European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3117

27.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3117 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Samhain 2024

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Tá neamhréireacht idir na leaganacha HTML agus PDF den Rialachán seo —tá na hiarscríbhinní in easnamh sa leagan HTML. Féach an leagan ‘PDF - leagan barántúil den Iris Oifigiúil’.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1) agus go háirithe Airteagal 415(3), an tríú fomhír, Airteagal 415(3a), an tríú fomhír, Airteagal 430(7), an tríú fomhír, agus Airteagal 430(9), an cúigiú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (2), leagtar síos, ar bhonn Airteagail 415 agus 430 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, creat tuairiscithe comhleanúnach, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le faisnéis a sholáthar maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse, faisnéis airgeadais is gá a sholáthar i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) agus na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta (GAAP), faisnéis faoi chaillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe, faisnéis faoi neamhchosaintí móra, faisnéis faoin gcóimheas giarála, faoi chistiú cobhsaí, faoi mhéadrachtaí faireacháin leachtachta breise, faoi ualú sócmhainní, faisnéis chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh, agus faisnéis faoi riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta. Rinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 a leasú roinnt uaireanta i gcomhréir leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a glacadh chun eilimintí stuamachta a thabhairt isteach, a fhorbairt tuilleadh nó a oiriúnú.

(2)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun tacar deiridh na gcaighdeán idirnáisiúnta de chuid Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (Basel III) a chur chun feidhme. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sa chreat tuairiscithe a leagtar amach faoi láthair i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

(3)

I bhfianaise na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú (íosráta aschuir, riosca creidmheasa agus riosca creidmheasa contrapháirtí, coigeartuithe luachála creidmheasa, riosca margaidh, riosca oibriúcháin, cumhdach caillteanais neamhchosaintí neamhthuillmheacha agus criptea-shócmhainní), chun faisnéis a thuairisciú faoi chaillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe, agus chun faisnéis faoin gcóimheas giarála a thuairisciú.

(4)

I bhfianaise an lín mhóir athruithe is gá chun éifeacht a thabhairt do na rialacha nua maidir le hoibleagáidí tuairiscithe, is fearr Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 a aisghairm agus a ionadú, seachas gan ach an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú, toisc go bhfágfadh leasú den sórt sin go mbeadh sé an-anásta do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a fháil amach cé na ceanglais tuairiscithe a bhfuil feidhm acu maidir leo.

(5)

Leis na teimpléid nua leordhóthanachta caipitil, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le faisnéis ar an íosráta aschuir sna ceanglais cistí dílse agus sna cóimheasa caipitil a thuairisciú, agus go háirithe maidir le faisnéis a thuairisciú ar thionchar na bhforálacha idirthréimhseacha ar an íosráta aschuir a leagtar síos in Airteagal 465 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart foráil a dhéanamh sna sonraí tuairiscithe maidir le tuairisciú faisnéise ar thionchar an íosráta aschuir agus na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 465 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart colún nua a bheith sna teimpléid ghrúpshócmhainneachta chun faisnéis ar an gcoigeartú íosráta le haghaidh eintitis atá faoi réir ceanglais cistí dílse a thuairisciú.

(6)

Na teimpléid maidir le riosca creidmheasa le haghaidh an Chur Chuige Chaighdeánaithe (‘SA’), ba cheart na leasuithe ar aicmiú na n-aicmí neamhchosanta agus na n-ualaí riosca nua a léiriú iontu. Ina theannta sin, ba cheart a léiriú leo an cur chuige níos gráinní a chuirtear i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe, agus ba cheart a léiriú leo roinnt athruithe i ríomh luach neamhchosanta ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, athruithe a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2024/1623.

(7)

Na teimpléid riosca creidmheasa le haghaidh IRB, ba cheart iad a bheith ina léiriú ar leasuithe ar aicmiú na n-aicmí neamhchosanta, is é sin le rá chun teorainn a chur le húsáid neamhchosaintí na nInstitiúidí agus na gCorparáidí Móra faoi Fhondúireacht-IRB (‘FIRB’), agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuairisciú faisnéise faoi aicmí neamhchosanta nua, lena n-áirítear eintitis san earnáil phoiblí (PSEnna) agus rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla (RGLAnna). Ar deireadh, ba cheart foráil a dhéanamh sna teimpléid maidir le fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa caighdeánacha agus féinríomha araon a thuairisciú.

(8)

Na teimpléid nua chun faisnéis a thuairisciú maidir le cumhdach caillteanais a bhaineann le neamhchosaintí neamhthuillmheacha, ba cheart na hathruithe ar raon feidhme na neamhchosaintí atá faoi réir na gceanglas maidir le cumhdach caillteanais agus athruithe ar an bhféilire soláthair a léiriú iontu.

(9)

Ba cheart foráil a dhéanamh i dteimpléad tuairiscithe nua maidir le faisnéis faoi neamhchosaintí ar chripteashócmhainní a thuairisciú chun méideanna iomlána na neamhchosanta ar riosca le haghaidh na neamhchosaintí sin a léiriú.

(10)

Maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhiomlána i dtaca le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta (‘Caillteanais IP’), ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe sonracha nua a leagtar amach in Airteagal 430a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a léiriú ann.

(11)

Maidir leis an tuairisciú ar choigeartuithe luachála creidmheasa, ba cheart na cineálacha cuir chuige chaighdeánaithe, bhunúsacha agus shimplithe a léiriú ann agus ba cheart roinnt ceanglais shonracha tuairiscithe maidir le riosca CVA a chuimsiú, ceanglais ar tugadh isteach iad ar fad i dTeideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(12)

Le Rialachán (AE) 2024/1623 rinneadh athbhreithniú ar an gcreat maidir leis an teorainn idir an leabhar trádála agus an leabhar neamhthrádála. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sna teimpléid tuairiscithe freisin maidir le tuairisciú na faisnéise ar chomhdhéanamh an leabhair trádála i ndáil leis na critéir nua a leagtar amach in Airteagal 104 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(13)

Is gá na dátaí tagartha maidir le tuairisciú a bhaineann le cistí dílse, ceanglais cistí dílse, agus ceanglais tuairiscithe bhreise ar bhonn aonair agus comhdhlúite, a ailíniú le dátaí dheireadh na bliana airgeadais.

(14)

Chun é a chur ar a gcumas d’institiúidí na córais tuairiscithe is gá a bhunú chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, ba cheart níos mó ama a thabhairt d’eintitis a ghabhann do ghníomhaíochtaí institiúide creidmheasa den chéad uair na teimpléid a chur isteach.

(15)

Le Rialachán (AE) 2024/1623 leasaíodh Airteagal 430(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tugadh isteach ceanglas ar ÚBE réitigh TF a fhorbairt, lena n-áirítear teimpléid agus treoracha tuairiscithe, a bheidh le húsáid ag institiúidí chun na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i míreanna 1 go 4 den Airteagal sin a chomhlíonadh. Dá réir sin, ba cheart na pointí sonraí agus an fhaisnéis nach mór d’institiúidí a thuairisciú agus ba cheart do ÚBE a áireamh sna réitigh TF lena mbaineann a shonrú ar bhealach atá soiléir go leor. Chun go mbeidh ÚBE in ann réitigh TF iomchuí a fhorbairt, níor cheart na formáidí tuairiscithe aonfhoirmeacha sin a bheith ceangailteach maidir lena struchtúr agus lena léiriú, ós rud é nár cheart go mbeadh sé de cheangal ar ÚBE an léiriú grafach agus an struchtúr táblach a leagtar síos san iarscríbhinn a mhacasamhlú. Ba cheart do ÚBE, go háirithe, bheith in ann imeacht ó léiriú grafach agus ó struchtúr táblach na dteimpléad tuairiscithe fad a áireofar na pointí sonraí agus an fhaisnéis uile is gá sa réiteach TF.

(16)

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’institiúidí a gcóras inmheánach féin a oiriúnú agus na ceanglais tuairiscithe athbhreithnithe a chomhlíonadh, is gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos lena gcuirtear moill ar dháta íocaíochta na chéad oibleagáide tuairiscithe ráithiúla.

(17)

Chun amlíne an cheanglais tuairiscithe a bhaineann le comhdhéanamh an leabhair trádála a ailíniú le hamlíne chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le riosca margaidh a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidlí 1a agus 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is gá foráil idirthréimhseach a leagan síos chun go bhféadfar an chéad dáta tagartha a shocrú ar dháta níos déanaí maidir leis an gceanglas tuairiscithe sin.

(18)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo, ós rud é go ndéileálann siad le ceanglais tuairiscithe na n-institiúidí. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, agus chun léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain orthu a éascú le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na n-oibleagáidí sin, is iomchuí na caighdeáin theicniúla ghaolmhara cur chun feidhme uile a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuimsiú in aon Rialachán amháin.

(19)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(20)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

(21)

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’institiúidí ullmhú don tuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 430(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart an chéad dáta cur i bhfeidhm a shocrú sé mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm;

(22)

Ionas go mbeidh an creat tuairiscithe athbhreithnithe i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An fhaisnéis a chur isteach

Leagtar síos leis an Rialachán seo formáidí aonfhoirmeacha maidir le tuairisciú, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe maidir leis an tuairisciú a dhéanann institiúidí dá n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 415, mír 3 agus mír 3a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus le hAirteagal 430, míreanna 1 go 4, 7 agus 9, den Rialachán sin.

Airteagal 2

Dátaí tagartha maidir le tuairisciú

1.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, isteach chuig na húdaráis inniúla, faoi mar atá an fhaisnéis sin, ar na dátaí íocaíochta maidir le tuairisciú seo a leanas:

(a)

tuairisciú míosúil: an lá deireanach de gach mí;

(b)

tuairisciú ráithiúil: an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig;

(c)

tuairisciú leathbhliantúil: an 30 Meitheamh agus an 31 Nollaig;

(d)

tuairisciú bliantúil: an 31 Nollaig.

2.   Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir le IFRS agus le creataí cuntasaíochta náisiúnta agus art bhonn carnach ón gcéad lá den bhliain chuntasaíochta go dtí an dáta tagartha.

3.   Na hinstitiúidí a gceadaítear dóibh, leis an dlí náisiúnta, a bhfaisnéis airgeadais a thuairisciú bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta agus i gcás ina n-imíonn deireadh na bliana cuntasaíochta sin ón mbliain féilire, féadfaidh siad dátaí tagartha tuairiscithe a choigeartú chun na dátaí sin a thabhairt i gcomhréir le deireadh na bliana cuntasaíochta, ionas go ndéanfar an fhaisnéis airgeadais, an fhaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 8, agus an fhaisnéis chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) a shainaithint agus chun rátaí maolánacha G-SII a shannadh a thuairisciú gach 3, 6 nó 12 mhí ó dheireadh a mbliana cuntasaíochta, faoi seach.

Airteagal 3

Dátaí íocaíochta a thuairisciú

1.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I isteach chuig na húdaráis inniúla faoi am dúnta gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas:

(a)

tuairisciú míosúil: an 15ú lá féilire tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú;

(b)

tuairisciú ráithiúil: an 12 Bealtaine, an 11 Lúnasa, an 11 Samhain agus an 11 Feabhra;

(c)

tuairisciú leathbhliantúil: an 11 Lúnasa agus an 11 Feabhra;

(d)

tuairisciú bliantúil: an 11 Feabhra.

2.   I gcás inar saoire phoiblí é lá na híocaíochta i mBallstát an údaráis inniúil dá bhfuil an tuarascáil le soláthar, nó más lá Satharn nó Domhnach é, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann sonraí isteach an lá oibre dár gcionn.

3.   Na hinstitiúidí a thuairiscíonn an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó an fhaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 8, nó an fhaisnéis chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh trí úsáid a bhaint as dátaí tagartha tuairiscithe coigeartaithe bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 2(3), féadfaidh siad na dátaí íocaíochta a choigeartú ionas go gcoinneofar an tréimhse íocaíochta chéanna ón dáta tagartha coigeartaithe maidir le tuairisciú.

4.   Féadfaidh institiúidí figiúirí neamhiniúchta a chur isteach. I gcás ina n-imíonn na figiúirí iniúchta ó na figiúirí neamhiniúchta a cuireadh isteach, cuirfidh institiúidí na figiúirí iniúchta athbhreithnithe isteach gan moill mhíchuí. Is éard atá i bhfigiúirí neamhiniúchta figiúirí nach bhfuil tuairim ó iniúchóir seachtrach faighte ina leith, agus is éard atá i bhfigiúirí iniúchta figiúirí a d’iniúch iniúchóir seachtrach agus tuairim iniúchóireachta á cur in iúl aige.

5.   Cuirfidh institiúid ceartúcháin eile ar na tuarascálacha arna gcur isteach, seachas na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 4, faoi bhráid na n-údarás inniúil gan moill mhíchuí.

Airteagal 4

Tairseacha tuairiscithe – critéir iontrála agus imeachta

1.   Tosóidh institiúidí beaga agus neamhchasta ag tuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis an dáta a chomhlíonann na hinstitiúidí sin na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (145), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Na hinstitiúidí nach gcomhlíonann na critéir sin a thuilleadh, scoirfidh siad den fhaisnéis sin a thuairisciú ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis an dáta nach gcomhlíonann siad na critéir sin a thuilleadh.

2.   Tosóidh institiúidí móra ag tuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis an dáta a chomhlíon institiúidí na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (146), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Na hinstitiúidí nach gcomhlíonann na critéir sin a thuilleadh, scoirfidh siad don fhaisnéis sin a thuairisciú ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú nach gcomhlíonann siad na critéir sin a thuilleadh.

3.   Tosóidh institiúidí ag tuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn I faoi réir na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (3), Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 11 agus Airteagal 12, Airteagal 15(2) go (5), agus Airteagal 17 go hAirteagal 20 den Rialachán seo ar an dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis an dáta a sáraíodh na tairseacha sin ar dhá dháta tagartha maidir le tuairisciú i ndiaidh a chéile. Féadfaidh institiúidí éirí as faisnéis a thuairisciú faoi réir na dtairseach a leagtar amach sna hAirteagail sin maidir leis an dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis an dáta ar a dtiteann siad faoi bhun na dtairseach ábhartha ar thrí dháta tagartha maidir le tuairisciú i ndiaidh a chéile.

4.   De mhaolú ar mhír 3, tosóidh institiúidí ag tuairisciú i gcás ina gcomhlíonann siad aon cheann de na coinníollacha seo a leanas sna 6 mhí roimh an dáta tagartha:

(a)

údaraíodh don institiúid lena mbaineann a gníomhaíochtaí a thosú mar institiúid creidmheasa de bhun Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

is gnólacht infheistíochta í an institiúid atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhua sárú a dhéanamh ar an tairseach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (1)(b), den Rialachán sin nó de bhua cinneadh ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(c)

is eintiteas í an institiúid a eascraíonn as dhá institiúid ar a laghad a chumasc nó as institiúid a roinnt ina dhá institiúid ar a laghad.

5.   I gcás na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir lena dtuairisciú atá faoi réir na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 4 don chéad dá dháta tagartha:

(a)

na hinstitiúidí a sháraíonn an tairseach ábhartha cheana féin ar an gcéad dáta tagartha, tuairisceoidh siad an fhaisnéis atá faoi réir na tairsí sin don chéad dáta tagartha agus don dara dáta tagartha araon;

(b)

na hinstitiúidí nach sáraíonn an tairseach ábhartha ach ar an dara dáta tagartha, tuairisceoidh siad an fhaisnéis atá faoi réir na tairsí sin don chéad dáta tagartha agus don dara dáta tagartha araon;

Na hinstitiúidí a thit faoi bhun na dtairseach ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) ar thrí dháta tagartha i ndiaidh a chéile maidir le tuairisciú, féadfaidh siad scor d’fhaisnéis a thuairisciú faoi réir na tairsí ar an gcéad dáta tagartha eile maidir le tuairisciú.

Airteagal 5

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú ráithiúil

1.   Na hinstitiúidí a thuairiscíonn faisnéis ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil.

2.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid C 09.01 agus C 09.02 isteach, agus go háirithe an fhaisnéis maidir le dáileadh geografach neamhchosaintí de réir tíre, i gcás ina bhfuil neamhchosaintí tosaigh nach neamhchosaintí tosaigh intíre iad i ngach tír nach tír intíre í i ngach aicme neamhchosanta, mar a tuairiscítear i gcomhréir le teimpléad C 04.00, ró 0850, cothrom le 10 % de neamhchosaintí tosaigh intíre iomlána agus neamhchosaintí tosaigh iomlána nach neamhchosaintí tosaigh intíre iad, nó os a chionn sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le teimpléad C 04.00, ró 0860. Measfar neamhchosaintí a bheith ina neamhchosaintí intíre i gcás inar neamhchosaintí iad ar chontrapháirtithe atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid bunaithe.

3.   Na hinstitiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún (7) agus a sháraíonn an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin, tuairisceoidh siad an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid C 32.03 agus C 32.04.

4.   Chun na ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (b)(i) agus (c), agus Airteagal 92(5), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh, déanfaidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2025, an fhaisnéis faoi na ceanglais cistí dílse a bhaineann le riosca margaidh a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(12) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.

Airteagal 6

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú leathbhliantúil

1.   Na hinstitiúidí a thuairiscíonn faisnéis ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I ar bhonn leathbhliantúil.

2.   Cuirfidh institiúidí isteach an fhaisnéis maidir le gach neamhchosaint urrúsúchain mar a shonraítear i Roinn 1 ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I, teimpléid C 14.00 agus C 14.01; seachas an cás inar cuid de ghrúpa iad sa tír chéanna ina bhfuil siad faoi réir ceanglais cistí dílse.

3.   Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le neamhchosaintí ceannasacha isteach mar a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil luach chomhiomlán de réir na leabhar na sócmhainní airgeadais ón earnáil chontrapháirtí ‘Rialtais ghinearálta’ cothrom le 1 % de shuim luacha iomláin de réir na leabhar le haghaidh ‘Urrúis fiachais’ agus ‘Iasachtaí agus airleacain’, nó os a chionn sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear i dteimpléad C 33.00;

(b)

i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh neamhchosaintí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shonraítear i ró 0010, colún 0010 i dteimpléad C 33.00, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh neamhchosaintí intíre agus neamhchosaintí nach neamhchosaintí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear i dteimpléad C 33.00, maille le miondealú iomlán de réir tíre;

(c)

institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33.00, agus neamhchosaintí comhiomlánaithe ar:

(i)

an leibhéal iomlán; agus

(ii)

an leibhéal intíre.

4.   Cuirfidh institiúidí faisnéis faoi chaillteanais ábhartha a bhaineann le riosca oibriúcháin isteach mar a leanas:

(a)

na hinstitiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse i mí na Nollag 2024 a bhaineann le riosca oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú i gcónaí mar a shonraítear i dteimpléid C 17.01 agus C 17.02;

(b)

na hinstitiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse i mí na Nollag 2024 a bhaineann le riosca oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú i gcónaí mar a shonraítear i dteimpléid C 17.01 agus C 17.02;

(c)

na hinstitiúidí nach institiúidí móra iad a ríomhann ceanglais cistí dílse i mí na Nollag 2024 a bhaineann le riosca oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú i gcónaí:

(i)

an fhaisnéis mar a shonraítear i dteimpléad C 17.01, colún 0080 le haghaidh na rónna seo a leanas:

(1)

líon na n-imeachtaí (imeachtaí nua) (ró 0910);

(2)

méid an chaillteanais chomhláin (imeachtaí nua) (ró 0920);

(3)

líon na n-imeachtaí faoi réir coigeartuithe caillteanais (ró 0930);

(4)

coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo (ró 0940);

(5)

uaschaillteanas aonair (ró 0950);

(6)

suim na gcúig chaillteanas is mó (ró 0960);

(7)

an aisghabháil chaillteanais dhíreach ina hiomláine (seachas árachas agus sásraí aistrithe riosca eile) (ró 0970);

(8)

na haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí aistrithe riosca eile ina n-iomláine (ró 0980);

(ii)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad C 17.02;

(d)

na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (c), féadfaidh siad an tacar iomlán faisnéise a shonraítear i dteimpléid C 17.01 agus C 17.02 a thuairisciú;

(e)

na hinstitiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse i mí na Nollag 2024 a bhaineann le riosca oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis a thuairisciú i gcónaí mar a shonraítear i dteimpléid C 17.01 agus C 17.02;

(f)

na hinstitiúidí nach institiúidí móra iad a ríomhann ceanglais cistí dílse i mí na Nollag 2024 a bhaineann le riosca oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, feadfaidh siad an fhaisnéis a thuairisciú i gcónaí mar a shonraítear i dteimpléid C 17.01 agus C 17.02.

Airteagal 7

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn comhdhlúite

Na hinstitiúidí a thuairiscíonn faisnéis ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo mar a leanas:

(a)

an ceanglas maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn I lena sonraítear a thuilleadh an tuairisciú a cheanglaítear de bhun Airteagail 5 agus 6 den Rialachán seo ar bhonn na minicíochta a shonraítear ann;

(b)

an ceanglas maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn I lena sonraítear a thuilleadh an tuairisciú a bhaineann leis an ngrúpshócmhainneacht maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe, ar bhonn leathbhliantúil.

Airteagal 8

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse – ceanglais tuairiscithe bhreise ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite

1.   Na hinstitiúidí a nochtfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointí (e) nó (h), nó Airteagal 452, pointí (b), (g) nó (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn na minicíochta a leagtar amach in Airteagal 433a nó Airteagal 433c den Rialachán sin, ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán sin, nó ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis mar a shonraítear i dteimpléid C 08.03, C 08.04, C 08.05, C 08.05.01, C 08.06, C 08.07 agus C 34.11 de Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Na hinstitiúidí a nochtfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn na minicíochta a leagtar amach in Airteagal 433a nó Airteagal 433c den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán sin, nó ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis mar a shonraítear i dteimpléad C 34.07 de Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair

1.   Na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a chuireann i bhfeidhm na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh siad, nuair a thuairisceoidh siad faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse, mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn aonair, cé is moite d’fhaisnéis maidir leis an gcóimheas giarála, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear i dteimpléid C 01.00 go C 05.02 de Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil.

2.   Na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a chuireann i bhfeidhm na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh siad, nuair a thuairisceoidh siad faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse, mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn aonair, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5, míreanna 1 go 4, agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chur isteach ar bhonn na minicíochta a leagtar síos sna hAirteagail sin faoi mar a shonraítear i Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil.

Airteagal 10

Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite

1.   Gnólachtaí infheistíochta de ghrúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a chuireann i bhfeidhm na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 faoi threoir Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad, nuair a thuairiscíonn siad faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn comhdhlúite, cé is moite d’fhaisnéis maidir leis an gcóimheas giarála, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear i Roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse mar a shonraítear i dteimpléid C 01.00 go C 05.02 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil;

(b)

an fhaisnéis faoi chistí dílse agus faoi cheanglais cistí dílse maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe, mar a shonraítear i dteimpléid C 06.01 agus C 06.02 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bhonn leathbhliantúil.

2.   Gnólachtaí infheistíochta de ghrúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a chuireann i bhfeidhm na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 faoi threoir Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad, nuair a thuairiscíonn siad faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear i roinn 1 - ‘Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse’ d’Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5, míreanna (1) go (4) agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo ar bhonn na minicíochta a leagtar síos sna hAirteagail sin;

(b)

an fhaisnéis maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe mar a shonraítear i dteimpléid C 06.01 agus C 06.02 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn leathbhliantúil.

Airteagal 11

Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)

Na hinstitiúidí a chuireann faisnéis airgeadais isteach ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 430(3) nó (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur isteach mar a shonraítear i Roinn 2 - ‘Tuairisciú ar Fhaisnéis airgeadais de réir IFRS’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn na minicíochta seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 01.01 go F 19.00 de Roinn 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil;

(b)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 30.01 go F 31.02 de Roinn 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn leathbhliantúil;

(c)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 40.01 go F 46.00 de Roinn 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil;

(d)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 20.01 go F 20.07.1 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil i gcás ina sáraíonn an institiúid an tairseach a leagtar síos in Airteagal 5(2), an dara fomhír, den Rialachán seo;

(e)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 21.00 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin cothrom le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána nó os a choinn, mar a thuairiscítear i gcomhréir le teimpléad F 01.01 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo;

(f)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 22.01 agus F 22.02 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam ó choimisiún cothrom le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó os a chionn sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le F 02.00 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(g)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 23.01 go 26.00 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bhonn ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

nach institiúid bheag agus neamhchasta í an institiúid;

(ii)

gur 5 %, nó níos mó ná sin, atá sa chóimheas idir luach comhlán de réir na leabhar na n-iasachtaí agus na n-airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus luach comhlán iomlán de réir na leabhar na n-iasachtaí agus na n-airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(1) den Rialachán sin;

(h)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 47.00 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

Chun críocha phointe (g)(ii), ní áireofar sa chóimheas iasachtaí agus airleacain a aicmítear mar iasachtaí agus airleacain atá á sealbhú lena ndíol, airgead ar láimh ag bainc cheannais ná taiscí éilimh eile san ainmneoir ná san uimhreoir.

Airteagal 12

Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí a chuireann creata cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm

I gcás inar leathnaigh údarás inniúil na ceanglais tuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais chun institiúidí a bunaíodh i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 430(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chumhdach, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis airgeadais isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear i Roinn 3 - ‘Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais de réir GAAP’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn na minicíochta seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 01.01 go F 19.00 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil;

(b)

an fhaisnéis a shonraítear in F 30.01 go F 31.02 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn leathbhliantúil;

(c)

an fhaisnéis a shonraítear in F 40.01 go F 46.00 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil;

(d)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 20.01 go F 20.07.1 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil i gcás ina sáraíonn an institiúid an tairseach a leagtar síos in Airteagal 5(2), an dara fomhír, den Rialachán seo;

(e)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 21.00 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin cothrom le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána nó os a choinn, mar a thuairiscítear i gcomhréir le teimpléad F 01.01 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo;

(f)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 22.01 agus F 22.02 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam ó choimisiún cothrom le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó os a chionn sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le teimpléad F 02.00 de chuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(g)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 23.01 go 26.00 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bhonn ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

nach institiúid bheag agus neamhchasta í an institiúid;

(ii)

go bhfuil cóimheas na hinstitiúide mar a shonraítear in Airteagal 11(2), pointe (g)(ii), den Rialachán seo cothrom le 5 % nó os a choinn sin;

(h)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 47.00 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

Airteagal 13

Tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, maidir le caillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe

1.   Cuirfidh institiúidí na sonraí comhiomlána dá dtagraítear in Airteagal 430a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear i Roinn 4 - ‘Tuairisciú ar fhaisnéis faoi chaillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil.

2.   Cuirfidh institiúidí na sonraí comhiomlána dá dtagraítear in Airteagal 430a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 isteach ar bhonn aonair mar a shonraítear i Roinn 4 - ‘Tuairisciú ar fhaisnéis faoi chaillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil.

3.   I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, cuirfidh an brainse sin na sonraí comhiomlána dá dtagraítear in Airteagal 430a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh mar a shonraítear i Roinn 4 - ‘Tuairisciú ar fhaisnéis faoi chaillteanais a eascraíonn as iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil.

Airteagal 14

Tuairisciú ar neamhchosaintí móra ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

Na hinstitiúidí a thuairiscíonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 394 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i roinn 5 - ‘Tuairisciú ar neamhchosaintí móra agus ar riosca comhchruinnithe’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil.

Airteagal 15

Tuairisciú ar chóimheas giarála ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

1.   Na hinstitiúidí a thuairiscíonn a gcóimheas giarála dá dtagraítear in Airteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i roinn 6 - ‘Tuairisciú ar an ngiaráil’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil. Ní chuirfidh ach institiúidí móra teimpléad C 48.00 isteach maidir le faisnéis ar luaineacht an chóimheasa giarála.

2.   Is iad seo a leanas, agus iad sin amháin, a chuirfidh isteach an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad C 40.00, cill {r0410;c0010}:

(a)

institiúidí móra ar G-SSInna iad nó a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte ar bhonn leathbhliantúil;

(b)

institiúidí móra seachas G-SSInna nach institiúidí liostaithe iad ar bhonn leathbhliantúil;

(c)

institiúidí seachas institiúidí móra agus institiúidí beaga neamhchasta a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte ar bhonn bliantúil.

3.   Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis bhreise maidir le cóimheas giarála mar a shonraítear i dteimpléad C 40.00, cealla {r0010;c0010}, {r0010;c0020}, {r0020;c0010}, {r0020;c0020}, {r0030;c0070}, {r0040;c0070}, {r0050;c0010}, {r0050;c0020}, {r0060;c0010}, {r0060;c0020}, agus {r0060;c0070}, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is mó ná 1,5 % an sciar díorthach a shonraítear mar thomhas na neamhchosanta díorthach arna roinnt ar thomhas na neamhchosanta iomláine;

(b)

an sciar díorthach a shonraítear mar thomhas na neamhchosanta díorthach arna roinnt ar thomhas na neamhchosanta iomláine, is mó ná 2 % é;

I gcás nach gcomhlíonann institiúid ach an coinníoll a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Cuirfidh institiúid a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír araon tús le faisnéis a thuairisciú maidir leis an gcóimheas giarála don dáta tagartha tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú ar a ndeachaigh sí thar an tairseach.

4.   Maidir le hinstitiúidí ar mó luach barúlach iomlán na ndíorthach mar a shonraítear i dteimpléad C 40.00, cill {r0010;c0070} ná EUR 10 000 milliún, tuairisceoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i dteimpléad 40.00, cealla {r0010;c0010}, {r0010;c0020}, {r0020;c0010}, {r0020;c0020}, {r0030;c0070}, {r0040;c0070}, {r0050;c0010}, {r0050;c0020}, {r0060;c0010}, {r0060;c0020}, agus {r0060;c0070}, fiú amháin mura gcomhlíonann a sciar díorthach na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.

Chun críocha na céad fhomhíre, ní bheidh feidhm ag critéir iontrála Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Cuirfidh institiúidí tús le faisnéis a thuairisciú ón gcéad dáta tagartha maidir le tuairisc i gcás ina ndeachaigh siad thar an tairseach ar aon dáta tagartha maidir le tuairisc amháin.

5.   Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i dteimpléad C 40.00, cealla {r0020;c0075}, {r0050;c0075} agus {r0050;c0085}, i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is mó ná EUR 300 milliún méid na ndíorthach creidmheasa a shonraítear i dteimpléad C 40.00 mar {r0020;c0070} + {r0050;c0070};

(b)

is mó ná EUR 500 milliún méid na ndíorthach creidmheasa a shonraítear i dteimpléad C 40.00 mar {r0020;c0070} + {r0050;c0070}.

I gcás nach gcomhlíonann institiúid ach an coinníoll a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Cuirfidh institiúid a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír araon tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú don dáta tagartha tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú ar a ndeachaigh sí thar an tairseach.

Airteagal 16

Tuairisciú ar an gcumhdach leachtachta ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

1.   Maidir le hinstitiúidí a thuairiscíonn a gcumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (d), den Rialachán sin ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur isteach ar bhonn míosúil mar a shonraítear i Roinn 10 - ‘Tuairisciú ar an leachtacht’ in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Chun an fhaisnéis a leagtar amach i roinn 10 - ‘Tuairisciú ar chumhdach leachtachta’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a thuairisciú, cuirfidh institiúidí san áireamh an fhaisnéis arna cur isteach le haghaidh an dáta tagartha agus an fhaisnéis maidir leis na sreafaí airgid thar an 30 lá féilire tar éis an dáta tagartha.

Airteagal 17

Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

Na hinstitiúidí a thuairiscíonn a gceanglas cistiúcháin chobhsaí dá dtagraítear in Airteagal 413 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (d), den Rialachán sin ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur isteach mar a shonraítear i Roinn 7 - ‘Tuairisciú ar chistiú cobhsaí’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil mar a leanas:

(a)

maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta a roghnaigh a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR) a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid a Sé, Teideal IV, Caibidlí 6 agus 7, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le cead roimh ré óna n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 428ai den Rialachán sin, cuirfidh siad isteach teimpléid C 82 agus C 83;

(b)

cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a), cuirfidh institiúidí teimpléid C 80 agus C 81 isteach;

(c)

cuirfidh gach institiúid teimpléad C 84 isteach.

Airteagal 18

Tuairisciú ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

Na hinstitiúidí a thuairiscíonn faisnéis maidir le méadrachtaí faireacháin leachtachta breise dá dtagraítear in Airteagal 415(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheanglaítear le hAirteagal 430(1), pointe (d), den Rialachán sin ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur isteach mar a shonraítear i Roinn 9 - ‘Tuairisciú ar mhéadrachtaí faireacháin leachtachta breise’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn na minicíochta seo a leanas:

(a)

cuirfidh institiúidí móra an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid C 66.01 agus C 67.00 go C 71.00 de Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach ar bhonn míosúil;

(b)

cuirfidh institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid C 66.0, C 67.00 agus C 71.00 de Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach ar bhonn ráithiúil;

(c)

institiúidí nach institiúidí móra iad ná nach institiúidí beaga neamhchasta iad, cuirfidh siad an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid C 66.01 go C 69.00 agus C 71.00 de Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach ar bhonn míosúil;

Airteagal 19

Tuairisciú ar ualú sócmhainní ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

1.   Na hinstitiúidí a thuairiscíonn ar leibhéal an ualaithe sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 430(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, cuirfidh siad an fhaisnéis sin isteach mar a shonraítear i roinn 8 - ‘Tuairisciú ar ualú sócmhainní’ d’Iarscríbhinn I ar bhonn na minicíochta seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 32.01 go F 33.00 agus F 35.00 de Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn ráithiúil;

(b)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad F 34.00 de Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn bliantúil;

(c)

an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléid F 36.01 agus F 36.02 de Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn leathbhliantúil.

2.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 isteach mar a leanas:

(a)

cuirfidh institiúidí an fhaisnéis a shonraítear i gCuid A de Roinn 8 - ‘Tuairisciú ar ualú sócmhainní’ isteach;

(b)

cuirfidh institiúidí móra an fhaisnéis a shonraítear i gCodanna B, C agus E de Roinn 8 - ‘Tuairisciú ar ualú sócmhainní’ isteach;

(c)

cuirfidh institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga agus neamhchasta iad an fhaisnéis a shonraítear i gCodanna B, C agus E de Roinn 8 - ‘Tuairisciú ar ualú sócmhainní’ isteach i gcás ina bhfuil leibhéal ualaithe sócmhainní na hinstitiúide, a shonraítear mar (Luach de réir na leabhar na sócmhainní ualaithe agus na comhthaobhachta)/(Iomlán na sócmhainní agus na comhthaobhachta), cothrom le 15 % nó os a chionn;

(d)

ní thuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis a shonraítear i gCuid D de Roinn 8 - ‘Tuairisciú ar ualú sócmhainní’ ach amháin i gcás ina n-eisíonn siad bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Airteagal 20

Tuairisciú breise chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh

1.   Agus faisnéis bhreise á tuairisciú chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh faoi Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh máthairinstitiúidí an Aontais, máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais an Aontais agus máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais mheasctha an Aontais an fhaisnéis a shonraítear i Roinn 11 - ‘Tuairisciú folíontach chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach, ar bhonn comhdhlúite ar bhonn ráithiúil, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá tomhas neamhchosanta iomláine an ghrúpa, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais, cothrom le EUR 125 000 000 000 nó is mó ná sin é;

(b)

an mháthairchuideachta de chuid an Aontais nó aon cheann dá fochuideachtaí nó aon bhrainse atá á oibriú ag máthairchuideachta nó ag fochuideachta, tá siad lonnaithe i mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   Agus faisnéis bhreise á tuairisciú chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh faoi Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE, cuirfidh institiúidí isteach an fhaisnéis a shonraítear i Roinn 11 - ‘Tuairisciú forlíontach chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn aonair ar bhonn ráithiúil, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tomhas neamhchosanta iomláine na hinstitiúide cothrom le EUR 125 000 000 000 nó is mó ná sin é;

(b)

tá an institiúid lonnaithe i mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(c)

níl an institiúid ina cuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite (‘institiúid neamhspleách’).

3.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), pointe (b), cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo isteach faoi am scoir gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas: An 1 Iúil, an 1 Deireadh Fómhair, an 2 Eanáir agus an 1 Aibreán.

4.   De mhaolú ar Airteagal 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo:

(a)

cuirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair, de réir mar is infheidhme, tús láithreach leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar mó a tomhas neamhchosanta cóimheasa giarála ná an tairseach sonraithe ó dheireadh na bliana cuntasaíochta agus tuairisceoidh sí an fhaisnéis sin le haghaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta sin agus na dtrí dháta tagartha ráithiúla ina dhiaidh sin;

(b)

scoirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair, de réir mar is infheidhme, láithreach den fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar lú an tomhas neamhchosanta cóimheasa giarála ná an tairseach sonraithe ag deireadh na bliana cuntasaíochta.

Airteagal 21

Tuairisciú ar riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon

Maidir le hinstitiúidí a thuairiscíonn faisnéis faoi riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta i gcomhréir le hAirteagal 84(5), Airteagal 84(6) agus Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis dá dtagraítear sna hAirteagail sin mar a shonraítear i Roinn 12 - ‘Tuairisciú ar riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhonn na minicíochta seo a leanas:

(a)

i gcás gach institiúid: teimpléad J 01.00 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil;

(b)

i gcás institiúidí móra: teimpléid J 02.00, J 05.00 agus J 08.00 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil;

(c)

i gcás institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad; teimpléid J 03.00 agus J 06.00 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil;

(d)

i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta teimpléid J 04.00 agus J 07.00 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil;

(e)

i gcás institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad agus i gcás institiúidí beaga neamhchasta; teimpléad J 09.00 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn ráithiúil;

(f)

i gcás institiúidí móra: teimpléid J 10.01 agus J 10.02 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn bliantúil;

(g)

i gcás institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad agus i gcás institiúidí beaga neamhchasta; teimpléid J 11.01 agus J 11.02 de roinn 12 d’Iarscríbhinn I ar bhonn bliantúil.

Airteagal 22

Réitigh TF, teimpléid tuairiscithe agus treoracha

1.   Áiritheoidh ÚBE go gcomhlíonfaidh na réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe agus treoracha, arna bhforbairt de bhun Airteagal 430(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán seo i gcónaí agus go n-áireofar iontu na pointí sonraí agus an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Cuirfidh ÚBE na réitigh TF, na teimpléid tuairiscithe agus na treoracha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Coimeádfaidh ÚBE na réitigh TF sin cothrom le dáta agus ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

Airteagal 23

Formáidí malartaithe sonraí agus faisnéis a ghabhann le tíolacthaí

1.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis atá le cur isteach faoin Rialachán seo isteach sna formáidí malartaithe sonraí agus sna huiríll a shonraíonn na húdaráis inniúla, urramóidh siad sainmhíniú pointe sonraí na samhla pointe sonraí agus na foirmlí bailíochtaithe dá dtagraítear sna réitigh TF a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE, agus comhlíonfaidh siad na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)

nuair a chuirfear isteach sonraí, ní áireoidh siad faisnéis nach bhfuil riachtanach nó nach bhfuil infheidhme;

(b)

cuirfidh siad luachanna uimhriúla isteach mar a leanas:

(i)

tuairisceoidh siad pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Airgeadaíoch’ ag gabháil leo trí úsáid a bhaint as beachtas íosta atá coibhéiseach le deich míle aonad;

(ii)

sloinnfidh siad pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Céatadán’ ag gabháil leo in aghaidh an aonaid agus beachtas íosta acu is comhionann agus ceithre dheachúil;

(iii)

ní úsáidfidh siad deachúlacha agus pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Slánuimhir’ ag gabháil leo á dtuairisciú acu agus bainfidh siad úsáid as beachtas is comhionann agus aonaid;

(c)

sainaithneoidh siad institiúidí agus gnóthais árachais trína nAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) amháin;

(d)

sainaithneoidh siad eintitis dhlítheanacha agus contrapháirtithe seachas institiúidí agus gnóthais árachais trína LEI, i gcas ina bhfuil sé ar fáil.

2.   Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas isteach, mar aon leis an bhfaisnéis arna cur isteach:

(a)

an dáta tagartha tuairiscithe agus tréimhse thagartha;

(b)

an t-airgeadra tuairiscithe;

(c)

an caighdeán cuntasaíochta;

(d)

Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide tuairiscithe;

(e)

raon feidhme an chomhdhlúthaithe.

Airteagal 24

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Is é an 30 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí an dáta íocaíochta le haghaidh faisnéis a thuairiscítear ar bhonn ráithiúil a bhaineann leis an dáta tagartha an 31 Márta 2025 agus le haghaidh na faisnéise atá le tuairisciú de bhun Airteagail 5, 7 go 10 agus Airteagal 15 den Rialachán seo.

2.   An chéad dáta tagartha chun faisnéis a thuairisciú maidir le comhdhéanamh an leabhair trádála agus an t-athaicmiú idir leabhair de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo, is é an lá gnó deireanach den ráithe é ina dtiocfaidh na cineálacha cur chuige malartacha a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidlí 1a agus 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na cineálacha cuir chuige mhalartacha chun bheith infheidhme chun na ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (b)(i) agus (c), agus Airteagal 92(5), pointí (b) agus (c), den Rialachán sin a ríomh.

Airteagal 25

Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451

1.   Scoirfidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2025, seachas Airteagal 5(12) agus Iarscríbhinn I, teimpléid 18 go 24, agus Iarscríbhinn II, Cuid II, pointí 5.1 go 5.7. Beidh feidhm i gcónaí ag Airteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 go dtí an 31 Nollaig 2025 chun críocha Airteagal 5(4) den Rialachán seo agus chun na gcríoch sin amháin.

2.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 le héifeacht ón 31 Nollaig 2025.

3.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.’

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/451/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27/06/2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(6)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2034/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i leith luacháil stuama faoi Airteagal 105(14) (IO L 21, 28.1.2016, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/101/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11/09/2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1606/oj).

(9)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (athmhúnlú) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3117/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)