European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3060

19.12.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 202/2024

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3060]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1398 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh breise a chur le fad an chláir oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha bithicídeacha uile atá ann cheana (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12n (Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32024 R 1398: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1398 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 (IO L 2024/1398, 22.5.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1398 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L 2024/1398, 22.5.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1398/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3060/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)