipéar leathoifigiúil
1. Déanfaidh an tÉascaitheoir dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú a tharraingt suas.
2. Déanfar achoimre sna miontuairiscí, mar riail ghinearálta, ar gach mír atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:
|
(a) |
Na doiciméid arna gcur isteach chuig CFAA |
|
(b) |
Aon ráiteas a chomhaontaigh na Cathaoirligh a chur isteach |
|
(c) |
Conclúidí maidir le míreanna sonracha ar an gclár oibre. Léirítear sna conclúidí an toradh a bhí ar an bplé maidir le topaic ar leith. Féadfaidh siad, nó ní fhéadfaidh siad, a bheith nasctha le Moltaí. |
|
(d) |
Moltaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 agus |
|
(e) |
Cinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 14. |
3. Cuimseofar sna miontuairiscí freisin liosta de na rannpháirtithe sa chruinniú.
4. Déanfaidh na Cathaoirligh na miontuairiscí a fhormheas agus a shíniú ag deireadh an chruinnithe (‘Páipéar leathoifigiúil’). Roinnfidh an Rúnaíocht cóip bhunaidh amháin de na doiciméid bharántúla sin leis na Páirtithe.
5. Eiseoidh Coiste Teicniúil de CFAA, a thionólfaidh go neamhspleách ar CFAA, a mhiontuairiscí féin ina ndéanfar achoimre ar an bplé maidir le gach mír dá chlár oibre. Déanfar an plé sin a ionchorprú i gcruinnithe ábhartha CFAA.
Cuirfear an Páipéar leathoifigiúil ar fáil don phobal.
Airteagal 14
Cinntí agus Moltaí
1. Féadfaidh CFAA Cinntí agus/nó Moltaí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh leis an gComhaontú. Mar a fhoráiltear in Airteagal 20(2) den Chomhaontú, is de chomhthoil a ghlacfar cinntí agus moltaí.
2. Beidh Cinntí agus/nó Moltaí ina gceangal ar na Páirtithe agus tiocfaidh siad i bhfeidhm tar éis nósanna imeachta inmheánacha gach Páirtí faoi seach a thabhairt chun críche.
3. Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh CFAA cinntí nó moltaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh. Is éard a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir na páirtithe. Beidh sé de chumhacht ag na Cathaoirligh na nótaí sin a mhalartú agus an comhaontú maidir le haon chinneadh a dhearbhú, de réir mar is gá. Beidh teorainn ama nach mó ná 21 lá féilire ag an nós imeachta i scríbhinn nach mór don Pháirtí eile aon fhorchoimeádas nó leasú atá aige a chur in iúl lena linn.
Laistigh de 21 lá tar éis dó an nós imeachta i scríbhinn a fháil, féadfaidh Páirtí a iarraidh i scríbhinn ar an bPáirtí eile go bpléifear an togra sa chéad chruinniú eile de CFAA. Leis an iarraidh sin, cuirtear an nós imeachta i scríbhinn ar fionraí go huathoibríoch.
Maidir le togra nach raibh aon fhorchoimeádas ann ina leith laistigh den teorainn ama a leagtar síos le haghaidh nós imeachta i scríbhinn, measfar é a bheith glactha ag CFAA.
Déanfar na tograí arna nglacadh a thaifeadadh i bPáipéar leathoifigiúil an chéad chruinnithe eile de CFAA.
4. Beidh an teideal ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ faoi seach ar chinntí nó ar mholtaí, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar i ndiaidh na dteideal sin. Déanfar foráil i ngach cinneadh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.
5. Déanfar cinntí agus moltaí arna nglacadh ag CFAA a fhíordheimhniú trí chóip bharántúil arna síniú ag Cathaoirligh CFAA a chur ar fáil do gach Páirtí.
Airteagal 15
Teangacha
1. Béarla a bheidh i dteanga oifigiúil CFAA.
2. Mura gcinnfear a mhalairt, bunóidh CFAA a phlé ar dhoiciméadacht agus ar thograí a ullmhófar i mBéarla.
Airteagal 16
Poiblíocht agus Rúndacht
1. Mura gcinnfear a mhalairt, ní bheidh cruinnithe CFAA ina gcruinnithe poiblí.
2. Nuair a chuireann Páirtí faisnéis a mheastar a bheith rúnda faoina dhlíthe agus faoina rialacháin faoi bhráid CFAA, an Choiste Theicniúil agus na bhfochoistí, déileálfaidh na Páirtithe leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda.
3. Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí agus moltaí CFAA a fhoilsiú ina fhoilseachán oifigiúil faoi seach.
Airteagal 17
Costais
1. Íocfaidh gach Páirtí as aon chostas a thabhóidh sé mar thoradh ar a bheith rannpháirteach i gcruinnithe CFAA, an Choiste Theicniúil, agus na bhfochoistí maidir le costais foirne, taistil agus chothaithe, agus maidir le costais phoist agus teileachumarsáide.
2. Féachfaidh na Páirtithe leis na costais a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad a roinnt go cothrom. Tionólfar plé ad hoc idir na Páirtithe i ndáil leis sin.
Airteagal 18
Misin Allamuigh
Má iarrann ceachtar Páirtí misean allamuigh a bhaineann leis an gComhaontú a dhéanamh, comhaontóidh an dá pháirtí Téarmaí Tagartha agus uainiú an mhisin.
Airteagal 19
Idirghábháil
1. Féadfaidh Páirtí iarraidh, i scríbhinn agus tráth ar bith, go rachaidh na Páirtithe i mbun imeacht idirghabhála. Ní mór an iarraidh a bheith mionsonraithe go leordhóthanach chun an tsaincheist atá idir lámha agus ábhair imní an Pháirtí is déantóir gearáin a chur i láthair go soiléir. I gcás ina n-iarrann Páirtí idirghabháil de bhun mhír 1, measfaidh an Páirtí eile an iarraidh agus tabharfaidh sé freagra i scríbhinn laistigh de 7 lá féilire ón iarraidh. Ina éagmais sin, measfar an iarraidh ar idirghabháil a bheith diúltaithe.
2. I gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe dul ar iontaoibh idirghabhála de bhun Airteagal 25(4) den Chomhaontú, déanfaidh na Páirtithe idirghabhálaí a roghnú go comhpháirteach ag tús an imeachta idirghabhála, agus tráth nach déanaí ná 14 lá féilire tar éis an freagra ar an iarraidh idirghabhála a fháil. Mura ndéanfaidh siad amhlaidh, féadfaidh na Páirtithe iarraidh go comhpháirteach ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána idirghabhálaí a cheapadh laistigh de 7 lá.
3. Ní bheidh idirghabhálaí ina shaoránach de cheachtar Páirtí, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Tugann an t-idirghabhálaí cúnamh do na Páirtithe ar bhealach neamhspleách agus neamhchlaonta agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach cairdiúil ar a ndíospóid. Beidh prionsabail na hoibiachtúlachta, na cothroime agus an cheartais mar threoraíocht don idirghabhálaí, agus aird á tabhairt, i measc nithe eile, ar chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe agus ar na himthosca a bhaineann leis an díospóid, lena n-áirítear aon chleachtas roimhe seo idir na Páirtithe. Féadfaidh an t-idirghabhálaí na himeachtaí idirghabhála a sheoladh ar bhealach a mheasann sé a bheith iomchuí, agus imthosca an cháis, na mianta a fhéadfaidh na Páirtithe a chur in iúl á gcur san áireamh, lena n-áirítear aon iarraidh ó Pháirtí go n-éistfeadh an t-idirghabhálaí ráitis ó bhéal, agus aon ghá speisialta le réiteach tapa ar an díospóid.
4. Féadfaidh an t-idirghabhálaí cruinnithe a eagrú idir na Páirtithe, dul i gcomhairle leis na Páirtithe ar bhonn comhpháirteach nó aonair, cúnamh a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha, nó dul i gcomhairle leo, agus aon tacaíocht bhreise arna hiarraidh ag na Páirtithe a sholáthar.
5. Tá coinne leis go dtabharfaidh an t-idirghabhálaí a thuairim do na Páirtithe laistigh de 45 lá féilire tar éis a cheaptha. Féadfaidh na Páirtithe glacadh le hiarraidh ar am breise, ar choinníoll go bhfuil údar leordhóthanach leis sin.
6. Agus an tuairim a thug an t-idirghabhálaí á cur san áireamh, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar réiteach atá sásúil don dá thaobh laistigh de 30 lá féilire ón bhfógra faoi thuairim an idirghabhálaí. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú críochnaitheach, féadfaidh na Páirtithe réitigh eatramhacha a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas.
7. Féadfaidh CFAA an réiteach a ghlacadh. Féadfaidh na Páirtithe cinneadh a dhéanamh an nós imeachta i scríbhinn a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 15(3) den Iarscríbhinn reatha seachas CFAA a thionól. Cuirfear réitigh atá sásúil don dá thaobh ar fáil don phobal, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt. Mar sin féin, féadfaidh sé nach mbeidh aon fhaisnéis sa leagan a nochtfar don phobal a bheidh aicmithe ag ceachtar Páirtí mar fhaisnéis rúnda.
8. Cuirfidh an t-idirghabhálaí dréacht-tuarascáil fhíorasach faoi bhráid na bPáirtithe i scríbhinn, ina soláthrófar achoimre ghairid ar an tsaincheist atá idir lámha agus aon réiteach atá sásúil don dá thaobh ar thángthas air mar thoradh deiridh an imeachta, lena n-áirítear réitigh eatramhacha a d’fhéadfadh a bheith ann. Deonóidh an t-idirghabhálaí 15 lá do na Páirtithe chun barúil a thabhairt ar an dréacht-tuarascáil. Tar éis barúlacha na bPáirtithe a cuireadh isteach laistigh den sprioc-am a tugadh a mheas, cuirfidh an t-idirghabhálaí tuarascáil fhíorasach chríochnaitheach faoi bhráid na bPáirtithe i scríbhinn laistigh de 15 lá. Féadfaidh sé nach mbeidh aon léirmhíniú ar an gComhaontú sa tuarascáil fhíorasach.
9. Déanfar an t-imeacht a fhoirceannadh tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
trí réiteach a ghlacadh arna chomhaontú go frithpháirteach idir na Páirtithe, ar dháta a ghlactha; |
|
(b) |
trí dhearbhú i scríbhinn ón idirghabhálaí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nach mbeadh maith ar bith in iarrachtaí breise idirghabháil a dhéanamh, ar dháta an dearbhaithe sin; |
|
(c) |
trí dhearbhú i scríbhinn ó Pháirtí tar éis réitigh a fhiosrú a mheastar go frithpháirteach faoin imeacht idirghabhála agus tar éis tuairim an idirghabhálaí a mheas, ar dháta an dearbhaithe sin. Ní fhéadfar an dearbhú sin a eisiúint sula rachaidh an tréimhse a leagtar amach i mír 7 in éag; nó |
|
(d) |
ag aon chéim den imeacht trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, ar dháta an chomhaontaithe sin. |
10. I gcás inar chomhaontaigh na Páirtithe le réiteach, déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun é a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama a comhaontaíodh. Cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn agus laistigh den teorainn ama a comhaontaíodh, faoi aon chéim nó aon bheart a dhéanfar chun an réiteach atá sásúil don dá thaobh a chur chun feidhme.
11. Féachfaidh na Páirtithe leis na costais a bhaineann le himeacht idirghabhála a roinnt go cothrom. Tionólfar plé ad hoc idir na Páirtithe i ndáil leis sin.
Airteagal 20
Leasuithe ar na hIarscríbhinní
1. Más mian le ceann de na Páirtithe forálacha na nIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, tabharfaidh sé fógra do CFAA dá réir sin agus cuirfidh sé a thogra isteach chuige sin.
2. Féadfaidh CFAA iarraidh ar an gCoiste Teicniúil de CFAA an togra a mheas agus a thuairimí agus a mholtaí a chur in iúl. Féadfaidh CFAA fochoiste a bhunú chun tacú leis an gCoiste Teicniúil de CFAA maidir leis an obair sin.
3. Féadfaidh CFAA, ar thogra ó Pháirtí amháin agus tuairimí agus moltaí an Choiste Theicniúil de CFAA á gcur san áireamh, cinneadh a ghlacadh lena leasófar na hIarscríbhinní i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den Chomhaontú agus le hAirteagal 14 de na Rialacha seo.
Airteagal 21
Leasú ar na Rialacha Nós Imeachta
Féadfaidh CFAA cinntí a ghlacadh lena leasófar na Rialacha Nós Imeachta seo i gcomhréir le hAirteagal 14 de na Rialacha seo.
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2024 ón gCOMHCHOISTE FAIREACHÁIN AGUS ATHBHREITHNITHE
an …
maidir le glacadh na nósanna imeachta oibre um eadráin dá dtagraítear in Airteagal 26 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach
TÁ CHOMHCHOISTE FAIREACHÁIN AGUS ATHBHREITHNITHE,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (1) (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 26 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Déantar foráil leis an gComhaontú go bhfuil an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe le Nósanna Imeachta Oibre um Eadráin a ghlacadh,
TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar leis seo na nósanna imeachta oibre um eadráin i gcás réiteach díospóidí faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i/in/sa/san …, …
Thar ceann an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe
Na Comhchathaoirligh
IARSCRÍBHINN
NÓSANNA IMEACHTA OIBRE UM EADRÁIN
Airteagal 1
Raon feidhme an chur i bhfeidhm
1. Leis na Nósanna Imeachta Oibre seo um Eadráin, forlíontar agus soiléirítear an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí(‘an Comhaontú’), idir an tAontas Eorpach, ‘an tAontas’) agus Comharphoblacht na Guáine (‘an Ghuáin’), go háirithe Airteagal 26 de.
2. Is é is aidhm do na Nósanna Imeachta Oibre seo um Eadráin a chur ar a gcumas don Aontas agus don Ghuáin (‘na Páirtithe’) díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn eatarthu i ndáil le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach trí shásra eadrána.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Nósanna Imeachta Oibre seo um Eadráin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘painéal eadrána’ painéal arna bhunú faoi Airteagal 26(1) den Chomhaontú; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘eadránaí’ comhalta den phainéal eadrána; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘páirtí is déantóir gearáin’ an Páirtí sa Chomhaontú a iarrfaidh painéal eadrána a bhunú faoi Airteagal 26(1) den Chomhaontú; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘freagróir’ an Páirtí sa Chomhaontú a dtugtar fógra dó faoin iarraidh ar phainéal eadrána a bhunú faoi Airteagal 26(1) den Chomhaontú; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘ionadaí Páirtí’ fostaí nó aon duine aonair arna cheapadh ag Páirtí a dhéanann ionadaíocht don Pháirtí sin chun críoch díospóide faoin gComhaontú; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘lá’ lá féilire mura sonraítear a mhalairt; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘tríú páirtí’ páirtí nach páirtí díospóideach é, ach a ghlacann páirt sna himeachtaí eadrána; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘Biúró Idirnáisiúnta’ Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘rialacha BCE’ Rialacha Buanchúirte Eadrána 2012, a bhfuil éifeacht leo ón 17 Nollaig 2012, lena n-áirítear aon leasú ina dhiaidh sin; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘údarás ceapacháin BCE’ údarás na Buanchúirte Eadrána a shainaithnítear i rialacha BCE mar údarás atá freagrach as eadránaithe a cheapadh i gcomhréir le rialacha BCE. |
Airteagal 3
An dlí is infheidhme
1. Cuirfidh an painéal eadrána an Comhaontú i bhfeidhm mar a léirítear i gcomhréir le Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, agus le conarthaí, rialacha agus prionsabail eile an dlí idirnáisiúnta is ábhartha don díospóid agus is infheidhme idir na Páirtithe.
2. D’ainneoin mhír 1, i gcás ina ndéanann díospóid a cuireadh faoi eadráin ceist a thabhairt ar aird maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm forála den Chomhaontú a shainmhínítear trí thagairt d’fhoráil de dhlí náisiúnta Páirtí, féadfaidh an painéal eadrána dlí náisiúnta an Pháirtí sin a mheas, de réir mar is iomchuí, mar ábhar fíorais. Ar an mbealach sin, leanfaidh an painéal eadrána an léiriú atá i réim a thabharfaidh cúirteanna nó údaráis an Pháirtí sin don dlí náisiúnta. Aon léiriú a thugann an painéal eadrána ar an dlí náisiúnta, ní bheidh sé ina cheangal ar chúirteanna ná ar údaráis an Pháirtí sin.
Airteagal 4
Fógraí
1. Seolfar aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile de chuid an phainéil eadrána chuig an dá Pháirtí agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, chuig an mBiúró Idirnáisiúnta an tráth céanna.
Déanfar aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad de Pháirtí a dhírítear chuig an bpainéal eadrána a chóipeáil agus a sheoladh chuig an bPáirtí eile agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, chuig an mBiúró Idirnáisiúnta an tráth céanna.
Déanfar aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile de Pháirtí a dhírítear chuig an bPáirtí eile a chóipeáil agus a sheoladh chuig an bpainéal eadrána agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, chuig an mBiúró Idirnáisiúnta an tráth céanna.
2. Déanfar aon fhógra faoi iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile a thabharfar de bhun mír 1 trí ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mhodh cumarsáide eile lena soláthraítear taifead gur seoladh an fógra sin. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh an fógra sin ar dháta a sheolta.
3. I gcomhréir le hAirteagal 22 den Chomhaontú, díreofar na fógraí uile chuig Aire Airgeadais na Guáine, le haghaidh na Guáine agus chuig Ceann Thoscaireacht an Aontais sa Ghuáin, le haghaidh an Aontais.
4. Mionearráidí de chineál cléireachais in aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile a bhaineann le himeachtaí an phainéil eadrána, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh, ar doiciméad é ina léireofar go soiléir na hathruithe.
5. Más lá saoire poiblí de chuid na Guáine nó an Aontais é an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse ama chun an doiciméad a sheachadadh an chéad lá gnó eile.
Airteagal 5
Ionadaithe
Féadfaidh a rogha daoine ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na bPáirtithe nó cúnamh a thabhairt dóibh, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta inmheánacha. Déanfar ainmneacha agus seoltaí na ndaoine sin a chur in iúl i scríbhinn don Pháirtí eile, lena n-áirítear cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an ceapachán chun críoch cúnaimh nó ionadaíochta.
Airteagal 6
Ceapadh na n-eadránaithe
1. Faoi réir mhír 5, ceapfaidh gach Páirtí eadránaí amháin. Roghnóidh an bheirt eadránaithe a cheapfar ar an mbealach sin an tríú headránaí a ghníomhóidh mar eadránaí ceannais an phainéil eadrána.
2. Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis fógra an pháirtí is déantóir gearáin a fháil faoi eadránaí a cheapadh, nach mbeidh fógra tugtha ag an bhfreagróir don pháirtí is déantóir gearáin faoin eadránaí atá ceaptha aige, féadfaidh an chéad pháirtí iarraidh ar an mBiúró Idirnáisiúnta an dara headránaí a cheapadh. Ceapfaidh údarás ceapacháin BCE an dara headránaí a luaithe is féidir.
3. Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an dara headránaí a cheapadh, nach mbeidh rogha an tríú headránaí comhaontaithe ag an mbeirt eadránaithe, féadfaidh ceachtar Páirtí iarraidh ar an mBiúró Idirnáisiúnta, faoi réir mhír 5, an tríú headránaí a cheapadh i gcomhréir le rialacha BCE is infheidhme. Ceapfaidh údarás ceapacháin BCE an tríú headránaí a luaithe is féidir. Agus an ceapachán á dhéanamh aige, úsáidfidh údarás ceapacháin BCE an liosta nós imeachta seo a leanas:
|
(a) |
cuirfidh údarás ceapacháin BCE in iúl do gach ceann de na páirtithe liosta comhionann ina mbeidh trí ainm ar a laghad; |
|
(b) |
laistigh de 15 lá tar éis an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) a fháil, cuirfidh gach Páirtí an liosta ar ais chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, gan an Páirtí eile a chur i gcóip, tar éis dó an t-ainm nó na hainmneacha a gcuireann sé ina n-aghaidh a scriosadh agus na hainmneacha eile ar an liosta a uimhriú in ord a thosaíochta; |
|
(c) |
tar éis don tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a) dul in éag, ceapfaidh údarás ceapacháin BCE an tríú headránaí as na hainmneacha atá formheasta ar na liostaí a cuireadh ar ais chuige agus i gcomhréir leis an ord tosaíochta arna chur in iúl ag na Páirtithe; |
|
(d) |
más rud é, ar chúis ar bith, nach féidir an ceapachán a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa mhír seo, féadfaidh údarás ceapacháin BCE a rogha a fheidhmiú maidir leis an tríú headránaí a cheapadh. |
4. Agus eadránaithe á gceapadh acu, féadfaidh na Páirtithe agus údarás ceapacháin BCE daoine a roghnú ar Comhaltaí den Bhuanchúirt Eadrána iad.
5. Agus eadránaithe á gceapadh acu, ní roghnóidh na Páirtithe agus údarás ceapacháin BCE daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit san Aontas nó de Rialtas na Guáine.
Airteagal 7
Mainneachtain an painéal eadrána a bhunú
I gcás nach mbunaítear an painéal eadrána de bhun Airteagal 6, déanfaidh údarás ceapacháin BCE, arna iarraidh sin de cheachtar Pháirtí, an painéal eadrána a chomhdhéanamh agus, tríd an méid sin a dhéanamh, féadfaidh sé aon cheapachán a rinneadh cheana a chúlghairm agus gach eadránaí a cheapadh agus duine amháin acu a ainmniú ina eadránaí ceannais. Féadfaidh údarás ceapacháin BCE, má mheasann sé gurb iomchuí sin, daoine a ceapadh roimhe sin a athcheapadh.
Airteagal 8
Neamhspleáchas agus díolúine eadránaithe
1. Beidh eadránaithe neamhspleách agus neamhchlaonta, feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta agus ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon eagraíocht ná ó aon rialtas.
2. Nuair a rachfar i dteagmháil le duine maidir lena cheapachán féideartha mar eadránaí, nochtfaidh sé nó sí do na Páirtithe agus d’údarás ceapacháin BCE aon imthoisc is dócha a bheith ina chúis le hamhras inchosanta maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Déanfaidh eadránaí, ó thráth a cheaptha agus le linn na n-imeachtaí eadrána, aon imthoisc is dócha a bheidh ina chúis le hamhras inchosanta maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas a nochtadh gan mhoill do na Páirtithe agus don Bhiúró Idirnáisiúnta agus do na headránaithe eile.
3. Beidh díolúine ag na headránaithe ó imeachtaí dlíthiúla san Aontas agus sa Ghuáin maidir le gníomhartha nó neamhghníomhartha a bhaineann leis an eadráin.
Airteagal 9
Teagmhálacha ex parte
1. Ní thiocfaidh an painéal eadrána le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le Páirtí in éagmais an Pháirtí eile.
2. Ní phléifidh eadránaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na headránaithe eile a bheith i láthair.
Airteagal 10
Eadránaí a ionadú
1. I gcás ina bhfaighidh eadránaí bás nó ina n-éireoidh sé as oifig le linn na n-imeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar eadránaí ionaid i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6 is infheidhme maidir le ceapachán nó rogha an eadránaí a gcuirfear duine eile ina ionad.
2. I gcás ina mainneoidh eadránaí gníomhú, nó nach féidir leis de jure nó de facto, a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun agóid a dhéanamh in aghaidh eadránaí, agus chun eadránaí eile a chur ina ionad, a leagtar amach in Airteagal 11.
3. Má dhéantar eadránaí a ionadú, cuirfear tús arís leis na himeachtaí tráth a scoir an t-eadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinneann an painéal eadrána a mhalairt.
Airteagal 11
Agóid a dhéanamh in aghaidh eadránaithe
1. Féadfaidh aon Pháirtí agóid a dhéanamh in aghaidh eadránaí más ann d’imthosca atá ina gcúis le hamhras inchosanta maidir le neamhchlaontacht nó neamhspleáchas an eadránaí.
2. Ní fhéadfaidh Páirtí agóid a dhéanamh in aghaidh an eadránaí a cheap sé ach amháin ar chúiseanna a dtagann sé ar an eolas fúthu tar éis an ceapachán a dhéanamh.
3. Páirtí a bheartaíonn agóid a dhéanamh in aghaidh eadránaí, seolfaidh sé fógra faoin agóid sin laistigh de 30 lá tar éis fógra faoi cheapachán an eadránaí sin a bheith tugtha don Pháirtí a rinne an agóid nó laistigh de 30 lá tar eis an dáta a thiocfaidh an Páirtí sin ar an eolas faoi na himthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras inchosanta maidir le neamhchlaontacht nó neamhspleáchas an eadránaí.
4. Cuirfear an fógra agóide in iúl don Pháirtí eile, don eadránaí a bhfuil agóid á déanamh ina aghaidh, do chomhaltaí eile an phainéil eadrána agus don Bhiúró Idirnáisiúnta. Sonrófar cúiseanna na hagóide san fhógra agóide.
5. I gcás ina bhfuil agóid déanta ag Páirtí in aghaidh eadránaí, féadfaidh an Páirtí eile aontú leis an agóid. Féadfaidh an t-eadránaí freisin, tar éis na hagóide, tarraingt siar óna oifig. Ní thugtar le tuiscint leis sin go nglactar le bailíocht an fhorais atá leis an agóid.
6. Más rud é, laistigh de 15 lá ó dháta an fhógra agóide, nach gcomhaontóidh an Páirtí eile leis an agóid nó nach dtarraingeoidh an t-eadránaí a ndearnadh agóid ina aghaidh siar, féadfaidh an Páirtí a dhéanfaidh an agóid roghnú leanúint den agóid. Sa chás sin, laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra agóide, lorgóidh sé cinneadh maidir leis an agóid ó údarás ceapacháin BCE.
7. Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an agóid, féadfaidh údarás ceapacháin BCE na cúiseanna leis an gcinneadh a léiriú, mura gcomhaontóidh na Páirtithe nach dtabharfar aon chúis. Má aontaíonn údarás ceapacháin BCE leis an agóid, ceapfar nó roghnófar eadránaí ionaid i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6 is infheidhme maidir le ceapachán nó rogha an eadránaí a gcuirfear duine eile ina ionad.
Airteagal 12
Forálacha ginearálta
1. Seolfaidh an painéal eadrána an eadráin ar bhealach a mheasann sé a bheith iomchuí, ar choinníoll go gcaithfear go cothrom leis na Páirtithe agus go dtabharfar deis réasúnta do gach Páirtí a chás a chur i láthair ag céim iomchuí de na himeachtaí. Seolfaidh an painéal eadrána, agus a rogha á feidhmiú aige, na himeachtaí ar bhealach lena bhféachtar le moill agus costas neamhriachtanach a sheachaint agus chun próiseas cothrom éifeachtúil a sholáthar chun an díospóid a réiteach.
2. Beidh an rialú ón bpainéil eadrána críochnaitheach agus ina cheangal ar an Aontas agus ar an nGuáin.
3. Cuirfidh an tAontas agus an Ghuáin rialú ón bpainéal eadrána ar fáil go poiblí ina iomláine, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
Airteagal 13
Áit eadrána
1. Is é an Háig an áit eadrána, mura gcomhaontaítear a mhalairt.
2. Féadfaidh an painéal eadrána teacht le chéile in aon áit is iomchuí leis chun earraí, maoin eile nó doiciméid a iniúchadh. Tabharfar fógra leordhóthanach do na Páirtithe chun a chur ar a gcumas dóibh a bheith i láthair ag iniúchadh den sórt sin.
Airteagal 14
Rúndacht
1. Déileálfaidh gach Páirtí agus an painéal eadrána le haon fhaisnéis mar fhaisnéis rúnda a chuirfidh an Páirtí eile faoi bhráid an phainéil eadrána agus a bheidh ainmnithe amhlaidh ag an bPáirtí eile. Nuair a chuirfidh Páirtí aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda faoi bhráid an phainéil eadrána, déanfaidh sé, laistigh de 15 lá, aighneacht a chur isteach gan an fhaisnéis rúnda inti agus is féidir an aighneacht sin a nochtadh don phobal.
2. Ní chuirfidh aon ní sna Nósanna Imeachta Oibre um Eadráin seo bac ar Pháirtí ráitis faoina sheasamh féin a nochtadh don phobal. Fad nach mbeidh na himeachtaí curtha i gcrích, ní nochtfaidh Páirtí aon fhaisnéis arna hainmniú ag an bPáirtí eile mar fhaisnéis rúnda.
3. Is i seisiún iata a thiocfaidh an painéal eadrána le chéile nuair a bheidh faisnéis rúnda san aighneacht agus sna hargóintí de chuid Páirtí. Coinneoidh na páirtithe éisteachtaí an phainéil eadrána faoi rún nuair a thiocfaidh siad le chéile i seisiún dúnta.
Airteagal 15
Oibríocht an phainéil eadrána
1. Beidh an t-eadránaí ceannais ina chathaoirleach ar chruinnithe uile an phainéil eadrána. Féadfaidh an painéal eadrána an t-údarás cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an eadránaí ceannais.
2. Déanfaidh an painéal eadrána a chuid gníomhaíochtaí trí aon mhodh, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, tarchuir facs nó naisc ríomhaireachta.
3. Is iad na headránaithe amháin a ghlacfaidh páirt i bplé an phainéil eadrána, ach féadfaidh an painéal eadrána cead a thabhairt do chúntóirí eadránaithe freastal ar an bplé sin.
4. Maidir le dréachtú aon rialú nó tuarascáil, is freagracht eisiach an phainéil eadrána agus an phainéil amháin i gcónaí a bheidh sé sin agus ní dhéanfar é a tharmligean.
5. I gcás ina measann an painéal eadrána go bhfuil gá le hathrú ar cheann de na tréimhsí ama le haghaidh na n-imeachtaí chun aon choigeartú a dhéanamh ar nós imeachta nó ar chúrsaí riaracháin, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn, tar éis dó dul i gcomhairle leo, maidir leis na cúiseanna a bheidh leis an athrú nó leis an gcoigeartú, agus maidir leis an tréimhse ama nua nó an coigeartú is gá.
Airteagal 16
Tráthchlár na headrána
1. A luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe agus tar éis iarraidh ar na Páirtithe a dtuairimí a chur in iúl, bunóidh an painéal eadrána tráthchlár sealadach na headrána. Féadfaidh an painéal eadrána, tráth ar bith, tar éis dó cuireadh a thabhairt do na Páirtithe a dtuairimí a chur in iúl, síneadh nó giorrú a chur leis an tréimhse ama sin.
2. Laistigh de 10 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána, féadfaidh ceachtar Páirtí iarraidh réasúnaithe a chur isteach ina léirítear go bhfuil práinn leis an gcás. Sa chás sin, tabharfaidh an painéal eadrána rialú maidir leis an iarraidh sin laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear iarraidh den sórt sin.
Airteagal 17
Cruinniú eagrúcháin
1. Tiocfaidh na Páirtithe agus an painéal eadrána le chéile laistigh de 30 lá tar éis a bhunaithe chun a chinneadh cé na hábhair a mheasfaidh na páirtithe nó an painéal eadrána a bheith iomchuí, lena n-áirítear:
|
(a) |
an luach saothair agus na costais a íocfar leis na headránaithe; |
|
(b) |
téarmaí tagartha an phainéil eadrána; agus |
|
(c) |
tráthchlár na n-imeachtaí. |
2. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is iad seo a leanas téarmaí tagartha an phainéil eadrána:
|
(a) |
scrúdú a dhéanamh i bhfianaise fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe arna lua ag na Páirtithe, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh ar an bpainéal eadrána a bhunú; |
|
(b) |
cinntí a dhéanamh maidir le comhréireacht birt atá i gceist le forálacha an Chomhaontaithe; agus |
|
(c) |
rialú a thabhairt. |
Airteagal 18
Aighneachtaí i scríbhinn
Cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn isteach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil eadrána. Cuirfidh an freagróir a aighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin.
Airteagal 19
Éisteachtaí
1. Ar bhonn an tráthchláir a leagfar amach sa chruinniú eagrúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na headránaithe eile, tabharfaidh an t-eadránaí ceannais fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus áit na héisteachta. Faoi réir mhír 6, cuirfidh an Páirtí a mbeidh an éisteacht ar siúl ina chríoch an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
2. Féadfaidh an painéal eadrána éisteachtaí breise a thionóil má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
3. Beidh na headránaithe uile i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.
4. Féadfaidh na daoine seo a leanas, faoi réir réamhthoiliú na bPáirtithe, freastal ar an éisteacht, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an éisteacht ar oscailt don phobal.
|
(a) |
ionadaithe Páirtí; |
|
(b) |
comhairleoirí, cúntóirí agus foireann riaracháin chuig na headránaithe; |
|
(c) |
saineolaithe, arna gcinneadh ag an bpainéal eadrána; |
|
(d) |
finnéithe; |
|
(e) |
tríú páirtithe. |
5. Tráth nach déanaí ná 7 lá roimh dháta éisteachta, déanfaidh gach Páirtí liosta ainmneacha na ndaoine a sheachadadh chuig an bpainéal eadrána agus chuig an bPáirtí eile, daoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin, ionadaithe eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht agus finnéithe a thabharfaidh fianaise ag an éisteacht.
6. Beidh éisteachtaí an phainéil eadrána ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh an painéal eadrána a mhalairt as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.
7. Déanfaidh an painéal eadrána, i gcomhairle leis na Páirtithe, cinneadh maidir le nósanna imeachta agus socruithe lóistíochta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar éisteachtaí atá ar oscailt don phobal a bhainistiú ar bhealach éifeachtach. Féadfaidh go n-áireofar sna nósanna imeachta agus sna socruithe lóistíochta sin craoladh beo gréasáin nó teilifís ciorcaid iata a úsáid
8. Seolfaidh an painéal eadrána an éisteacht mar a leanas, agus áiritheoidh sé go dtabharfar am comhionann don Pháirtí is déantóir gearáin agus don fhreagróir ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:
An Argóint
|
(a) |
argóint an Pháirtí is déantóir gearáin; |
|
(b) |
argóint an fhreagróra. |
An Argóint Frisnéise
|
(a) |
freagra an Pháirtí is déantóir gearáin; |
|
(b) |
frithfhreagra an fhreagróra. |
9. Féadfaidh an painéal eadrána ceisteanna a dhíriú ar cheachtar Páirtí nó ar aon fhinné tráth ar bith le linn na héisteachta.
10. Déanfaidh an painéal eadrána socrú ionas go ndéanfar tras-scríbhinn na héisteachta a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 7 lá ón éisteacht. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras-scríbhinn, agus féadfaidh an painéal eadrána na barúlacha sin a mheas.
11. Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá ón éisteacht.
Airteagal 20
Mainneachtain
1. Mura dtiocfaidh ceann de na Páirtithe, ar tugadh fógra cuí dó faoi na Nósanna Imeachta Oibre seo um Eadrána seo, i láthair ag éisteacht gan cúis leordhóthanach a bheith leis an mainneachtain sin, féadfaidh an painéal eadrána dul ar aghaidh leis an eadráin.
2. Mura ndéanfaidh ceann de na Páirtithe, a gceanglaítear air go cuí fianaise dhoiciméadach a sholáthar, é sin a sholáthar laistigh den teorainn ama a leagtar síos, gan cúis leordhóthanach a thabhairt leis an mainneachtain sin, féadfaidh an painéal eadrána an rialú a thabhairt ar an bhfianaise os a chomhair.
Airteagal 21
Ceisteanna i scríbhinn
1. Féadfaidh an painéal eadrána, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Déanfar cóip de gach cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin agus cuirfear chuig an bPáirtí eile iad.
2. Tabharfaidh gach Páirtí cóip dá fhreagraí ar cheisteanna arna gcur isteach ag an bpainéal eadrána don pháirtí eile. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a sholáthar maidir le freagraí an Pháirtí laistigh de 7 lá tar éis an chóip sin a sheachadadh.
Airteagal 22
Tríú páirtithe
1. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh an painéal eadrána aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhuine nádúrtha ar cónaitheoir nó saoránach de chuid Páirtí é nó ó dhuine dlítheanach atá bunaithe i gcríoch Páirtí atá neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, ar Rialtas na Guáine agus ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na haighneachtaí:
|
(a) |
go bhfaighidh an painéal eadrána iad laistigh de 10 lá ó dháta bunaithe an phainéil eadrána; |
|
(b) |
go mbeidh siad ábhartha go díreach le saincheist fhíorasach nó dhlíthiúil atá á meas ag an bpainéal eadrána; |
|
(c) |
go mbeidh tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a bhfuil an aighneacht á déanadh aige, lena n-áirítear a náisiúntacht nó a áit chónaithe i gcás duine nádúrtha, de réir mar is infheidhme, agus i gcás duine dlítheanach áit a bhunaithe, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta agus a fhoinse maoinithe; agus |
|
(d) |
go sonrófar iontu an cineál leasa atá ag an duine in imeachtaí an phainéil eadrána. |
2. Déanfar na haighneachtaí a sheachadadh chuig na Páirtithe ionas gur féidir leo a mbarúlacha a thabhairt fúthu. Féadfaidh na páirtithe a mbarúlacha a thabhairt don phainéal eadrána laistigh de 15 lá ón lá a seachadadh na haighneachtaí.
3. Liostóidh an painéal eadrána ina rialú na haighneachtaí uile a fuair sé de bhun mhír 1. Níl sé de cheangal ar an bpainéal eadrána aghaidh a thabhairt ina thuarascáil ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí.
4. I gcás ina gcinnfidh an painéal eadrána aghaidh a thabhairt ina thuarascáil ar na hargóintí a luaitear sna haighneachtaí, cuirfidh sé san áireamh freisin aon bharúil a thabharfaidh na Páirtithe de bhun mhír 2.
Airteagal 23
Saineolaithe
1. Féadfaidh an painéal eadrána saineolaí amháin nó níos mó a cheapadh chun tuairisciú dó, i scríbhinn, ar shaincheisteanna sonracha a bheidh le cinneadh ag an bpainéal. Cuirfear cóip de théarmaí tagartha an tsaineolaí arna mbunú ag an bpainéal in iúl do na Páirtithe.
2. Ar thuarascáil an tsaineolaí a fháil, seolfaidh an painéal eadrána cóip chuig na Páirtithe, a dtabharfar deis dóibh a dtuairim ar an tuarascáil a chur in iúl i scríbhinn. Beidh Páirtí i dteideal scrúdú a dhéanamh ar aon doiciméad a bhfuil tuarascáil an tsaineolaí ag brath air.
3. Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, tar éis an tuarascáil a sheachadadh, féadfar éisteacht a thabhairt don saineolaí ag éisteacht, agus beidh deis ag na Páirtithe an saineolaí a cheistiú. Ag an éisteacht, féadfaidh ceachtar Páirtí finnéithe saineolacha a chur i láthair chun fianaise a thabhairt maidir leis na pointí atá i gceist.
Airteagal 24
Cinntí
Déanfaidh an painéal eadrána gach iarracht cinntí a dhéanamh de chomhthoil. I gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, déanfar cinneadh faoin ábhar trí vótáil tromlaigh.
Airteagal 25
Foirm an rialaithe
1. Beidh an rialú i scríbhinn agus leagfar amach ann na cinntí fíorais, infheidhmeacht fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe, agus an réasúnaíocht le haon chinneadh agus aon chonclúid.
2. Síneoidh na headránaithe an rialú agus cuimseofar an dáta a rinneadh é agus léireofar an áit eadrána. I gcás nach síneoidh aon duine de na headránaithe é, sonrófar sa rialú an chúis nach ndearnadh an síniú nó na sínithe.
Airteagal 26
Léiriú an rialaithe
1. Laistigh de 30 lá ón rialú a fháil, féadfaidh ceachtar Páirtí, ag a bhfuil fógra tugtha don Pháirtí eile, agus d’údarás ceapacháin BCE, iarraidh ar an bpainéal eadrána léiriú a thabhairt ar an rialú.
2. Tabharfar an léiriú i scríbhinn laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil. Beidh an léiriú mar chuid den rialú agus beidh feidhm ag forálacha Airteagail 15 agus 25, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 27
Ceartú an rialaithe
1. Laistigh de 30 lá ón rialú a fháil, féadfaidh ceachtar Páirtí, ag a bhfuil fógra tugtha don Pháirtí eile, agus d’údarás ceapacháin BCE, iarraidh ar an bpainéal eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chlóghrafaíochta, nó aon earráid den chineál céanna sa rialú a cheartú. Mar sin féin, féadfaidh an painéal eadrána na ceartúcháin sin a dhéanamh ar a thionscnamh féin laistigh de 30 lá ón rialú a chur in iúl.
2. Déanfar na ceartúcháin uile i scríbhinn agus beidh siad mar chuid den rialú agus beidh feidhm ag forálacha Airteagail 15 agus 25, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 28
Rialú breise
1. Laistigh de 30 lá ón rialú a fháil, féadfaidh ceachtar Páirtí, ag a bhfuil fógra tugtha don Pháirtí eile/ ar fhógra a thabhairt don bPáirtí eile, agus d’údarás ceapacháin BCE, iarraidh ar an bpainéal eadrána rialú breise a dhéanamh ar éilimh a chuirtear i láthair sna himeachtaí eadrána ach a fhágtar ar lár ón rialú.
2. Má mheasann an painéal eadrána go bhfuil údar cuí leis an iarraidh ar rialú breise agus má mheasann sé gur féidir an neamhghníomh a cheartú gan tuilleadh éisteachtaí ná fianaise, déanfaidh sé an rialú breise laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil.
3. Má dhéantar rialú breise, beidh feidhm ag Airteagail 15 agus 25, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 29
An rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh
1. Déanfaidh na Páirtithe aon bheart is gá chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta. Comhaontóidh na Páirtithe laistigh de 10 lá ón bhfógra a fháil faoin rialú ón bpainéal eadrána maidir le tréimhse réasúnta ama chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh. I gcás easaontais idir na Páirtithe maidir leis an tréimhse réasúnta ama chun rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh, iarrfaidh ceachtar Páirtí i scríbhinn ar an bpainéal eadrána bunaidh fad na tréimhse réasúnta ama a chinneadh agus tabharfaidh sé fógra, an tráth céanna, don Pháirtí eile. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse réasúnta ama trí chomhaontú frithpháirteach idir an tAontas agus an Ghuáin.
2. I gcás easaontais idir na Páirtithe maidir le comhoiriúnacht aon bhirt leis an rialú ón bpainéal eadrána, féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn ar an bpainéal eadrána rialú ar an ábhar. Tabharfaidh an painéal eadrána fógra faoina rialú laistigh de 90 lá nó i gcásanna práinne laistigh de 45 lá ón dáta a chuirfear an iarraidh isteach.
I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid de na headránaithe, ationól chun iarraidh a mheas, bunófar painéal eadrána nua i gcomhréir le hAirteagal 6. Is é 60 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa teorainn ama chun fógra a thabhairt faoin rialú.
3. Má rialaíonn an painéal eadrána gur mhainnigh Páirtí an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh, forchuirfidh sé sprioc-am nua maidir le comhlíonadh an Pháirtí sin.
Má leanann an Páirtí de gan an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh, féadfaidh an Páirtí eile, ar fhógra a thabhairt don Pháirtí neamhchomhlíontach, an Comhaontú a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 28 de. Beidh aon fhionraí a dhéanfar comhréireach leis an sárú oibleagáide lena mbaineann agus, lena gcuirfear san áireamh tromchúis an tsáraithe agus na cearta i dtrácht agus, i gcás ina mbeidh an fhionraí bunaithe ar an bhfíoras go leanann an Páirtí de gan an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh.
Beidh aon fhionraí sealadach agus ní chuirfear i bhfeidhm í go dtí go gcomhlíonfaidh an Páirtí an rialú ón bpainéal eadrána, nó go dtí go gcomhaontóidh na Páirtithe an díospóid a réiteach ar bhealach eile.
4. Tabharfaidh an Páirtí fógra do Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA) agus don Pháirtí eile faoi aon bheart atá déanta aige chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh agus faoina iarraidh chun deireadh a chur leis an bhfionraí a chuir an Páirtí eile i bhfeidhm.
5. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar leis an mbeart a fógraíodh an Páirtí a thabhairt i gcomhréir le rialú ón bpainéal eadrána laistigh de 45 lá ón dáta a chuirfear fógra isteach, féadfaidh ceachtar Páirtí iarraidh i scríbhinn ar an bpainéal eadrána bunaidh rialú faoin ábhar. Tabharfar fógra faoin iarraidh sin an tráth céanna don Pháirtí eile.
I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid de na headránaithe, ationól chun iarraidh a mheas, bunófar painéal eadrána nua i gcomhréir le hAirteagal 6. Tabharfar fógra faoin rialú ón bpainéal eadrána do na Páirtithe agus do CFAA laistigh de 75 lá ón dáta a chuirfear an iarraidh isteach.
6. I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid de na headránaithe, ationól chun iarraidh a mheas faoi mhír 2, bunófar painéal eadrána nua i gcomhréir le hAirteagal 6. Is é 90 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa tréimhse ama chun fógra a thabhairt faoin rialú ón bpainéal eadrána nua.
Airteagal 30
Réiteach nó forais eile le haghaidh foirceannta
1. Más rud é, sula ndéanfar an rialú, go gcomhaontóidh na Páirtithe an díospóid a réiteach, eiseoidh an painéal eadrána ordú chun na himeachtaí eadrána a fhoirceannadh nó, má iarrann an dá Pháirtí amhlaidh agus má ghlacann an painéal leis, déanfaidh sé an réiteach a thaifeadadh i bhfoirm rialú eadrána ar théarmaí comhaontaithe. Níl sé de cheangal ar an bpainéal eadrána cúiseanna a thabhairt le rialú ar théarmaí comhaontaithe.
2. Más rud é, sula ndéanfar an rialú, go mbeidh sé dodhéanta leanúint de na himeachtaí eadrána nó go mbeidh sé neamhbhríoch ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an painéal eadrána in iúl do na Páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint mura dtabharfaidh Páirtí foras inchosanta leis an agóid. Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin ansin agus é d’aidhm acu an díospóid a réiteach.
Airteagal 31
Costais
1. Socróidh an painéal eadrána costais na headrána ina rialú. Ní chuimsítear leis an téarma ‘costais’ ach an méid seo a leanas:
|
(a) |
táillí an phainéil eadrána, a shonrófar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an painéal eadrána i gcomhréir leis na táillí laethúla a chomhaontaigh na Páirtithe tráth a ceapadh na headránaithe; |
|
(b) |
costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; |
|
(c) |
na costais a bhaineann le sainchomhairle agus le cúnamh eile a theastaíonn ón bpainéal eadrána; |
|
(d) |
costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag finnéithe má fhormheasann an painéal eadrána na costais sin. |
2. I bprionsabal, is é an Páirtí nár éirigh leis a íocfaidh costais na headrána. Mar sin féin, féadfaidh an painéal gach ceann de na costais sin a chionroinnt idir na Páirtithe má chinneann sé go bhfuil an chionroinnt sin réasúnta, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.
3. Ní fhéadfaidh painéal eadrána aon táille breise a ghearradh as a rialú a léiriú, a cheartú nó cur leis.
Airteagal 32
Costais a thaisceadh
1. Féadfaidh an painéal eadrána, tráth a bhunaithe, iarraidh ar gach Páirtí an méid céanna a thaisceadh mar airleacan maidir leis na costais dá dtagraítear in Airteagal 31.
2. Le linn na n-imeachtaí eadrána, féadfaidh an painéal eadrána taiscí forlíontacha a iarraidh ar na Páirtithe.
3. Mura n-íocfar na taiscí is gá ina n-iomláine laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil, cuirfidh an painéal eadrána na Páirtithe ar an eolas ionas go bhféadfaidh ceann amháin nó ceann eile acu an íocaíocht is gá a dhéanamh. Mura ndéantar íocaíocht den sórt sin, féadfaidh an painéal eadrána ordú na himeachtaí eadrána a chur ar fionraí nó iad a fhoirceannadh.
4. Tar éis don rialú a bheith déanta, tabharfaidh an painéal eadrána cuntas ar na taiscí a fuarthas ó na Páirtithe agus tabharfaidh sé aon iarmhéid nach bhfuil caite ar ais do na Páirtithe
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/9/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)