European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3178

16.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3178 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 28 Samhain 2024

maidir le Ceannasaí Speisialta Oiliúna a cheapadh ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2097 (EUMAM Ukraine/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).

(2)

Foráiltear le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2022/1968 go bhfuil Ballstát le Ceannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta a chur ar fáil, a bheidh i gceannas ar ghníomhaíochtaí oiliúna sa tír sin.

(3)

De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2022/1968, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) na cinntí ábhartha a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Chonradh an Aontais Eorpaigh, maidir le Ceannasaithe an Aontais Eorpaigh in EUMAM Ukraine a cheapadh, lena n-áirítear an Ceannasaí Speisialta Oiliúna.

(4)

An 27 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/2097 (2) lena gceaptar an Leifteanant-Ghinearál Andreas MARLOW ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna ar EUMAM Ukraine ón dáta céanna.

(5)

An 12 Samhain 2024, mhol údaráis na Gearmáine an Maor-Ghinearál Olaf ROHDE a cheapadh ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna.

(6)

An 14 Samhain 2024, thacaigh Ceannasaí Misin an Aontais leis an gceapachán molta sin.

(7)

An 15 Samhain 2024, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh a mholadh go gceapfaí an Maor-Ghinearál Olaf ROHDE ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna.

(8)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Maor-Ghinearál Olaf ROHDE a cheapadh ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna ar EUMAM Ukraine.

(9)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2097 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Maor-Ghinearál Olaf ROHDE ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).

Airteagal 2

Déantar leis seo Cinneadh (CBES) 2022/2097 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

D. PRONK


(1)   IO L 270, 18.10.2022, lch. 85.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/2097 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Ceannasaí Speisialta Oiliúna a cheapadh le haghaidh Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/2/2022) (IO L 281, 31.10.2022, lch. 72).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3178/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)