European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3156

16.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3156 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Comhairle Rialachán (AE) 2023/2147.

(2)

An 27 Samhain 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin an tAontas agus a Bhallstáit go láidir arís an troid leanúnach idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach. Cuireadh in iúl leis an ráiteas sin freisin gur saoth leo gur tháinig géarú suntasach ar an bhforéigean agus gur cailleadh daoine in Darfur agus ar fud na tíre, agus gur saoth leo na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 22 Eanáir 2024, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/384 (2), ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 6 eintiteas de chuid Fhórsaí Armtha na Súdáine agus na bhFórsaí Mear-Thacaíochta atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.

(4)

An 24 Meitheamh 2024, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1783 (3), ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne seisear daoine aonair atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.

(5)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart ceathrar daoine aonair a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/2147 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/384 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2024/384, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/384/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1783 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2024/1783, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1783/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas léi:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘7.

Salah Abdallah Mohamed SALAH

ar a dtugtar freisin

SALAH GOSH

Dáta breithe: 1957

Áit bhreithe: Nuri, an tSúdáin

Náisiúntacht: Súdánach

Pas: YSJCYKRYG1U5

Inscne: fireann

Feidhm: iarchomhairleoir slándála náisiúnta Phoblacht na Súdáine; iar-Stiúrthóir Sheirbhís Náisiúnta Faisnéise agus Slándála na Súdáine

Daoine aonair comhlachaithe: iar-Uachtarán Phoblacht na Súdáine, Omar Al-Bashir; An Ginearál Abdel Fattah Al-Burhan

Eintitis a bhfuil baint acu leis: An tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise agus Slándála

Is iarchomhairleoir slándála náisiúnta Phoblacht na Súdáine agus iar-Stiúrthóir Sheirbhís Náisiúnta Faisnéise agus Slándála na Súdáine é Salah Abdallah Mohamed Salah.

Tá Salah Abdallah Mohamed Salah freagrach as roinnt coups d’état sa tSúdáin – go háirithe iad siúd in 2012 agus in 2019 – agus chuidigh sé le coup d’état a fhorghníomhú in 2021. Meastar go forleathan gur máistir spiaire na Súdáine é. Mar gheall ar an saineolas atá aige mar iaroifigeach slándála, bhí ról aige i gcuidiú a thabhairt do dhaoine den iar-réimis filleadh ar an gcumhacht agus bhain sé an bonn de na hiarrachtaí rialtas sibhialtach a bhunú sa tSúdáin.

Tar éis thitim réimeas Al-Bashir, tá Salah Abdallah Mohamed Salah páirteach i gcónaí i ngníomhaíochtaí a dhíchobhsaíonn an tsíocháin agus an chobhsaíocht sa tír. Cé gur annamh a fheictear go poiblí é, tá sé fós gníomhach agus meastar gur “príomhúdar” roinnt mhaith gníomhaíochtaí é, ar ghníomhaíochtaí iad a rinne Fórsaí Armtha na Súdáine agus an roinn oibríochtaí faisnéise mar chuid den ghéarchéim leanúnach.

Dá bhrí sin, meastar gur ceannaire i measc na ndaoine is dochtairí iad in iar-réimeas Al-Bashir é Salah Abdallah Mohamed Salah, ceannaire atá freagrach as iarrachtaí a bhaineann le cúrsaí slándála agus míleata agus atá leabaithe i struchtúir Fhórsaí Armtha na Súdáine. Tá a naisc idé-eolaíocha le hiar-réimeas Al-Bashir, agus go háirithe le Páirtí na Comhdhála Náisiúnta, ina spreagadh láidir don insint a spreagann an cogadh i gcoinne an fhreasúra, eadhon na Fórsaí Mear-Thacaíochta.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Salah Abdallah Mohamed Salah le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de na hiarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil sa tSúdáin a atosú.

16.12.2024

8.

Tijani KARSHOM

ar a dtugtar freisin

KHARSHOM;

KARSHOUM;

KHARSHOUM;

AL-TIJANI AL-TAHIR KARSHOUM

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: iar-Leas-Ghobharnóir (nó “Wali” sa teanga dúchais) Iarthar Darfur; Gobharnóir de facto ar Iarthar Darfur

Daoine aonair comhlachaithe: Abdulrahman JUMA BARAKALLAH; Masar Abdurahman ASEEL

Eintitis chomhlachaithe: Tionól Fhórsaí Saoirse na Súdáine

Is príomhchomhalta de threibh Mahamid é Tijani Karshom agus bhí sé ina Leas-Ghobharnóir ar Iarthar Darfur tráth a rinneadh sléacht ar threibh Massalit in El Geneina, príomhchathair Iarthar Darfur, i mí an Mheithimh 2023. Tá sé ina chomhalta freisin de Thionól Fhórsaí Saoirse na Súdáine, a d’éascaigh earcú mílíste chun troid leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta.

Tá Tijani Karshom freagrach as an ionsaí marfach ar Ghobharnóir Iarthar Darfur in El Geneina i mí an Mheithimh 2023, as treoir a thabhairt do na Fórsaí Mear-Thacaíochta cosc a chur ar shibhialtaigh atá sáinnithe in El Geneina an chathair a fhágáil, agus as dhá ionsaí a stiúradh ar champaí do dhaoine easáitithe ina dtír féin. Tar éis an tsléachta in El Geneina, bhunaigh sé coiste chun coirp a bhailiú agus a chur in olluaigheanna. Bhí baint aige freisin le hiarrachtaí chun coirp a cheilt tar éis an dara sléacht, in Ardamatta, Iarthar Darfur, i mí na Samhna 2023.

Tá Tijani Karshom freagrach freisin as ionsaí a stiúradh in El Geneina in éineacht leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus as dóiteáin airtléire a chur i dtreo oifig Ghobharnóir Iarthar Darfur i mí na Bealtaine 2023, mí roimh fheallmharú an Ghobharnóra.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Tijani Karshom le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol agus bhí baint aige le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh in Iarthar Darfur ar mí-úsáidí agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad agus ar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear maruithe, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, agus fuadach.

16.12.2024

9.

Mohamed Ali Ahmed SUBIR

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál; Stiúrthóir Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata Fhórsaí Armtha na Súdáine

Eintitis chomhlachaithe: Fórsaí Armtha na Súdáine; Stiúrthóireacht na Faisnéise Míleata

Is Leifteanant-Ghinearál i bhFórsaí Armtha na Súdáine agus Stiúrthóir Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata Fhórsaí Armtha na Súdáine é Mohamed Ali Ahmed Subir. Sa cháil sin, tá sé i gceannas ar na hoibríochtaí a rinne an Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata ó thosaigh an choinbhleacht idir Fórsaí Armtha na Súdáine, na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a ngrúpaí armtha comhlachaithe, an 15 Aibreán 2023. Leagtar béim ar an méid sin trína rannpháirtíocht i gcruinnithe ardleibhéil de cheannasaithe sinsearacha Fhórsaí Armtha na Súdáine a nochtadh go poiblí, faoi cheannas an Ardcheannasaí Abdelfattah Al-Burhan de Cheannas Ginearálta Fhórsaí Armtha na Súdáine in Khartoum i mí na Bealtaine agus i mí Iúil 2023.

Dá bhrí sin, tá freagracht ceannais ar Mohamed Ali Ahmed Subir as ciapadh, gabháil threallach agus coinneáil chosantóirí chearta an duine; gníomhaithe pobail áitiúla, lena n-áirítear gníomhaithe frithchogaidh, dlíodóirí, gairmithe leighis, saorálaithe a thacaíonn le seirbhísí éigeandála; comhaltaí de chuid páirtithe polaitiúla agus coistí frithbheartaíochta; agus daoine a mheastar a bheith ina lucht tacaíochta do na Fórsaí Mear-Thacaíochta.

Bhí baint ag Mohamed Ali Ahmed Subir freisin le roinnt cásanna den fhoréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú agus bagairtí éignithe, a chuirtear i leith na Stiúrthóireachta Faisnéise Míleata, agus leis an Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata a bheith ag déanamh gníomhartha arb ionann iad agus céasadh agus cineálacha eile drochíde.

Tá Mohamed Ali Ahmed Subir freagrach freisin as an Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata a bheith ag forchur srianta suntasacha ar an rochtain ar chúnamh agus seachadadh cabhrach.

Dá bhrí sin, bhí baint dhíreach ag Mohamed Ali Ahmed Subir leis an Stiúrthóireacht Faisnéise Míleata a bheith ag déanamh gníomhartha ar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn go díreach de na hiarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil a atosú sa tSúdáin.

16.12.2024

10.

Osman Mohamed HAMID

ar a dtugtar freisin

Osman AMALIYAT

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Maorghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta; Ceann Oibríochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta

Eintitis chomhlachaithe: na Fórsaí Mear-Thacaíochta

Is Maorghinearál sna Fórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceann Oibríochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta é Osman Mohamed Hamid. Dá bhrí sin, tá sé i gceannas ar na hoibríochtaí atá á ndéanamh ag na Fórsaí Mear-Thacaíochta ó thosaigh an choinbhleacht idir Fórsaí Armtha na Súdáine, na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a ngrúpaí armtha comhlachaithe, an 15 Aibreán 2023, mar a cuireadh i bhfios go háirithe lena láithreacht i láthair an chatha in Jebel Aulia i mí na Samhna 2023.

Dá bhrí sin, tá freagracht ceannais ar Osman Mohamed Hamid as na Fórsaí Mear-Thacaíochta a bheith ag leanúint den troid agus as na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta. Tá sé freagrach as ionsaithe mórscála bunaithe ar fhorais thrasnacha d’eitneacht agus inscne, maruithe, céasadh, foréigean forleathan gnéis agus inscnebhunaithe, éigniú, sclábhaíocht ghnéasach, fuadach, earcú agus úsáid leanaí i gcogaíocht, agus bac a chur ar rochtain ar chabhair dhaonnúil do shibhialtaigh atá i ngátar.

Dá bhrí sin, bhí baint dhíreach ag Osman Mohamed Hamid leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta a bheith ag déanamh gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Tá sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn go díreach de na hiarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil sa tSúdáin a atosú.

16.12.2024’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3156/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)