European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3198

17.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3198 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/254 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/254 (1).

(2)

An 2 Feabhra 2024, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, lena n-áirítear iarrachtaí toradh dlisteanach thoghcháin Ghuatamala 2023 a chur ar ceal de shárú ar bhunreacht na tíre, ar an smacht reachta agus ar phrionsabail an daonlathais, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/457 (2) lena gcuireadh cúigear breise le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/254.

(3)

Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2024/254 go dtí an 13 Eanáir 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 13 Eanáir 2026.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/254 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2024/254, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 13 Eanáir 2026.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/254 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (IO L, 2024/254, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/254/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/457 ón gComhairle an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/254 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (IO L, 2024/457, 2.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/457/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3198/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)