European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3215

19.12.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3215 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2024

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí sna leaganacha Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gaeilge, Gréigise, Iodáilise, Liotuáinise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Slóvaicise, Spáinnise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (2) i dtaca le roinnt tásc d’aicmí éifeachtúlachta fuinnimh in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leo.

(2)

Tá earráidí breise sna leaganacha Fraincise, Gaeilge, Polainnise, Portaingéilise agus Spáinnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139. Sa leagan Portaingéilise, tá tagairt mhícheart in Airteagal 1. Sa leagan Polainnise, fágadh mír ar lár in Iarscríbhinn I, Roinn 3.5, faoi ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’. Tá mí-aistriúchán sa leagan Fraincise i dteideal Iarscríbhinn II agus tá earráid sna leaganacha Gaeilge agus Spáinnise a bhaineann leis an aicme den Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Roinn 7.7, sa tábla, pointe 1, an dara colún, an dara mír.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, na leaganacha Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gaeilge, Gréigise, Iodáilise, Liotuáinise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Slóvaicise, Spáinnise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:

(1)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(2)

Ceartaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(b)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(c)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

foinsí solais atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(d)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

córais téimh spáis agus uisce the tí atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(e)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

córais fuaraithe agus aerála atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(f)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(g)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(h)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(i)

I Roinn 7.3, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, critéir ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre tosaigh:

‘Cuimsítear leis an ngníomhaíocht ceann amháin de na bearta aonair seo a leanas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais íosta a leagtar amach le haghaidh comhpháirteanna agus córais aonair sna bearta náisiúnta infheidhme lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE agus, i gcás inarb infheidhme, go mbaineann siad amach rátálacha fuinnimh d’aicme A ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369:’.

(3)

Ceartaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(b)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

gairis tí atá faoi chuimsiú an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(c)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

foinsí solais atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(d)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

córais téimh spáis agus uisce the tí atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(e)

I Roinn 3.5, faoi ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

córais fuaraithe agus aerála atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;’;

(f)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(g)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(h)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(i)

I Roinn 7.3, faoi ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, an mhír thosaigh, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Ní mór go gcuimseofaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo ceann amháin de na bearta aonair seo a leanas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais íosta a leagtar amach le haghaidh comhpháirteanna agus córais aonair sna bearta náisiúnta infheidhme lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE agus, i gcás inarb infheidhme, go rátáiltear iad amach sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin:’;

(j)

I Roinn 7.7, an tábla, pointe 1, an dara colún, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Le haghaidh foirgneamh a tógadh roimh an 31 Nollaig 2020, tá Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) aicme C, ar a laghad ag an bhfoirgneamh.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2139/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3215/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)