|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/90493 |
7.8.2024 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/1781, 28 Meitheamh 2024 )
Ar leathanach 1, sa teideal:
in ionad: ‘ RIALACHÁN (AE) 2024/1781 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE […] ’,
léitear:‘RIALACHÁN (AE) 2024/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE […]’.Ar leathanach 77, léitear Airteagal 77 agus Airteagal 78 mar a leanas:
‘Airteagal 77
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828:
|
“(27) |
Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj)”. |
Airteagal 78
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/1542
In Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2023/1542, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“10. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a bfhfuil an ceallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís aige an t-aitheantóir uathúil a uaslódáil sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).
(*1) Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat a bhunú chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/C (OJ L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).”.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/corrigendum/2024-08-07/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)