European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3185

17.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3185 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1), Airteagal 41(2) agus Airteagal 42(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear in Airteagal 75(1) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1) go bhfuil an Chomhairle le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh sin gach 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

(2)

Leis an athbhreithniú meántéarma ar Chinneadh (CBES) 2021/509, ba cheart próisis ábhartha na Saoráide Eorpaí Síochána a chuíchóiriú agus a fheabhsú ar bhealach spriocdhírithe, agus an cleachtas atá ann cheana á chódú ag an am céanna, ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo.

(3)

Chun an timthriall polaitiúil a ailíniú leis an timthriall buiséadach, ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála treoshuíomh straitéiseach a thabhairt don bhliain n + 1 faoin 31 Bealtaine de bhliain n. Ba cheart dó sin a bheith mar bhonn eolais d’ullmhú na réamhaisnéise maidir le huasteorainn íocaíochtaí na bliana n + 1.

(4)

Ba cheart don Ardionadaí a bheith freagrach as cur chun feidhme na gcinntí ón gComhairle lena mbunaítear bearta cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 27(1) CAE a áirithiú agus as uasteorainn fhoriomlán airgeadais agus uasteorainneacha bliantúla na Saoráide Eorpaí Síochána a phleanáil agus faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme shocruithe an Ardionadaí leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais agus na coinníollacha arna leagan síos ag an gComhairle maidir le bearta cúnaimh. Ba cheart dul i gcomhairle roimh ré leis na Ballstáit chun bonn eolais a chur faoin doiciméad ina bhfuil an treoshuíomh straitéiseach táscach.

(5)

Ar bhonn eisceachtúil de réir an cháis agus faoi réir fhormheas an Choiste um an tSaoráid arna bhunú le hAirteagal 11 de Chinneadh (CBES) 2021/509 (‘an Coiste’), agus Airteagal 10(4) de Chinneadh (CBES) 2021/509 á chur san áireamh, más gá chun dualgais a chomhlíonadh i dtaca leis an tSaoráid, ar dualgais iad a sháraíonn acmhainneacht nó saineolas na foirne arna gcur ar fáil ag SEGS, féadfar caiteachas a bhaineann le baill foirne ar conradh a oibríonn don tSaoráid a mhaoiniú tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

(6)

Ba cheart leanúint de bhearta cúnaimh agus oibríochtaí a bunaíodh roimh an 31 Nollaig 2027 ach nach mbeidh tugtha i gcrích faoin dáta sin a chur chun feidhme tar éis an dáta sin agus go dtí go dtabharfar chun críche iad, mar a leagtar amach sa chinneadh ón gComhairle lena mbunaítear iad. Chuige sin, ba cheart go leanfadh na rialacha ábhartha, go háirithe maidir leis an mbuiséad, na buiséid leasaitheacha, na haistrithe leithreasuithe agus an tabhairt anonn de bheith infheidhme de réir mar is iomchuí.

(7)

Faoi réir chinntí an Choiste agus i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus Airteagal 29 de Chinneadh (CBES) 2021/509, ba cheart do gach riarthóir leanúint de ghlaonna ar ranníocaíochtaí a sheoladh le haghaidh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach tar éis 2027 de réir mar is gá chun leanúint leis na hoibríochtaí leanúnacha agus chun bearta cúnaimh a bhainistiú arna mbunú roimh an 31 Nollaig 2027 ach nach mbeidh tugtha i gcrích faoin dáta sin.

(8)

Agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas, ba cheart pleanáil airgeadais na Saoráide a fheabhsú, agus ba cheart éifeachtaí an staonta inchiallaithe a choigeartú dá réir. De dheasca sin, i gcásanna ina soláthraíonn na Ballstáit rannchuidithe breise do bheart cúnaimh mar thoradh ar staonadh ó bheart eile, ba cheart do na rannchuidithe sin na méideanna atá dlite ó Bhallstáit don bheart cúnaimh a fhaigheann an cistiú breise a laghdú. D’fhéadfadh na rannchuidithe breise sin suas le 50 % de mhéid tagartha an bhirt cúnaimh thairbhíoch a mhaoiniú, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Níor cheart beart cúnaimh a mhaoiniú go heisiach le ranníocaíochtaí breise.

(9)

Ba cheart a chumhdach le comhdhéanamh an dréachtbhuiséid bhliantúil na costais choiteanna le haghaidh oibríochtaí leanúnacha nó oibríochtaí atá beartaithe agus costais na mbeart cúnaimh arna mbunú nó atá le formheas ag an gComhairle sa chéad ráithe den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin de réir an treoshuímh straitéisigh tháscaigh arna mholadh ag an Ardionadaí agus an treoshuímh straitéisigh arna sholáthar ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála. Ina theannta sin, ba cheart an féilire buiséadach a choigeartú, go háirithe maidir leis an gcinneadh maidir le huasteorainn na n-íocaíochtaí agus maidir leis an dréachtbhuiséad a thíolacadh. Thairis sin, ba cheart ábhar na meastachán airgeadais arna sholáthar go tréimhsiúil a fheabhsú trí réamhaisnéisí ar na méideanna agus sceideal táscach do na glaonna ar rannchuidithe a ionchorprú ann.

(10)

I bhfianaise na taithí a bhailigh an tSaoráid ó bunaíodh í agus mar gheall ar staid shonrach na n-oibríochtaí agus na mbeart cúnaimh le scéimeanna aisíocaíochta, is iomchuí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ar bhonn eisceachtúil, síneadh a chur leis an tabhairt anonn faoi réir formheas ón gCoiste.

(11)

Léirítear sa taithí a fuarthas go bhféadfaidh an timpeallacht shíorathraitheach dhomhanda ina bhfeidhmíonn an tSaoráid dul i gcion ar chur chun feidhme na n-oibríochtaí agus na mbeart cúnaimh. Is iomchuí solúbthacht bhuiséadach bhreise a thabhairt isteach chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na ngealltanas saortha a rinneadh toisc nár cuireadh chun feidhme oibríocht nó beart cúnaimh go hiomlán nó i bpáirt, a chur ar fáil arís le haghaidh oibríochtaí eile nó bearta cúnaimh eile faoi seach, faoi réir formheas ón gCoiste.

(12)

Ní cheart rannchuidithe le luathmhaoiniú ó Bhallstát a úsáid chun bearta cúnaimh a chistiú, ar bearta iad óna staonann an Ballstát sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.

(13)

Ba cheart feabhas a chur ar an tuairisciú tréimhsiúil ar chur chun feidhme airgeadais trí stádas na rannchuidithe breise ó na Ballstáit agus ídiú na n-uasteorainneacha airgeadais a chur san áireamh.

(14)

Ba cheart cearta rochtana a bheith ag na hiniúchóirí, lena n-áirítear ar an áitreabh, ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí is gá chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh.

(15)

Ba cheart cúraimí na n-iniúchóirí inmheánacha a shainiú ar bhealach níos soiléire, go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh is infheidhme maidir leis an tSaoráid, lena n-ionchorpraítear cleachtais iniúchóireachta de réir caighdeáin idirnáisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart d’iniúchóirí inmheánacha torthaí a n-iniúchtaí a thuairisciú do na riarthóirí agus do SEGS maidir le hábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach. Ba cheart do na riarthóirí agus do SEGS a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí is gá chun na moltaí ó na hiniúchtaí inmheánacha a chur chun feidhme. Ba cheart don Choiste tuarascáil bhliantúil a fháil ó na hiniúchóirí inmheánacha agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar a gcuid oibre chomh maith leis an obair leantach chuí a dhéanamh ar mholtaí na hiniúchóireachta inmheánaí ó na ranna ábhartha.

(16)

Ba cheart don Choiste, ar bhonn togra ó Choláiste na nIniúchóirí, nósanna imeachta a bhunú chun comhaltaí Choláiste na nIniúchóirí agus a gcúntóirí a roghnú, a cheapadh agus a ionadú mar is gá.

(17)

Ba cheart na rialuithe arna ndéanamh ag Coláiste na nIniúchóirí a leathnú chun go gcuirfí riar agus bainistiú na Saoráide san áireamh, lena n-áirítear trí iniúchtaí feidhmíochta.

(18)

Faoi réir fhormheas an Choiste maidir le nochtadh, ba cheart an tuarascáil iniúchóireachta, an tuairim iniúchóireachta agus na cuntais bhliantúla a nochtadh go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le cinneadh an Choiste.

(19)

Ar mhaithe le láimhseáil éifeachtúil nós imeachta, ba cheart nótaí coincheapa a chur faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála lena bhformheas. Thairis sin, ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála a bheith in ann tús gníomhaíochtaí práinneacha áirithe a fhormheas fad atá glacadh an bhirt cúnaimh ábhartha ag an gComhairle fós ar feitheamh.

(20)

Ba cheart a shoiléiriú cé na cásanna inar cheart don Ardionadaí toiliú a fháil roimh ré ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála nó ón gCoiste i gcás earraí arna seachadadh a aistriú agus a athonnmhairiú faoi bhearta cúnaimh.

(21)

Tá tacaíocht mhíleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána le cur ar fáil i gcomhréir leis an gcreat rialála ábhartha, lena n-áirítear Rialacha Cur Chun Feidhme na Saoráide Eorpaí Síochána mar a chomhaontaigh an Coiste iad an 30 Samhain 2022 maidir leis na rialacha tionscnaimh agus na rialacha náisiúntachta. Thairis sin, tráth a bheidh aon tacaíocht mhíleata á soláthar faoin tSaoráid Eorpach Síochána, tabharfar lánurraim do bheartas slándála agus cosanta an Bhallstáit áirithe, áiritheofar trédhearcacht agus inrianaitheacht na tacaíochta arna maoiniú ag an tSaoráid Eorpach Síochána, agus cuirfear leasanna slándála agus cosanta gach Ballstáit san áireamh.

(22)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/509 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d’Airteagal 4:

‘(e)

ciallaíonn “gníomhaí cur chun feidhme” gníomhaí a gcuirtear de chúram air nó uirthi, i gcomhthéacs na bainistíochta indírí, beart cúnaimh nó cuid de bheart cúnaimh a chur chun feidhme agus a thugann comhaontú i gcrích leis an tSaoráid chun na críche sin;’

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcásanna inar staon Ballstát le linn vóta agus ina ndearna sé dearbhú foirmiúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE a mhéid a bhaineann le beart cúnaimh a cheadaíonn soláthar trealaimh mhíleata nó ardán míleata a ceapadh chun fórsa marfach a thabhairt, ní rannchuideoidh an Ballstát sin le costais an bhirt chúnaimh sin. Ina ionad sin, déanfaidh an Ballstát sin rannchuidiú breise le bearta cúnaimh eile nach mbaineann leis an trealamh ná na hardáin sin a sholáthar. Sa chás sin, ní thiocfaidh aon athrú ar mhéid tagartha an bhirt cúnaimh as ar staon an Ballstát le linn vóta mar thoradh ar an staonadh sin.’

;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun oibríocht nó beart cúnaimh a mhaoiniú faoin tSaoráid, ní mór bunghníomh dlí a ghlacadh roimh ré i bhfoirm cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an oibríocht faoi Airteagail 42(4) agus 43(2) CAE nó an beart cúnaimh faoi Airteagal 28 CAE. Mar eisceacht, ní bheidh bunghníomh dlí riachtanach chun costais choiteanna a mhaoiniú le linn chéim ullmhúcháin oibríochta, chun an caiteachas is gá chun oibríocht a fhoirceannadh nó chun costais choiteanna gníomhaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 44(1), Airteagal 44(3) agus Airteagal 45, faoi seach, den Chinneadh seo. Chomh maith leis sin, ní bheidh gníomh bunúsach dlí riachtanach i gcás ina mbeidh cistiú údaraithe ag an gComhairle do bhearta ullmhúcháin le haghaidh beart cúnaimh nó i gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí práinneacha formheasta ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le beart cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagail 57(2) agus le hAirteagal 58, faoi seach, den Chinneadh seo.’

;

(4)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Faoi chuimsiú na dtosaíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoshuíomh straitéiseach le haghaidh oibríochtaí agus bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid d’fhonn an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, ar bhonn plé a rinneadh roimhe seo i gcomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha eile de chuid na Comhairle, lena n-áirítear plé i bhformáidí le saineolaithe ábhartha, mura gcinnfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mhalairt. Chuige sin, tionólfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála díospóireacht 2 uair sa bhliain, ar bhonn treoshuíomh straitéiseach táscach, arna mholadh ag an Ardionadaí, agus cuirfear an treoshuíomh straitéiseach don bhliain n+ 1 ar fáil faoin 31 Bealtaine de bhliain n. Áireofar leis an treoshuíomh straitéiseach táscach, bunaithe ar thuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl, réasúnú gairid leis an méid tagartha dá bhforáiltear do gach beart cúnaimh i bhfianaise na gcuspóirí atá beartaithe leis, agus amlíne tháscach den phlé a mheastar a bheidh ar siúl sa Chomhairle. Cuirfear faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála é 30 lá roimh an gcruinniú ina n-iarrfar ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála an treoshuíomh straitéiseach a chur ar fáil. Maidir le bearta cúnaimh, déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála iad a ailíniú leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 56 agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuarascálacha arna gcur ar fáil ag an Ardionadaí i gcomhréir le hAirteagal 63.

3.   Bunóidh an Chomhairle modheolaíocht riosca agus coimircí maidir le bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid agus déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála athbhreithniú rialta uirthi. Déanfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme na socruithe arna ndéanamh ag an Ardionadaí leis an tairbhí, i gcomhréir le hAirteagal 62.’

;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An tSaoráid a bhainistiú

1.   Faoi údarás agus stiúradh an Choiste um an tSaoráid dá dtagraítear in Airteagal 11, is iad seo a leanas a bhainisteoidh an tSaoráid:

(a)

riarthóir um oibríochtaí;

(b)

an ceannasaí oibríochta ar gach oibríocht, i ndáil leis an oibríocht faoina cheannas nó faoina ceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó aon chuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme mar a fhoráiltear in Airteagal 60;

(c)

riarthóir um bearta cúnaimh; agus

(d)

oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí agus oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh.

2.   Bainfidh an tSaoráid, a mhéid is féidir, leas as institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Rachaidh sí, go príomha, i muinín struchtúir riaracháin agus fhoireann reatha institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus na foirne sin arna dtabhairt ar iasacht ag na Ballstáit, arna iarraidh sin don riarthóir faoi seach.

3.   Soláthróidh Ardrúnaí na Comhairle an riarthóir um oibríochtaí agus an t-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí mar aon leis an bhfoireann agus leis na hacmhainní riaracháin is gá dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích.

4.   Beidh an tArdionadaí freagrach as cur chun feidhme na gcinntí ón gComhairle lena mbunaítear bearta cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 27(1) CAE a áirithiú agus as uasteorainn fhoriomlán airgeadais agus uasteorainneacha bliantúla na Saoráide a phleanáil agus faireachán a dhéanamh orthu, gan dochar do mhír 5.

5.   Chun críoch chur chun feidhme airgeadais na mbeart cúnaimh, cé is moite de bheart cúnaimh nó aon chuid de arna chur chun feidhme ag oibríocht, tabharfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh agus an t-oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh cúnamh don Ardionadaí. Feidhmeoidh an tArdionadaí an fhreagracht sin le tacaíocht ón roinn sa Choimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 9(6) de Chinneadh 2010/427/AE (*1) ón gComhairle agus ó sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, de réir mar is gá.

(*1)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).’;"

(6)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ar thogra comhpháirteach ó na riarthóirí, glacfaidh an Coiste na rialacha seo a leanas maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid, ar rialacha iad lena bhforlíontar na rialacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

beidh na rialacha cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí míleata cosúil, ó thaobh na solúbthachta de, leis na rialacha airgeadais a raibh feidhm acu maidir leis an sásra chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (“sásra Athena”) a riar;

(b)

beidh na rialacha cur chun feidhme maidir le bearta cúnaimh comhsheasmhach leis an leibhéal céanna bainistíochta fónta airgeadais, trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe agus ráthóidh siad an leibhéal céanna bainistíochta fónta airgeadais, trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe leo siúd a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tabharfaidh na rialacha sin údar sainráite do na cásanna ina bhfuil sé riachtanach imeacht ó rialacha Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 chun solúbthacht spriocdhírithe a cheadú, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag an oifigeach cuntasaíochta de bhun phointe (d) d’Airteagal 13(4) na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta don earnáil phoiblí.

Scrúdóidh an Coiste, i ndlúthchomhar leis na riarthóirí, na rialacha cur chun feidhme atá beartaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na rialacha cur chun feidhme prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus an neamh-idirdhealaithe agus na hurraime do chearta bunúsacha.

Leis na rialacha cur chun feidhme a comhaontaíodh le haghaidh bearta cúnaimh, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 60, tabharfar lánurraim iontu do na prionsabail a bhunaítear in Airteagal 56(2), agus go háirithe do bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe, lena n-áirithítear trédhearcacht agus inrianaitheacht na tacaíochta arna foráil faoin tSaoráid, agus leasanna slándála agus cosanta na mBallstát ar fad á gcur san áireamh.

(*2)  Rialachán (EU, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialachas airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj)’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.   Glacfaidh ionadaithe SEGS páirt i gcruinnithe an Choiste gan aon pháirt a ghlacadh ina chuid vótaí.’

;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘10a.   Gan dochar do mhír 9, tabharfar cuireadh d’ionadaithe ón gCoimisiún freastal ar chruinnithe an Choiste, de réir mar is iomchuí, gan aon pháirt a ghlacadh ina chuid vótaí.’

;

(7)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Údarófar gach ceannasaí oibríochta aon bhearta a ghlacadh, lena gcomhlíontar an Cinneadh seo agus na rialacha arna mbunú ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6), a mheasann an ceannasaí a bheith riachtanach chun an caiteachas arna mhaoiniú faoin tSaoráid a chur chun feidhme, i ndáil leis an oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó cuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme. Cuirfidh sé nó sí an riarthóir um oibríochtaí agus an Coiste ar an eolas faoi sin. Féadfaidh Stiúrthóir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta, ina cháil nó ina cáil mar Cheannasaí Misin, cúraimí áirithe bainistíochta airgeadais de chuid na n-oibríochtaí fo-ordaithe a lárú ar leibhéal an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta, ag gníomhú dó nó di mar Cheanncheathrú Misin.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3, pointe (a):

‘(a)

na leithreasuithe a mheastar a bheith riachtanach chun an méid a leanas a chumhdach:

— na costais choiteanna le haghaidh oibríochtaí leanúnacha nó atá beartaithe,

— costais na mbeart cúnaimh arna mbunú nó atá le formheas ag an gComhairle sa chéad ráithe den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, de réir na faisnéise a thugtar sa togra ón Ardionadaí faoi Airteagal 9(2) agus an treoshuímh straitéisigh a thugann an Coiste Polaitiúil agus Slándála;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:

‘7.   Is éard a bheidh san ioncam, arna fhoroinnt de réir teidil:

(a)

rannchuidithe is iníoctha ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí, agus i gcás inarb iomchuí, ag tríú páirtithe is rannchuiditheoirí;

(b)

ioncam ilghnéitheach, lena n-áirítear, inter alia:

olltoradh buiséid ón mbliain airgeadais roimhe sin mar a chinn an Coiste é,

ús a fuarthas agus ioncam ó dhíolacháin,

aisghabhálacha cistí nár caitheadh le linn cur chun feidhme.

8.   Molfaidh an riarthóir an dréachtbhuiséad bliantúil don Choiste faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Glacfaidh an Coiste an dréachtbhuiséad faoin 30 Samhain. Tabharfaidh na riarthóirí fógra do na Ballstáit agus do na tríú páirtithe is rannchuiditheoirí maidir leis an mbuiséad a luaithe a ghlacfar é.’

;

(9)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Mar sin féin, agus faoi réir Airteagal 51(5), beidh formheas ón gCoiste ag teastáil roimh ré i gcás inar mó an t-aistriú beartaithe idir caibidlí ná 20 % i dteidil a bhfuil baint acu le hoibríochtaí, agus bearta cúnaimh, de na leithreasuithe a iontráladh sa chaibidil óna dtarraingítear na leithreasuithe, de réir mar atá le feiceáil sa bhuiséad a glacadh don bhliain airgeadais ar an dáta a dhéantar an moladh maidir leis an aistriú sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir le haistrithe laistigh de theideal le haghaidh beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta.’

;

(10)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh faoin 31 Márta gach bliain maidir le moltaí ó gach riarthóir faoi seach leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, nach bhfuil gealltanas tugtha ina leith faoi dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin, a thabhairt anonn, agus más gá leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha, agus sa chás sin féadfar iad a ghealladh agus a íoc suas go dtí an 31 Nollaig. Mura ngeallfar nó mura n-íocfar faoin dáta sin iad, féadfaidh an Coiste a chinneadh na leithreasuithe sin a thabhairt anonn go dtí deireadh na bliana ina dhiaidh sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ar bhonn eisceachtúil.’

;

(11)

cuirtear isteachan tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 21a

Athúsáid leithreasuithe

Faoi réir fhormheas an Choiste, féadfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na ngealltanas saortha a rinneadh toisc nár cuireadh oibríocht nó beart cúnaimh chun feidhme go hiomlán ná go páirteach, féadfar iad a chur ar fáil arís chun tairbhe theidil an bhuiséid le haghaidh oibríochtaí nó bearta cúnaimh faoi seach.’

;

(12)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 24a

Cineálacha rannchuidithe

Sa bhreis ar na rannchuidithe is iníoctha ag na Ballstáit a rannchuidíonn le hoibríocht nó le beart cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 26(5), féadfaidh an tSaoráid an méid seo a leanas a fháil:

(a)

“rannchuidithe breise” a chiallaíonn na méideanna breise is iníoctha ag Ballstát a staon ó bheart cúnaimh a ghlacadh agus nach rannchuidíonn leis an mbeart sin, agus a atreoraítear chuig bearta cúnaimh eile, i gcomhréir le hAirteagal 26(7), Airteagal 27 agus Airteagal 73(10);

(b)

“réamh-rannchuidithe” a chiallaíonn rannchuidithe a íocann na Ballstáit roimh ré ar bhonn deonach, sa bhreis ar na híocaíochtaí a dhéantar tar éis glao ar rannchuidithe, i gcomhréir le hAirteagal 29(15);

(c)

“rannchuidithe airgeadais deonacha” a chiallaíonn méideanna a fhéadfar a fháil i gcomhréir le hAirteagal 30.’

;

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Luath-réamhaisnéis

‘1.   Déanfaidh na riarthóirí, i gcomhar le SEGS agus pleanáil chomhdhlúite airgeadais na Saoráide á cur san áireamh, na rudaí seo a leanas a thíolacadh faoin 31 Bealtaine de bhliain n:

(a)

réamhaisnéis ar na méideanna agus sceideal táscach le haghaidh na nglaonna ar ranníocaíochtaí do bhliain n;

(b)

réamhaisnéis maidir le huasteorainn na n-íocaíochtaí don bhliain n + 1 chun oibríochtaí agus bearta cúnaimh atá ar bun faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí nó atá ag leathnú a chur san áireamh, lena n-áirítear dáileadh táscach idir íocaíochtaí dá bhforáiltear a bhfuil gá leo le haghaidh bearta cúnaimh lena gceadaítear trealamh míleata nó ardáin mhíleata a sholáthar, arna gceapadh chun fórsa marfach agus bearta cúnaimh a thabhairt nach gceadaíonn an tacaíocht sin;

(c)

meastachán táscach do mhéid bliantúil na rannchuidithe don bhliain n + 2, n + 3 agus n + 4 i gcomhréir leis na riachtanais mheasta;

2.   Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir le huasteorainn na n-íocaíochtaí don bhliain n + 1 faoin 30 Meitheamh de bhliain n.

3.   Cuirfidh na riarthóirí an méid seo a leanas faoi bhráid an Choiste faoin 15 Deireadh Fómhair de bhliain n:

(a)

réamhaisnéis ar na méideanna agus sceideal táscach le haghaidh na nglaonna ar rannchuidithe don bhliain n+1;

(b)

meastachán táscach athbhreithnithe bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le méideanna bliantúla na rannchuidithe do na blianta n + 2, n + 3 agus n + 4.’

;

(14)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:

‘7.   I gcás, de bhun Airteagal 5(3), ina staonfaidh Ballstát ó bheart cúnaimh a ghlacadh agus nach rannchuidíonn sé leis an mbeart sin, rannchuideoidh sé méid breise le bearta cúnaimh seachas na bearta sin a bhaineann le soláthar trealaimh mhíleata nó ardán míleata a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt. Áiritheofar leis an méid breise sin go mbeidh rannchuidiú foriomlán an Bhallstáit sin le bearta cúnaimh i gcomhréir lena sciar den ollioncam náisiúnta (OIN). Féadfar beart cúnaimh a mhaoiniú le rannchuidithe breise suas le 50 % dá mhéid tagartha, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Ní dhéanfar beart cúnaimh a mhaoiniú go heisiach le ranníocaíochtaí breise. Déanfar na rannchuidithe atá dlite ó na Ballstáit as na bearta a fhaigheann na rannchuidithe breise sin a laghdú de réir mhéid na rannchuidithe sin.

8.   Ní rachaidh rannchuidithe ó na Ballstáit in aon bhliain ar leith thar a sciar faoi seach den uasteorainn íocaíochta a shonraítear in Airteagal 25(2). Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin maidir le réamh-rannchuidithe dá dtagraítear in Airteagal 29(15).’

;

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

‘Airteagal 28

Cistiú luath

‘1.   Beidh córas íostaiscí ag an tSaoráid chun luathmhaoiniú a chur ar fáil d’oibríochtaí mearfhreagartha de chuid an Aontais agus do ghníomhaíochtaí práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 58 agus, faoi réir údarú roimh ré ón gCoiste, do bhearta cúnaimh aonair, i gcás nach mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil agus nach bhféadfaí, leis an ngnáthnós imeachta chun rannchuidithe a bhailiú, freastal ar na riachtanais in am trátha. Bainisteoidh gach riarthóir faoi seach na híostaiscí.

2.   Tar éis moltaí a fháil ón riarthóir, déanfaidh an Coiste méid na n-íostaiscí a chinneadh, agus a athbhreithniú de réir mar is gá.

3.   Chun críoch luathmhaoiniú na n-íostaiscí, déanfaidh na Ballstáit ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

rannchuidithe a íoc leis an tSaoráid roimh ré, agus méid na rannchuidithe ag léiriú sciar OIN an Bhallstáit sin faoi seach i gcomhiomlán OIN na mBallstát tráth a íoctar an réamh-rannchuidiú leis an tSaoráid. Déanfar an sciar sin a athríomh go dtí a luach deiridh nuair a sheolfar an oibríocht mhearfhreagartha a rannchuidíonn siad léi, agus nuair a fhormheasfaidh an Chomhairle na bearta cúnaimh aonair nó nuair a fhormheasfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála na gníomhaíochtaí práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 58; nó

(b)

a rannchuidithe a íoc laistigh de 15 lá tar éis sheoladh an ghlao, ar leibhéal mhéid tagartha na hoibríochta mearfhreagartha nó chostas údaraithe na ngníomhaíochtaí práinneacha nó an bhirt cúnaimh aonair nuair a chinnfidh an Chomhairle oibríocht mhearfhreagartha a sheoladh lena rannchuidíonn siad, nuair a fhormheasfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gníomhaíochtaí práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 58, nó nuair a údaróidh an Coiste é a úsáid le haghaidh bearta cúnaimh aonair de bhun mhír 1, agus nuair is gá dul i muinín na híostaisce, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. I gcás moille, beidh feidhm ag Airteagal 31(1).’

;

(16)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, pointe (a):

‘(a)

i gcás ina nglacfaidh an Coiste buiséad i leith bliain airgeadais. Cumhdófar leis an gcéad ghlao ar rannchuidithe na riachtanais íocaíochta do na chéad 8 mí, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh. Cumhdófar leis na glaonna iardain ar rannchuidithe fuílleach iarmhéid na rannchuidithe, agus iarmhéid na bliana roimhe sin á chur san áireamh i gcás inar chinn an Coiste an t-iarmhéid sin a iontráil sa bhuiséad reatha. Cuirfear san áireamh leis na glaonna ar rannchuidithe sceideal táscach an ghlao ar rannchuidithe dá dtagraítear in Airteagal 25(3), pointe (a);’

;

(b)

cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

‘15.   Sa bhreis ar na híocaíochtaí a dhéanfar tar éis glao ar rannchuidithe arna eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh Ballstát, ar bhonn deonach agus i gcomhar leis an riarthóir freagrach, réamh-rannchuidithe a íoc i mbliain airgeadais ar leith. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát a sholáthraigh an réamh-rannchuidiú in iúl, i gcomhar leis an riarthóir freagrach, na blianta airgeadais, a bhféadfadh an bhliain ina ndearnadh an réamh-ranníocaíocht a bheith san áireamh leo, ar ina leith a dhéanfar an méid sin a bhaint as a rannchuidithe amach anseo.’

;

(17)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfar beart cúnaimh a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Nuair a chuirtear beart cúnaimh chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach, beidh feidhm ag Airteagail 35, 36 agus 37, de réir mar is iomchuí. Sa chás ina gcuirtear beart cúnaimh chun feidhme trí bhainistíocht indíreach, féadfaidh an Chomhairle na gníomhaithe cur chun feidhme a ainmniú as ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(a)

aireachtaí nó ranna rialtais na mBallstát nó a gcomhlachtaí agus a ngníomhaireachtaí eile dlí phoiblí nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go dtugtar ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh;

(b)

eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht réigiúnach, nó a gcomhlachtaí agus a ngníomhaireachtaí;

(c)

tríú Stát nó a chomhlachtaí agus a ghníomhaireachtaí dlí phoiblí, ar choinníoll nach sáraíonn an tríú Stát sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a mBallstát agus go n-urramaíonn sé an dlí idirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabal an dea-chaidrimh idir comharsanachta leis na Ballstáit;

(d)

gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu;

(e)

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha;

(f)

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit nó le dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de cúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn comhlachtaí den sórt sin á rialú ag comhlachtaí mar a leagtar amach i bpointe (a) agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leormhaithe dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach gníomhaíochta, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.’

;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

‘Airteagal 38

Tuarascálacha airgeadais rialta don Choiste

1.   Gach 3 mhí, le tacaíocht ón oifigeach cuntasaíochta freagrach agus ó na ceannasaithe oibríochta, cuirfidh gach riarthóir tuarascáil faoi bhráid an Choiste maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a thagann faoina fhreagracht nó faoina freagracht ó thús na bliana airgeadais, mar aon le tuarascáil sreabhaidh airgid, tuarascáil maidir leis an íostaisce chomhfhreagrach, tuarascáil maidir leis na ranníocaíochtaí breise atá dlite ag na Ballstáit bunaithe ar an taifead dá dtagraítear in Airteagal 27(4).

2.   Dhá uair in aghaidh na bliana, déanfaidh SEGS, i gcomhar leis an dá riarthóir, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choiste maidir le hídiú na huasteorann foriomláine dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus maidir le hídiú na huasteorann bliantúla comhfhreagraí.’

;

(19)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh rochtain iomlán ag na daoine atá freagrach as ioncam agus caiteachas na Saoráide a iniúchadh ar gach áitreabh, faisnéis agus sonraí ábhartha, gan mhoill agus gan fógra a thabhairt roimh ré. Áirítear leis sin rochtain ar dhoiciméid agus ar ábhar na dtacaíochtaí sonraí uile a bhaineann leis an ioncam agus leis an gcaiteachas sin agus ar an áitreabh ina gcoimeádtar na doiciméid agus na tacaíochtaí sin. Féadfaidh siad cóipeanna díobh a dhéanamh. Na daoine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas na Saoráide, tabharfaidh siad an cúnamh is gá do na riarthóirí agus do na daoine atá freagrach as iniúchadh an ioncaim agus an chaiteachais sin chun a gcúram a chomhlíonadh.’

;

(20)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

‘Airteagal 41

Iniúchóireacht inmheánach ar an tSaoráid

1.   Ar mholadh ón riarthóir um oibríochtaí agus tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ainmneoidh Ardrúnaí na Comhairle iniúchóir inmheánach agus ar a laghad leas-iniúchóir inmheánach amháin d’oibríochtaí. Ar mholadh ón riarthóir um bearta cúnaimh agus tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ainmneoidh an tArdionadaí iniúchóir inmheánach um bearta cúnaimh.

2.   Ceapfar na hiniúchóirí inmheánacha ar feadh tréimhse 4 bliana, a bheidh in-athnuaite go ceann tréimhse iomlán nach rachaidh thar 8 mbliana. Ní mór d’iniúchóirí inmheánacha na cáilíochtaí gairmiúla is gá a bheith acu agus cloí leis na caighdeáin iniúchóireachta inmheánaí a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh na hiniúchóirí inmheánacha a bheith ina n-oifigigh údarúcháin nó ina n-oifigigh chuntasaíochta agus ní fhéadfaidh siad páirt a ghlacadh in ullmhú na ráiteas airgeadais a bhaineann leis an tSaoráid.

3.   Déanfaidh gach iniúchóir inmheánach gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus comhairliúcháin de réir mar is iomchuí agus cuirfidh sé comhairle ar an riarthóir freagrach maidir le bainistíocht riosca, trí thuairimí neamhspleácha ar cháilíocht córas bainistíochta agus rialaithe a eisiúint agus trí mholtaí a dhéanamh chun bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn bunaithe ar thorthaí a gcuid oibre iniúchóireachta. Beidh na hiniúchóirí inmheánacha freagrach go háirithe as measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht na gcóras bainistíochta inmheánaí agus as meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na ranna ábhartha maidir le beartais a chur chun feidhme agus cuspóirí a ghnóthú trí thagairt do na rioscaí a ghabhann leo. Déanfaidh siad measúnú freisin ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh is infheidhme maidir leis an tSaoráid.

4.   Tuairisceoidh an t-iniúchóir inmheánach um oibríochtaí ar thorthaí a iniúchtaí nó a hiniúchtaí don riarthóir freagrach. Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach atá freagrach na ceannasaithe oibríochta ar an eolas faoina chuid nó a cuid torthaí agus moltaí. Áiritheoidh an riarthóir um oibríochtaí, maidir le hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, go ndéanfar na gníomhaíochtaí is gá chun na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí inmheánacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí na treoracha is gá a eisiúint do cheannasaithe oibríochta.

5.   Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach um bearta cúnaimh tuairisc ar thorthaí a iniúchtaí nó a hiniúchtaí don riarthóir agus/nó do SEGS maidir le hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí faoi seach. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh na gníomhaithe cur chun feidhme ar an eolas, de réir mar is iomchuí, faoi thorthaí agus moltaí an iniúchóra inmheánaigh. Áiritheoidh an riarthóir agus SEGS, i gcás na n-ábhar a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach, go ndéanfar na gníomhaíochtaí is gá chun na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí inmheánacha a chur chun feidhme.

6.   Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach tuarascáil faoi bhráid an Choiste gach bliain ar an obair iniúchóireachta inmheánaí a rinneadh, ina léireofar líon agus cineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh, na barúlacha a tugadh agus na moltaí a rinneadh, agus stádas chur chun feidhme na moltaí a eisíodh sna blianta roimhe sin. Déanfaidh an Coiste maoirseacht ar obair an iniúchóra inmheánaigh agus ar an obair chuí ag eascairt as moltaí na hiniúchóireachta inmheánaí a dhéanfaidh na ranna ábhartha.

7.   Cuirfear imeachtaí agus tuarascálacha na n-iniúchóirí inmheánacha ar fáil do Choláiste na nIniúchóirí bunaithe de bhun Airteagal 42, i dteannta na ndoiciméad tacaíochta uile lena mbaineann.’

;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

‘Airteagal 42

Iniúchóireacht sheachtrach ar an tSaoráid

1.   Bunófar Coláiste Iniúchóirí. Déanfaidh Coláiste na nIniúchóirí iniúchadh ar an ioncam agus ar an gcaiteachas a eascróidh as cur chun feidhme an Chinnidh seo de bhun Airteagal 1(2), mar aon le cuntais bhliantúla na n-oibríochtaí agus na mbeart cúnaimh.

2.   Cinnfidh an Coiste, ar thogra a fháil ó Choláiste na nIniúchóirí, líon na n-iniúchóirí is gá agus tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir leis na nósanna imeachta chun comhaltaí de Choláiste na nIniúchóirí a roghnú, a cheapadh agus a ionadú ar feadh tréimhse suas le 4 bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin, as measc na n-iarrthóirí arna moladh ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coiste Speisialta sainordú comhalta a shíneadh suas le 6 mhí. Caithfidh na hiarrthóirí a bheith ina gcomhaltaí den chomhlacht iniúchóireachta náisiúnta is airde de chuid cheann de na Ballstáit, nó a bheith molta ag an gcomhlacht úd, agus ní mór ráthaíochtaí leordhóthanacha a bheith ag gabháil leo ó thaobh slándála agus neamhspleáchais.

3.   Féadfaidh an Coiste cúntóirí a cheapadh do chomhaltaí an Choláiste Iniúchóirí arna iarraidh sin don Choláiste Iniúchóirí. Ar thogra a fháil ó Choláiste na nIniúchóirí, tiocfaidh an Coiste ar chomhaontú maidir leis na nósanna imeachta chun na cúntóirí a roghnú, a cheapadh agus a ionadú de réir mar is gá. Ní mór ráthaíochtaí leordhóthanacha ó thaobh slándála agus neamhspleáchais a bheith ag gabháil leis na cúntóirí sin. Arna iarraidh sin don Choláiste Iniúchóirí, féadfaidh an Coiste a fhormheas go bhféadfaidh an Coláiste Iniúchóirí dul ar iontaoibh na tacaíochta seachtraí cáilithe chun iniúchadh a dhéanamh ar an tSaoráid.

4.   I rith na bliana airgeadais agus ex post freisin, seiceálfaidh Coláiste na nIniúchóirí trí bhíthin rialuithe ar an láthair agus rialuithe ar na doiciméid tacaíochta, go gcuirtear chun feidhme an caiteachas arna mhaoiniú nó arna réamh-mhaoiniú trí bhíthin na Saoráide i gcomhréir leis an gCinneadh seo agus leis na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 11(6), mar aon le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is ábhartha. Leis na rialuithe sin a dhéanamh, déanfaidh Coláiste na nIniúchóirí meastóireacht ar chomhlíonadh phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, eadhon prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil rialuithe inmheánacha leordhóthanach agus déanfaidh sé maoirseacht ar riarachán agus bainistiú na Saoráide, lena n-áirítear trí iniúchtaí feidhmíochta a dhéanamh.

5.   I gcás chomhaltaí Choláiste na nIniúchóirí agus a gcúntóirí, leanfaidh a gcomhlacht iniúchóireachta tionscnaimh dá bpá a íoc leo; is í an tSaoráid a íocfaidh speansais a misin i gcomhréir leis na rialacha atá le glacadh ag an gCoiste, mar aon le costas na tacaíochta seachtraí cáilithe.

6.   Le linn a dtéarma oifige, déanfaidh comhaltaí Choláiste na nIniúchóirí agus a gcúntóirí an méid a leanas:

(a)

ní iarrfaidh ná ní bhfaighidh siad treoracha seachas treoracha ón gCoiste; laistigh dá shainordú iniúchóireachta, beidh Coláiste na nIniúchóirí agus a chomhaltaí go hiomlán neamhspleách agus is iad amháin a bheidh freagrach as stiúradh a n-iniúchta sheachtraigh;

(b)

ní thuairisceoidh siad faoina gcúram ach amháin chuig an gCoiste.

7.   Toghfaidh Coláiste na nIniúchóirí a chathaoirleach as a chomhaltaí féin gach bliain, nó cuirfidh sé síneadh le téarma oifige an Chathaoirligh reatha. Glacfaidh Coláiste na nIniúchóirí na rialacha is infheidhme maidir le hiniúchtaí arna gcur i gcrích ag a gcuid comhaltaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Formheasfaidh sé na tuarascálacha iniúchóireachta arna dtarraingt suas ag a gcomhaltaí féin sula gcuirtear faoi bhráid an riarthóra agus an Choiste iad.

8.   Féadfaidh na riarthóirí nó daoine arna gceapadh ag ceachtar de na riarthóirí sin, iniúchadh a dhéanamh aon tráth ar an gcaiteachas a mhaoinítear tríd an tSaoráid. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste, ar bhonn moladh ó cheachtar de na riarthóirí nó ó Bhallstát, iniúchóirí seachtracha breise a cheapadh aon tráth, ar bhonn ad hoc, agus is é an Coiste a chinnfidh a gcúraimí agus a gcoinníollacha seirbhíse siúd.’

;

(22)

in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Soláthróidh Coláiste na nIniúchóirí a thuarascáil iniúchóireachta, lena n-áirítear an tuairim iniúchóireachta, faoin 30 Meán Fómhair, tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Scrúdóidh an Coiste an tuarascáil iniúchóireachta, an tuairim iniúchóireachta agus na cuntais bhliantúla d’fhonn urscaoileadh a dheonú do gach riarthóir agus do gach ceannasaí oibríochta. Faoi réir fhormheas an Choiste maidir le nochtadh, déanfar an tuarascáil iniúchóireachta, an tuairim iniúchóireachta agus na cuntais bhliantúla a nochtadh go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le cinneadh an Choiste. Tuairisceoidh gach riarthóir agus gach ceannasaí oibríochta go bliantúil don Choiste maidir le cur chun feidhme na moltaí arna n-eisiúint ag Coláiste na nIniúchóirí i ndáil le hábhair a thagann faoina bhfreagrachtaí faoi seach.’

;

(23)

in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Le linn na tréimhse roimh ghlacadh buiséid le haghaidh oibríochta, féadfaidh an Coiste, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí, ón gceannasaí oibríochta nó ó Bhallstát, treoracha a eisiúint maidir le cur chun feidhme an chaiteachais le linn na tréimhse sin.’

;

(24)

in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Formheasfaidh an Coiste ceann scríbe deiridh an trealaimh agus an bhonneagair arna gcómhaoiniú, agus riachtanais oibríochtúla agus critéir airgeadais á gcur san áireamh. Féadfaidh an ceann scríbe deiridh, go háirithe, a bheith mar seo a leanas:

(a)

féadfar bonneagar a dhíol, a aistriú nó a dheonú tríd an tSaoráid chuig an tír óstach, Ballstát, oibríochtaí eile, institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, nó tríú páirtí;

(b)

féadfar trealamh a dhíol, a aistriú nó a dheonú tríd an tSaoráid chuig Ballstát, oibríocht eile, institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, an tír óstach, tríú tír nó tríú páirtí, nó féadfaidh an tSaoráid, Ballstát nó tríú páirtí é a stóráil agus a chothabháil, lena úsáid in oibríocht ina dhiaidh sin.’

;

(25)

in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh na prionsabail seo a leanas mar bhonn taca leis na bearta cúnaimh:

(a)

ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach le beartais agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais arb é is aidhm dóibh an tsíocháin a chothú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú;

(b)

caithfear dlí an Aontais agus beartais agus straitéis an Aontais a chomhlíonadh leo, go háirithe Creat Straitéiseach an Aontais chun tacú le hathchóiriú na hearnála slándála agus leis an gcur chuige comhtháite maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, le cur chuige straitéiseach an Aontais maidir le mná, síocháin agus slándáil, chomh maith leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

(c)

ní foláir dóibh lán-urraim a thabhairt d’oibleagáidí an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(d)

ní fhéadfaidh siad dochar a dhéanamh do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta Ballstáit agus ní fhéadfaidh siad leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a shárú. Chuige sin, áiritheofar trédhearcacht agus inrianaitheacht na tacaíochta a chuirtear ar fáil tríd an tSaoráid.’

(26)

leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Cuirfear an nóta coincheapa faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála lena fhormheas. Agus nóta coincheapa á fhormheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, féadfaidh sé bearta a údarú a bheidh le cistiú faoin tSaoráid chun an beart cúnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh a ullmhú.

3.   Beidh costas measta tosaigh an bhirt sa nóta coincheapa. Ballstát a bhfuil rún aige staonadh ó bheart a ghlacadh chun trealamh míleata nó ardáin mhíleata a sholáthar a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt, dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus dearbhú foirmiúil a dhéanamh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE, cuirfidh sé an rún sin in iúl trí theachtaireacht i scríbhinn a chur chuig an gComhairle in am trátha sula nglacfar an beart. Ina theannta sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta cúnaimh eile a shonrú lenar mian leis rannchuidiú ina ionad sin.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   I bprionsabal, ní phléifidh an Chomhairle tograí le haghaidh bearta cúnaimh go dtí 10 lá ar a laghad tar éis a dtíolactha. Áireofar anailís mhíleata ar an bplé, de réir mar is iomchuí.’

;

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

‘Airteagal 58

Próiseas a bhrostú chun tús a chur le beart cúnaimh

1.   I gcás ina gceanglófar sin de bharr phráinn an cháis, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le beart cúnaimh, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a fhormheas go gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí atá le cistiú faoin tSaoráid, agus aird á tabhairt ar an modheolaíocht riosca agus coimircí arna bunú de réir Airteagal 9(3). Féadfar na bearta práinneacha sin agus an costas a mheastar a bheidh orthu agus an gníomhaire cur chun feidhme ábhartha a shainaithint sa nóta coincheapa lena leagfar amach beart cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann nó sa togra chun beart cúnaimh a bhunú de bhun Airteagal 57 agus Airteagal 59(1) faoi seach.

2.   Ní áireofar sna gníomhaíochtaí práinneacha aon soláthar trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

3.   De mhaolú ar Airteagal 17(6), má fhormheasann an Coiste Polaitiúil agus Slándála na gníomhaíochtaí práinneacha sin, beidh an riarthóir um bearta cúnaimh i dteideal speansais a ghealladh agus a íoc i leith na ngníomhaíochtaí sin suas go dtí an costas a údaraíodh.’

;

(28)

in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Sna socruithe a dhéanfar i gcomhréir le mír 1, áireofar forálacha, i gcomhréir le téarmaí an bhirt cúnaimh nó le haon chinneadh ábhartha ón gComhairle nó ón gCoiste, lena n-áirítear maidir le coimircí, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

úsáid chuí éifeachtúil sócmhainní chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(b)

cothabháil leordhóthanach na sócmhainní chun a n-inúsáidteacht agus a n-infhaighteacht oibríochtúil thar a saolré a áirithiú;

(c)

nach gcaillfear na sócmhainní, ná nach n-aistreofar iad gan comhaontú a fháil roimh ré ón Ardionadaí chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe. Gheobhaidh an tArdionadaí toiliú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála roimh ré chun míreanna atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais a aistriú agus i gcás míreanna arna seachadadh faoi bheart cúnaimh a athonnmhairiú. Maidir le míreanna eile a sheachadtar faoi bheart cúnaimh a aistriú, gheobhaidh an tArdionadaí toiliú ón gCoiste ina leith roimh ré;

(d)

comhlíonadh aon cheanglas eile arna bhunú ag an gComhairle;

(e)

go ndeonaíonn an tairbhí rochtain don Ardionadaí, agus do na daoine sin arna sonrú aige nó aici, lena n-áirítear iniúchóirí na Saoráide, chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí a dhéanamh, agus an cúnamh is gá chun é sin a dhéanamh, arna iarraidh sin.’

;

(29)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

‘Airteagal 63

Tuairisciú agus obair leantach

Soláthróidh an tArdionadaí tuarascáil ar chur chun feidhme beart cúnaimh don Choiste Polaitiúil agus Slándála dhá uair sa bhliain nó nuair a iarrfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála amhlaidh. Cumhdófar sna tuarascálacha sin na gnéithe polaitiúla, oibríochtúla agus airgeadais den bheart cúnaimh. Áireofar iontu an príomhthrealamh a seachadadh, meastóireacht ar a thionchar agus ar bhainistiú agus úsáid sócmhainní, mar aon le nuashonruithe ar an anailís ar íogaireacht agus ar chomhthéacs na coinbhleachta agus ar an measúnú riosca agus tionchair. Féadfaidh SEGS agus na riarthóirí faisnéis níos mionsonraithe a chur i láthair go tréimhsiúil sa Choiste agus i gcomhlachtaí ábhartha na Comhairle faoi chur chun feidhme na mbeart cúnaimh, lena n-áirítear maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i ndáil le socruithe le haghaidh faireacháin agus meastóireachta, rialuithe agus coimircí. Beidh sé d’aidhm leis an méid a chuirfear i láthair na forbairtí i ndáil le cur chun feidhme na mbeart cúnaimh a chumhdach ar bhonn bliantúil.’

;

(30)

in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Agus é ag gníomhú mar ghníomhaithe cur chun feidhme, ní dhéanfaidh an riarthóir measúnú ar na heintitis seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 33(2):

(a)

aireachtaí nó ranna rialtais na mBallstát ina bhfuil siad ainmnithe mar ghníomhaithe cur chun feidhme;

(b)

gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais;

(c)

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Féadfaidh an riarthóir a chinneadh gan measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

comhlachtaí agus gníomhaireachtaí dlí phoiblí eile de chuid na mBallstát;

(b)

tríú Stáit nó na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí dlí phoiblí atá ainmnithe acu.’

;

(31)

in Airteagal 73, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘11.   Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le leanúint leis an tSaoráid sa chéad timthriall buiséadach eile, i gcomhréir le hAirteagal 75(1) agus i gcomhthéacs caibidlíocht bhuiséadach níos leithne maidir leis an tréimhse tar éis 2027.

12.   In éagmais cinneadh faoi mhír 11 den Airteagal seo faoin 15 Deireadh Fómhair 2027, agus faoi réir fhormheas an Choiste i gcomhréir le hAirteagal 18(8), féadfar leithreasuithe a iontráil sna buiséid bhliantúla agus sna buiséid leasaitheacha tar éis 2027 chun an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

caiteachais na n-oibríochtaí leanúnacha agus na coda ginearálta sin den bhuiséad bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(3), pointe (b);

(b)

na caiteachais dá bhforáiltear in Airteagal 18(3), pointe (c), chun gur féidir na bearta cúnaimh arna mbunú roimh an 31 Nollaig 2027, ach nach mbeidh curtha i gcrích faoin dáta sin, a bhainistiú.

Ní sháróidh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna n-iontráil sa bhuiséad bliantúil tar éis 2027 dá dtagraítear sa mhír seo, ní sháróidh siad na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna bhformheas ag an gCoiste do bhuiséad bliantúil 2027 faoi na teidil chomhfhreagracha.

Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (b), agus cé is moite den chuid ghinearálta den bhuiséad bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(3), pointe (c) agus de leithreasuithe a thugtar anonn i gcomhréir le hAirteagal 21, ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin um bearta cúnaimh gealltanais bhuiséadacha a thabhairt ach go dtí an 31 Nollaig 2027.’

(32)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘7.a.

de réir an cháis agus faoi réir fhormheas an Choiste, misin agus ullmhúcháin taiscéalaíocha (go háirithe misin aimsithe fíoras agus taiscéalaíochta) arna ndéanamh ag pearsanra SEGS chun tacú leis an Ardionadaí agus é ag moladh bearta cúnaimh a áirítear sa treoshuíomh straitéiseach a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 9(2) nó a dhéantar ar iarraidh ó Bhallstát;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

faireachán agus meastóireacht, lena n-áirítear dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a mhéid a bhaineann le bearta cúnaimh;’

;

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3185/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)