|
(1)
|
cuirtear an fo-cheannteideal agus an tábla seo a leanas leis:
|
‘A.
|
Daoine nádúrtha
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Ráiteas ar Chúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
1.
|
Artem Sergeevich KUREEV
(Rúisis: Артём Сергеевич КУРЕЕВ)
|
Oifigeach sa 5ú Seirbhís de chuid Sheirbhís Slándála na Cónaidhme, Príomheagarthóir “African Initative”, Bunaitheoir “Rusafro”
Dáta breithe: 24.10.1980
Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 4002209800
Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 782500167259
|
Is oifigeach de chuid Sheirbhís Slándála Chónaidhm na Rúise é Artem Sergeevich Kureev a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí urchóideacha, mar shampla, feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe, san Eoraip agus san Afraic araon. Reáchtálann sé feachtais tionchair san Eoraip, lena n-áirítear trína eagrú go scaipfí ailt i Rúisis agus a n-aistriúcháin Bhéarla ar sheachshuíomhanna gréasáin agus trí íoc as foilsiú alt atá ar son na Rúise, agus arb é is aidhm dó sin bréagaisnéis na Rúise a scaipeadh san Eoraip. Bhunaigh sé dhá eagraíocht meán san Afraic agus reáchtáil sé feachtais bhréagaisnéise d’aon ghnó arbh é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de thionscadail sláinte an Iarthair san Afraic trí theoiricí comhcheilge a scaipeadh; líomhnaítear, mar shampla, go bhfuil úsáid á bhaint as an Afraic le haghaidh turgnaimh chogaíochta bitheolaíche agus go bhfuil trialacha aindleathacha le haghaidh drugaí éagsúla á ndéanamh ag cuideachtaí cógaisíochta an Iarthair.
Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Artem Sergeevich Kureev lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh.
|
16.12.2024
|
|
2.
|
Nikolai Aleksandrovich TUPIKIN
(Rúisis: Николай Александрович ТУПИКИН)
|
Stiúrthóir feidhmiúcháin Structura National Technologies ar a dtugtar freisin GKStruktura
Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 773402066160
|
Is é Nikolai Aleksandrovich Tupikin ceannasaí agus bunaitheoir Structura National Technologies (GK Struktura). Bhí baint ag an gcuideachta leis an bhfeachtas “Doppelganger”, mar a ghairtear de, feachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh chun tacú le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráine agus ag díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Úcráin. Oibríonn sé i ndlúthchomhar le Riarachán Uachtaránachta Chónaidhm na Rúise. Bhí sé ar dhuine de na príomhphearsana i bhfeachtas bréagaisnéise na Rúise ar fud Mheiriceá Laidineach arb é is aidhm dó an bonn a bhaint de thacaíocht don Úcráin.
Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Nikolai Aleksandrovich Tupikin lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, Trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh. Tá baint aige freisin le Sofia Avraamovna Zakharova, ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide.
|
16.12.2024
|
|
3.
|
Sofia Avraamovna ZAKHAROVA
(Rúisis: София Авраамовна ЗАХАРОВА)
|
Ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide
Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Tá Sofia Avraamovna Zakharova ina ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide. Bhí baint aici leis an bhfeachtas , “Doppelganger”, mar a ghairtear de, arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh chun tacú le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráine agus ag díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Úcráin. Bhí sí ag obair go díreach le Ilya Gambashidze agus Nikolai Tupikin, cinn Social Design Agency agus GK Struktura, faoi seach, ar an oibríocht sin. Bhí sí ar dhuine de cheannairí foirne agus de bhaill ghníomhacha “Team I”, mar a ghairtear de, faoi stiúir Ilya Gambashidze, atá taobh thiar d’fheachtas na Creimile maidir le bréagaisnéis san Iarthar, a chuireann isteach ar thoghcháin i dtíortha éagsúla, agus atá ag ullmhú tionscadal chun míchlú a tharraingt ar fhreasúra na Rúise.
Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Sofia Avraamovna Zakharova lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh.
|
16.12.2024
|
|
4.
|
Andrey Vladimirovich AVERYANOV
(Rúisis: Андрей Владимирович АВЕРЬЯНОВ)
|
Ceannasaí aonad 29155 de chuid GRU
Maorghinearál
Dáta breithe: 29.9.1967
Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 773378888007
|
Is oifigeach míleata ardchéime i bPríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) é Andrey Vladimirovich Averyanov. Tar éis bhás Yevgeny Prigozhin agus athstruchtúrú an Wagner Group, rinneadh ceannasaíocht oibríochtaí míleata na Rúise san Afraic a athstruchtúrú agus a chur faoi Africa Corps faoi scáth Aireacht Cosanta na Rúise, agus cuireadh Averyanov i gceannas ar na hoibríochtaí. I roinnt mhaith tíortha san Afraic, cuireann fórsaí na Rúise slándáil ar fáil do ghiuntaí míleata ar chuir rialtais dhaonlathacha dhlisteanacha as cumhacht, a bhfuil cobhsaíocht, slándáil agus daonlathas na dtíortha ag dul in olcas dá bharr.
Ina theannta sin, baineann fórsaí na Rúise san Afraic leas as na hacmhainní nádúrtha atá ann chun a n-oibríochtaí a mhaoiniú. Ag tús 2024, ghlac fórsaí na Rúise smacht ar mhianach óir Intahaka i Mailí.
Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Andrey Vladimirovich Averyanov lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, tríd tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i dtíortha na hAfraice ina n-oibríonn fórsaí na Rúise agus trí leas a bhaint as coinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshlándáil, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil go haindleathach nó leas a bhaint astu go haindleathach i dtríú tír.
|
16.12.2024
|
|
5.
|
Tinatin Givievna KANDELAKI
ar a dtugtar freisin
Tina KANDELAKI
(Rúisis: Тинатин Гивиевна КАНДЕЛАКИ)
|
Iriseoir, pearsa phoiblí, duine cáiliúil, láithreoir teilifíse agus léiritheoir, Leas-Ardstiúrthóir ar Gazprom Media Holding
Dáta breithe: 10.11.1975
Áit bhreithe: Tbilisi, PPS na Seoirsia (an tSeoirsia anois)
Náisiúntacht: Seoirsiach
Inscne: baineann
|
Is iriseoir Rúiseach í Tinatin Givievna Kandelaki, tá sí fostaithe ag an gcuideachta Gazprom Media atá faoi úinéireacht stáit, agus is pearsa phoiblí í a bhfuil leas á bhaint aici as an tóir atá uirthi agus an tionchar atá aici sa réimse poiblí chun bolscaireacht na Rúise a scaipeadh agus chun údar a thabhairt do chogadh foghadh leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí sí i measc na ndaoine a ghlac páirt i gceolchoirm staidiam Luzhniki an 18 Márta 2022 a bhí ag comóradh 8 mbliana ó rinneadh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus a bhí ina siombail tacaíochta don chogadh leanúnach san Úcráin. Tar éis 2014, thacaigh sí go hiomlán le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Thairis sin, is Leas-Ardstiúrthóir ar Gazprom Media Holding í, ar cuideachta sealbhaíochta í de roinnt eagraíochtaí meán a scaipeann bolscaireacht atá i gcoinne na Úcráine agus a thugann údar le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Cuireadh roinnt cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht agus rialú Gazprom Media Holding in ionad chainéil teilifíse de chuid na hÚcráine ar mhinicíochtaí áitiúla teilifíse a d’urghabh an Rúis de láimh láidir roimhe sin tar éis ionradh na Rúise ar an gCrimé agus, dá bhrí sin, ghlac siad páirt ghníomhach i bpróiseas ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.
Dá bhrí sin, tá Tinatin Givievna Kandelaki freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht agus slándáil san Aontais nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, in eagraíocht idirnáisiúnta nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, nó lena mbaintear an bonn den cheannasacht nó neamhspleáchas i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó i dtríú tír , nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin , trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.
|
16.12.2024
|
|
6.
|
Vladimir Vladimirovich SERGIYENKO
(Rúisis: Владимир Владимирович СЕРГИЕНКО)
|
Iar-chúntóir an Chomhalta de Bundestag, Eugen Schmidt
Dáta breithe: 23.5.1971
Áit bhreithe: Lviv, PPS na hÚcráine (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach / Úcránach
Inscne: fireann
|
Is iar-chúntóir parlaiminteach an Chomhalta de Bundestag na Gearmáine, Eugen Schmidt, é Vladimir Vladimirowitsch Sergiyenkodon. Ag an am céanna, chuaigh Sergiyenko i gcomhar go gníomhach le hoifigigh faisnéise na Rúise agus é ag iarraidh leas a bhaint as an rochtain phribhléideach pharlaiminteach agus pholaitiúil atá aige chun dochair don phróiseas polaitiúil daonlathach agus ord bunreachtúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.
Dá bhrí sin, chuir Vladimir Vladimirowich Sergiyenko gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme, agus thacaigh sé leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta agus slándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí pháirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh i mbac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil, nó tríd an bonn a bhaint den phróiseas sin.
|
16.12.2024
|
|
7.
|
Denis Alexandrovich SMOLYANINOV
(Rúisis: Денис Александрович СМОЛЯНИНОВ)
|
Coirnéal de GRU
Dáta breithe: 26.8.1976
Áit bhreithe: Chelyabinsk, APSS (Codhnaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 672904784466
|
Is coirnéal de chuid GRU é Denis Alexandrovich Smolyaninov a bhfuil speisialtóireacht in oibríochtaí síceolaíochta aige. Tá sé i gceannas ar an stiúradh Úcránach de GRU. Liostaí na n-amhas atá le seoladh chuig an Donbas tríd an stiúradh Úcránach. Rinne sé maoirseacht freisin ar dhá chuideachta mhíleata phríobháideacha a bhfuil baint acu leis an Aireacht Cosanta: Longifolia, ar cuideachta mhíleata a thugann na cinn choireachta ó na 1990idí le chéile í, trínar bunaíodh teagmhálacha le cuideachtaí míleata príobháideacha an Iarthair, agus Convoy, an chuideachta slándála míleata. Go gairid roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’imscar sé líonra gníomhairí san Úcráin. Tá cainéil Telegram á n-úsáid aige, lena n-áirítear san Úcráin, chun bréagaisnéis a scaipeadh. Trí na meáin shóisialta, earcaíonn sé gníomhairí le haghaidh gníomhaíochtaí sabaitéireachta san Aontas agus gníomhaíochtaí eile darb aidhm teannas a chruthú idir tíortha ECAT.
Tá GRU freagrach as pléascanna, coirloscadh agus damáiste don bhonneagar ar chríoch an Aontais a ullmhú go gníomhach, agus é mar aidhm aige moill a chur ar sholáthar na n-arm chuig an Úcráin agus easaontas agus míshástacht i leith na tacaíochta a thugann an Eoraip don Úcráin a chruthú.
Dá bhrí sin, tá Denis Alexandrovich Smolyaninov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh, agus trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a éascú.
|
16.12.2024
|
|
8.
|
Vladimir/ Volodymyr LIPCHENKO
(Rúisis: Володимир ЛИПЧЕНКО)
|
Oifigeach de GRU
Dáta breithe: 28.9.1974
Áit bhreithe: Mykolaiv, PPS na hÚcráine (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 4015400649
|
Is oifigeach de chuid GRU é Vladimir Lipchenko atá freagrach as ionsaithe hibrideacha a dhéanamh san Eoraip faoina ainm bréige “Wlodek Lyakh”. Is cuid de roinn speisialta atá faoi stiúir Choirnéal GRU Denis Alexandrovich Smolyaninov é, roinn a bunaíodh chun gníomhaíochtaí sabaitéireachta a dhéanamh i dtíortha an Iarthair. Thug sé ar duine Músaem na Forghabhála i Ríge a chur trí thine trí mhanglaim Molotov a chaitheamh.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Lipchenko freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontais, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh.
|
16.12.2024
|
|
9.
|
Yuriy SIZOV
(Rúisis: Юрий СИЗОВ)
|
Oifigeach míleata de GRU
Dáta breithe: 17.2.1988
Áit bhreithe: Cathair Pheadair, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 784805190577
|
Is oifigeach míleata de chuid GRU é Yuriy Sizov. Feidhmíonn sé in aonad míleata Uimh. 92154. Thug sé treoracha go pearsanta chun ghníomhairí a earcú le díriú ar hipearmhargadh i gCív agus thaifead sé físeán teagaisc maidir le gaireas pléascach a shuiteáil i gceann de na siopaí sa slabhra céanna i réigiún Mhoscó. Eisean a bhí freagrach freisin as sabaitéireacht a eagrú san Úcráin i réigiún Lviv i mí Feabhra 2024. Rinne sé maoirseacht ar ghníomhairí faisnéise na Rúise a raibh baint acu leis an ngníomhaíocht sabaitéireachta a bhí beartaithe agus thug sé orduithe dóibh.
Dá bhrí sin, tá Yuriy Sizov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus slándáil san Aontais nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh.
|
16.12.2024
|
|
10.
|
Visa Nokhayevich MIZAEV
(Виса Нохаевич МИЗАЕВ)
ar a dtugtar freisin
Vishan Nochaevic MIZAYEV;
Vysa Nokhaevich MIZAEV;
Visa Nokhaievych MIZAIEV;
Oleg SHISHKIN
|
Fiontraí
Dáta breithe: 9.7.1963
Áit bhreithe: Grozny, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir 753870064 (Cónaidhm na Rúise)
Pasuimhir PRE0018440 (Cónaidhm San Críostóir-Nimheas);
Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 481101523410
|
Is fiontraí Rúiseach é Visa Nokhayevich Mizaev. Bhí ról lárnach aige in oibríocht faisnéise Rúiseach i gcoinne Sheirbhís Faisnéise Cónaidhme na Gearmáine (BND) inar ghríosaigh sé a chuid comhchoirithe faisnéis ard-rúnaicmithe a fháil ó BND agus í a chur ar aghaidh chuig Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) í.
Dá bhrí sin, cuireannVisa Nokhayevich Mizaev gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme, agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú..
|
16.12.2024
|
|
11.
|
Olga Alekseevna BELYAVTSEVA
(Ольга Алексеевна БЕЛЯВЦЕВА)
ar a dtugtar freisin
Olha Oleksiyivna BIELIAVTSEVA;
Olga Alekseevna BELJIAWZEWA;
Olga Aleksevna MIZAEV
|
Fiontraí
Dáta breithe: 25.10.1969
Áit bhreithe: Lipetsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Pasuimhir 768613166 (Cónaidhm na Rúise)
Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 481100083621
|
Is fiontraí Rúiseach í Olga Alekseevna Belyavtseva. Is í bean chéile agus comhpháirtí gnó Visa Nokhayevich Mizaev. Tá baint aici le Visa Nokhayevich Mizaev mar gur leosan beirt an dá Chuideachta Dliteanais Theoranta “OOO Agronom-sad” agus “OOO Biplast” atá lonnaithe sa Rúis. Is í a bhunaigh na cuideachtaí sin agus ba í an t-aon scairshealbhóir í sular aistrigh sí 30 % de scaireanna an dá chuideachta tar éis di Visa Mizaev a phósadh in 2018. Thairis sin, bhí socrú comhchosúil úinéireachta ag Belyavtseva agus Mizaev maidir leis an gcuideachta Agronom-Sad Trading sular dhíol Mizaev a scaireanna le Belyavtseva an 22 Feabhra 2023 i nasc sealadach díreach le rannpháirtíocht Visa Mizaev in oibríocht faisnéise na Rúise i gcoinne Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, rud a thug leachtacht bhreise do Mizaev agus a cheil a bhonn sócmhainní.
Dá bhrí sin, tacaíonn Olga Alekseevna Belyavtseva le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá páirteach i ngníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aici freisin le Visa Nokhayevich Mizaev.
|
16.12.2024
|
|
12.
|
Timofey Vyacheslavovich BORDACHEV
(Rúisis: Тимофей Вячеславович БОРДАЧЕВ)
|
Eolaí polaitiúil
Dáta breithe: 28.1.1973
Áit bhreithe: Cathair Pheadair, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is eolaí polaitiúil Rúiseach agus speisialtóir gnóthaí idirnáisiúnta é Timofey Vyacheslavovich Bordachev. Is é an Stiúrthóir Cláir é ar Chlub Plé Valdai, is é an Maoirseoir Acadúil é ar an Lárionad um Staidéar Cuimsitheach Eorpach agus Idirnáisiúnta san Ollscoil Náisiúnta Taighde — Ardscoil Eacnamaíochta, agus tá sé ina chomhalta den Chomhairle um Beartas Eachtrach agus Cosanta.
Trí na gníomhaíochtaí a dhéanann sé, cuireann sé go mór le bonn idé-eolaíoch agus cuíchóiriú chogadh foghadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le beartais ionsaitheacha na Creimile, lena n-áirítear tríd an tuairim a chur chun cinn nach stát ná rialtas dlisteanach í an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Timofey Vyacheslavovich Bordachev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus tacú léi sin.
|
16.12.2024
|
|
13.
|
Harouna Douamba
|
Fear gnó, stiúrthóir Groupe Panafricain pour le Commerce et l’investissement
Dáta breithe: 8.1.1973
Áit bhreithe: Cocody, an Cósta Eabhair
Náisiúntacht: duine as an gCósta Eabhair
Inscne: fireann
|
Is fear gnó as an gCósta Eabhair é Harouna Douamba, agus is é ceann líonra bréagaisnéise frith-Iarthair pró-Rúiseach i bPoblacht na hAfraice Láir agus i mBuircíne Fasó é.
In 2011, bhunaigh Douamba eagraíocht neamhrialtasach darb ainm Aimons Notre Afrique (ANACOM) i bPoblacht na hAfraice Láir. Fuair an eagraíocht sin cistiú ó Lobaye Invest, ag a raibh baint le Grúpa Wagner. In 2022, bhunaigh Harouna Douamba Groupe Panafricain pour le Commerce et l’Investissement (GPCI) i mBuircíne Fasó. Bhí baint ag GPCI le hoibríochtaí tionchair ceilte.
Dhíchóimeáil Meta líonraí bréagaisnéise Harouna Douamba i mí na Bealtaine 2021, agus arís ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 2023. Ina ainneoin sin, tá grúpaí bréagaisnéise a bhaineann le GPCI fós gníomhach agus tá feachtais bhréagaisnéise struchtúrtha chomhordaithe á reáchtáil acu, agus úsáid á baint acu as líonra ollmhór slabhraí faisnéise. Díríonn na feachtais sin ar an bhFrainc go háirithe, lena n-áirítear trí líomhaintí comhcheilge, sceimhlitheoireachta, oibríochtaí díchobhsaithe nó trí coups a ullmhú i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát.
Dá bhrí sin, tá Harouna Douamba ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.
|
16.12.2024
|
|
14.
|
Anatolii PRIZENKO
|
Fear gnó, fostaithe ag an gcuideachta Oriflame Cosmetics S.A.
Dáta breithe: 26.11.1974
Áit bhreithe: PSS na Moldóive (an Mholdóiv anois)
Náisiúntacht: Moldóvach
Inscne: fireann
|
Is fear gnó Moldóvach é Anatolii Prizenko atá ag obair don chuideachta Oriflame Cosmetics S.A. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, chomhordaigh sé imscaradh roinnt saoránach de chuid na Moldóive chuig críoch na Fraince, áit ar phéinteáil siad réaltaí David ar na sráideanna, beart dár tugadh íocaíocht dóibh. Thuairiscigh na meáin go forleathan an oibríocht sin agus bhí éifeacht dhíchobhsaitheach shuntasach aici, i gcomhthéacs na coinbhleachta idir Iosrael agus Hamas tar éis na n-ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023. Scaip an líonra meán Recent Reliable News íomhánna den oibríocht sin ar dtús, líonra a bhfuil baint aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a úsáideann gníomhaithe na Rúise chun feachtais bhréagaisnéise a stiúradh.
Ghlac Anatolii Prizenko freagracht go poiblí as an oibríocht sin a eagrú. De réir tuairiscí sna meáin, rinneadh an oibríocht dhíchobhsaithe sin ar mhaithe le seirbhís faisnéise míleata na Rúise, GRU, agus arbh é is aidhm di teannas a spreagadh i sochaí na Fraince.
Dá bhrí sin, tá Anatolii Prizenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i mBallstát agus dá bhrí sin, san Aontas, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti.
|
16.12.2024
|
|
15.
|
Alesia MILORADOVICH nó Alesya MILORADOVICH nó Olesya MILORADOVIC
Алеся МИЛОРАДОВИЧ nó Олеся МИЛОРАДОВИЧ
|
Fostaí de chuid Rialtas na Rúise,
“Éascaitheoir Gnóthaí Eachtracha”
Ball comhlach den tionscadal “Iriseoirí eachtracha don Rúis” (“Иностраные журналисты за Росисг”)
Dáta breithe: 10.3.1968
Áit bhreithe: Angarsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is comhoibritheoir de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise sa Fhrainc í Alesya Miloradovich, agus tugann sí “éascaitheoir gnóthaí eachtracha” uirthi féin.
D’eagraigh Alesya Miloradovich misean “breathnóireacht toghcháin”, mar a ghairtear de, i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach ag an Rúis, i gcomhthéacs an reifrinn maidir le hionghabháil na réigiún sin chun na Rúise, agus d’earcaigh sí náisiúnaigh de chuid na Fraince a ghlac páirt sa mhisean. D’admhaigh sí go poiblí go ndearna sí é seo ar mhaithe le Rialtas na Rúise.
Bhí sí ar dhuine de na daoine a d’eagraigh turas ar ar tugadh leanaí Francacha chuig Ionad Idirnáisiúnta Leanaí Artek sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach arb é Cónaidhme na Rúise a chistigh é. Bhí páirt aici freisin sa tionscadal bolscaireachta Rúiseach “Foreign journalists for Russia” [Iriseoirí eachtracha don Rúis] agus ghlac sí páirt i dtuairimí a scaipeadh ar son na Rúise, lena n-áirítear trína mhaíomh go dtacaíonn sochaí na Fraince agus sochaí an Iarthair leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Alesya Miloradovich freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí phleanáil, striúradh agus páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh maidir le bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó tríd an bonn a bhaint den phróiseas sin, nó an méid sin a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh ord bunreachtúil an tríú tír sin a dhíchobhsú
|
16.12.2024
|
|
16.
|
Oleg Sergeevich EREMENKO
(Rúisis: Олег Сергеевич ЕРЕМЕНКО)
|
Ionadaí de chuid Officers of Russia, iar-oifigeach de chuid GRU
Dáta breithe: 18.5.1978
Áit bhreithe: Bischkek, PSS na Cirgeastáine (an Chirgeastáin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: Fireann
|
Is iar-oifigeach de chuid GRU é Oleg Sergeevich Eremenko agus is comhalta gníomhach é de ghrúpaí tionchair Rúiseacha éagsúla. Go sonrach, is comhalta é de chuid “Officers of Russia”, eagraíocht a úsáideann seirbhísí míleata agus slándála na Rúise chun tionchar a imirt ar an bpolaitíocht intíre trí naisc a chothú le hiarshaighdiúirí i measc dhiaspóra na Rúise agus le pearsanra míleata agus slándála atá ar scor as na hiarfhórsaí armtha a bhíodh i gcomhghuaillíocht leis an Aontas Sóivéadach, arb é a bpríomhionadaí sa Ghearmáin. Sa cháil sin, tá Oleg Sergeevich Eremenko comhlachaithe leis na heintitis seo a leanas atá ainmnithe ag an Aontas: Rossotrudnitschestvo,– oibreoir “Teach na Rúise” i mBeirlín, agus an Grúpa Wagner. Ina cháil mar thoscaire ar fhearas slándála stáit na Rúise, bíonn naisc á gcothú ag Oleg Sergeevich Eremenko le heagraíochtaí frithdhaonlathacha sa Ghearmáin agus bíonn sé ag tacú leo. Tá dlúthbhaint aige le grúpaí frithdhaonlathacha i bhfad amach ar an eite chlé agus le grúpaí d’iarphearsanra as seirbhísí slándála neamhdhleathacha GDR agus le hiarshaighdiúirí de chuid foirmíochtaí míleata GDR, mar shampla Desant e.V., comhlachas pró-Rúiseach d’iar-pharatrúipéirí.
Dá bhrí sin, tá Oleg Sergeevich Eremenko ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais de chuid rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáines; nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh a hord bunreachtúil a dhíchobhsú.
|
16.12.2024’;
|
|
|