|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3036 |
19.12.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 225/2024
an 23 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3036]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 18qe (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32020 R 2175: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 20).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 433, 22.12.2020, lch. 20.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3036/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)