|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/90705 |
6.11.2024 |
Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2759 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an uair nach n-úsáidfear díorthaigh ach amháin chun na rioscaí ar gné dhílis iad d’infheistíochtaí eile de chuid an chiste infheistíochta fadtéarmaí Eorpaigh (ELTIF) a fhálú, na ceanglais maidir le beartas fuascailte agus uirlisí bainistithe leachtachta ELTIF, na himthosca chun iarrataí ar aistriú ó aonaid nó ó scaireanna ELTIF a mheaitseáil, critéir áirithe chun sócmhainní ELTIF a dhiúscairt, agus eilimintí áirithe den nochtadh costas
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/2759, 25 Deireadh Fómhair 2024 )
|
(1) |
Ar leathanach 12, Airteagal 8(4), réamhrá: |
in ionad:
‘Maidir leis an gceanglas, a leagtar síos in Airteagal 19(2a), pointe (b), de Rialachán (AE) 2015/760, i gcás ina bhfuil neamhréir idir infheisteoirí atá ann cheana agus infheisteoirí féideartha, go bhfuil an mheaitseáil le déanamh ar bhonn pro rata, sonrófar na nithe uile seo a leanas le beartas meaitseála iarrataí an ELTIF:’,
léitear:
‘Maidir leis an gceanglas, a leagtar síos in Airteagal 19(2a), pointe (b), de Rialachán (AE) 2015/760, i gcás ina bhfuil neamhréir idir infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha, go bhfuil an mheaitseáil le déanamh ar bhonn pro rata, sonrófar na nithe uile seo a leanas le beartas meaitseála iarrataí an ELTIF:’;
|
(2) |
Ar leathanach 12, Airteagal 9(1), pointe (e): |
in ionad:
|
‘(e) |
aon táille scoir nó shuibscríbhinne, muirear nó costas a bhaineann le hiarrataí ar aistriú a mheaitseáil, ar táillí, muirir nó costais iad atá le híoc ag infheisteoirí atá ann cheana nó ag infheisteoirí féideartha;’, |
léitear:
|
‘(e) |
aon táille scoir nó shuibscríbhinne, muirear nó costas a bhaineann le hiarrataí ar aistriú a mheaitseáil, ar táillí, muirir nó costais iad atá le híoc ag infheisteoirí imeachta nó ag infheisteoirí féideartha;’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2759/corrigendum/2024-11-06/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)