European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L

2024/3160

20.12.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3160 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 131(1), pointí (c) agus (d), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Leagtar síos i gCuid IV, Teideal I, Caibidil 3 den Rialachán sin na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád laistigh den Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha maidir le cosc agus rialú galar dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe talún laistigh den Aontas, lena n-áirítear crúbacha áirithe atá soghabhálach i leith ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh.

(3)

Liostaítear ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3) mar ghalar de Chatagóir D a bhfuil gá le bearta ina leith chun a leathadh de dheasca gluaiseachtaí idir na Ballstáit a chosc. Tá athrú tagtha ar staid eipidéimeolaíoch an ionfhabhtaithe le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh san Aontas ó tháinig Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 i bhfeidhm, agus tugadh fógra faoi na chéad ráigeanna san Aontas i roinnt Ballstát in 2022. Leanadh de leathadh an ionfhabhtaithe le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2515 ón gCoimisiún (4), an leasú is déanaí ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, lenar tugadh isteach bearta maolaithe riosca nua is infheidhme maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún laistigh den Aontas i gcásanna ina dtagann ainmhithe ó bhunaíocht atá suite i limistéar dar ga 150 km ar a laghad thart ar an mbunaíocht sin inar tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh le linn an 2 bhliain roimh imeacht dóibh. Chun aghaidh a thabhairt ar leathadh leanúnach an ghalair agus chun staid sláinte ainmhithe na mBallstát cinn scríbe agus na mBallstát trasnaithe a chosaint go leordhóthanach, agus gluaiseacht shábháilte ainmhithe laistigh den Aontas á héascú an tráth céanna, is gá bearta maolaithe riosca breise a thabhairt isteach.

(4)

Go háirithe, áirítear vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) mar mhodh éifeachtach chun tarchur an víris trí ghluaiseacht ainmhithe a chosc, gan beann ar chúrsaíocht an víris ag an áit tionscnaimh, nuair a chuirtear i bhfeidhm é i gcomhréir le sonraíochtaí na vacsaíne. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le vacsaíní a úsáid mar bheart maolaithe riosca le haghaidh gluaiseachtaí áirithe crúbach áirithe ar coimeád de speicis liostaithe, ar crúbacha iad a thagann ó bhunaíocht atá suite i limistéar dar ga 150 km ar a laghad thart ar an mbunaíocht sin inar tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh in ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe i leith an ghalair sin le linn an 2 bhliain roimh imeacht dóibh.

(5)

Ina theannta sin, is léir ón taithí a fuarthas gurb iad údaráis inniúla na mBallstát cinn scríbe is fearr atá in ann measúnú a dhéanamh ar an staid áitiúil sláinte ainmhithe ag an gceann scríbe maidir le crúbacha áirithe ar coimeád de thionscnamh limistéar inar tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh in ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe i leith an ghalair sin le linn an 2 bhliain roimh imeacht dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart roinnt solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun bearta maolaithe riosca eile a bhunú seachas na bearta sin atá beartaithe cheana féin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den sórt sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú ag an gceann scríbe, faoi réir phrionsabal na comhréireachta. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an rogha chun bearta maolaithe riosca sonracha arna mbunú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a chomhlíonadh, bearta lena gcuirtear san áireamh an staid ar an leibhéal áitiúil maidir le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh.

(6)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le húsáid vacsaíní agus comhlíonadh beart maolaithe riosca sonrach eile arna mbunú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe maidir le gluaiseachtaí bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill, ainmhithe de chineál fia agus crúbacha eile ar coimeád ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

(7)

Thairis sin, oibríochtaí iompair le hainmhithe a thagann ó bhunaíocht atá suite i limistéar dar ga 150 km ar a laghad thart ar an mbunaíocht sin inar tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh in ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe i leith an ghalair sin le linn an 2 bhliain roimh imeacht dóibh chuig Ballstát cinn scríbe, ar oibríochtaí iompair iad nach gcomhlíonann na bearta maolaithe riosca dá bhforáiltear maidir leis an gcás sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 nó a chomhlíonann bearta maolaithe riosca sonracha eile arna mbunú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, d’fhéadfadh siad a bheith ina riosca do staid sláinte an Bhallstáit trasnaithe nó don limistéar de. Dá bhrí sin, maidir le hoibríochtaí iompair den sórt sin, chun go mbeidh an Ballstát trasnaithe cosanta go hiomchuí ar an riosca a bhaineann leis an trasnú, is iomchuí ceanglais a leagan amach maidir leis an modh iompair a chosaint ar veicteoirí agus maidir le hainmhithe a dhíluchtú agus foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht maolú air sin.

(8)

Ar mhaithe le trédhearcacht, údarú cineálacha áirithe gluaiseachtaí laistigh den Aontas nach gcomhlíonann na bearta maolaithe riosca dá bhforáiltear maidir leis an gcás sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, nó a chomhlíonann bearta maolaithe riosca sonracha eile arna mbunú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, nó a bhaineann le hoibríochtaí iompair nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear maidir leis an gcás sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, níor cheart iad an t-údarú sin a dhéanamh ach amháin má chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nó an Bhallstáit trasnaithe in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile roimhe sin go bhfuil an cineál sin gluaiseachtaí údaraithe, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar a leanas:

1.

in Airteagal 10, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, i bpointe (f)(ii), cuirtear isteach an fophointe 3 seo a leanas:

‘3.

vacsaíníodh na hainmhithe in aghaidh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus tá siad laistigh den tréimhse imdhíonachta a ráthaítear i sonraíochtaí na vacsaíne agus comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

vacsaíníodh iad 60 lá ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta;

vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus cuireadh faoi thástáil PCR iad, agus fuarthas torthaí diúltacha ó shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis thús na himdhíonachta a shocraítear i sonraíochtaí na vacsaíne.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (f)(ii), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachta seo a leanas chuig Ballstát eile nó chuig limistéar de a údarú:

(a)

gluaiseachtaí nach gcomhlíonann aon cheann de na tacair ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (f)(ii); nó

(b)

gluaiseachtaí a chomhlíonann bearta sonracha maolaithe riosca arna sainiú ag údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nuair a chuireann siad údarú an Bhallstáit sin in iúl i gcomhréir leis an gceathrú fomhír.’;

(c)

cuirtear an tríú fomhír seo a leanas isteach:

‘Chun críocha an dara fomhír, pointí (a) nó (b), comhlíonfaidh gluaiseachtaí ón mBallstát tionscnaimh go dtí an Ballstát cinn scríbe trí Bhallstát eile (“an Ballstát trasnaithe”) nó limistéar de, ceann amháin ar a laghad de na tacair ceanglas seo a leanas:

(a)

déanfar iad agus úsáid á baint as modhanna iompair atá cosanta ar ionsaithe veicteoirí le linn iompair agus:

ní áirítear díluchtú na n-ainmhithe ar feadh tréimhse níos faide ná lá amháin sa turas atá beartaithe; nó

díluchtaítear na hainmhithe i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí nó i rith na tréimhse a mbíonn an bhunaíocht saor ó veicteoirí;

(b)

rinne an Ballstát trasnaithe an cineál gluaiseachta a údarú.’;

(d)

cuirtear an ceathrú fomhír seo a leanas isteach:

‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir leis an dara fomhír ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe agus, i gcás phointe (b) den tríú fomhír, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú na gcineálacha gluaiseachta sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’;

2.

in Airteagal 15, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, i bpointe (e)(ii), cuirtear isteach an fophointe 3 seo a leanas:

‘3.

vacsaíníodh na hainmhithe in aghaidh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus tá siad laistigh den tréimhse imdhíonachta a ráthaítear i sonraíochtaí na vacsaíne agus comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

vacsaíníodh iad 60 lá ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta;

vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus cuireadh faoi thástáil PCR iad, agus fuarthas torthaí diúltacha ó shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis thús na himdhíonachta a shocraítear i sonraíochtaí na vacsaíne.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (e)(ii), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachta seo a leanas chuig Ballstát eile nó chuig limistéar de a údarú:

(a)

gluaiseachtaí nach gcomhlíonann aon cheann de na tacair ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (e)(ii); nó

(b)

gluaiseachtaí a chomhlíonann bearta sonracha maolaithe riosca arna sainiú ag údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nuair a chuireann siad údarú an Bhallstáit sin in iúl i gcomhréir leis an gceathrú fomhír.’;

(c)

cuirtear an tríú fomhír seo a leanas isteach:

‘Chun críocha an dara fomhír, pointí (a) nó (b), comhlíonfaidh gluaiseachtaí ón mBallstát tionscnaimh go dtí an Ballstát cinn scríbe trí Bhallstát eile (“an Ballstát trasnaithe”) nó limistéar de, ceann amháin ar a laghad de na tacair ceanglas seo a leanas:

(a)

déanfar iad agus úsáid á baint as modhanna iompair atá cosanta ar ionsaithe veicteoirí le linn iompair agus:

ní áirítear díluchtú na n-ainmhithe ar feadh tréimhse níos faide ná lá amháin sa turas atá beartaithe; nó

díluchtaítear na hainmhithe i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí nó i rith na tréimhse a mbíonn an bhunaíocht saor ó veicteoirí;

(b)

rinne an Ballstát trasnaithe an cineál gluaiseachta a údarú.’;

(d)

cuirtear an ceathrú fomhír seo a leanas isteach:

‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir leis an dara fomhír ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe agus, i gcás phointe (b) den tríú fomhír, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú na gcineálacha gluaiseachta sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’;

3.

in Airteagal 23, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, i bpointe (g)(ii), cuirtear isteach an fophointe 3 seo a leanas:

‘3.

vacsaíníodh na hainmhithe in aghaidh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus tá siad laistigh den tréimhse imdhíonachta a ráthaítear i sonraíochtaí na vacsaíne agus comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

vacsaíníodh iad 60 lá ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta;

vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus cuireadh faoi thástáil PCR iad, agus fuarthas torthaí diúltacha ó shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis thús na himdhíonachta a shocraítear i sonraíochtaí na vacsaíne.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (g)(ii), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachta seo a leanas chuig Ballstát eile nó chuig limistéar de a údarú:

(a)

gluaiseachtaí nach gcomhlíonann aon cheann de na tacair ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (g)(ii); nó

4.

in Airteagal 26, leasaítear mír 1 mar a leanas:

5.

in Airteagal 29, leasaítear mír 1 mar a leanas:

‘(a)

sa chéad fhomhír, i bpointe (f)(ii), cuirtear isteach an fophointe 3 seo a leanas:

‘3.

vacsaíníodh na hainmhithe in aghaidh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus tá siad laistigh den tréimhse imdhíonachta a ráthaítear i sonraíochtaí na vacsaíne agus comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

vacsaíníodh iad 60 lá ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta;

vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus cuireadh faoi thástáil PCR iad, agus fuarthas torthaí diúltacha ó shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis thús na himdhíonachta a shocraítear i sonraíochtaí na vacsaíne.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (f)(ii), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachta seo a leanas chuig Ballstát eile nó chuig limistéar de a údarú:

(a)

gluaiseachtaí nach gcomhlíonann aon cheann de na tacair ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (f)(ii); nó

(b)

gluaiseachtaí a chomhlíonann bearta sonracha maolaithe riosca arna sainiú ag údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nuair a chuireann siad údarú an Bhallstáit sin in iúl i gcomhréir leis an gceathrú fomhír.’;

(c)

cuirtear an tríú fomhír seo a leanas isteach:

‘Chun críocha an dara fomhír, pointí (a) nó (b), comhlíonfaidh gluaiseachtaí ón mBallstát tionscnaimh go dtí an Ballstát cinn scríbe trí Bhallstát eile (“an Ballstát trasnaithe”) nó limistéar de, ceann amháin ar a laghad de na tacair ceanglas seo a leanas:

(a)

déanfar iad agus úsáid á baint as modhanna iompair atá cosanta ar ionsaithe veicteoirí le linn iompair agus:

ní áirítear díluchtú na n-ainmhithe ar feadh tréimhse níos faide ná lá amháin sa turas atá beartaithe; nó

díluchtaítear na hainmhithe i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí nó i rith na tréimhse a mbíonn an bhunaíocht saor ó veicteoirí;

(b)

rinne an Ballstát trasnaithe an cineál gluaiseachta a údarú.’;

(d)

cuirtear an ceathrú fomhír seo a leanas isteach:

‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir leis an dara fomhír ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe agus, i gcás phointe (b) den tríú fomhír, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú na gcineálacha gluaiseachta sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/688/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2515 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún laistigh den Aontas (IO L 2023/2515, 14.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_del/2023/2515/oj).

(5)  World Organisation for Animal Health, Terrestrial Animal Health Code, Chapter 8.7, 2023.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3160/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)