European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2772

19.4.2024

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2023/2772, an 22 Nollaig 2023)

1.

Ar leathanach 16, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, mír 91(a):

in ionad:

‘na h éifeachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag na teagmhais’,

léitear:

‘na h éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar na teagmhais’.

2.

Ar leathanach 26, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 15(b):

in ionad:

‘éifeachtaí airgeadais ionchasacha a bhaineann le h ábhair inbhuanaitheachta ’,

léitear:

‘éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a bhaineann le h ábhair inbhuanaitheachta ’.

3.

Ar leathanach 32, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn B ‘Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise’, mír QC 17:

in ionad:

‘Déanfar faisnéis chomhlántach a chuirtear i láthair de bhun mhír 113 a sholáthar ar bhealach a sheachnaíonn folú faisnéise ábhartha’,

léitear:

‘Déanfar faisnéis chomhlántach a chuirtear i láthair de bhun mhír 114 a sholáthar ar bhealach a sheachnaíonn folú faisnéise ábhartha’.

4.

Ar leathanach 33, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn C ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’, tábla, an tríú colún, an séú ró:

in ionad:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú’,

léitear:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú’.

5.

Ar leathanach 34, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn C ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’, tábla, an tríú colún, an t-ochtú ró:

in ionad:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí’,

léitear:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí’.

6.

Ar leathanach 34, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn C ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’, tábla, an tríú colún, an deichiú ró:

in ionad:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras’,

léitear:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras’.

7.

Ar leathanach 34, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn C ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’, tábla, an tríú colún, an 11ú ró:

in ionad:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach’,

léitear:

‘Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach’.

8.

Ar leathanach 35, in Iarscríbhinn I, ESRS 1 ‘Ceanglais ghinearálta’, Foscríbhinn C ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’, tábla, an tríú colún, an 17ú ró:

in ionad:

‘Céatadán na bhfostaithe faoi mhíchumas’,

léitear:

‘Daoine faoi mhíchumas’.

9.

Ar leathanach 40, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 – Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú’.

10.

Ar leathanach 41, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, mír 1:

in ionad:

‘Cumhdaítear leis an ESRS seo na réimsí tuairiscithe a shainítear in ESRS 1 Ceanglais ghinearálta roinn 1.2 Caighdeáin Thrasearnálacha agus réimsí tuairiscithe.’,

léitear:

‘Cumhdaítear leis an ESRS seo na réimsí tuairiscithe a shainítear in ESRS 1 Ceanglais ghinearálta roinn 1.2 Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht.’.

11.

Ar leathanach 43, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, teideal:

in ionad:

Forálacha céimnithe isteach a úsáid i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1 ’,

léitear:

Forálacha céimnithe isteach a úsáid i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1 ’.

12.

Ar leathanach 52, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, mír 53(c)(ii):

in ionad:

‘an chaoi a ndéanann an gnóthas measúnú ar dhóchúlacht, méid, agus cineál éifeachtaí an riosca agus na ndeiseanna sainaitheanta (amhail na tairseacha cáilíochtúla nó cainníochtúla agus critéir eile a úsáidtear arna bhforordú ag ESRS 1 roinn 3.3 Ábharthacht airgeadais);’,

léitear:

‘an chaoi a ndéanann an gnóthas measúnú ar dhóchúlacht, méid, agus cineál éifeachtaí an riosca agus na ndeiseanna sainaitheanta (amhail na tairseacha cáilíochtúla nó cainníochtúla agus critéir eile a úsáidtear arna bhforordú ag ESRS 1 roinn 3.5 Ábharthacht airgeadais);’.

13.

Ar leathanach 66, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, Foscríbhinn B ‘Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais’, tábla, an chéad cholún, an 32ú ró:

in ionad:

‘ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (a) i’,

léitear:

‘ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (a) i’.

14.

Ar leathanach 66, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, Foscríbhinn B ‘Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais’, tábla, an chéad cholún, an 33ú ró:

in ionad:

‘ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (b)’,

léitear:

‘ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (b)’.

15.

Ar leathanach 66, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, Foscríbhinn B ‘Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais’, tábla, an chéad cholún, an 34ú ró:

in ionad:

‘ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (c)’,

léitear:

‘ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (c)’.

16.

Ar leathanach 68, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, Foscríbhinn B ‘Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais’, tábla, an chéad cholún, an 54ú ró:

in ionad:

‘ESRS S1-17 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ECFE mír 104 (a)’,

léitear:

‘ESRS S1-17 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do Threoirlínte ECFE mír 104 (a)’.

17.

Ar leathanach 69, in Iarscríbhinn I, ESRS 2 ‘Nochtaí ginearálta’, Foscríbhinn B ‘Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais’, tábla, an chéad cholún, an 63ú ró:

in ionad:

‘ESRS S3-1 neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do phrionsabail EIS nó agus do threoirlínte ECFE mír 17’,

léitear:

‘ESRS S3-1 neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do phrionsabail EIS nó do threoirlínte ECFE mír 17’.

18.

Ar leathanach 74, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, mír 12:

in ionad:

‘Cuirfear na nochtaí a eascraíonn as sin i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, ar ina leith a fhéadfaidh an gnóthas, i gcomhréir le ESRS2 mír 46, na nochtaí a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí eile a cheanglaítear sa chaighdeán topaicshonrach seo.’,

léitear:

‘Cuirfear na nochtaí a eascraíonn as sin i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, ar ina leith a fhéadfaidh an gnóthas, i gcomhréir le ESRS 2 mír 49, na nochtaí a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí eile a cheanglaítear sa chaighdeán topaicshonrach seo.’.

19.

Ar leathanach 87, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 5:

in ionad:

‘Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (f) á nochtadh aige, luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil sí eisiata ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir leis na critéir eisiaimh a luaitear in Airteagal 12.1 (d) go (g)46 agus Airteagal 12.2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide) (47).’,

léitear:

‘Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (g) á nochtadh aige, luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil sí eisiata ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir leis na critéir eisiaimh a luaitear in Airteagal 12(1), pointí (d) go (g)46 agus Airteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide) (47).’.

20.

Ar leathanach 90, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 17:

in ionad:

‘Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhír 14 le beartais neamhspleácha maidir le maolú ar an athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le maolú ar an athrú aeráide lena n-áirítear beartais oiliúna , beartais soláthair nó slabhra soláthair , beartais infheistíochta nó beartais forbartha táirgí.’,

léitear:

‘Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhír 22 le beartais neamhspleácha maidir le maolú ar an athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le maolú ar an athrú aeráide lena n-áirítear beartais oiliúna , beartais soláthair nó slabhra soláthair , beartais infheistíochta, nó beartais forbartha táirgí.’.

21.

Ar leathanach 95, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 33:

in ionad:

‘Tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 37 (a) infheidhme má tá an gnóthas ag oibriú in aon earnáil amháin ar a laghad a bhfuil tionchar ard aige ar an aeráid .’,

léitear:

‘Tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 38 infheidhme má tá an gnóthas ag oibriú in aon earnáil amháin ar a laghad a bhfuil tionchar ard aige ar an aeráid .’.

22.

Ar leathanach 96, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 34, tábla, an chéad cholún, an ró deireanach:

in ionad:

Tomhaltas iomlán fuinnimh (MWh) (arna ríomh mar shuim línte 6, agus 11) ’,

léitear:

Tomhaltas iomlán fuinnimh (MWh) (arna ríomh mar shuim línte 6, 7 agus 11) ’.

23.

Ar leathanach 108, in Iarscríbhinn I, ESRS E1 ‘Athrú aeráide’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 72(b):

in ionad:

‘an measúnú ar shócmhainní agus ar ghníomhaíochtaí gnó a mheastar a bheith ag riosca aistrithe ábhartha ar an bpróiseas, nó cé acu atá nó nach bhfuil sé mar cuid den phróiseas, chun rioscaí aistrithe ábhartha a chinneadh mar a thuairiscítear faoi mhíreanna 20 (c) agus AR 11 agus chun cásanna a chinneadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna AR 12 go AR 13.’,

léitear:

‘an measúnú ar shócmhainní agus ar ghníomhaíochtaí gnó a mheastar a bheith ag riosca aistrithe ábhartha braitheann sé ar an bpróiseas nó tá sé mar cuid den phróiseas chun rioscaí aistrithe ábhartha a chinneadh mar a thuairiscítear faoi mhíreanna 20 (c) agus AR 12 agus chun cásanna a chinneadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna AR 12 go AR 15.’.

24.

Ar leathanach 111, in Iarscríbhinn I, ESRS E2 ‘Truailliú’, Clár ábhar, Foscríbhinn A: Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm, Méadracht agus spriocanna:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 – Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 – Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú’.

25.

Ar leathanach 115, in Iarscríbhinn I, ESRS E2 ‘Truailliú’, mír 38(a):

in ionad:

éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo i ngeall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann le truailliú agus an tionchar ábhartha atá ag na rioscaí sin (nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh tionchar ábhartha acu) ar fheidhmíocht airgeadais an ghnóthais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid thirim, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.’,

léitear:

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i ngeall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann le truailliú agus an tionchar ábhartha atá ag na rioscaí sin (nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh tionchar ábhartha acu) ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais, agus ar shreafaí airgid thirim an ghnóthais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.’.

26.

Ar leathanach 116, in Iarscríbhinn I, ESRS E2 ‘Truailliú’, mír 40:

in ionad:

‘Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoi mhír 38(a):’,

léitear:

‘Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoi mhír 39(a):’.

27.

Ar leathanach 118, in Iarscríbhinn I, ESRS E2 ‘Truailliú’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 12:

in ionad:

‘Agus faisnéis á nochtadh faoi mhír 11, féadfaidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil a chur san áireamh maidir leis an gcaidreamh idir a bheartais a chuirfear chun feidhme agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh siad rannchuidiú le Plean Gníomhaíochta an Aontais ‘I dTreo Truaillithe Nialais don Aer, don Uisce agus don Ithir’ ina mbeidh gnéithe, mar shampla, maidir leis an méid seo a leanas:’,

léitear:

‘Agus faisnéis á nochtadh faoi mhír 12, féadfaidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil a chur san áireamh maidir leis an gcaidreamh idir a bheartais a chuirfear chun feidhme agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh siad rannchuidiú le Plean Gníomhaíochta an Aontais ‘I dTreo Truaillithe Nialais don Aer, don Uisce agus don Ithir’ ina mbeidh gnéithe, mar shampla, maidir leis an méid seo a leanas:’.

28.

Ar leathanach 132, in Iarscríbhinn I, ESRS E3 ‘Uisce agus acmhainní muirí’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 29:

in ionad:

‘Agus faisnéis chomhthéacsúil á nochtadh maidir le feidhmíocht tomhaltais uisce a cheanglaítear le mír 26, míneoidh an gnóthas na modheolaíochtaí ríomha agus go sonrach an sciar den bheart a fhaightear ó thomhas díreach, ó shampláil agus eachtarshuíomh, nó ó na meastacháin is fearr.’,

léitear:

‘Agus faisnéis chomhthéacsúil á nochtadh maidir le feidhmíocht tomhaltais uisce a cheanglaítear le mír 28(e), míneoidh an gnóthas na modheolaíochtaí ríomha agus go sonrach an sciar den bheart a fhaightear ó thomhas díreach, ó shampláil agus eachtarshuíomh, nó ó na meastacháin is fearr.’.

29.

Ar leathanach 132, in Iarscríbhinn I, ESRS E3 ‘Uisce agus acmhainní muirí’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 34:

in ionad:

‘Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n- éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 39(a).’,

léitear:

‘Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n- éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 33(a).’.

30.

Ar leathanach 136, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, teideal:

in ionad:

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú ’,

léitear:

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú ’.

31.

Ar leathanach 137, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, mír 20:

in ionad:

‘Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais.’,

léitear:

‘Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais.’.

32.

Ar leathanach 141, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, mír 44(b):

in ionad:

‘éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras.’,

léitear:

‘éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais.’.

33.

Ar leathanach 144, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 8(c)ii:

in ionad:

‘an céatadán dá chaiteachas soláthair ó sholáthróirí a bhfuil saoráidí acu atá lonnaithe i limistéir atá i mbaol riosca (le speicis faoi bhagairt ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, an Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga nó liosta náisiúnta de speicis faoi bhagairt, nó i Limistéir faoi Chosaint atá aitheanta go hoifigiúil, líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta); agus’,

léitear:

‘an céatadán dá sholáthar a chaith soláthróirí a bhfuil saoráidí acu atá lonnaithe i limistéir atá i mbaol riosca (le speicis faoi bhagairt ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, an Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga nó liosta náisiúnta de speicis faoi bhagairt, nó i Limistéir faoi Chosaint atá aitheanta go hoifigiúil, líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta);’.

34.

Ar leathanach 147, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 19(a):

in ionad:

‘seachaint trí roghnú láithreáin (An tionscadal iomlán a lonnú i bhfad ó limistéir a aithnítear ó thaobh luachanna tábhachtacha bithéagsúlachta de);’,

léitear:

‘seachaint trí roghnú láithreáin (An tionscadal iomlán a lonnú i bhfad ó limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de);’.

35.

Ar leathanach 147, in Iarscríbhinn I, ESRS E4 ‘Bithéagsúlacht agus éiceachórais’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 19(b):

in ionad:

‘seachaint trí dhearadh tionscadail (An bonneagar a chumrú chun limistéir ag an láithreán tionscadail a bhfuil luachanna tábhachtacha bithéagsúlachta acu a chaomhnú); agus’,

léitear:

‘seachaint trí dhearadh tionscadail (An bonneagar a chumrú chun limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de a chaomhnú); agus’.

36.

Ar leathanach 157, in Iarscríbhinn I, ESRS E5 ‘Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach’, mír 36(b):

in ionad:

‘Na táirgí indeisitheachta, agus úsáid á baint as córas rátála bunaithe, i gcás inar féidir;’,

léitear:

‘Indeisitheacht táirgí, agus úsáid á baint as córas rátála bunaithe, i gcás inar féidir;’.

37.

Ar leathanach 164, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le nochtadh:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe dílse agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair’.

38.

Ar leathanach 164, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le nochtadh:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl’.

39.

Ar leathanach 164, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le nochtadh:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’.

40.

Ar leathanach 164, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le nochtadh:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais’.

41.

Ar leathanach 164, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le nochtadh:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 – Méadracht cúitimh (bearna phá agus cúiteamh iomlán)’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 – Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)’.

42.

Ar leathanach 165, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe dílse agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair’.

43.

Ar leathanach 165, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann leis an lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’.

44.

Ar leathanach 165, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais’;

45.

Ar leathanach 165, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Clár ábhar, Foscríbhinn A.3:

in ionad:

‘Foscríbhinn A.3: Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’,

léitear:

‘Foscríbhinn A.3: Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’.

46.

Ar leathanach 167, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, mír 10:

in ionad:

‘Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar lucht saothair dílis an ghnóthais faoi ESRS S2, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú.’,

léitear:

‘Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar oibrithe slabhra luacha an ghnóthais faoi ESRS S2, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú.’.

47.

Ar leathanach 174, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, mír 58:

in ionad:

Nochtfaidh an gnóthas faisnéis a mhéid a dhéanann comhaontuithe cómhargála coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chuid fostaithe a chinneadh nó a mhéid a imríonn siad tionchar orthu agus a mhéid a dhéantar ionadaíocht ar a chuid fostaithe san idirphlé sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar leibhéal na bunaíochta agus ar an leibhéal Eorpach.’,

léitear:

Nochtfaidh an gnóthas faisnéis a mhéid a dhéanann comhaontuithe cómhargála coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chuid fostaithe a chinneadh nó a mhéid a imríonn siad tionchar orthu agus a mhéid a dhéantar ionadaíocht ar a chuid fostaithe san idirphlé sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). ’.

48.

Ar leathanach 176, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, mír 79:

in ionad:

‘Nochtfaidh an gnóthas céatadán na n daoine faoi mhíchumas i measc a chuid fostaithe faoi réir srianta dlíthiúla ar bhailiú sonraí.’,

léitear:

‘Nochtfaidh an gnóthas céatadán na n daoine faoi mhíchumas i measc a chuid fostaithe faoi réir srianta dlíthiúla ar bhailiú sonraí.’.

49.

Ar leathanach 178, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, mír 100:

in ionad:

Nochtfaidh an gnóthas líon na dteagmhas agus/nó na ngearán a bhaineann leis an obair agus na n-iarmhairtí tromchúiseacha ar chearta an duine laistigh dá lucht saothair féin, agus aon fhíneálacha ábhartha, smachtbhannaí nó cúiteamh don tréimhse tuairiscithe.’,

léitear:

Nochtfaidh an gnóthas líon na dteagmhas agus/nó na ngearán a bhaineann leis an obair agus na n-iarmhairtí tromchúiseacha ar chearta an duine laistigh dá lucht saothair féin, agus aon fhíneálacha, smachtbhannaí nó cúiteamh gaolmhar don tréimhse tuairiscithe.’.

50.

Ar leathanach 182, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 13:

in ionad:

‘Agus míniú á thabhairt ar an gcaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha d’oibrithe dílse, mar shampla, maidir le saothar éignithe.’,

léitear:

‘Agus míniú á thabhairt ar an gcaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha dá lucht saothair féin, mar shampla, maidir le saothar éignithe.’.

51.

Ar leathanach 183, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 22:

in ionad:

‘I gcás ina bhfuil comhaontuithe ag an ngnóthas le ceardchumainn náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta nó le comhairlí oibre a bhaineann le cearta daoine a lucht saothair féin, is féidir é sin a nochtadh chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann an comhaontú ar chumas an ghnóthais léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine sin.’,

léitear:

‘I gcás ina bhfuil comhaontuithe ag an ngnóthas le ceardchumainn náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta nó le comhairlí oibre a bhaineann le cearta daoine ina lucht saothair féin, is féidir é sin a nochtadh chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann an comhaontú ar chumas an ghnóthais léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine sin.’.

52.

Ar leathanach 184, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3, teideal:

in ionad:

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl ’,

léitear:

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir lena lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl ’.

53.

Ar leathanach 185, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4, teideal:

in ionad:

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann leis an lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin ’,

léitear:

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ’.

54.

Ar leathanach 187, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 49:

in ionad:

‘Agus faisnéis faoi spriocanna á nochtadh aige i gcomhréir le mír 46, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:’,

léitear:

‘Agus faisnéis faoi spriocanna á nochtadh aige i gcomhréir le mír 44, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:’.

55.

Ar leathanach 197, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 104:

in ionad:

‘Má thiomsaíonn an gnóthas an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi in AR 105, breithneoidh sé an méid seo a leanas:’,

léitear:

‘Má thiomsaíonn an gnóthas an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi in AR 103, breithneoidh sé an méid seo a leanas:’.

56.

Ar leathanach 199, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A.2, tábla, an chéad cholún, an naoú ró:

in ionad:

Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach ’,

léitear:

Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach ’.

57.

Ar leathanach 199, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A.2, tábla, an dara colún, an naoú ró:

in ionad:

‘Beartas le haghaidh comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair chomhionann’,

léitear:

‘Beartas le haghaidh comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach’.

58.

Ar leathanach 200, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A.3, teideal:

in ionad:

Foscríbhinn A3 Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin,

léitear:

Foscríbhinn A3 Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ’.

59.

Ar leathanach 200, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A.3, tábla, an chéad cholún, an naoú ró:

in ionad:

Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach,

léitear:

Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach ’.

60.

Ar leathanach 201, in Iarscríbhinn I, ESRS S1 ‘Lucht saothair dílis’, Foscríbhinn A.4, tábla, an chéad cholún, an naoú ró:

in ionad:

Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach,

léitear:

Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach ’.

61.

Ar leathanach 202, in Iarscríbhinn I, ESRS S2 ‘Oibrithe sa slabhra luacha’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’.

62.

Ar leathanach 215, in Iarscríbhinn I, ESRS S2 ‘Oibrithe sa slabhra luacha’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 40(d):

in ionad:

‘d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna gnó a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe slabhra luacha soláthar inbhuanaithe tráchtearra a bhaint amach sa todhchaí trína áirithiú gur féidir le feirmeoirí beaga dóthain a thuilleamh lena chur ina luí ar na glúnta amach romhainn leanúint ar aghaidh ag feirmeoireacht an bhairr sin.’,

léitear:

‘d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe slabhra luacha soláthar inbhuanaithe tráchtearra a bhaint amach sa todhchaí trína áirithiú gur féidir le feirmeoirí beaga dóthain a thuilleamh lena chur ina luí ar na glúnta amach romhainn leanúint ar aghaidh ag feirmeoireacht an bhairr sin.’.

63.

Ar leathanach 217, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin’.

64.

Ar leathanach 223, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, mír 33:

in ionad:

‘I ndáil le mír 29, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:’,

léitear:

‘I ndáil le mír 30, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:’.

65.

Ar leathanach 223, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, mír 37:

in ionad:

‘Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 31 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos.’,

léitear:

‘Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (d) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos.’.

66.

Ar leathanach 227, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 15:

in ionad:

‘Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 20 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:’,

léitear:

‘Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 21 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:’.

67.

Ar leathanach 230, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 38(c):

in ionad:

‘i measc na ndeiseanna gnó a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar na pobail a ndéantar difear dóibh , d’fhéadfaí tionscadail a mhaoiniú ar bhealach níos éasca agus a bheith ina chomhpháirtí rogha do phobail, do rialtais agus do ghnólachtaí eile; agus’,

léitear:

‘i measc na ndeiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar na pobail a ndéantar difear dóibh , d’fhéadfaí tionscadail a mhaoiniú ar bhealach níos éasca agus a bheith ina chomhpháirtí rogha do phobail, do rialtais agus do ghnólachtaí eile; agus’.

68.

Ar leathanach 230, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 39:

in ionad:

‘Agus an fhaisnéis in AR 41 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas mínithe ar rioscaí agus deiseanna a eascraíonn as tionchair chomhshaoil nó as spleáchais a mheas (féach ar AR 31 le haghaidh tuilleadh sonraí), lena n-áirítear tionchair ghaolmhara ar chearta an duine (nó ar an tionchar sóisialta).’,

léitear:

‘Agus an fhaisnéis in AR 38 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas mínithe ar rioscaí agus deiseanna a eascraíonn as tionchair chomhshaoil nó as spleáchais a mheas (féach ar AR 28 le haghaidh tuilleadh sonraí), lena n-áirítear tionchair ghaolmhara ar chearta an duine (nó ar an tionchar sóisialta).’.

69.

Ar leathanach 231, in Iarscríbhinn I, ESRS S3 ‘Pobail dá ndéantar difear’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 44:

in ionad:

‘Agus faisnéis faoi spriocanna á nochtadh aige i gcomhréir le mír 38, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:’,

léitear:

‘Agus faisnéis maidir le spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le mír 39, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:’.

70.

Ar leathanach 232, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 – Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 – Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó’.

71.

Ar leathanach 232, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin’.

72.

Ar leathanach 238, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, mír 36:

in ionad:

‘I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos, agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna.’,

léitear:

‘I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos, agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 31 (d) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna.’.

73.

Ar leathanach 244, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 35:

in ionad:

‘Agus na torthaí dearfacha atá beartaithe do thomhaltóirí agus/nó d’ úsáideoirí deiridh a bhuí lena ghníomhaíochtaí á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuair an líon tomhaltóirí x faisnéis faoi nósanna itheacháin sláintiúla) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh (mar shampla, gur ghlac an líon tomhaltóirí x nósanna itheacháin níos sláintiúla).’,

léitear:

‘Agus na torthaí dearfacha atá beartaithe do thomhaltóirí agus/nó d’ úsáideoirí deiridh a bhuí le gníomhaíochtaí an ghnóthais á nochtadh aige, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuair an líon tomhaltóirí x faisnéis faoi nósanna itheacháin sláintiúla) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh (mar shampla, gur ghlac an líon tomhaltóirí x nósanna itheacháin níos sláintiúla).’.

74.

Ar leathanach 245, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 37(c):

in ionad:

‘d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna gnó a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh difreálú margaidh agus mealltacht custaiméirí a bheith níos mó mar gheall ar tháirgí sábháilte nó seirbhísí lena n-urramaítear príobháideachas a thairiscint; agus’,

léitear:

‘d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh difreálú margaidh agus mealltacht custaiméirí a bheith níos mó mar gheall ar tháirgí sábháilte nó seirbhísí lena n-urramaítear príobháideachas a thairiscint; agus’.

75.

Ar leathanach 245, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 37(d):

in ionad:

‘i measc na ndeiseanna gnó a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, d’fhéadfaí bonn tomhaltóirí dílis don todhchaí a bhaint amach trína áirithiú, mar shampla, go n-urramaítear daoine LGBTQI agus nach n-eisiann cleachtais díola an ghnóthais daoine den sórt sin ó na táirgí nó ó na seirbhísí a thairgeann sé.’,

léitear:

‘i measc na ndeiseanna a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, d’fhéadfaí bonn tomhaltóirí dílis don todhchaí a bhaint amach trína áirithiú, mar shampla, go n-urramaítear daoine LGBTQI agus nach n-eisiann cleachtais díola an ghnóthais daoine den sórt sin ó na táirgí nó ó na seirbhísí a thairgeann sé.’.

76.

Ar leathanach 245, in Iarscríbhinn I, ESRS S4 ‘Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’, Foscríbhinn A ‘Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm’, mír AR 42(c):

in ionad:

‘tá na caighdeáin tagartha nó na gealltanais ar a bhfuil na spriocanna bunaithe le sainiú go soiléir sa tuairisciú (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail).’,

léitear:

‘tá na caighdeáin nó na gealltanais ar a bhfuil na spriocanna bunaithe le sainiú go soiléir sa tuairisciú (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail).’.

77.

Ar leathanach 246, in Iarscríbhinn I, ESRS G1 ‘Iompar Gnó’, clár ábhar:

in ionad:

‘Nochtadh Riachtanas G1-1 – Cultúr corparáideach agus b Beartais sheoladh gnó agus cultúr corparáideach’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 – Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach’.

78.

Ar leathanach 246, in Iarscríbhinn I, ESRS G1 ‘Iompar Gnó’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 – Teagmhais dheimhnithe éillithe nó bhreabaireachta’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 – Teagmhais éillithe nó bhreabaireachta’.

79.

Ar leathanach 246, in Iarscríbhinn I, ESRS G1 ‘Iompar Gnó’, clár ábhar:

in ionad:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 – Cultúr corparáideach agus beartais maidir le hiompar gnó’,

léitear:

‘Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 – Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach’.

80.

Ar leathanach 255, in Iarscríbhinn II, Tábla 1 – Acrainmneacha, an dara colún, an ró le haghaidh acrainm CRR:

in ionad:

‘Rialachán (AE) 757/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) (An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil)

[…]

léitear:

‘Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) (An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil).’.

[…]


(*1)  Rialachán (AE) 757/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).’,

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/corrigendum/2024-04-17/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)