|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3194 |
20.12.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3194 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Nollaig 2024
maidir le haitheantas a thabhairt don scéim deonach ‘REDcert-EU’ as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 30(4) agus (5) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2018/2001, leagtar síos ceanglais le haghaidh breoslaí áirithe, mar atá bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte chun a áirithiú nach féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin ach amháin más rud é gur táirgeadh go hinbhuanaithe iad agus go sábháiltear leo líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise. Le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ón gCoimisiún, leagtar síos critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise. Le hAirteagal 27(6) de Threoir (AE) 2018/2001 mar aon le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 (2) leagtar síos rialacha maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ó leictreachas in-athnuaite. Le hAirteagal 29a(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001 leagtar síos critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus do bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha lena sonraítear an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Le hAirteagal 31a(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a iontráil i mbunachar sonraí de chuid an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le hairíonna inbhuanaitheachta breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin in-athnuaite. |
|
(2) |
Tá ról tábhachtach ag na scéimeanna deonacha maidir le fianaise a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise. Faoi Threoir (AE) 2018/2001, is féidir scéimeanna deonacha a úsáid chun (i) a dheimhniú go gcomhlíonann na breoslaí ar fad a tháirgtear ó bhithmhais na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos sa Treoir sin; agus (ii) chun sonraí cruinne a sholáthar faoin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na breoslaí sin; Ina theannta sin, is féidir scéimeanna deonacha a úsáid chun a dheimhniú go gcomhlíonann breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29a den Treoir sin agus an mhodheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 á cur i bhfeidhm agus chun comhlíontacht le hAirteagal 27(6) de Threoir (AE) 2018/2001 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 a chruthú maidir leis an sciar den leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a ríomh. Is féidir scéimeanna deonacha a úsáid freisin chun a chruthú go n-iontrálann oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta faoi roinnt breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte i gcomhréir le hAirteagal 31a(2) agus (5) de Threoir (AE) 2018/2001. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir na scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta a úsáid chun na gcríoch sin ar fad nó cuid díobh. |
|
(3) |
An 15 Nollaig 2020 chuir an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim agus shainaithin roinnt saincheisteanna a raibh leasú ag teastáil ina leith. Chuir an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ a hiarraidh isteach arís an 18 Meitheamh 2021, inar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna a sainaithníodh. Mar fhreagairt air sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 (4), lenar tugadh aitheantas don scéim dheonach ‘REDcert-EU’ as comhlíontacht a léiriú ó thaobh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise (i) leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001 agus (ii) an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta faoi bhreoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001 sa leagan a bhí i bhfeidhm an 19 Samhain 2023.Tugadh aitheantas don scéim freisin as comhlíontacht a léiriú ó thaobh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise de chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim. |
|
(4) |
An 23 Lúnasa 2023 chuir an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ iarraidh bhreise faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001 a mhéid a bhaineann le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim sin agus shainaithin sé roinnt saincheisteanna a raibh leasú ag teastáil ina leith. San athiarraidh uaithi an 24 Iúil 2024, thug an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ aghaidh mar ba cheart ar na saincheisteanna agus chinn an Coimisiún go gcumhdaítear go leormhaith leis an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ anois na rialacha a leagtar amach in Airteagal 27(6) de Threoir (AE) 2018/2001 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus go soláthraítear sonraí cruinne léi faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte chun críocha Airteagal 29a(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001 agus go bhfuil sí i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185. |
|
(5) |
Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an scéim dheonach ‘REDcert-EU’, chinn sé go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001. Cinneadh freisin go bhfuil sonraí cruinne sa scéim faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) den Treoir sin agus go gcuirtear modheolaíocht maidir le cothromaíocht mhaise i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) den Treoir sin. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún, maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, go gcumhdaítear leis an scéim go leormhaith na rialacha a leagtar síos in Airteagal 27(6) de Threoir (AE) 2018/2001 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184. Ar deireadh chinn an Coimisiún freisin go soláthraíonn an scéim sonraí cruinne faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte chun críocha Airteagal 29a(10) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001 agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún; |
|
(6) |
Maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, cumhdaítear leis an scéim na bunábhair uile, lena n-áirítear dramhaíl, iarmhair agus an líne chúraim ar fad (le haghaidh bithmheatáin, ón ionad táirgthe suas go dtí an pointe tomhaltais). Cumhdaítear leis an scéim freisin gach cineál breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus cuimsítear léi an líne chúraim ar fad. Tá clúdach geografach domhanda aici. |
|
(7) |
Sa mheasúnú ar an scéim dheonach ‘REDcert-EU’, cinneadh go gcomhlíonann sí caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche agus do bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise go gcomhlíonann sí na ceanglais mhodheolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. |
|
(8) |
Ina theannta sin, cuirtear modheolaíocht maidir le maischothramaíocht i bhfeidhm leis an scéim i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001. Rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim agus chinn sé go gcomhlíonann sí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (5). |
|
(9) |
Ar chúiseanna soiléireachta agus trédhearcachta, is iomchuí a leagan amach ar bhealach cuimsitheacha na critéir ar fad maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa a mheastar a chumhdaítear go leormhaith leis an scéim ‘REDcert-EU’. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
|
(10) |
Ba cheart an fhaisnéis gur tugadh aitheantas don scéim dheonach ‘REDcert-EU’ a chur ar fáil sa roinn ar shuíomh gréasáin EUROPA an Choimisiúin atá dírithe ar scéimeanna deonacha. |
|
(11) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Léiríonn an scéim dheonach ‘REDcert-EU’, i gcás na mbreoslaí a ndéantar iniúchadh orthu faoin scéim, na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(b) |
tá sonraí cruinne inti faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim. |
|
(c) |
comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch le hAirteagal 27(6), an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír de Threoir (AE) 2018/2001 agus na critéir ábhartha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184; |
|
(d) |
sonraí cruinne faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte chun críoch Airteagal 29a(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001 agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185; |
|
(e) |
comhlíontacht na n-oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta faoi bhreoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte i gcomhréir le hAirteagal 31a(5) de Threoir (AE) 2018/2001. |
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar ábhar na scéime deonaí ‘REDcert-EU’, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í chun aitheantas a fháil ina leith an 18 Meitheamh 2021 agus an 24 Iúil 2024, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhoras an Chinnidh seo, cuirfidh an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ an Coimisiún ar an eolas faoi na hathruithe sin gan mhoill.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra d’fhonn a shuí cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith fós leis an scéim dheonach ‘REDcert-EU’ na critéir ar tugadh aitheantas di ina leith.
Airteagal 3
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 21 Nollaig 2029.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (IO L 157, 20.6.2023, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1184/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte (IO L 157, 20.6.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1185/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘REDcert-EU’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO L 114, 12.4.2022, lch. 191, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/605/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3194/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)