|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3229 |
20.12.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3229 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathruithe maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le seoltaí dramhaíola (1), agus go háirithe Airteagal 58(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le linn an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2022, chinn sí, le Cinneadh BC-15/18, iontráil nua le haghaidh dramhaíl ghuaiseach leictreach agus leictreonach (iontráil A1181) a áireamh in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, iontráil A1180 san Iarscríbhinn sin a scriosadh agus iontráil nua le haghaidh dramhaíl neamhghuaiseach leictreach agus leictreonach (iontráil Y49) a chur isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, an iontráil atá ann faoi láthair le haghaidh dramhaíl den sórt sin (iontráil B1110) a scriosadh in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, agus iontráil B4030 a scriosadh in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel. Tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. |
|
(2) |
Is iomchuí don Aontas, atá ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Basel, na hiontrálacha a bhaineann le dramhaíl leictreach agus leictreonach a mhodhnú sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 i gcás ina dtagraíonn siad do na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel. |
|
(3) |
Maidir le honnmhairiú dramhaíola leictrí agus leictreonaí ón Aontas chuig tríú tíortha agus allmhairiú dramhaíola den sórt sin isteach san Aontas ó thríú tíortha, ba cheart na hathruithe ar Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel a chur san áireamh in Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. Mar thoradh air sin, ón 1 Eanáir 2025, onnmhairí ón Aontas chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag an gCinneadh ó Chomhairle Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha atá Beartaithe le haghaidh Oibríochtaí Aisghabhála (2) (‘Cinneadh ECFE’) maidir leo, agus allmhairí dramhaíola leictrí agus leictreonaí isteach san Aontas faoi iontráil A1181 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel agus faoi iontráil Y49 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, ba cheart iad a bheith faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn. I gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú dramhaíola leictrí agus leictreonaí faoi iontrálacha A1181 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel agus Y49 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, chuig tríú tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo. |
|
(4) |
Ba cheart ceanglais Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a bheith infheidhme i gcónaí maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí idir na Ballstáit faoi iontrálacha GC010 agus GC020 fad a bheidh feidhm ag Airteagal 18 den Rialachán sin. Áirithítear le hAirteagal 18 go ndéanfar maoirseacht agus rialú ar na loingsithe d’fhonn iad a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
(5) |
Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo nár thángthas ar chomhaontú laistigh de ECFE chun na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach a ionchorprú i bhFoscríbhinní Chinneadh ECFE. Dá bhrí sin, níor cheart na hiontrálacha GC010 agus GC020 in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a chur i bhfeidhm a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025 maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach a onnmhairiú ón Aontas chuig tríú tíortha agus maidir le dramhaíl den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ós rud é nach mbeidh éifeacht leis na hathruithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel go dtí an 1 Eanáir 2025, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin. |
|
(8) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla, agus chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le cur chun feidhme na n-athruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo, is gá forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach lena sonraítear go mbeidh toilithe le haghaidh loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a eisítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fós bailí go dtí an 1 Eanáir 2026 nó go dtí go rachaidh an toiliú sin in éag i gcás ina rachaidh sé in éag roimh an dáta sin. Thairis sin, ba cheart cead a bheith ag fógróirí go dtí an 1 Feabhra 2025 fógra a chuirfí isteach roimh an 31 Nollaig 2024 a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú leis na hathruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Ba cheart cead a bheith ag fógróirí fógraí a chur isteach maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí bunaithe ar na hiontrálacha nua cheana féin roimh an 1 Eanáir 2025, chun cinnteoireacht thapa a éascú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025. Mar sin féin, féadfaidh fógróirí fógraí a chur isteach roimh an dáta sin maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.
Maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a aicmítear faoi iontrálacha A1180, B1110, B4030, GC010 nó GC020, nó loingsithe dramhaíola den sórt sin nach n-aicmítear faoi aon iontráil amháin in Iarscríbhinn III, IIIB nó IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, ar loingsithe iad a bhfuil toiliú tugtha ag údarás inniúil ina leith roimh an 1 Eanáir 2025, cé is moite de loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí chuig tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, beidh an toiliú fós bailí go dtí an 1 Eanáir 2026 nó go dtí go rachaidh an toiliú sin in éag i gcás ina rachaidh sé in éag roimh an dáta sin.
I gcás inar chuir fógróir fógra isteach maidir le loingsithe dramhaíola a aicmítear faoi iontrálacha A1180, B1110, B4030, GC010 nó GC020 roimh an 31 Nollaig 2024 agus nach bhfuil cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla faoin dáta sin, beidh cead ag an bhfógróir an fógra a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú leis na rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo go dtí an 1 Feabhra 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 190, 12.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1013/oj.
(2) OECD/LEGAL/0266.
IARSCRÍBHINN
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a mhéid a bhaineann le hathruithe maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel
Leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV, Cuid I mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3229/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)