|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3097 |
6.12.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/3097 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Nollaig 2024
mar thaca leis an gclár cuimsitheach chun tacú le hiarrachtaí gáinneáil aindleathach Mionarm agus Armán éadrom agus Gnáth-Armlóin a chosc agus a chomhrac in Oirdheisceart na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le blianta fada anuas, tá rioscaí agus dúshláin shuntasacha a bhaineann le carnadh díchobhsaitheach agus leathadh neamhrialaithe mionarm agus armán éadrom (SALW) aindleathach agus gnáth-armlóin aindleathaigh ag bagairt ar stáit in Oirdheisceart na hEorpa. Tá impleachtaí diúltacha níos leithne ag na rioscaí sin don Eoraip ina hiomláine agus níos faide i gcéin. |
|
(2) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionarm agus armán éadrom aindleathach mar aon lena n-armlón, dar teideal ‘Securing Arms, Protecting Citizens’ [Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint] (‘Straitéis SALW AE’). |
|
(3) |
Ar an leibhéal réigiúnach, le Straitéis SALW AE, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus a Bhallstáit cúnamh a thabhairt chun cumais forfheidhmithe dlí a neartú chun líonraí gáinneála a shainaithint, cur isteach orthu agus iad a thoirmeasc agus chun cosc a chur ar sceimhlitheoirí agus coirpigh airm thine a fháil ar an margadh aindleathach. |
|
(4) |
Mar a leagtar amach sa doiciméad deiridh ón gceathrú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chláir gníomhaíochta chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú, a tionóladh i mí an Mheithimh 2024, ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe mar chúram orthu féin comhpháirtíochtaí agus comhar a neartú, de réir mar is iomchuí, ar gach leibhéal chun trádáil aindleathach i SALW a chosc agus a chomhrac. |
|
(5) |
In 2000, gheall Stáit rannpháirteacha san Eagraíocht um Shlándáil agus Rannpháirtíocht san Eoraip (ESCE) go ndéanfaidís gach gné de gháinneáil aindleathach SALW a chomhrac. In 2020, rinne ESCE nuashonrú ar an Treoir Dea-Chleachtais uaithi maidir le Mionairm agus Airm Éadroma a Dhíghníomhachtú, agus aitheantas á thabhairt aici do ghnéithe tábhachtacha maidir le díghníomhachtú nó scriosadh do-aisiompaithe SALW a áirithiú, bunaithe ar thoradh an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun Athbhreithniú a dhéanamh ar an Dul Chun Cinn. |
|
(6) |
Leis an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCinneadh seo, cuirfear san áireamh tionscnaimh réigiúnacha eile, go háirithe Treochlár na mBalcán Thiar, an obair atá déanta ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP)/ Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) agus gníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh in Oirdheisceart na hEorpa a bhaineann le rialú arm agus gáinneáil aindleathach arm. |
|
(7) |
Thacaigh an tAontas roimhe seo le gníomhaíochtaí ESCE maidir le SALW trí bhíthin Chinntí 2012/662/CBES (1), (CBES) 2017/1424 (2) agus (CBES) 2019/2009 (3) ón gComhairle. |
|
(8) |
Thacaigh Cinneadh (CBES) 2021/2133 ón gComhairle (4) le céim I de thionscadal lena dtacaítear le clár cuimsitheach chun tacú le hiarrachtaí chun gáinneáil aindleathach SALW agus gnáth-armlóin in Oirdheisceart na hEorpa a chosc agus a chomhrac. Is iomchuí tacú le céim II den tionscadal sin anois, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón (SALW AE) a chur chun feidhme, is é is aidhm don Chinneadh seo na rioscaí a bhaineann le gáinneáil aindleathach agus leathadh neamhrialaithe Mionarm agus Armán Éadrom (SALW) in, chuig nó as Oirdheisceart na hEorpa a laghdú, ar rioscaí iad lena mbaintear an bonn den tsábháilteacht agus den tslándáil trí chur isteach ar chothú inbhuanaithe na síochána agus ar an bhforbairt shocheacnamaíoch, trí rannchuidiú le díscaoileadh an smachta reachta, trí ghríosú na sceimhlitheoireachta agus an fhoréigin choiriúil nó trí thús a chur an athuair le coinbhleacht.
2. Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí inter alia sna réimsí tosaíochta seo a leanas:
|
(a) |
trí cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine an riosca a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW a laghdú; |
|
(b) |
trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW agus a n-armlóin sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin; |
|
(c) |
trí tacú le hacmhainneacht K-9 phóilíní na Cosaive (*1) a neartú chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath agus a choigistiú; |
|
(d) |
trí cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh an riosca a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW a laghdú; |
|
(e) |
trí acmhainneachtaí Aireacht Gnóthaí Baile Mhontainéagró a neartú chun gáinneáil aindleathach agus mí-úsáid SALW, armlóin agus pléascán a laghdú, a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí; |
|
(f) |
trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhaineann le seilbh aindleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW agus a n-armlóin sa tSeirbia; |
|
(g) |
trí gníomhaíocht ESCE a neartú i gcoinne leathadh aindleathach gnáth-armlóin agus stoc-chairn gnáth-armlóin – Céim 3. |
3. Is iad na húdaráis in Oirdheisceart na hEorpa a bhfuil sainordú acu agus atá freagrach as gáinneáil aindleathach ar SALW agus gnáth-armlóin a chosc agus a chomhrac a bheidh mar thairbhithe ag an tionscadal a leagtar amach san Iarscríbhinn (‘an tionscadal’).
4. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Rúnaíocht ESCE a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail.
3. Déanfaidh Rúnaíocht ESCE a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le Rúnaíocht ESCE.
Airteagal 3
1. Is é EUR 3 763 170 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú airgeadais is gá i gcrích le Rúnaíocht ESCE. Sonrófar sa chomhaontú airgeadais go n-áiritheoidh Rúnaíocht ESCE infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú airgeadais i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag Rúnaíocht ESCE. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura dtabharfar aon chomhaontú i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
CSEPREGHY N.
(1) Cinneadh 2012/662/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 mar thaca le gníomhaíochtaí chun an riosca a laghdú maidir le trádáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus armán éadrom sa réigiún a chumhdaítear leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) (IO L 297, 26.10.2012, lch. 29).
(2) Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 mar thaca le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a laghdú maidir le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus sa tSeoirsia (IO L 204, 5.8.2017, lch. 82).
(3) Cinneadh (CBES) 2019/2009 ón gComhairle an 2 Nollaig 2019 mar thaca le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE (IO L 312, 3.12.2019, lch. 42).
(4) Cinneadh (CBES) 2021/2133 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 mar thaca leis an gclár cuimsitheach chun tacú le hiarrachtaí gáinneáil aindleathach Mionarm agus Armán Éadrom (SALW) agus Gnáth-Armlóin (CA) a chosc agus a chomhrac in Oirdheisceart na hEorpa (IO L 432, 3.12.2021, lch. 36).
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3097/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)