European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3144

19.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3144 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme agus lena gceartaítear an Rialachán Cur Chun Feidhme sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (1), agus go háirithe Airteagal 49(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún (2) sonraítear róil, rialacha agus oibleagáidí mar aon le struchtúr na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/881.

(2)

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta sheanbhunaithe, is iad sin na Critéir Choiteanna agus an Mhodheolaíocht Mheastóireachta Choiteann atá á gcoinneáil ar bun ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) agus ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC). Déantar tagairt i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 do chaighdeáin ISO/IEC, ach ní shonraítear ann an leagan is infheidhme de na caighdeáin sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan de na caighdeáin a bhfuil feidhm aige le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint faoi SEDC a shonrú.

(3)

Tá na heagraíochtaí rialtais a rannchuidigh leis na Critéir Choiteanna agus leis an Modheolaíocht Mheastóireachta Choiteann a fhorbairt tríd an Socrú maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF (CCRA) ina sealbhóirí comhpháirteacha, in éineacht le ISO/IEC, ar na cóipchirt orthu. Coinníonn na heagraíochtaí rialtais sin an ceart iad a úsáid. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis na doiciméad sin de thionscnamh CCRA, ba cheart iad a bheith mar bhonn freisin don dheimhniú faoi SEDC.

(4)

Tá caighdeáin na gCritéar Coiteann agus na Modheolaíochta Meastóireachta Coiteann faoi réir léirmhínithe a rinne CCRA a éascaíonn a gcur chun feidhme agus a bhféadfaí Saoráid um Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise (ITSEFanna) agus comhlachtaí deimhniúcháin iad a mheas.

(5)

Féadfaidh na caighdeáin idirnáisiúnta a bhaineann leis na Critéir Choiteanna a bheith faoi réir nuashonruithe. Chun aistriú ordúil agus tráthúil a áirithiú, is iomchuí rialacha um aistriú a shainiú chun go leor ama a thabhairt do dhíoltóirí, ITSEFanna agus comhlachtaí deimhniúcháin, agus do ghníomhaithe ábhartha eile, na coigeartuithe is gá a dhéanamh. Ba cheart na rialacha aistrithe sin a ailíniú a mhéid is iomchuí le cleachtais dhomhanda, amhail na cleachtais a leagtar amach ag CCRA.

(6)

Ní shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 go dtí cén uair a bhféadfaí deimhniú ar tháirge TFC a bheith bunaithe ar na leaganacha roimhe seo de chaighdeáin na gCritéar Coiteann agus na Modheolaíochta Meastóireachta Coiteann. Tá na réimsí teicniúla agus na próifílí cosanta a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin bunaithe ar leaganacha roimhe seo de chaighdeáin ISO/IEC 15408 agus 18045. Ba cheart a shonrú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482, dá bhrí sin, cé na cúinsí faoina mbeidh feidhm fós leis an leagan roimhe seo de na Critéir Choiteanna agus den Mhodheolaíocht Mheastóireachta Choiteann agus an chaoi a n-oibreoidh an t-aistriú chuig an leagan is déanaí de na caighdeáin idirnáisiúnta.

(7)

Le linn na hidirthréimhse, is ceart é a bheith ina thosaíocht ag páirtithe leasmhara ábhartha na réimsí teicniúla agus na próifílí cosanta ábhartha a nuashonrú. Ba cheart foráil a dhéanamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 go nglacfaí le spriocanna slándála bunaithe ar leaganacha roimhe seo de na caighdeáin chomh fada leis an 31 Nollaig 2027 i gcomhréir leis an mbeartas aistrithe arna ghlacadh ag CCRA. Ní mór a thabhairt faoi deara mar sin féin go gcumhdaítear le beartas aistrithe CCRA meastóireachtaí tosaigh ar tháirgí agus próifílí cosanta a thosaigh tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, dáta nach raibh SEDC infheidhme go fóill. Thairis sin, i gcomhréir le beartas aistrithe CCRA, ba cheart foráil a dhéanamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 go nglacfaí le spriocanna slándála atá i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin lena maítear iad a bheith i gcomhréir le próifílí cosanta atá bunaithe ar leagan roimhe seo de na caighdeáin chomh fada leis an 31 Nollaig 2027. Thairis sin, i gcás ina n-eisítear deimhniú nua faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 i gcomhthéacs próiseas athbhreithnithe ar dheimhniú náisiúnta a thosaíonn laistigh de 2 bhliain ón deimhniú tosaigh, ba cheart a bheith in ann leagan roimhe sin de na caighdeáin a úsáid. Ní bheadh sé sin ábhartha maidir le próiseas athbhreithnithe nach gá deimhniú nua a eisiúint ina leith faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 agus sa chás ina bhfuil an deimhniú bailí fós.

(8)

D’fhonn aistriú ordúil chuig an leagan is déanaí de na caighdeáin, ba cheart foráil a dhéanamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 maidir le rialacha sonracha i ndáil le haistriú agus leanúint de chead a thabhairt deimhnithe a eisiúint faoin Rialachán Cur Chun Feidhme sin lena maítear iad a bheith i gcomhréir le próifílí cosanta atá bunaithe ar leaganacha roimhe seo de na caighdeáin arna bhfoilsiú ag CCRA i gcás ina gceanglaítear próifílí cosanta den sórt sin a úsáid faoi reachtaíocht an Aontais. Is amhlaidh atá i gcás Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (3) chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún (5).

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 liostaítear na doiciméid úrscothacha is infheidhme chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí TFC agus próifílí cosanta. Ní shonraítear an leagan de na doiciméid ann, áfach. Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan de na doiciméid a bhfuil feidhm aige le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint faoi SEDC a shonrú. Ba cheart na leaganacha sin a bheith ag cur le doiciméid a d’fhormhuinigh an Grúpa Eorpach um Dheimhniú i ndáil le Cibearshlándáil (ECCG), agus tuilleadh athbhreithnithe a bheith déanta orthu lena gcur san áireamh in SEDC. Thairis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a leasú chun doiciméid úrscothacha nuashonraithe agus nua a chur san áireamh tar éis don ECCG iad a fhormhuiniú, rud a áiritheoidh creidiúnú aonfhoirmeach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi SEDC. Ba cheart na ceanglais chreidiúnaithe a bhaineann le creidiúnú ITSEFanna a nuashonrú chun cur i bhfeidhm chritéir an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta a shoiléiriú, agus ba cheart doiciméad úrscothach nua a bhunú le haghaidh creidiúnú comhlachtaí deimhniúcháin.

(10)

Féadfar doiciméid úrscothacha a chur le SEDC nó d’fhéadfaidís a bheith faoi réir nuashonruithe i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí cothabhála. I gcás na ndoiciméad úrscothach nua nó nuashonraithe, d’fhéadfadh sé gur ghá rialacha aistrithe iomchuí a leagan síos le go mbeidh sé ar chumas ag díoltóirí, ITSEFanna, comhlachtaí deimhniúcháin agus páirtithe leasmhara eile na coigeartuithe is gá a dhéanamh. Maidir leis an nuashonrú ar an doiciméad úrscothach a bhaineann le creidiúnú ITSEFanna, níor cheart feidhm a bheith ag an doiciméad nuashonraithe maidir le creidiúnuithe arna n-eisiúint roimh 8 Iúil 2025 ach amháin nuair a bheidh athbhreithniú déanta orthu, i gcomhthéacs nós imeachta measúnaithe nó athmheasúnaithe, mar shampla. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag an doiciméad nuashonraithe maidir le gach creidiúnú le haghaidh ITSEFanna a eisítear tar éis an 8 Iúil 2025.

(11)

Rannchuidítear le ceartuithe breise ar Airteagail 5, 8, 16, 29 agus 44 agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 chun foclaíocht aonfhoirmeach agus léirmhíniú dlíthiúil soiléir a áirithiú.

(12)

Ba cheart na rialacha maidir le fógraí a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhunú go cothrománach le haghaidh na scéimeanna uile faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Cumhdaíonn Rialachán Cur Chun Feidhme 2024/3143 ón gCoimisiún lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide] rialacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 23 agus 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a scriosadh ón dáta a mbeidh feidhm le Rialachán Cur Chun Feidhme 2024/3143 (6) .

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 a leasú agus a cheartú dá réir sin.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2019/881,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

‘(1)

Ciallaíonn “Critéir Choiteanna” na Critéir Choiteanna maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, mar a leagtar amach i gcaighdeáin ISO/IEC 15408-1:2022, ISO/IEC 15408-2:2022, ISO/IEC 15408-3:2022, ISO/IEC 15408-4:2022 nó ISO/IEC 15408-5:2022, nó mar a leagtar amach sna Critéir Choiteanna maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan CC:2022, Codanna 1 go 5, arna bhfoilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF;

(2)

Ciallaíonn “Modheolaíocht Mheastóireachta Choiteann” an Modheolaíocht Choiteann maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, mar a leagtar amach i gcaighdeán ISO/IEC 18045:2022, nó an Mhodheolaíocht Choiteann maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan CEM:2022, arna foilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF;’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Caighdeáin mheastóireachta

1.   Beidh feidhm ag na caighdeáin seo a leanas maidir le meastóireachtaí a dhéantar faoi scéim SEDC:

(a)

na Critéir Choiteanna;

(b)

an Modheolaíocht Mheastóireachta Choiteann.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2027, féadfar deimhniú a eisiúint faoi scéim SEDC lena gcuirtear aon cheann de na caighdeáin seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

ISO/IEC 15408-1:2009, ISO/IEC 15408-2:2008 nó ISO/IEC 15408-3:2008;

(b)

Critéir Choiteanna maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 3.1, athbhreithniú 5, arna bhfoilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF;

(c)

ISO/IEC 18045:2008;

(d)

Modheolaíocht Choiteann maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 5, leagan 3.1, arna foilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2027, féadfar deimhniú lena gcuirtear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm a eisiúint faoi scéim SEDC lena maítear é a bheith i gcomhréir le próifíl chosanta a chuir na caighdeáin a liostaítear i mír 2 i bhfeidhm.

4.   Féadfar deimhniú lena gcuirtear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm a eisiúint freisin faoi scéim SEDC lena maítear é a bheith i gcomhréir le próifíl chosanta a chuir ceachtar de na caighdeáin seo a leanas i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil gá le próifíl chosanta den sórt sin a úsáid faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (*1), Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) nó Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún (*3):

(a)

Critéir Choiteanna maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 3.1, athbhreithniú 1 go 4, arna bhfoilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF;

(b)

Modheolaíocht Choiteann maidir le Meastóireacht ar Shlándáil na Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 3.1, athbhreithniú 1 go 4, arna bhfoilsiú ag rannpháirtithe an tSocraithe maidir le hAitheantas do Dheimhnithe Critéar Coiteann i réimse na Slándála TF.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj)."

(*3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghairis cruthaithe sínithe agus séalaí cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 109, 26.4.2016, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/650/oj).’;"

(3)

cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas i gCaibidil IV:

‘Airteagal 20a

Sonrú ar na ceanglais le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Sa chreidiúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta cuirfear san áireamh sonraíocht na gceanglas le haghaidh creidiúnú comhlachtaí deimhniúcháin agus ITSEFanna mar a leagtar síos sna doiciméid úrscothacha is infheidhme a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I.’

(4)

scriostar Airteagail 23 agus 24;

(5)

in Airteagal 48, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4.   Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I nó II, beidh feidhm ag doiciméid úrscothacha ó dháta cur i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh lenar ionchorpraíodh iad in Iarscríbhinn I nó II.’

;

(6)

in Airteagal 49, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4.   Agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3 á dhéanamh laistigh de 2 bhliain ó eisiúint an deimhnithe tosaigh agus i gcás ina n-eiseofar deimhniú nua i gcomhréir leis an Rialachán seo mar thoradh ar athbhreithniú den sórt sin, féadfar na caighdeáin a liostaítear in Airteagal 3(2) a chur i bhfeidhm. Tuigfear gurb é dáta eisiúna an deimhnithe deireanaigh dáta eisiúna an deimhnithe tosaigh le haghaidh táirge TFC nó próifíl chosanta ar a bhfuil an deimhniú reatha bunaithe.’

;

(7)

cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(8)

leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

lena maítear é a bheith i gcomhréir le próifíl chosanta deimhnithe mar chuid den phróiseas TFC, i gcás ina bhfuil an táirge TFC sa chatagóir táirge TFC a chumhdaítear leis an bpróifíl chosanta sin.’;

(2)

Ceartaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Faisnéis is gá le haghaidh deimhniúcháin agus meastóireachta’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh iarratasóir ar dheimhniú faoi SEDC an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus meastóireachta a sholáthar nó a chur ar fáil ina mhalairt de chás don chomhlacht deimhniúcháin agus do ITSEF.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Faisnéis is gá le haghaidh deimhniúchán agus meastóireacht ar phróifíl cosanta

Déanfaidh iarratasóir ar dheimhniú próifíle cosanta an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus meastóireachta a sholáthar, nó a chur ar fáil ina mhalairt de chás, don chomhlacht deimhniúcháin agus do ITSEF, i bhfoirm iomlán agus ceart. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 8(2), (3), (4) agus (7).’;

(4)

in Airteagal 17, scriostar mír 1;

(5)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás nach molfaidh sealbhóir an deimhnithe SEDC beart feabhais iomchuí le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1, cuirfear an deimhniú ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 30 nó tarraingeofar siar i gcomhréir le hAirteagail 14 nó 20 é.’

.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(4) ón 8 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le glacadh na scéime Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) (IO L, 2024/482, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/482/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghairis cruthaithe sínithe agus séalaí cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 109, 26.4.2016, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/650/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (IO L, 2024/3143, 19.12.2024, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3143/oj).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Doiciméid úrscothacha lena dtacaítear le réimsí teicniúla agus doiciméid úrscothacha eile

1.   

Doiciméid úrscothacha lena dtacaítear le réimsí teicniúla agus AVA_VAN leibhéal 4 nó 5:

(a)

na doiciméid seo a leanas a bhaineann leis an meastóireacht chomhchuibhithe ar an bhfearann teicniúil ‘cártaí cliste agus gairis chomhchosúla’:

(1)

‘Íoscheanglais ITSEF le haghaidh meastóireachtaí slándála ar chártaí cliste agus ar ghairis comhchosúla’, leagan 1.1;

(2)

‘Íoscheanglais maidir le Slándáil Suímh’, leagan 1.1;

(3)

‘Critéir Choiteanna a chur i bhfeidhm ar chiorcaid iomlánaithe’, leagan 1.1;

(4)

‘Ceanglais maidir le hAiltireacht Slándála (ADV_ARC) le haghaidh cártaí cliste agus gairis chomhchosúla’, leagan 1.1;

(5)

‘Deimhniú táirgí cártaí cliste “oscailte”’, leagan 1.1;

(6)

‘Meastóireacht táirgí ilchodacha le haghaidh cártaí cliste agus gairis chomhchosúla’, leagan 1.1;

(7)

‘Cur i bhfeidhm na hAcmhainneachta Ionsaithe maidir le Cártaí Cliste agus Gairis Chomhchosúla’, leagan 1.2.

(b)

na doiciméid seo a leanas a bhaineann leis an meastóireacht chomhchuibhithe ar an bhfearann teicniúil ‘gairis chrua-earraí le boscaí slándála’:

(1)

‘Íoscheanglais ITSEF le haghaidh meastóireachtaí slándála ar ghairis chrua-earraí le boscaí slándála’, leagan 1.1;

(2)

‘Íoscheanglais maidir le Slándáil Suímh’, leagan 1.1;

(3)

‘Cur i bhfeidhm na hAcmhainneachta Ionsaithe ar ghairis chrua-earraí le boscaí slándála’, leagan 1.2.

2.   

Doiciméid úrscothacha a bhaineann le creidiúnú comhchuibhithe comhlachtaí um measúnú comhréireachta:

(a)

‘Creidiúnú ITSEFanna le haghaidh scéim SEDC’, leagan 1.1 le haghaidh creidiúnuithe arna n-eisiúint roimh an 8 Iúil 2025

(b)

‘Creidiúnú ITSEFanna le haghaidh scéim SEDC’, leagan 1.6c le haghaidh creidiúnuithe nua arna n-eisiúint nó cinn arna n-athbhreithniú tar éis an 8 Iúil 2025.

(c)

‘Creidiúnú ar chomhlachtaí deimhniúcháin le haghaidh scéim SEDC’ leagan 1.6b.

’

IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn IV, Roinn IV.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5.

I gcás ina ndeimhneoidh an comhlacht deimhniúcháin gur mionathruithe iad na hathruithe, ní eiseofar deimhniú nua don táirge TFC modhnaithe agus bunófar tuarascáil chothabhála ar an tuarascáil deimhniúcháin tosaigh.

Áireofar an tuarascáil chothabhála mar fhothacar den tuarascáil um measúnú tionchair, ina mbeidh na ranna seo a leanas:

(a)

réamhrá;

(b)

tuairisc ar athruithe;

(c)

fianaise an fhorbróra dá ndéantar difear.

6.

Soláthrófar an tuarascáil chothabhála dá dtagraítear i bpointe 5 do ENISA lena fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin um dheimhniú cibearshlándála.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3144/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)