|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3030 |
9.12.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE (Euratom) 2024/3030
an 2 Nollaig 2024
lena bhformheastar an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 101, an dara mír de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug na Comhphobail Eorpacha an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’) agus a Phrótacal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (‘PEEREA’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 98/181/CE, ECSC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig siad i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998. |
|
(2) |
Le hAirteagal 49 ECT agus in Airteagal 21 PEEREA, ainmnítear Rialtas Phoblacht na Portaingéile mar thaiscí ECT agus PEEREA. An 1 Feabhra 2024, thug Poblacht na Portaingéile fógra go raibh sé beartaithe aige tarraingt siar as ECT agus PEEREA. Maidir leis sin, scoirfidh Rialtas Phoblacht na Portaingéile scor dá fheidhm mar thaiscí a chomhlíonadh. Gabhfaidh éifeacht le haistarraingt Phoblacht na Portaingéile ó ECT agus PEEREA an 2 Feabhra 2025. |
|
(3) |
Tá gá le leasú ar Airteagal 49 ECT agus Airteagal 21 PEEREA chun taiscí nua a ainmniú le haghaidh ECT agus PEEREA. Chomhaontaigh Páirtithe Conarthacha ECT (‘Páirtithe Conarthacha’) sa chaibidlíocht an leasú sin a chur le téacs nuachóirithe ECT, d’fhonn Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) a ainmniú mar thaiscí nua. Ina dhiaidh sin, chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha PEEREA a leasú sa bhealach céanna. Chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha freisin tuiscint nua i ndáil le hAirteagal 49 ECT agus Airteagal 21 PEEREA a mholadh lena formheas ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh maidir le róil na Rúnaíochta mar thaiscí. Thairis sin, ós rud é nach gcuirfidh gach Páirtí Conarthach ECT na nuachóirithe i bhfeidhm go sealadach tar éis a ghlactha, chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha cinneadh a mholadh lena fhormheas ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, dhá chinneadh lena n-ainmneofar an Rúnaíocht mar thaiscí eatramhach ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh, go dtí go dtiocfaidh na leasuithe ar ECT agus PEEREA i bhfeidhm. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 34 ECT, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar ECT, lena n-áirítear a Phrótacail. De bhun Airteagal 12 PEEREA, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar PEEREA |
|
(5) |
Tá an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh chun na gníomhartha atá beartaithe a ghlacadh ag an gcruinniú a bheidh aici an 3 Nollaig 2024 i ndáil le ECT agus trí chomhfhreagras i ndáil le PEEREA , a seoladh an 6 Samhain 2024 agus spriocdháta an 30 Eanáir 2025 ag gabháil leis. Maidir leis na gníomhartha atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, beidh siad ina gceangal ar Euratom. |
|
(6) |
Is iomchuí do Euratom gan a vóta a fheidhmiú ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus í ag vótáil ar na leasuithe atá beartaithe ar an ECT agus PEEREA, chomh maith leis na tuiscintí agus cinntí atá beartaithe. Is iomchuí dó freisin an seasamh a leagan síos atá le glacadh ag na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht Euratom. Tá an seasamh sin gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir Euratom agus na Ballstáit. Leis an seasamh sin, comhlánaítear an seasamh a leagtar síos i gCinneadh (Euratom) 2024/1645 ón gComhairle (2). |
|
(7) |
Ba cheart do na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad, a bheidh i láthair ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh nó a dhéanann vótáil trí chomhfhreagras, seasamh a ghlacadh nach gcuireann cosc ar ghlacadh ná formheas na leasuithe, tuiscintí agus cinntí atá beartaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Chonradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’), ní fheidhmeoidh Euratom a cheart vótála sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus í ag vótáil ar na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 49 ECT agus Airteagal 21 de Phrótacal ECT maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (‘PEEREA’), agus ar na tuiscintí atá beartaithe i ndáil leo, agus ar na cinntí maidir le taiscí a ainmniú faoi Airteagal 49 ECT agus Airteagal 21 PEEREA, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
2. Maidir leis na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha ECT iad, feidhmeoidh siad a vóta, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an 3 Nollaig 2024, i gcás ina bhfuil siad i láthair, nó trí chomhfhreagras, ag brath ar an gcás, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
gan cosc a chur ar Comhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh na leasuithe atá beartaithe ar an Airteagal 49 ECT(CC 760 REV2) a ghlacadh, atá i gceangal leis an gCinneadh seo; |
|
(b) |
gan cosc a chur ar fhormheas na tuisceana i ndáil le hAirteagal 49 ECT maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (CC 762 REV2), atá i gceangal leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
gan cosc a chur ar fhormheas cinnidh maidir le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar thaiscí faoi Airteagal 49 ECT le héifeacht ón 2 Feabhra 2025 (CC 814), atá i gceangal leis an gCinneadh seo. |
|
(d) |
gan cosc a chur ar ghlacadh an leasaithe atá beartaithe ar Airteagal 21 PEEREA, ar fhormheas na tuisceana gaolmhaire i ndáil lehAirteagal 21 PEEREA ná ar fhormheas an chinnidh maidir le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar thaiscí faoi Airteagal 21 PEEREA le héifeacht ón 2 Feabhra 2025 (CC 823), atá i gceangal leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY M.
(1) Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/181/oj).
(2) Cinneadh (Euratom) 2024/1645 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh (IO L, 2024/1645, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1645/oj).
IARSCRÍBHINN
1.
Leasú atá beartaithe ar Airteagal 49 ECT, a áirítear sna leasuithe atá beartaithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh (doiciméad CC 760 REV2), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh é an 3 Meán Fómhair 2024‘Airteagal 49
Taiscí
Is í é Rialtas Phoblacht na Portaingéile an RúnaíochtTaiscí an Chonartha seo. (1)’
1.
Tuiscint nua atá beartaithe i ndáil le hAirteagal 49 maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh, a áirítear sna hathruithe atá beartaithe ar Thuiscintí, Dearbhuithe agus Cinneadh (doiciméad CC 762 REV2), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh iad an 3 Meán Fómhair 2024‘
|
Tuiscint 16 i ndáil le hAirteagal 49 in ECT bunaidh |
Tuiscint 18 i ndáil le hAirteagal 49 in ECT bunaidh arna leasú in 1998 |
|
Ciallóidh an “Rúnaíocht” in Airteagal 49 “Rúnaíocht” mar a shainmhínítear in Airteagal 35. D’fhonn amhras a sheachaint, ciallóidh gach tagairt don “Taiscí” sa Chonradh seo an “Rúnaíocht” mar a shainmhínítear in Airteagal 35 i gcáil an Taiscí. |
|
’.
3.
Cinneadh atá beartaithe ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar Thaiscí faoi Airteagal 49 den Chonradh um Chairt Fuinnimh (doiciméad CC 814), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh é an 3 Meán Fómhair 2024‘An 35ú Cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
An 3 Nollaig 2024
Rúnaíocht na cairte fuinnimh A AINMNIÚ mar THAISCÍ FAOI AIRTEAGAL 49 den Chonradh um CHAIRT FUINNIMH
Tá na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh (ECT)
Ag tabhairt dá n-aire aistarraingt Phoblacht na Portaingéile mar Pháirtí Conarthach in ECT le héifeacht an 2 Feabhra 2025,
Ag féachaint don fhógra ó Phoblacht na Portaingéile an 7 Márta 2024 nach gcomhlíonfadh Rialtas Phoblacht na Portaingéile feidhmeanna an Taiscí a thuilleadh faoi Airteagal 49 ECT tar éis dá haistarraingt teacht i bhfeidhm,
Á mheabhrú dóibh an leasú ar Airteagal 49 lena n-ainmnítear Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (an Rúnaíocht) mar Thaiscí ECT arna ghlacadh ag an 35ú Comhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh [CC 814],
Tar éis comhaontú mar a leanas:
|
1. |
Go dtí go dtiocfaidh na leasuithe ar ECT a glacadh an 3 Nollaig 2024 i bhfeidhm d'aon Pháirtí Conarthach, déanfaidh an Rúnaíocht feidhmeanna Thaiscí ECT ar bhonn eatramhach do gach Páirtí Conarthach mar sin ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh. |
|
2. |
Déanfaidh an Rúnaíocht gach beart is gá chun aistriú na bhfeidhmeanna Taiscí ó Rialtas Phoblacht na Portaingéile a áirithiú agus glacfaidh sí na feidhmeanna sin ar bhonn eatramhach de bhun fhomhír (1) an 2 Feabhra 2025.’ |
4.
Leasú atá beartaithe ar Airteagal 21 PEEREA (doiciméad CC 823), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh é an 6 Samhain 2024‘LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL UM CHAIRT FUINNIMH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH AGUS GNÉITHE GAOLMHARA COMHSHAOIL
Á thabhairt dá n-aire gur tharraing Poblacht na Portaingéile siar mar Pháirtí Conarthach sa Chonradh um Chairt Fuinnimh agus sa Phrótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil, a tháinig i bhfeidhm an 2 Feabhra 2025,
Ag féachaint don fhógra ó Phoblacht na Portaingéile an 7 Márta 2024 nach gcomhlíonfadh Rialtas Phoblacht na Portaingéile feidhmeanna an Taiscí a thuilleadh faoi Airteagal 49 den Chonradh um Chairt Fuinnimh tar éis dá haistarraingt teacht i bhfeidhm,
Tar éis comhaontú mar a leanas:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear an Prótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil , mar atá in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Gníomh Deiridh na Comhdhála maidir leis an gCairt Eorpach Fuinnimh, mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear Airteagal 21 den Phrótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil mar a leanas: cuirtear “An Rúnaíocht” in ionad “Rialtas Phoblacht na Portaingéile”. |
|
2. |
Leasaítear Airteagal 22 den Phrótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil mar a leanas: scriostar “Iodáilis”. |
Airteagal 2
Tuiscintí
Tá na Páirtithe Conarthacha sa Phrótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil ag glacadh na tuisceana seo a leanas i ndáil le hAirteagal 21:
“Ciallóidh an ‘Rúnaíocht’ in Airteagal 21 den Phrótacal seo an Rúnaíocht arna bunú faoi Airteagal 35 den Chonradh um Chairt Fuinnimh. Chun amhras a sheachaint, ciallóidh gach tagairt don ‘Taiscí’ sa Phrótacal seo an ‘Rúnaíocht’ arna bunú faoi Airteagal 35 den Chonradh um Chairt Fuinnimh i gcáil Thaiscí an Phrótacail seo.”.
Airteagal 3
Forálacha Eatramhacha
1. Go dtí go dtiocfaidh na leasuithe ar an bPrótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil a ghlacfar an 30 Eanáir 2025 i bhfeidhm d'aon Pháirtí Conarthach, déanfaidh an Rúnaíocht feidhmeanna Thaiscí an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil ar bhonn eatramhach do gach Páirtí Conarthach mar sin ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh.
2. Déanfaidh an Rúnaíocht gach beart is gá chun aistriú na bhfeidhmeanna Taiscí ó Rialtas Phoblacht na Portaingéile a áirithiú agus glacfaidh sí na feidhmeanna sin ar bhonn eatramhach de bhun mhír (1) an 2 Feabhra 2025.’
(1) Tá an fhoclaíocht nua atá beartaithe folínithe agus taispeántar an téacs a mholtar a scriosadh le líne tríd.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3030/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)