Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/90247 |
23.4.2024 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/568 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/568, 14 Feabhra 2024 )
1. |
Ar leathanach 31, Iarscríbhinn IV, Roinn 4, an chéad abairt: |
in ionad: |
‘An táille le haghaidh athscrúdú a dhéanamh ar thuairim ó aon cheann de na coistí dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus in Airteagal 139(1) de Rialachán (AE) 2019/6, beidh sí cothrom le 30 % den táille is infheidhme maidir leis an tuairim thosaigh i gcomhréir le Ranna 3, 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn I agus Ranna 3, 4, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.’, |
léitear: |
‘An táille le haghaidh athscrúdú a dhéanamh ar thuairim ó aon cheann de na coistí dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus in Airteagal 139(1) de Rialachán (AE) 2019/6, beidh sí cothrom le 30 % den táille is infheidhme maidir leis an tuairim thosaigh i gcomhréir le Ranna 2, 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn I agus Ranna 3, 4, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.’. |
2. |
Ar leathanach 37, Iarscríbhinn V, roinn 8: |
in ionad: |
‘Beidh feidhm ag laghdú 25 % ar an táille maidir leis an táille bhliantúil le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn III, cé is moite de na táirgí sin a liostaítear cheana i Ranna 4 agus 5 den Iarscríbhinn seo.’, |
léitear: |
‘Beidh feidhm ag laghdú 25 % ar an táille maidir leis an táille bhliantúil le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn III, cé is moite de na táirgí sin a liostaítear cheana i Ranna 5 agus 6 den Iarscríbhinn seo.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/568/corrigendum/2024-04-23/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)