|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/567 |
23.2.2024 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/567 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le cruthúnas tionscnaimh digiteach a úsáid le haghaidh táirgí de thionscnamh na Brasaíle agus le taraif-chuótaí a bhainistiú
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/567, 15 Feabhra 2024 )
Ar leathanach 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:
‘IARSCRÍBHINN II
‘‘IARSCRÍBHINN XVII
Teimpléad de Dheimhniú tionscnaimh digiteach le haghaidh táirgí áirithe atá faoi réir socruithe speisialta um allmhairiú neamhfhabhrach dá dtagraítear in Airteagal 15a
Réamhnótaí:
|
1. |
12 mhí ó dháta a n-eisithe ag na húdaráis eisiúna a bheidh i dtréimhse bhailíochta na ndeimhnithe tionscnaimh a bhaineann le táirgí a bhfuil a dtionscnamh i dtríú tír agus a bhfuil socruithe speisialta um allmhairiú neamhfhabhrach bunaithe ina leith. |
|
2. |
Cuirfidh na húdaráis Chustaim an doiciméad a chuireann oibreoirí i láthair i gcomparáid leis an doiciméad comhfhreagrach atá ar fáil sa bhunachar sonraí ar líne arna sholáthar ag údarás eisiúna an tríú tír ábhartha. Ní ghlacfaidh na húdaráis chustaim san Aontas ach leis an doiciméad atá ar fáil i mbunachar sonraí an tríú tír mar dhoiciméad bailí. |
|
3. |
Déanfar na doiciméid a líonadh isteach i gclóscríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Níor cheart na hiontrálacha sa doiciméad atá priontáilte agus curtha faoi bhráid na n-údarás custaim a scriosadh ná a fhorscríobh. |
|
4. |
Beidh sraithuimhir ar na doiciméid lenar féidir é a shainaithint, chomh maith leis na sonraí seo a leanas:
|
|
5. |
Beidh sraithuimhir ar gach doiciméad lenar féidir é a shainaithint agus déanfaidh an t-údarás eisiúna é a stampáil agus beidh sé sínithe ag an duine nó ag na daoine a bhfuil an chumhacht acu déanamh amhlaidh.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(*1) Chun barántúlacht an doiciméid seo a fhíorú, is féidir leat an cód QR a scanadh nó rochtain a fháil ar an nasc seo a leanas:
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/567/corrigendum/2024-02-23/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)