European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3179

20.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3179 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinntí (AE) 2017/175, (AE) 2018/1702 agus (AE) 2019/70 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8921)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 gur féidir Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirgí ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol le linn a saolré. Tá critéir shonracha Éicilipéad an AE le leagan síos le haghaidh gach grúpa táirgí.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2017/175 ón gCoimisiún (2), leagadh síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘lóistín do thurasóirí’. Tá bailíocht na gcritéar sin agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 30 Meitheamh 2025.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2018/1702 ón gCoimisiún (3), leagadh síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘bealaí’. Tá bailíocht na gcritéar sin agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 31 Nollaig 2024.

(4)

Le Cinneadh (AE) 2019/70 ón gCoimisiún (4), leagadh síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh na ngrúpaí táirgí ‘páipéar grafach’ agus ‘páipéar síoda agus táirgí páipéir síoda’. Tá bailíocht na gcritéar sin agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 31 Nollaig 2024.

(5)

I gcomhréir leis na torthaí ón tSeiceáil Oiriúnachta ar Éicilipéad an AE (REFIT) an 30 Meitheamh 2017 (5), rinne an Coimisiún, in éineacht le Bord Éicilipéad an AE, measúnú ar ábharthacht chritéir Éicilipéad an AE i gcás na ngrúpaí táirgí thuasluaite le haghaidh scéim Éicilipéad AE, dhearbhaigh siad ábharthacht na gcritéar sin agus chuir siad réitigh chun feidhme chun feabhas a chur ar na sineirgí idir na grúpaí táirgí agus chun glacadh Éicilipéad an AE a mhéadú.

(6)

Tugadh chun solais leis na breithnithe thuasluaite gur measadh, i gcás bealaí, páipéar grafach, páipéar síoda agus táirgí páipéir síoda, go raibh na critéir fós cothrom le dáta agus gur dhócha go bhfanfaidís amhlaidh sa tréimhse díreach amach romhainn. Mar thoradh air sin, ba cheart athbhreithnithe ar na critéir thuasluaite a chur siar, rud a fhágfaidh gur féidir reachtaíocht atá ag teacht chun cinn san earnáil a chomhtháthú agus ailíniú agus comhleanúnachas a áirithiú le beartais eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le táirgí. I gcás an ghrúpa táirgí ‘lóistín do thurasóirí’, beidh gá le hathbhreithniú chun na critéir a thabhairt cothrom le dáta agus chun comhleanúnachas a áirithiú le tionscnaimh an Aontais atá ar na bacáin maidir leis an turasóireacht inbhuanaithe. Go dtí sin, ba cheart na critéir a bheith bailí.

(7)

Chun éascú a dhéanamh ar an gcomhordú a dhéanann an Coimisiún ar an bpróiseas athbhreithnithe in éineacht le tionscnaimh reachtacha atá ar na bacáin, agus chun iarrachtaí a chomhdhlúthú i gcás inar féidir, tá sé inmholta síneadh a chur le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an Aontais a shonraítear i gCinntí (AE) 2017/175, (AE) 2018/1702, agus (AE) 2019/70.

(8)

Ionas go mbeidh go leor ama ann na próisis athbhreithnithe a chur i gcrích agus chun comhleanúnachas margaidh a áirithiú le haghaidh sealbhóirí ceadúnais idir leagan reatha agus leaganacha athbhreithnithe na gcritéar, ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhailíochta na gcritéar atá ann faoi láthair agus le tréimhse bhailíochta na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú, go dtí an 31 Nollaig 2027 le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘lóistín do thurasóirí’, agus go dtí an 31 Nollaig 2028 le haghaidh na ngrúpaí táirgí ‘bealaí’ agus ‘páipéar grafach, páipéar síoda agus táirgí páipéir síoda’.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinntí (AE) 2017/175, (AE) 2018/1702 agus (AE) 2019/70 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/175

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 de Chinneadh (AE) 2017/175:

‘Airteagal 6

Beidh critéir Éicilipéad an AE le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘lóistín do thurasóirí’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2027.’.

Airteagal 2

Leasú ar Chinneadh (AE) 2018/1702

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2018/1702:

‘Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘bealaí’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2028.’.

Airteagal 3

Leasú ar Chinneadh (AE) 2019/70

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh (AE) 2019/70:

‘Airteagal 5

Beidh critéir Éicilipéad an AE le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘páipéar grafach’ agus ‘páipéar síoda agus táirgí páipéir síoda’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le haghaidh gach grúpa táirgí bailí go dtí an 31 Nollaig 2028.’.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Jessika ROSWALL

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/66/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2017/175 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2017 lena leagtar síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh lóistín do thurasóirí (IO L 28, 2.2.2017, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/175/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2018/1702 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh bealaí (IO L 285, 13.11.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/1702/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2019/70 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2019 lena leagtar síos critéir Éicilipéad an AE le haghaidh páipéar grafach agus critéir Éicilipéad an AE le haghaidh páipéar síoda agus táirgí páipéir síoda (IO L 15, 17.1.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/70/oj).

(5)   Report from the Commission to the European Parliament and the Council on the review of implementation of Regulation (EC) No 1221/2009 of the European Parliament and of the Council of 25 November 2009 on the voluntary participation by organisations in a Community eco-management and audit scheme (EMAS) and the Regulation (EC) No 66/2010 of the parliament and of the Council of 25 November 2009 on the EU Ecolabel [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht dheonach eagraíochtaí i scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE] [COM(2017) 355].


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3179/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)