European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3032

19.12.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 228/2024

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2024/3032]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1216 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2024 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1228 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Ruster Ausbruch’ (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le fíon a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le fíon, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa seachtú mír de réamhrá Phrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 8zj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/698 ón gCoimisiún) d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘8zk.

32024 R 1216: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1216 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2024 lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) (IO L, 2024/1216, 29.4.2024).

8zl.

32024 R 1228: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1228 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Ruster Ausbruch’ (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) (IO L, 2024/1228, 30.4.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1216 agus (AE) 2024/1228 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L, 2024/1216, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1216/oj.

(2)   IO L, 2024/1228, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1228/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3032/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)