|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3242 |
23.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3242 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí tionchar millteanach ag na tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí i Lár na hEorpa, in Oirthear na hEorpa agus i nDeisceart na hEorpa ar na pobail tuaithe atá ina gcónaí agus ag obair sna réigiúin sin. Scriosadh méid suntasach d’acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta agus, mar thoradh air sin, tá ar fheirmeoirí, ar shealbhóirí foraoise agus ar ghnólachtaí tuaithe sna réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha dul i ngleic le caillteanais shuntasacha ioncaim. Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí chóras bia an Aontais agus ar leochaileachtaí na bpobal tuaithe de dheasca na dtubaistí nádúrtha sin, is iomchuí tacaíocht eisceachtúil éifeachtach a sholáthar go mear tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna chur chun feidhme faoi chláir forbartha tuaithe, agus foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta le haghaidh na rialacha atá ann cheana. |
|
(2) |
Chun freagairt d’iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le beart nua eisceachtúil sealadach (‘an beart nua’) chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta a chuireann leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus foraoiseachta i mbaol agus chun aghaidh a thabhairt ar leanúnachas gníomhaíochtaí gnó fiontar beag agus meánmhéide a dhéanann próiseáil, margú nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta agus foraoiseachta. Thairis sin, ba cheart an tacaíocht le haghaidh athbhunú na hacmhainneachta táirgthe talmhaíochta, ar tacaíocht í atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a threisiú trí níos mó solúbthachta buiséadaí a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘an tairseach neamh-chúlchéimnithe’). |
|
(3) |
Ós rud é gur trí bhíthin CETFT a chuirfear maoiniú an bhirt nua ar fáil, tá feidhm le bheith ag an gcreat dlíthiúil a leagtar síos le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020, go háirithe forálacha sonracha Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus forálacha sonracha na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Rialachán sin maidir leis an mbeart nua seo. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2020/2220, cuireadh síneadh le clárthréimhse CETFT sa chaoi is go mairfeadh sí go dtí an 31 Nollaig 2022 agus go leanfadh cur chun feidhme go dtí deireadh an 31 Nollaig 2025. Le Rialachán (AE) 2020/2220, rinneadh foráil freisin maidir le rialacha idirthréimhseacha atá le bheith infheidhme le linn thréimhse an tsínidh. Ós rud é go bhfuil an tréimhse cur chun feidhme shínithe sin i bhfeidhm maidir le CETFT, is iomchuí na coinníollacha a bhunú le haghaidh an bhirt eisceachtúil nua agus foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí buiséadacha breise a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe trí Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú. |
|
(5) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta buiséadaí chun cistiú a ath-leithdháileadh don bheart nua agus don fhobheart atá ann cheana chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta a athbhunú, agus leanúint an tráth céanna de na hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí atá beartaithe maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht i gcomhair tubaistí, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide chun tionchar na dtubaistí arb í an aeráid is cúis leo agus atá ag éirí níos minice a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an tairseach neamh-chúlchéimnithe a laghdú 15 phointe céatadáin ar a mhéad ach gan í a bheith faoi bhun na tairsí íosta 30 %. |
|
(6) |
Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart cead a bheith acu oibríochtaí atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú le haghaidh tacaíochta sula gcuirfear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár forbartha tuaithe faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gurb é atá sna hoibríochtaí sin ná freagairt do thubaistí nádúrtha den sórt sin. |
|
(7) |
Leis an tacaíocht faoin mbeart nua, arb é is aidhm di iomaíochas FBManna chomh maith le hinmharthanacht feirmeoirí agus sealbhóirí foraoise a áirithiú, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ba cheart na hacmhainní sin a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Níor cheart an tacaíocht a sholáthar ach do na tairbhithe sin a ndearna scriosadh 30 % ar a laghad den táirgeadh ábhartha nó den acmhainneacht ábhartha difear dóibh mar thoradh ar thubaiste nádúrtha atá aitheanta go foirmiúil, nó mar thoradh ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i dtaca le tubaiste nádúrtha den sórt sin. |
|
(8) |
Mar gheall ar chineál práinneach, sealadach agus eisceachtúil an bhirt nua agus ós rud é go bhfuil gá leis na híocaíochtaí comhfhreagracha a eisíoc go tapa agus ar bhealach simplí, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta deiridh le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt nua a shocrú. |
|
(9) |
Chun tacaíocht níos mó a thabhairt do na feirmeoirí, na sealbhóirí foraoise agus na FBManna is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, mar shampla trí raonta áirithe nó catagóirí leathana de thairbhithe incháilithe a shocrú. |
|
(10) |
Agus tacaíocht á deonú ag na Ballstáit don bheart nua, ba cheart dóibh a chur san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha. |
|
(11) |
Ba cheart na hacmhainní don bheart nua a chlársceidealú le ráta cómhaoinithe suas le 100 %. |
|
(12) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a chistiú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, ba cheart sciar uasta de ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart nua a shocrú. |
|
(13) |
Leis an tacaíocht a thugtar chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta a athbhunú mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’, is é sin le rá úsáid a bhaint as céimeanna an téarnaimh, an athshlánaithe agus na hatógála i ndiaidh tubaiste chun athléimneacht earnáil na feirmeoireachta agus na foraoiseachta a mhéadú trí bhearta laghdaithe riosca tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030 ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, agus é á áirithiú an tráth céanna go léiríonn oibríochtaí roghnaithe an gaol is fearr idir méid na tacaíochta agus an cuspóir chun athléimneacht ó thubaistí a áirithiú. |
|
(14) |
Chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ar na Ballstáit a laghdú agus ‘force majeure’ á aithint acu, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a mheas go bhfuil an tubaiste nádúrtha tar éis dochar mór a dhéanamh don limistéar iomlán. |
|
(15) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an mbeart nua a chur chun feidhme trí bhíthin na gclár forbartha tuaithe laistigh de chreat dlíthiúil na clárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh léi le Rialachán (AE) 2020/2220, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart baint a bheith ag na cumhachtaí cur chun feidhme sin le cur i láthair an bhirt nua sna cláir forbartha tuaithe, le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas forbartha tuaithe, le tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chur i láthair agus le seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(16) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú trí thacaíocht eisceachtúil shealadach a sholáthar trí CETFT, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú dá réir. |
|
(18) |
I bhfianaise éifeachtaí millteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá acu ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
|
(19) |
Chun cur chun feidhme rianúil an bhirt nua a áirithiú agus mar ábhar práinne i bhfianaise an ghéarghá atá ann aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, an dara habairt, den mhír seo, agus cistí á n-ath-leithdháileadh ar bhearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus cistí á gcaitheamh ar na bearta sin, féadfaidh na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar an sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní rachaidh an laghdú sin thar mhéideanna CETFT a ath-leithdháiltear ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus ní rachaidh sé thar 15 phointe céatadáin den sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a shocraítear sna cláir forbartha tuaithe le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh an sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a shocraítear sna cláir forbartha tuaithe mar a beartaíodh tráth a cuireadh síneadh le tréimhse na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CETFT go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. An sciar foriomlán a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ní bheidh sé níos ísle ná an tairseach íosta a leagtar amach san Airteagal sin. Féadfar an laghdú céanna i bpointí céatadáin a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 gan cistí a ath-leithdháileadh ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. De mhaolú ar Airteagal 65(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an t-údarás bainistíochta oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go gcuirtear na hoibríochtaí sin chun feidhme trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), nó Airteagal 24(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ar choinníoll go dtugann oibríochtaí den sórt sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.’ |
|
(3) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 6a Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha 1. Leis an tacaíocht faoin Airteagal seo, soláthrófar cabhair éigeandála d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha, arb é is aidhm di leanúnachas a áirithiú i leith a gcuid gníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. 2. Beidh tacaíocht faoin Airteagal seo faoi réir aitheantas foirmiúil ó na húdaráis phoiblí inniúla sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin agus gur scriosadh 30 % ar a laghad den táirgeadh ábhartha nó den acmhainneacht ábhartha mar gheall ar an tubaiste nádúrtha sin nó mar gheall ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) chun galar plandaí nó lotnaid a dhíothú nó a shrianadh. 3. Deonófar tacaíocht faoin Airteagal seo dóibh siúd seo a leanas:
Maidir le táirgí talmhaíochta a phróiseáil, féadfaidh sé gur táirge nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE é aschur an phróisis táirgthe. 4. Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht faoin Airteagal seo a spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha, trí choinníollacha incháilitheachta a chinneadh ar bhonn na fianaise atá ar fáil. 5. Beidh an tacaíocht faoin Airteagal seo i bhfoirm íocaíochta cnapshuime atá le híoc faoin 31 Nollaig 2025, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna bhformheas ag an údarás inniúil faoin 30 Meitheamh 2025. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. 6. Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta faoin Airteagal seo thar EUR 42 000 in aghaidh an tairbhí. 7. Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), de réir mar is infheidhme, agus an tacaíocht á spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha. Airteagal 6b Forálacha is infheidhme maidir leis an tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha 1. Maoineoidh CETFT an tacaíocht eisceachtúil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo mar bheart de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. 2. Is é 100 % a bheidh in uasmhéid ranníocaíochta CETFT le haghaidh an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a. 3. Ní rachaidh tacaíocht CETFT a sholáthraítear don bheart dá dtagraítear in Airteagal 6a thar 10 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe le haghaidh na mblianta 2021-2022. Airteagal 6c Force majeure A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun CBT a mhaoiniú agus a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh air agus cásanna “force majeure” á n-aithint, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, i gcás ina ndéanann tubaiste thromchúiseach nádúrtha dochar mór do limistéar dea-chinnte, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a mheas go bhfuil an tubaiste sin tar éis dochar mór a dhéanamh don limistéar iomlán sin. Airteagal 6d Cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin 1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha is gá chun an beart dá dtagraítear in Airteagal 6a a chur chun feidhme trí bhíthin cláir forbartha tuaithe laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme sa chlárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh leis i gcomhréir le hAirteagal ,1 maidir leis an méid seo a leanas:
2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Airteagal 6e Nós imeachta coiste 1. Agus na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 6d(1), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo á fheidhmiú ag an gCoimisiún, déanfaidh an Coiste Forbartha Tuaithe a bunaíodh le hAirteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 cúnamh a thabhairt dó. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 2. Agus na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 6d(1), pointe (d), den Rialachán seo á fheidhmiú ag an gCoimisiún, déanfaidh Coiste na gCistí Talmhaíochta, a bunaíodh le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), cúnamh a thabhairt dó. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*1) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj)." (*2) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj)." (*3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj)." (*4) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).’." |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Tuairim an 4 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 21 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2024
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj).
(5) Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj).
(7) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)