European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3147

13.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3147 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2024

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2201 (2) chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (4), agus lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach iontu nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, sna gníomhaíochtaí nó beartais sin, nó a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a bhaineann an bonn de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

(3)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na cúiseanna in iontrálacha triúr a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 an 13 Nollaig 2021 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2, 3 agus 4:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

WAGUÉ, Ismaël

Áit bhreithe: Bamako

Dáta breithe: 2.3.1975

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

Inscne: fireann

Post: An tAire Athmhuintearais, Maor-Choirnéal

Tá an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta, agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an gCoirnéal Goïta, an Coirnéal Sadio Camara, an Coirnéal Modibo Koné agus an Coirnéal Malick Diaw.

An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don Choiste Náisiúnta um Shlánú na nDaoine (Comité national pour le salut du peuple, CNSP).

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Agus é ina Aire Athmhuintearais ar an Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Ismaël Wagué i gceannas ar an gComhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm.

Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus trína easaontú gan staonadh le comhaltaí an Bhuanchreata Straitéisigh (Cadre Stratégique Permanent, CSP), chuidigh sé le bac a chur ar Choiste Faireacháin an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí (Comité de suivi de l’accord, CSA), rud a d’fhág gur cuireadh cruinnithe CSA ar fionraí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Mheán Fómhair 2022. Chuir an staid sin bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, a bhí ar cheann de “misin” aistriú polaitiúil Mhailí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach.Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé freagrach freisin as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil, agus as an mbonn a bhaint de thabhairt chun críche an aistrithe sin.

4.2.2022

3.

MAÏGA, Choguel

Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

Dáta breithe: 31.12.1958

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen eisithe chuige

Inscne: fireann

Post: iar-Phríomh-Aire

Ina cháil mar Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021 go dtí mí na Samhna 2024, ba é Choguel Maïga a bhí i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis coup an 24 Bealtaine 2021.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo leis an gComhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na gComhairliúchán Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la refondation, ANRanna) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseacha (lena n-áirítear Choguel Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

An 21 Samhain 2024, bhris ceannaire an junta, an Cornal Assimi Goïta, Choguel Maïga as a phost mar Phríomh-Aire tar éis do Choguel Maïga an junta míleata a cháineadh.

Ina cháil mar Phríomh-Aire, bhí Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar. Bhí Choguel Maïga freagrach go díreach freisin as séanadh an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus as na bearta forlámhacha a achtaíonn an Rialtas Idirthréimhseach. Dá bhrí sin, chuir sé bac ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus bhain sé an bonn den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa, agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 5.2.1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Post: Aire um an Athbhunú

Is comhalta de choiste straitéiseach M5-RFP é Ibrahim Ikassa Maïga (Mouvement du 5 juin - Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Mar an tAire um an Athbhunú ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, bhí Ibrahim Ikassa Maïga freagrach as na Comhairliúcháin Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la Refondation, ANR), a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga, a phleanáil.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar an amchlár le haghaidh athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh leis an gComhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS roimhe sin i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Ina cháil mar Aire um an Athbhunú, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022’;


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3147/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)