European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3100

16.12.2024

TREOIR (AE) 2024/3100 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2024

lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart sábháilteacht loingseoireacht an Aontais agus na saoránach a úsáideann í agus cosaint an chomhshaoil a áirithiú i gcónaí.

(2)

Tá sé tábhachtach dálaí maireachtála agus oibre ar bord na maraithe agus oiliúint agus cáilíochtaí na maraithe a chur san áireamh, i gcomhréir le Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir an tsláinte, an tsábháilteacht, an tslándáil agus an ghné dhaonna agus go bhfuil sé ríthábhachtach aon damáiste a tharlaíonn de dheasca earráid dhaonna a chosc.

(3)

Faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 (UNCLOS) agus na gcoinbhinsiún arb í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) an stór ina leith (‘Coinbhinsiúin IMO’), tá na Stáit atá ina bpáirtithe sna hionstraimí sin freagrach as dlíthe agus rialacháin a ghlacadh agus as gach beart eile a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt do na hionstraimí sin lena áirithiú, ó thaobh shábháilteacht daoine ar muir agus chosaint na muirthimpeallachta de, go bhfuil long oiriúnach don tseirbhís dá bhfuil sí ceaptha.

(4)

Chun éifeachtacht Choinbhinsiúin IMO san Aontas a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit uile na bearta is gá a dhéanamh chun na freagrachtaí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sna coinbhinsiúin sin a chomhlíonadh maidir le longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a gcuid freagrachtaí agus oibleagáidí mar Stáit bhrataí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go comhsheasmhach i gcomhréir le Rún IMO A.1070(28) maidir le Cód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO (‘Cód III’), arna ghlacadh an 4 Nollaig 2013, ina bhfuil na forálacha éigeantacha atá le cur chun feidhme ag Stáit bhrataí. I gcomhréir le hAirteagal 91(1) de UNCLOS, ní mór fíornasc a bheith ann idir soitheach agus a Stát brataí, de réir mar a léirmhínítear é le dlí-eolaíocht idirnáisiúnta a léirítear i ndualgais Stáit brataí.

(5)

Gan dochar do na forálacha a bhaineann le force majeure a leagtar síos i gCoinbhinsiúin IMO, i gcás géarchéimeanna a d’fhéadfadh sláine fhisiciúil an phearsanra atá freagrach as suirbhéanna, cigireachtaí, iniúchtaí agus fíoruithe a dhéanamh a chur i mbaol, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann srianta ar na gníomhaíochtaí sin a thabhairt isteach, agus ag an am céanna ligean do longa leanúint de bheith ag oibriú.

(6)

Tagraíonn na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas ina leaganacha is déanaí do chur i bhfeidhm Chód III: an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, mar a modhnaíodh le Prótacal 1978 a bhaineann leis sin; Prótacal 1997 lena leasaítear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, mar a modhnaíodh le Prótacal 1978 a bhaineann leis sin; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe 1978; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte, 1966, agus Prótacal 1988 a bhaineann leis sin; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, 1969; agus an Coinbhinsiún ar na Rialacháin Idirnáisiúnta chun Imbhualadh ar Muir a Chosc, 1972.

(7)

Tá suirbhéirí Stáit brataí údaraithe ag riaracháin na mBallstát chun suirbhéireacht a dhéanamh ar longa agus iad a dheimhniú. Féadfaidh pearsanra eile cúnamh a thabhairt do na suirbhéirí sin, mar shampla pearsanra a dhéanann cigireacht ar shuiteálacha raidió. Níor cheart, áfach, a áireamh ar an bpearsanra sin teicneoirí a bhfuil baint acu le seirbhísiú fearas tarrthála ná suirbhéirí nach bhfuil baint dhíreach acu le suirbhé ar an loingeas trádála.

(8)

Luaitear i roinn 22 de Chód III gur cheart do Stát brataí gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus eintitis agus daoine atá faoina dhlínse rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar a oibleagáidí idirnáisiúnta. Go háirithe, déantar tagairt i roinn 22.2 do chigireachtaí lena fhíorú go bhfuil bail iarbhír na loinge agus a foireann i gcomhréir leis na deimhnithe a ghabhann léi. Ba cheart do na Ballstáit tréimhsiúlacht na gcigireachtaí sin a bhunú trí chur chuige rioscabhunaithe a úsáid nó trína nósanna imeachta agus treoracha féin a úsáid, lena n-áirítear critéir chainníochtúla nó cháilíochtúla.

(9)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is ar an Stát brataí atá an fhreagracht as tionóiscí muirí a imscrúdú, agus ar leibhéal an Aontais rialáiltear na bunphrionsabail lena rialaítear imscrúdú tionóiscí muirí, mar shampla neamhspleáchas na gcomhlachtaí imscrúdaitheacha sna Ballstáit, le Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do Threoir 2009/18/CE.

(10)

Ba cheart riaracháin na mBallstát a bheith ábalta brath ar acmhainní leordhóthanacha chun a n-oibleagáidí Stáit brataí a chur i gcrích, i gcomhréir le méid agus cineál a gcabhlaigh agus bunaithe ar cheanglais ábhartha IMO. Ina leith sin, ba cheart íoschritéir agus spriocanna cigireachta íosta a bhaineann leis na hacmhainní a bhunú ar bhonn thaithí phraiticiúil na mBallstát, lena n-áirítear úsáid cigirí nach bhfuil fostaithe go heisiach, i gcomhréir le Cód III.

(11)

Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta ábhartha, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do shuirbhéirí Stáit brataí agus cigirí Stáit brataí a oibríonn go heisiach d’údarás inniúil Ballstáit obair eile a dhéanamh, mar shampla gníomhaíochtaí eolaíocha nó acadúla, ar choinníoll nach n-eascraíonn coinbhleachtaí leasa aisti ná nach gcuirtear bac léi ar a neamhspleáchas.

(12)

Ba cheart an t-oideachas, an oiliúint agus an mhaoirseacht is gá a bheith ag suirbhéirí Stáit brataí, cigirí Stáit brataí agus pearsanra eile a chuidíonn le suirbhéanna a dhéanamh chun na cúraimí a údaraítear dóibh a chomhlíonadh a chur i gcrích. Ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), agus i gcomhar leis na Ballstáit, clár oiliúna deonach a fhorbairt chun tacú le riaracháin Stát brataí ina leith sin agus ba cheart dó comhordú agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú. Ba cheart clár oiliúna den sórt sin a choinneáil cothrom le dáta agus oibleagáidí nua nó oibleagáidí breise a eascraíonn as na hionstraimí agus as na Coinbhinsiúin, mar shampla iad siúd a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, gnéithe sóisialta, agus forbairtí ábhartha eile, a chur san áireamh.

(13)

Trí bhunachar sonraí a bhunú agus a fhorbairt lena soláthraítear faisnéis bhunriachtanach i bhformáid leictreonach ar longa a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu agus lena n-áirithítear go bhféadfar deimhnithe leictreonacha a eisiúint, ba cheart go gcuideofaí le malartú feabhsaithe faisnéise idir na Ballstáit. Dá ndéanfaí bunachar sonraí coiteann aonfhoirmeach a fhorbairt chun deimhnithe leictreonacha a eisiúint, lena n-áirítear na huirlisí chun bailíocht na ndeimhnithe sin a sheiceáil, b’fhusa dul chun cinn follasach a dhéanamh leis an digiteáil mhuirí laistigh den Aontas, agus rannchuideofaí leis an dul chun cinn sin. Le bunachar sonraí den sórt sin, thacófaí le riachtanais oibríochtúla a n-úsáideoirí go háirithe na Ballstáit sin nach raibh in ann a gcórais féin a fhorbairt le haghaidh deimhnithe leictreonacha, agus rannchuideofaí leis freisin le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní teoranta atá ar fáil.

(14)

Chun críocha faireacháin agus cigireachta, ba cheart faisnéis bhunriachtanach, mar shampla sonraí na loinge, a húinéir cláraithe agus a deimhnithe, a bheith ar fáil do na húdaráis uile lena mbaineann agus don Choimisiún.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint orthu ag léiriú go bhfuil ionstraimí éigeantacha IMO á gcomhlíonadh acu, mar a cheanglaítear le Rún A.1067(28) maidir leis an gcreat agus na nósanna imeachta le haghaidh Scéim Iniúchóireachta Ballstát IMO, ina leagan cothrom le dáta, a ghlac IMO an 4 Nollaig 2013.

(16)

Chun tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht na long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu agus chun cothroime iomaíochta idir riaracháin na mBallstát a áirithiú, tá gá le deimhniúchán cáilíochta um nósanna imeachta riaracháin, a áirítear sa chóras bainistithe cáilíochta i gcomhréir le ISO nó caighdeáin choibhéiseacha. Ba cheart a chumhdach leis na codanna oibríochtúla de ghníomhaíochtaí an riaracháin ar codanna iad a bhaineann le suirbhéireacht, cigireacht Stáit brataí, iniúchadh, fíorú agus deimhniú atá faoi fhreagracht an Bhallstáit mar Stát brataí, bíodh siad ina gcláir náisiúnta (na chéad chláir) nó ina gcláir idirnáisiúnta (na dara cláir nó cláir thar lear). Thairis sin, ba cheart na gníomhaíochtaí ábhartha uile a shoiléiriú, lena n-áirítear sonraí na bhfreagrachtaí, an údaráis, agus idirchaidreamh an phearsanra, agus modhanna tuairiscithe agus cumarsáide gach pearsanra Stáit brataí a dhéanann suirbhéanna nó cigireachtaí nó a bhfuil baint acu le suirbhéanna nó cigireachtaí, mar aon le pearsanra eile a chuidíonn le cigireachtaí a dhéanamh, nach bhfuil i bhfostaíocht eisiach údarás inniúil an Bhallstáit, agus a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt agus cigireachtaí seachas cigireachtaí reachtúla nó cigireachtaí Stáit brataí á ndéanamh. Ba cheart a áirithiú leis an gcóras bainistithe cáilíochta go ndéantar na cúraimí a shanntar d’eagraíochtaí aitheanta faoi raon feidhme Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i gcomhréir le treoracha an Stáit brataí, agus ba cheart na bearta rialaithe is gá ina leith sin a bheith san áireamh ann. Chun neamhspleáchas an phearsanra lena mbaineann a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa an phearsanra sin a chosc maidir leis an obair atá le déanamh acu.

(17)

I gcomhar leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag tacú le feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre maraithe.

(18)

Ba cheart uirlis tuairiscithe leictreonach a bhunú chun bailiú comhsheasmhach staidrimh ábhartha agus sonraí muirí agus faisnéise ó na Ballstáit a fheabhsú tuilleadh.

(19)

Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme maidir le bunachar sonraí faisnéise loinge. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir/2009/21/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(20)

Ba cheart don Choimisiún fóram a bhunú do shaineolaithe ó na Ballstáit a dhéileálann le cúrsaí a bhaineann leis an Stát brataí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, nuair is gá, chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú go tráthrialta agus chun treoir a fhorbairt maidir le saincheisteanna mar shampla na nósanna imeachta le haghaidh cigireachtaí loinge, acmhainní oiliúna do chigirí, critéir rioscabhunaithe is féidir a úsáid chun éifeachtacht na gcigireachtaí a fheabhsú, forbairt fhéideartha scéime feidhmíochta comhchuibhithe comhchoitinne, critéir chun anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stáit brataí d’fhonn na dea-chleachtais agus aon saincheist eile atá ábhartha do chur chun feidhme Threoir 2009/21/CE a shainaithint.

(21)

Chun ualach riaracháin díréireach a sheachaint agus an Treoir seo á trasuí, féadfaidh na Ballstáit, fad a chomhlíontar na coinníollacha ábhartha, díolúintí áirithe a chur i bhfeidhm. Na Ballstáit nach bhfuil longa acu a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/21/CE, níor cheart é a bheith d’oibleagáid orthu Airteagal 6 de Threoir 2009/21/CE a thrasuí agus a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi longa a chomhroinnt. Na Ballstáit nach bhfuil longa acu a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/21/CE agus a bhfuil a gclár dúnta acu le haghaidh longa den sórt sin, níor cheart é a bheith d’oibleagáid orthu Treoir 2009/21/CE a thrasuí agus a chur chun feidhme.

(22)

Ba cheart do EMSA tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme Threoir 2009/21/CE, go háirithe trí oiliúint ábhartha a chur ar fáil do shuirbhéirí Stáit brataí agus do chigirí Stáit brataí, má iarrann na Ballstáit amhlaidh.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon sábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus truailliú ó longa a chosc, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge nó a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(24)

Ba cheart Treoir 2009/21/CE a leasú, dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/21/CE

Leasaítear Treoir 2009/21/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is é is cuspóir don Treoir seo:

(a)

a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit a bhfreagrachtaí agus a n-oibleagáidí mar Stát brataí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go comhsheasmhach; agus

(b)

sábháilteacht agus dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, agus truailliú a chosc ó longa a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu.’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le riarachán an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, i leith long atá faoi réir deimhniúcháin agus atá i mbun aon chineál turais idirnáisiúnta.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ciallaíonn “long” long nó árthach a bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún amháin nó níos mó ina leith, a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige nó aici, agus a n-éilítear deimhniú ina leith;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

ciallaíonn “iniúchadh IMO” iniúchadh a dhéantar i gcomhréir le forálacha Rún A. 1067(28) maidir leis an gCreat agus na Nósanna Imeachta le haghaidh Scéim Iniúchóireachta Ballstát IMO, ina leagan cothrom le dáta, arna ghlacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO);’

;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(f)

ciallaíonn “Coinbhinsiúin” na coinbhinsiúin, mar aon leis na Prótacail a ghabhann leo agus na leasuithe orthu lena ndéantar úsáid Chód III éigeantach, agus na cóid stádais éigeantaigh a bhaineann leo, ina leaganacha cothrom le dáta;

(g)

ciallaíonn “Cód III” Rún A.1070(28) (Cód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO), arna ghlacadh ag IMO, Cuid 2, cé is moite de mhíreanna 16, 18, 19, 20.3, 21, 29, 30, 31, 32, 34, 38, 39, 40 agus 41 den Chuid sin, ina leagan cothrom le dáta;

(h)

ciallaíonn “suirbhéir Stáit brataí” fostaí de chuid na hearnála poiblí, a oibríonn go heisiach d’údarás inniúil Ballstáit agus a bhfuil údaraithe go cuí ag údarás inniúil Ballstáit, atá freagrach as suirbhéanna, fíoruithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar longa agus ar chuideachtaí a chumhdaítear leis na hionstraimí idirnáisiúnta éigeantacha ábhartha agus a chomhlíonann an ceanglas maidir le neamhspleáchas a leagtar síos in Airteagal 8(1);

(i)

ciallaíonn “cigire Stáit brataí”:

(i)

fostaí de chuid na hearnála poiblí, a oibríonn go heisiach d’údarás inniúil Ballstáit agus údaraithe go cuí ag údarás inniúil Ballstáit; nó

(ii)

duine nach bhfuil fostaithe go heisiach agus údaraithe go cuí ag údarás inniúil Ballstáit, ar bhonn ad hoc, nó i staid chonarthach le húdarás inniúil an Bhallstáit,

a fhéadfaidh cigireachtaí Stáit brataí a dhéanamh agus a chomhlíonann na ceanglais maidir le cáilíocht agus neamhspleáchas a leagtar síos in Airteagal 8(1);

(j)

ciallaíonn “pearsanra eile a chuidíonn le suirbhéanna a dhéanamh” daoine a bhfuil údaraithe go cuí ag riarachán Ballstáit nó ag eagraíocht aitheanta atá ag gníomhú thar a cheann, agus a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do shuirbhéirí Stáit brataí agus suirbhéanna á ndéanamh acu, mar a shonraíonn an riarachán, agus a chomhlíonann na ceanglais chumarsáide, cháilíochta agus neamhspleáchais a leagtar síos in Airteagal 8(1);

(k)

ciallaíonn “cigireacht Stáit brataí” cigireacht nach mbeidh deimhniúchán mar thoradh uirthi, arna déanamh lena fhíorú go bhfuil bail iarbhír na loinge agus a foireann i gcomhréir leis na deimhnithe a iompraítear uirthi.’

;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Sula gceadófar long a oibriú ar deonaíodh an ceart di a bratach a chur ar foluain, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcomhlíonfaidh an long i dtrácht na rialacha agus na rialacháin idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear caighdeáin sábháilteachta, shóisialta agus chomhshaoil. Féadfaidh eagraíocht aitheanta, ag gníomhú di thar ceann an Bhallstáit, bearta a dhéanamh nuair atá sí údaraithe go cuí ag an údarás inniúil é sin a dhéanamh. Go háirithe, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann nó an eagraíocht aitheanta atá ag gníomhú thar a cheann, de réir mar is infheidhme, taifid sábháilteachta na loinge agus úsáid á baint aige nó aici, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, as na tuarascálacha cigireachta Stáit brataí agus na deimhnithe atá ina bhunachar sonraí féin nó, do na Ballstáit a roghnaigh an bunachar sonraí faisnéise loinge dá dtagraítear in Airteagal 6a a úsáid, sa bhunachar sonraí sin. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle, más gá, leis an Stát brataí caillteach chun a shuí an bhfuil aon easnaimh nó saincheisteanna sábháilteachta arna sainaithint ag an Stát sin fós gan réiteach.’

;

(5)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

Sábháilteacht long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu

1.   Maidir le loingseoireacht idirnáisiúnta, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ina n-iomláine na forálacha éigeantacha a bhaineann leis an Stát brataí a leagtar síos sna Coinbhinsiúin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos iontu, agus i ndáil leis na longa dá dtagraítear iontu.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh longa atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain rialacha, rialacháin agus caighdeáin idirnáisiúnta faoi na Coinbhinsiúin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhféadfaidh suirbhéir atá fostaithe ag eagraíocht aitheanta na cúraimí céanna a dhéanamh a bheadh ar shuirbhéirí Stáit brataí nuair a údaraíonn údarás inniúil an Bhallstáit é sin a dhéanamh; agus

(b)

cigireachtaí Stáit brataí a dhéanamh chun a fhíorú go bhfuil bail iarbhír na loinge i gcomhréir leis na deimhnithe a iompraíonn sí.

Féadfar na cigireachtaí Stáit brataí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cur chuige rioscabhunaithe, ar a ndéanfar na critéir seo a leanas a áireamh:

(i)

taifid ar easnaimh agus neamh-chomhréireachtaí ó shuirbhéanna reachtúla, iniúchtaí agus fíoruithe arna ndéanamh ag an Stát brataí;

(ii)

tuarascálacha ábhartha maidir le himscrúduithe ar thionóiscí;

(iii)

longa a cuireadh faoi choinneáil nó fógraí um thoirmeasc oibríochta arna n-eisiúint ag údarás um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt;

(iv)

sárú ar chóimheas easnaimh maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt arna bhunú ag gach Ballstát;

(v)

taifid ar easnaimh ó chigireachtaí Stáit brataí arna ndéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta de réir mar a mheasann gach Ballstát a bheith iomchuí;

(vi)

faisnéis ábhartha eile a mheasann an Ballstát a bheith riachtanach.

Áiritheoidh na Ballstáit a úsáideann cur chuige rioscabhunaithe go ndéanfar cigireacht uair amháin ar a laghad gach 5 bliana ar longa nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith chun an rátáil riosca a ríomh.

Na Ballstáit nach n-úsáideann cur chuige rioscabhunaithe, déanfaidh siad cigireachtaí Stáit brataí trí úsáid a bhaint as a nósanna imeachta, treoracha agus faisnéis ábhartha féin i gcomhréir le Cód III. Áiritheoidh siad go ndéanfar cigireacht ar gach long uair amháin ar a laghad gach 5 bliana.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceartófar aon easnaimh a éilíonn bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear ábhair imní sábháilteachta, shóisialta agus chomhshaoil, a dheimhnítear nó a nochtar trí chigireacht Stáit brataí arna déanamh i gcomhréir le mír 2 pointe (b) laistigh de thréimhse ama iomchuí, atá le cinneadh ag an Stát brataí.

4.   I ndiaidh aon chigireacht Stáit brataí a chríochnú, déanfaidh an cigire Stáit brataí tuarascáil a tharraingt suas lena leagtar amach a torthaí.

Airteagal 4b

Ceanglais maidir le sábháilteacht agus truailliú a chosc

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh acmhainní, atá iomchuí don mhéid agus chineál a chabhlaigh agus maidir le cur chun feidhme na bpróiseas agus na nósanna imeachta, chomh maith leis na hacmhainní riaracháin is gá, go háirithe, chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 4a agus i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo atá ar fáil dá riarachán, a chomhlíonadh.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí suirbhéirí Stáit brataí, cigirí Stáit brataí agus pearsanra eile a chuidíonn le suirbhéanna a dhéanamh, agus ar eagraíochtaí aitheanta.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar athbhreithniú dearaidh agus cumas cinnteoireachta teicniúla de réir mhéid agus chineál a chabhlaigh a fhorbairt nó a choinneáil ar bun.

Airteagal 4c

Oiliúint agus fothú acmhainneachta

1.   An pearsanra atá freagrach as suirbhéanna, cigireachtaí Stáit brataí, iniúchtaí agus fíoruithe ar longa agus ar chuideachtaí nó a dhéanann iad, cuirfear oiliúint orthu atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha a dhéantar.

2.   Féadfaidh na Ballstáit scéim fothaithe acmhainneachta a fhorbairt dá gcigirí Stáit brataí agus dá suirbhéirí Stáit brataí agus í a choimeád cothrom le dáta, agus oibleagáidí nua nó oibleagáidí breise a eascraíonn as na Coinbhinsiúin á gcur san áireamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus i gcomhar leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar iarrataí na mBallstát ar thacaíocht, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a eagrú do chigirí Stáit brataí agus suirbhéirí Stáit brataí.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1)’;"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici a choinneáil

1.   Nuair a chuirtear in iúl don lucht riaracháin go bhfuil long a bhfuil bratach an Bhallstáit lena mbaineann ar foluain aici á coinneáil ag Stát an chalafoirt, déanfaidh sé formhaoirseacht, de réir na nósanna imeachta atá bunaithe aige chuige sin, ar an long a thabhairt i gcomhréir le Coinbhinsiúin ábhartha IMO.

2.   Déanfaidh na Ballstáit clár rialaithe agus faireacháin iomchuí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun freagairt thráthúil a thabhairt ar na cásanna dá dtagraítear i mír 1.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Faisnéis leictreonach agus malartú leictreonach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu a chur ar fáil i bhformáid leictreonach ina leagan cothrom le dáta faoin 6 Eanáir 2031 ar a dhéanaí:

(a)

deimhnithe reachtúla (iomlán nó eatramhach) lena n-áirítear dátaí suirbhéanna, suirbhéanna breise agus forlíontacha, más ann dóibh, agus iniúchtaí;

(b)

sainaithint long a scoir de bhratach an Bhallstáit lena mbaineann a bheith ar foluain acu le linn an 12 mhí roimhe sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach idir-inoibritheach a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta lena soláthrófar pointe rochtana aonair le haghaidh na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus lena gceadófar do chigirí an Stáit brataí agus do chigirí Stáit brataí agus do chigirí Stáit calafoirt sna Ballstáit rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus a ndualgas á gcomhlíonadh acu.

Cuirfidh an Coimisiún an tairseach sin ar fáil go leictreonach agus saor in aisce do na Ballstáit.

Ní bheidh sonraí pearsanta ná faisnéis rúnda sa tairseach sin.

Áiritheoidh an Coimisiún idir-inoibritheacht na tairsí sin leis an mbunachar sonraí faisnéise loinge dá dtagraítear in Airteagal 6a.

Bunófar an tairseach sin faoin 6 Eanáir 2028 ar a dhéanaí.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos feidhmiú teicniúil na tairsí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’

;

(8)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Bunachar sonraí faisnéise loinge

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí faisnéise loinge a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 agus ina gcuirfear seirbhísí ar fáil do na Ballstáit maidir le deimhnithe leictreonacha a eisiúint agus a rialú. Bunófar an bunachar sonraí faisnéise loinge sin faoin 6 Eanáir 2030. Féadfaidh na Ballstáit nascadh leis an mbunachar sonraí sin. Is ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a fhéadfar an bunachar sonraí sin a bhunú agus féadfar feidhmiúlachtaí a bheith aige atá comhchosúil le feidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí úd.

2.   Gan dochar do cheanglais náisiúnta maidir le cosaint sonraí, féadfaidh na Ballstáit a roghnaíonn bunachar sonraí faisnéise loinge a úsáid an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a bhaineann le cigireachtaí Stáit brataí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le heasnaimh agus deimhnithe, a aistriú chuig an mbunachar sonraí faisnéise loinge; agus

(b)

an bunachar sonraí sin a úsáid chun deimhnithe leictreonacha dá longa a eisiúint, a shíniú, a fhormhuiniú, a shíneadh agus a tharraingt siar.

Áiritheoidh na Ballstáit sin go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhoiriúnach do cheanglais an bhunachair sonraí sin agus idir-inoibritheach.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún leis an mbunachar sonraí faisnéise loinge go mbeifear in ann sonraí ábhartha maidir le cur chun feidhme na Treorach seo a aisghabháil ar bhonn na sonraí cigireachta a sholáthraíonn na Ballstáit.

4.   Beidh rochtain ag na Ballstáit a roghnaigh úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí ar an bhfaisnéis uile arna taifeadadh sa bhunachar sonraí faisnéise loinge dá dtagraítear i mír 2 pointe (a) den Airteagal seo agus sa chóras cigireachta dá bhforáiltear i dTreoir 2009/16/CE. Ní chuirfidh aon chuid den Treoir seo cosc ar an bhfaisnéis sin a roinnt idir údaráis inniúla ábhartha, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, leis an gCoimisiún, nó le EMSA.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos feidhmiú teicniúil an bhunachair sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo, lena n-áirítear coinníollacha maidir le rochtain ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(*2)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú arna dhéanamh ag Stáit an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).’;"

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh ag na Ballstáit agus ar a bhfeidhmíocht

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le haghaidh iniúchadh IMO ar a riarachán i gcomhréir leis an timthriall a glacadh in IMO. Foilseoidh na Ballstáit toradh an iniúchta freisin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le rúndacht.

2.   Chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán chomhlíonadh dhualgais dhlíthiúla na riarachán ag na Stáit brataí de bhun na Treorach seo, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá agus cuairteanna á dtabhairt aige ar na Ballstáit.’

;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Córas bainistithe cáilíochta agus meastóireacht inmheánach

‘1.   Déanfaidh gach Ballstát córas bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcumhdófar codanna oibríochtúla ghníomhaíochtaí a riaracháin a bhaineann le Stát brataí. Déanfar córas bainistithe cáilíochta mar sin a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta is infheidhme amhail ISO 9001.

Áireofar sa chóras bainistithe cáilíochta sonraí na bhfreagrachtaí, an údaráis agus idirchaidreamh an phearsanra a dhéanann suirbhéanna, cigireachtaí, iniúchtaí agus fíoruithe agus phearsanra an Stáit brataí a bhainistíonn, a dhéanann agus a fhíoraíonn obair a bhaineann le hoibleagáidí an Stáit brataí agus a dhéanann difear dóibh. Déanfar na freagrachtaí sin a dhoiciméadú, agus sonrófar cineál agus raon na hoibre cigireachta a fhéadfaidh cigirí Stáit brataí nach bhfuil fostaithe go heisiach a dhéanamh freisin, agus conas a dhéanfaidh an pearsanra sin cumarsáid agus tuairisciú. Léireofar sa chóras bainistithe cáilíochta na cúraimí is féidir le pearsanra eile a chuidíonn le suirbhéanna a dhéanamh, a chur i gcrích.

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh oideachas, oiliúint agus maoirseacht ar chigirí an Stáit brataí nach bhfuil fostaithe go heisiach, agus ar phearsanra eile a chuidíonn le suirbhéanna a dhéanamh, a bheidh i gcomhréir leis na cúraimí atá siad údaraithe a dhéanamh, agus go mbeidh siad in ann treoracha, nósanna imeachta agus critéir an Stáit brataí a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa an phearsanra uile a dhéanann suirbhéanna, cigireachtaí, iniúchtaí agus fíoruithe, a chosc agus maidir le neamhspleáchas i ndáil leis an obair atá le déanamh.

Faoin 6 Eanáir 2028, cumhdóidh an córas bainistithe cáilíochta na gnéithe dá dtagraítear sa mhír seo.

2.   Na Ballstáit atá ar an liosta ísealfheidhmíochta nó a bheidh le feiceáil, 2 bhliain as a chéile, ar an liosta meánfheidhmíochta mar a fhoilsítear sa tuarascáil bhliantúil is déanaí de Mheabhrán Comhthuisceana um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (“Meabhrán Comhthuisceana Pháras”), cuirfidh siad tuarascáil ar fáil don Choimisiún maidir lena bhfeidhmíocht Stáit brataí tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis fhoilsiú thuarascáil Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.

Sainaithneofar agus déanfar anailís sa tuarascáil ar na príomhchúiseanna a bhí leis an gcoinneáil agus ar na heasnaimh a raibh stádas ísealfheidhmíochta nó meánfheidhmíochta mar thoradh orthu.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Tuarascálacha agus Athbhreithniú

Gach 5 bliana, agus den chéad uair faoin 6 Eanáir 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.’

;

(12)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9a

Dea-chleachtais agus taithí a mhalartú

Eagróidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas agus taithí a eagrú idir lucht riaracháin na mBallstát agus saineolaithe Stáit brataí agus cigirí Stáit brataí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, páirtithe leasmhara ábhartha eile, chun an Treoir seo a chur chun feidhme.

Féachfaidh riaracháin na mBallstát agus saineolaithe Stáit brataí agus cigirí Stáit brataí, i gcomhar leis an gCoimisiún, leis an bhféidearthacht treoir a fhorbairt maidir le gnéithe mar shampla an mhodheolaíocht chun cigireachtaí Stáit brataí a dhéanamh, ábhar agus formáid an tuairiscithe nó an fothú acmhainneachta.

Airteagal 9b

Faisnéis agus sonraí

Bunóidh an Coimisiún uirlis tuairiscithe leictreonach chun faisnéis agus sonraí a bhailiú ó na Ballstáit faoin Treoir seo.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas uair sa bhliain maidir le líon na gcigireachtaí Stáit brataí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4a, agus sonróidh siad, i gcás gach cigireachta Stáit brataí, uimhir IMO na loinge, an dáta agus an áit.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002, cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin (*3).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;"

(14)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Leasuithe ar na Coinbhinsiúin agus ar Chód III

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar na Coinbhinsiúin agus ar Chód III a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, i gcomhréir leis an nós imeachta seiceála comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002.’

;

(15)

in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1,

(a)

tá na Ballstáit nach bhfuil longa acu a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo maolú ón oibleagáid Airteagal 6 den Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme fad a chomhlíonfar an coinníoll sin;

(b)

tá na Ballstáit nach bhfuil longa acu a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus a bhfuil a gclár dúnta acu le haghaidh long den sórt sin, maolú ón oibleagáid an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme fad a chomhlíonfar an coinníoll sin.

Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige leas a bhaint as ceann de na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin 6 Iúil 2027. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit sin a cheadú do longa a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a mbratach a chur ar foluain ná na longa sin a chlárú ina gclárlann náisiúnta go dtí go mbeidh an Treoir seo trasuite ina hiomláine agus curtha chun feidhme acu.’.

Airteagal 2

Trasuí

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 6 Iúil 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C, C/2023/877, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/877/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (IO …)/(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2024.

(3)  Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na Stát brataí maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45).

(5)  Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114).

(6)  Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas stát brataí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3100/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)