European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3138

16.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3138 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 16(1a) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309.

(2)

An 28 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1574 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/2319 (3), lena mbunaítear creat tiomnaithe le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol agus a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Háítí, agus i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.

(3)

I bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, slándála agus daonnúla atá ag dul in olcas i Háítí, lena n-áirítear mar thoradh ar an bhforéigean droinge atá ag dul in olcas, ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh gan staonadh ag na dronga, agus ar an tsaoirse leanúnach ó phionós do dhéantóirí coire, ba cheart triúr a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 192, 31.7.2023, lgh. 21-29).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4a’, cuirtear an fo-cheannteideal agus an tábla seo a leanas leis:

‘A.   Daoine nádúrtha

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta liostaithe

1.

Jonel CATEL

ar a dtugtar freisin

Johns CATHEL

Feidhmeanna: Ceannaire droinge Terre Noire (atá cleamhnaithe le comhghuaillíocht drong G9)

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Jonel Catel ceannaire droinge Terre Noir, atá cleamhnaithe le comhghuaillíocht drong G9 i Háítí.

Faoina cheannas, tá drong Terre Noir ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear robáil, cur ar fuascailt, fuadach, sracadh, dúnmharuithe agus éigniú.

Dá bhrí sin, tá Jonel Catel freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024

2.

Gabriel JEAN-PIERRE

ar a dtugtar freisin Ti-Gabriel; Ti Gabriel; Gabo

Feidhmeanna: Ceannaire chomhghuaillíocht drong GPep (cleamhnaithe le drong Brooklyn)

Dáta breithe: 31.3.1984

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Gabriel Jean-Pierre ceannaire chomhghuaillíocht drong GPep i Háítí, atá cleamhnaithe le drong Brooklyn.

Faoina cheannas, tá GPep ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear sracadh, scriosadh maoine, fuadach, feallmharuithe agus éigniú.

Dá bhrí sin, tá Gabriel Jean-Pierre freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024

3.

Ferdens TILUS

ar a dtugtar freisin General Meyer; Jeneral Meyer; Jeneral Meyè

Feidhmeanna: Ceannaire droinge Kokorat San Ras

Dáta breithe: 15.9.1995

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Ferdens Tilus ceannaire droinge Kokorat San Ras i Háítí (limistéar Atribonite / an t-iarthuaisceart).

Faoina cheannas, tá drong Kokorat San Ras ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear dúnmharú, goid, éigniú, fuadach agus cuigleáil maoine.

Dá bhrí sin, tá Ferdens Tilus freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024’

.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3138/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)