European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3108

9.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3108 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Nollaig 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta (2) agus British Columbia (1), ráigeanna a deimhníodh an 12 Samhain 2024 agus an 14 Samhain 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 18 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Arizona (1), California (14), Illinois (1) agus Utah (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 13 Samhain 2024 agus an 21 Samhain 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(7)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin.

(8)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin a tharla le déanaí.

(9)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

(11)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna CA-2.242, CA-2.243 agus CA-2.244 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.241:

‘CA

Ceanada

CA-2.242

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

12.11.2024

 

CA-2.243

N, P1

 

12.11.2024

 

CA-2.244

N, P1

 

12.11.2024’

 

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.698 go US-2.715 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.697:

‘US

Na Stáit Aontaithe

US-2.698

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

13.11.2024

 

US-2.699

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.700

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.701

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.702

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.703

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.704

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.705

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.706

N, P1

 

14.11.2024

 

US-2.707

N, P1

 

15.11.2024

 

US-2.708

N, P1

 

21.11.2024

 

US-2.709

N, P1

 

19.11.2024

 

US-2.710

N, P1

 

15.11.2024

 

US-2.711

N, P1

 

19.11.2024

 

US-2.712

N, P1

 

19.11.2024

 

US-2.713

N, P1

 

20.11.2024

 

US-2.714

N, P1

 

20.11.2024

 

US-2.715

N, P1

 

21.11.2024’

 

(b)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna CA-2.242, CA-2.243 agus CA-2.244 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.241:

‘Ceanada

CA-2.242

British Columbia- Latitude 49.27, Longitude -121.84

The municipalities involved are:

3km PZ: Agassiz.

10km SZ: Agassiz, Chilliwack, Harrison Hot Springs, Kent, and Rosedale

CA-2.243

Alberta- Latitude 52.83, Longitude -112.75

The municipalities involved are:

3km PZ: Edberg.

10km SZ: Edberg, Ferintosh, and New Norway

CA-2.244

Alberta- Latitude 51.09, Longitude -110.66

The municipalities involved are:

3km PZ: Cappon, Oyen, and Special Area No. 3

10km SZ: Cappon, Oyen, Special Area No. 3, and Sunnydal’

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.698 go US-2.715 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.697:

‘Na Stáit Aontaithe

US-2.698

State of Arizona

Pinal 01

Pinal County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 111.9595682°W 33.0867618°N)

US-2.699

State of California

Kings 05

Kings County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.7193610°W 36.2864830°N)

US-2.700

State of California

Kings 06

Kings County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.7865100°W 36.3621048°N)

US-2.701

State of California

Merced 13

Merced County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.4544931°W 37.5899946°N)

US-2.702

State of California

San Joaquin 05

San Joaquin County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 121.3923372°W 38.2744648°N)

US-2.703

State of California

Fresno 13

Fresno County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.8380794°W 36.5103495°N)

US-2.704

State of California

Fresno 14

Fresno County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.7740086°W 36.5490953°N)

US-2.705

State of California

Fresno 15

Fresno County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.8917084°W 36.5996445°N)

US-2.706

State of California

Fresno 16

Fresno County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.0192288°W 36.6473912°N)

US-2.707

State of Utah

Piute 02

Piute County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 112.2589301°W 38.4920902°N)

US-2.708

State of Utah

Piute 03

Piute County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 112.2612724°W 38.4900599°N)

US-2.709

State of Illinois

Henry 01

Henry County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 90.2753746°W 41.5738110°N)

US-2.710

State of California

Stanislaus 06

Stanislaus County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.7822549°W 37.8688242°N)

US-2.711

State of California

Fresno 17

Fresno County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.8793928°W 36.5467485°N)

US-2.712

State of California

Merced 14

Merced County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.4604603°W 37.5901530°N)

US-2.713

State of California

Marin 02

Marin County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 122.9436599°W 38.3611004°N)

US-2.714

State of California

Kern 02

Kern County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.3829456°W 35.8491741°N)

US-2.715

State of California

Tulare 05

Tulare County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 119.5166852°W 36.5033811°N)’;

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna CA-2.242, CA-2.243 agus CA-2.244 tar éis na rónna le haghaidh chrios CA-2.241:

‘CA

Ceanada

CA-2.242

POU, RAT

N, P1

 

12.11.2024

 

GBM

P1

 

12.11.2024

 

CA-2.243

POU, RAT

N, P1

 

12.11.2024

 

GBM

P1

 

12.11.2024

 

CA-2.244

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024’

 

(b)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.698 go US-2.715 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.697:

‘US

Na Stáit Aontaithe

US-2.698

POU, RAT

N, P1

 

13.11.2024

 

GBM

P1

 

13.11.2024

 

US-2.699

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.700

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.701

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.702

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.703

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.704

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.705

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.706

POU, RAT

N, P1

 

14.11.2024

 

GBM

P1

 

14.11.2024

 

US-2.707

POU, RAT

N, P1

 

15.11.2024

 

GBM

P1

 

15.11.2024

 

US-2.708

POU, RAT

N, P1

 

21.11.2024

 

GBM

P1

 

21.11.2024

 

US-2.709

POU, RAT

N, P1

 

19.11.2024

 

GBM

P1

 

19.11.2024

 

US-2.710

POU, RAT

N, P1

 

15.11.2024

 

GBM

P1

 

15.11.2024

 

US-2.711

POU, RAT

N, P1

 

19.11.2024

 

GBM

P1

 

19.11.2024

 

US-2.712

POU, RAT

N, P1

 

19.11.2024

 

GBM

P1

 

19.11.2024

 

US-2.713

POU, RAT

N, P1

 

20.11.2024

 

GBM

P1

 

20.11.2024

 

US-2.714

POU, RAT

N, P1

 

20.11.2024

 

GBM

P1

 

20.11.2024

 

US-2.715

POU, RAT

N, P1

 

21.11.2024

 

GBM

P1

 

21.11.2024’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3108/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)