![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/3019 |
12.12.2024 |
TREOIR (AE) 2024/3019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh leasuithe suntasacha (4) ar níos mó ná ócáid amháin ar Threoir 91/271/CEE ón gComhairle (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
(2) |
Is earra den chéad tosaíocht é an t-uisce ar leis an uile dhuine é agus ar don uile dhuine é. Mar acmhainn nádúrtha atá riachtanach, nach féidir aon earra eile a chur ina áit agus nach mbeadh aon bheatha ann dá uireasa, ní mór é a chur san áireamh agus a chomhtháthú ina thrí ghné: an ghné shóisialta, an ghné eacnamaíoch agus an ghné chomhshaoil. |
(3) |
I dTreoir 91/271/CEE leagtar síos an creat dlíthiúil maidir le fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a chóireáil agus a sceitheadh agus maidir le fuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe ó earnálacha tionsclaíocha áirithe a sceitheadh. Is féidir fuíolluisce uirbeach a chruthú trí mheascáin éagsúla d’fhuíolluisce teaghlaigh, den rith chun srutha uirbeach agus d’fhuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é de bhunús eile. Fuíolluisce ó institiúidí áirithe, mar shampla, oifigí, scoileanna, cistineacha ina ndéantar bia a ullmhú, a thagann den chuid is mó ó mheitibileacht an duine tá sé sin incháilithe mar fhuíolluisce teaghlaigh. Is é is cuspóir do Threoir 91/271/CEE an comhshaol a chosaint ar dhochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air. Rannchuidigh sí leis na cuspóirí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus faoi dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais a bhaint amach. Leis an Treoir seo, ba cheart leanúint den chuspóir céanna a shaothrú, agus ag an am céanna rannchuidiú le cosaint na sláinte poiblí i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, atá dírithe ar shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte na n-éiceachóras a chothromú agus a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe, mar shampla, nuair a sceitheann fuíolluisce uirbeach isteach in uiscí snámha nó i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce óil a bhaint astu, nó nuair a úsáidtear fuíolluisce uirbeach mar tháscaire le haghaidh paraiméadair atá ábhartha don tsláinte phoiblí. Leis an Treoir seo freisin, ba cheart a áirithiú freisin rochtain ar shláintíocht agus ar an bpríomhfhaisnéis a bhaineann le rialachas na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Treoir seo freisin sineirgí a mhéadú leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le gníomhaíochtaí chun éiceachórais uirbeacha a athbhunú, go háirithe trí phleanáil chomhtháite maidir le bainistiú fuíolluisce uirbigh, agus an úsáid is fearr is féidir á baint as an digiteáil ag an am céanna. Ar deireadh, leis an Treoir seo ba cheart rannchuidiú leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ó ghníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh a laghdú de réir a chéile, go háirithe trí thuilleadh laghdaithe a chur ar astaíochtaí nítrigine ach freisin tríd an éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin ba cheart rannchuidiú le baint amach cuspóir 2050 maidir leis an Aeráidneodracht (Neodracht Aeráide) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcomhréir le hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is féidir leis na Ballstáit dul thar na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo. D’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, spriocdhátaí nó tairseacha níos déine ná na cinn a áirítear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm, trí neodracht fuinnimh nó aeráidneodracht a bhaint amach níos túisce nó trí cheanglais bhreise a fhorchur maidir le cur i bhfeidhm a gcóras náisiúnta um fhreagracht leathnaithe an táirgeora nó maidir leis an gcur i bhfeidhm sin a leathnú. |
(4) |
In 2019, rinne an Coimisiún meastóireacht ar Threoir 91/271/CEE faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (‘an mheastóireacht’). Leis an mbeart sin, léiríodh gur ghá forálacha áirithe de chuid na Treorach sin a thabhairt cothrom le dáta. Sainaithníodh trí fhoinse thábhachtacha truaillithe nach dtugtar aghaidh orthu go hiomlán faoin Treoir sin ó fhuíolluisce uirbeach ar foinsí iad a d’fhéadfaí a sheachaint, mar atá forshreabhadh uisce stoirme agus sceitheadh truaillithe ón rith chun srutha uirbeach, córais aonair a d’fhéadfadh a bheith ag mífheidhmiú, is é sin le rá, córais ina gcóireáiltear fuíolluisce teaghlaigh nach dtéann isteach i gcórais bhailiúcháin, agus ceirtleáin bheaga nach gcumhdaítear go hiomlán le Treoir 91/271/CEE. Leis na trí fhoinse truaillithe sin cuirtear brú suntasach ar dhobharlaigh dhromchla san Aontas. Thairis sin, i dtuarascáil na meastóireachta leagadh béim ar a riachtanaí atá sé go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus rialachas na ngníomhaíochtaí fuíolluisce uirbigh, go dtapófaí an deis a chuireann earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh ar fáil chun leas a bhaint as a poitéinseal fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus céimeanna nithiúla a thabhairt i dtreo na neodrachta fuinnimh mar rannchuidiú leis an aeráidneodracht, agus go gcomhchuibheofaí an faireachas fuíolluisce uirbigh ar pharaiméadair shláinte, mar shampla víreas COVID-19 agus a athraithigh, mar bhealach chun tacú le gníomhaíocht sláinte poiblí. |
(5) |
De réir thuarascáil 2018 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) maidir le huiscí Eorpacha, cuireann ceirtleáin bheaga brú suntasach ar sciar 11 % de na dobharlaigh dhromchla san Aontas. Chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an truailliú ó na ceirtleáin sin, agus chun cosc a chur ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol, leis an Treoir seo, ba cheart a áireamh i raon feidhme gach ceirtleán ina bhfuil coibhéis daonra (p.e.) 1 000 duine agus níos mó. |
(6) |
Chun cóireáil éifeachtach ar fhuíolluisce uirbeach a áirithiú sula sceitear isteach sa chomhshaol é, ba cheart an fuíolluisce uirbeach ar fad ó cheirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó a bhailiú i gcórais bhailiúcháin, ach amháin má thugann na Ballstáit údar cuí leis an ngá le maolú i leith úsáid córas aonair faoin Treoir seo. Agus a gceirtleáin á leagan amach acu, ba cheart do na Ballstáit an tairseach thagartha tháscach 10 p.e. go 25 p.e. in aghaidh an heicteáir a chur san áireamh, ar níos mó a mheastar an daonra atá suite i limistéar ar leith a bheith sách comhchruinnithe, cás ina bhféadfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur san áireamh chomh maith. I gcás ina mbíonn córais bhailiúcháin ar bun cheana féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foinse fuíolluisce teaghlaigh nasctha leo. |
(7) |
Beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha chun na ceanglais nua atá á dtabhairt isteach leis an Treoir seo a chur chun feidhme. Tá gá, dá bhrí sin, cás sonrach gach Ballstáit a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocdhátaí a oiriúnú chun ceanglais éilitheacha áirithe a chur chun feidhme. Mar shampla, na Ballstáit a bhfuil líon mór ceirtleán beag acu a mbaineann ceanglais nua na Treorach seo leo ó thaobh bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh le haghaidh ceirtleáin idir 1 000 p.e. agus 2 000 p.e., ba cheart cead a thabhairt dóibh síneadh a chur leis na spriocdhátaí chun na ceanglais nua sin a chomhlíonadh ina gcéad clár náisiúnta cur chun feidhme. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh freisin i gcás Ballstát ina bhfuil gá le líon mór saoráidí, mar shampla os cionn 50 %, a uasghrádú le haghaidh cóireáil threasach i gcomhréir le ceanglais nua na Treorach seo. Ceirtleáin faoi bhun 2 000 p.e. ina bhfuil córais bhailiúcháin i bhfeidhm cheana agus óna scaoiltear fuíolluisce uirbeach isteach i ngléasraí cóireála atá suite i gceirtleán eile, níor cheart iad a áireamh i ríomh na gcéatadán chun críche na maoluithe ar na spriocdhátaí sin. Thairis sin, b’éigean do thrí Bhallstát le déanaí, eadhon an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin, a d’aontaigh don Aontas infheistíochtaí a dhéanamh le gairid chun ceanglais Threoir 91/271CEE a chur chun feidhme. Thairis sin, tá líon ard limistéar tuaithe sna Ballstáit sin, ina bhfuil sciar maith den daonra ag fágáil agus daonra tuaithe iontu atá ag dul in aois. Ní mór, dá bhrí sin, cás sonrach na mBallstát sin a chur san áireamh trí chead a thabhairt dóibh síneadh a chur leis na spriocdhátaí chun na ceanglais nua sin a chomhlíonadh ina gcéad phlean náisiúnta cur chun feidhme. |
(8) |
I gcás ina dtagtar ar láithreáin atá luachmhar ó thaobh na seandálaíochta de le linn oibreacha bonneagair, amhail agus córais bhailiúcháin nó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh á dtógáil, is minic a chuirtear moill ar oibreacha den sórt sin toisc go gcaitear staidéir seandálaíochta a dhéanamh ar an láithreán i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Is iomchuí, mar sin, na spriocdhátaí cur chun feidhme a oiriúnú sna cásanna sonracha sin. Go sonrach, i gcás ina suíonn Ballstát go bhfuil sé thar a bheith deacair an bonneagar is gá a thógáil, mar go gcaitear an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, ba cheart cead a thabhairt dó na spriocdhátaí cur chun feidhme i limistéir shonracha a oiriúnú, agus a chlár náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Ba cheart an síneadh is féidir a chur leis na spriocdhátaí a shocrú do gach limistéar agus ba cheart iad a choinneáil chomh gearr agus is féidir, agus gan dul thar 8 mbliana. Ba cheart an oidhreacht chultúrtha a thuiscint de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún UNESCO 1972 maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda. |
(9) |
I gcás inar féidir a léiriú nach dtiocfadh aon tairbhe comhshaoil ná aon tairbhe do shláinte an duine as córas bailithe fuíolluisce uirbigh a bhunú ná as an nasc le córas bailiúcháin, nach mbeadh sé indéanta go teicniúil nó go mbeadh costais as cuimse i gceist leis, agus sna cásanna sin amháin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit córais aonair a úsáid chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus/nó a chóireáil, ar choinníoll go n-áirithítear leo an leibhéal céanna cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus a sholáthraítear le cóireáil thánaisteach agus cóireáil threasach. Is féidir cineálacha éagsúla córas bailiúcháin, stórála nó cóireála a áireamh i gcórais aonair, mar shampla, réitigh dhúlra-bhunaithe, córais chóireála bheaga, nó umair shealadacha mar aon le haslonnú tráthrialta chuig gléasraí cóireála. Ba cheart do na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú freisin maidir le húsáid agus oibriú córas aonair. |
(10) |
Ba cheart do na Ballstáit cláir náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a bhunú chun córais aonair agus stóráil shealadach a úsáidtear ar a gcríoch a shainaithint agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur leor dearadh na gcóras sin, go ndéantar na córais a chothabháil go cuí agus go mbíonn siad faoi réir rialú tráthrialta comhréireachta ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le córais aonair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil nó a chóireáil, go mbíonn siad neamh-thréscaoilteach agus díonach i gcoinne sceitheadh leachta, agus go ndéantar faireachán agus cigireacht ar na córais go tráthrialta agus de réir eatraimh shocraithe. Agus costais dhíréireacha dhearadh na gcóras sin a chur in oiriúint do na ceanglais nua dearaidh á gcur san áireamh, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais nua dearaidh sin maidir le córais a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. I gcás ina n-úsáidtear córais aonair chun níos mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailiú nó a chóireáil ar an leibhéal náisiúnta ó cheirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt don Choimisiún atá le córais aonair a úsáid in ionad córais bhailiúcháin, lena léirítear na caighdeáin a bunaíodh faoin Treoir seo á gcomhlíonadh ag na córais sin agus lena dtugtar tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun úsáid na gcóras sin a laghdú. |
(11) |
I ngeall ar fhrasaíocht, mar shampla, báisteach, sneachta nó leá-uisce, is as forshreabhadh uisce stoirme agus rith chun srutha uirbeach a thagann méid nach beag den chuid eile den truailliú a sceitear isteach sa chomhshaol. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an bhforshreabhadh agus ar na rití chun srutha sin mar thoradh ar éifeachtaí comhcheangailte an uirbithe agus an athraithe atá ag teacht de réir a chéile ar thitim shéasúrach na báistí mar chuid den athrú aeráide. Dá bhrí sin, tá leochaileacht faoi leith ag bonneagar bainistithe fuíolluisce uirbigh don athrú aeráide. Ba cheart na réitigh chun an fhoinse truaillithe sin a laghdú a shainiú ar an leibhéal áitiúil, agus na dálaí sonracha áitiúla á gcur san áireamh. Ba cheart iad a bhunú ar bhainistiú comhtháite cainníochtúil agus cáilíochtúil uisce i limistéir uirbeacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh ar an leibhéal áitiúil le haghaidh gach ceirtleáin 100 000 p.e. agus níos mó ó tharla gurb iad na ceirtleáin sin is cúis le sciar suntasach den truailliú a sceitear. Thairis sin, ba cheart pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a chur ar bun le haghaidh ceirtleáin idir 10 000 p.e. agus 100 000 p.e. agus inar baol don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí forshreabhadh uisce stoirme nó rith chun srutha uirbeach. Sna pleananna sin, ba cheart bearta a leagan amach arb é is aidhm dóibh an truailliú ó fhorshreabhadh uisce stoirme a theorannú go 2 % ar a mhéad den ualach fuíolluisce uirbigh bliantúil arna bhailiú, agus é sin á ríomh i ndálaí sreafa aimsire tirime arna ríomh ar bhonn na dtruailleán i dTáblaí 1 agus 2 in Iarscríbhinn I. |
(12) |
Ba cheart a áireamh sna pleananna sin bearta chun an truailliú ó fhorshreabhadh uisce stoirme a laghdú agus freisin chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú suntasach a d’fhéadfadh a bheith ag eascairt as rith chun srutha uirbeach arna bhailiú ar leithligh, mar shampla, an truailliú ó na chéad bháistí tar éis tréimhsí fada tirime i limistéir ina bhfuil dlús ard daonra. Ba cheart a áireamh sna pleananna sin freisin bearta chun truailliú ag an bhfoinse a chosc agus tús áite a thabhairt do réitigh dhúlra-bhunaithe seachas na réitigh sin a mbeadh bunú bonneagair léith ag teastáil ina leith. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin bearta sealadacha coisctheacha arb é is aidhm dóibh uiscí báistí neamhthruaillithe a chosc ó theacht isteach i gcórais bhailiúcháin nó i stóráil shealadach, lena n-áirítear coinneáil nádúrtha uisce, agus cóireáil iomchuí a dhéanamh ar an bhforshreabhadh tromthruaillitheach agus ar na rití tromthruaillitheacha chun srutha a eascraíonn as na chéad bháistí sin. Moltar do na Ballstáit spásanna glasa agus gorma a mhéadú i limistéir uirbeacha agus an t-ardán don Dúlra Uirbeach a chur san áireamh, ardán lena soláthraítear treoir agus eolas chun tacú le bailte agus cathracha. D’fhonn cumhdach leordhóthanach na bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce agus réiteach cuimsitheach ar fhadhbanna uisce stoirme a áirithiú, ba cheart na pleananna sin a bhunú do limistéir draenála na gceirtleán lena mbaineann. |
(13) |
Chun cost-éifeachtúlacht na bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a bheith bunaithe ar dhea-chleachtais a cuireadh i bhfeidhm cheana i limistéir uirbeacha. Dá bhrí sin, na bearta atá le cur sa mheá, ba cheart iad a bheith bunaithe ar anailís chríochnúil ar na dálaí áitiúla agus ba cheart tosaíocht a thabhairt leo do chur chuige coisctheach arb é is aidhm dó teorainn a chur le bailiú uiscí báistí neamhthruaillithe agus oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana chun coigilteas fuinnimh a ghiniúint agus chun rannchuidiú le laghdú astaíochtaí. Agus tús áite á thabhairt d’fhorbairtí glasa agus gorma agus d’infheistíochtaí glasa agus gorma, níor cheart bonneagar nua liath a bheartú ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis. |
(14) |
Chun cosaint a thabhairt don chomhshaol, go háirithe an comhshaol cósta agus muirí, lena n-áirítear cosaint don uisce dromchla, don screamhuisce agus don uisce óil, agus don tsláinte phoiblí i gcoinne dochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air, ba cheart cóireáil thánaisteach a dhéanamh ar gach sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó. Mar gheall ar leathnú raon feidhme na Treorach seo chuig ceirtleáin ar lú a méid, ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun an bonneagar riachtanach a bhunú leis na hoibleagáidí nua a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit a mbonneagar cóireála a oiriúnú do cheirtleáin a sceitheann a bhfuíolluisce uirbeach isteach in uiscí cósta nó isteach i limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna nár ghá cóireáil thánaisteach a dhéanamh iontu faoi Threoir 91/271/CEE. |
(15) |
I gcás sceitheadh isteach i réigiúin arda sléibhe, eadhon réigiúin os cionn airde 1 500 m, agus i gceirtleáin bheaga faoi bhun 2 000 p.e. i limistéir ina bhfuil aeráid fhuar agus meánteocht ráithiúil faoi bhun 6 oC san ionraon inar deacair cóireáil éifeachtach bhitheolaíoch a chur i bhfeidhm mar gheall ar na teochtaí ísle sin, ba cheart cóireáil nach bhfuil chomh dian le cóireáil thánaisteach a cheadú, ar choinníoll go léirítear i staidéir mhionsonraithe nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag an sceitheadh sin ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. Ar an gcaoi chéanna, maidir le sceitheadh isteach in uiscí doimhne mara ó cheirtleáin bheaga faoi bhun 150 000 p.e. atá suite i réigiúin fhorimeallacha ina bhfuil níos lú ná 275 000 áitritheoir, arb é is príomhthréith dóibh topagrafaíocht achrannach, mar shampla, fánaí géara, agus a bhfuíolluisce uirbeach á sceitheadh acu isteach in uiscí doimhne mara san aigéan oscailte, rud a fhágann go gcaolaítear ar bhealach suntasach an sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus iad ag dul isteach sna huiscí glactha ba cheart tairbhe a bhaint as an maolú sin leis an sceitheadh sin freisin. Mar sin féin, chun cóir chomhionann a áirithiú do na Ballstáit uile mar aon le hardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine ar chríoch iomlán an Aontais, ba cheart an maolú sin a theorannú go 20 bliain – is é sin an t-am is gá chun na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá fágtha a uasghrádú de réir a chéile chun cóireáil thánaisteach a chur i bhfeidhm sna limistéir sin ina bhféadfadh sé a bheith níos deacra cóireáil thánaisteach a chur i bhfeidhm. Ba cheart na maoluithe sin a dheonú ar choinníoll go léirítear i staidéir mhionsonraithe nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag an sceitheadh sin ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine, agus nach bhfuil aon tionchar aige ar na huiscí glactha a bheith ag comhlíonadh dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2000/60/CE, Treoir 2006/7/CE (8) nó Treoir 2008/56/CÉ (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(16) |
Léiríodh sa mheastóireacht gur baineadh amach laghduithe suntasacha ar astaíochtaí nítrigine agus fosfair trí Threoir 91/271/CEE a chur chun feidhme. Mar sin féin, de réir na meastóireachta tá na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gconairí tábhachtacha trína sceitear na truailleáin sin isteach sa chomhshaol, rud is cúis dhíreach le heotrófú na ndobharlach agus na bhfarraigí san Aontas. Is féidir cuid den truailliú sin a sheachaint de bhrí go léirítear, leis an dul chun cinn teicniúil agus na dea-chleachtais atá ar bun, go bhfuil na teorainnluachanna astaíochta a bunaíodh faoi Threoir 91/271/CEE maidir le nítrigin agus fosfar as dáta agus gur cheart iad a dhéanamh níos doichte, go háirithe i gcás mórghléasanna cóireála. Ba cheart cóireáil threasach a fhorchur go córasach ar na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir is ionann agus 150 000 p.e. agus níos mó, de bhrí go bhfuil na gléasraí sin ina bhfoinse thábhachtach den chuid eile den nítrigin agus fosfar a sceitear. |
(17) |
Ba cheart an chóireáil threasach a bheith éigeantach freisin sna ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó agus a sceitheann i limistéir atá faoi réir, nó atá i mbaol, an eotrófaithe. Chun a áirithiú go gcomhordaítear na hiarrachtaí chun an t-eotrófú a theorannú ar leibhéal na n-abhantrach ábhartha le haghaidh an dobharcheantair ina iomláine, agus chun a áirithiú go ndéantar limistéir íogaire a ainmniú ar bhealach comhsheasmhach fud fad an Aontais, ba cheart na limistéir ina meastar an t-eotrófú a bheith ábhartha de réir na sonraí atá ar fáil faoi láthair a liostú sa Treoir seo. Ina theannta sin, chun comhleanúnachas a áirithiú i ndlí ábhartha an Aontais, ba cheart do na Ballstáit limistéir eile ar a gcríoch a shainaithint atá faoi réir, nó atá i mbaol, an eotrófaithe, agus cibé an limistéir nítrigin-íogaire nó limistéir fosfar-íogaire iad, nó nítrigin-íogair agus fosfar-íogair araon go háirithe ar bhonn na sonraí arna mbailiú faoi Threoir 91/676/CEE ón gComhairle (10), Treoir 2000/60/CE, agus Treoir 2008/56/CE. Athneartú na dteorainnluachanna, sainaithint níos comhleanúnaí agus níos cuimsithí ar na limistéir atá íogair i leith an eotrófaithe, agus an oibleagáid a áirithiú go ndéantar cóireáil threasach sna saoráidí móra uile, is bearta iad sin a rannchuideodh, in éineacht le chéile, leis an eotrófú a theorannú. Ó tharla go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise ar an leibhéal náisiúnta chuige sin, ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun an bonneagar is gá a bhunú. |
(18) |
Baineadh úsáid as eolas eolaíoch a fuarthas le déanaí mar bhonn le roinnt straitéisí de chuid an Choimisiúin, mar a leagtar amach i gceithre theachtaireacht ón gCoimisiún, eadhon na teachtaireachtaí an 16 Eanáir 2018 dar teideal ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach], an 11 Márta 2019 dar teideal ‘European Union Strategic Approach to Pharmaceuticals in the Environment’ [Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol], an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment’ [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí] agus an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: “Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil”’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dTreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’], agus san eolas sin cuirtear chun suntais a riachtanaí atá sé go ngníomhófaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na micreathruailleán a bhítear ag brath de ghnáth anois in uiscí uile an Aontais. Tá cuid de na micreathruailleáin sin guaiseach don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol fiú i gcainníochtaí beaga, roinnt micreagram in aghaidh an lítir nó níos lú. Cé go mbaineann an chóireáil phríomhúil, an chóireáil thánaisteach agus an chóireáil threasach roinnt micreathruailleán, ba cheart cóireáil bhreise, is é sin cóireáil cheathartha, a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar speictream mór de na micreathruailleáin atá fágtha a bhaint den fhuíolluisce uirbeach. Ba cheart don chóireáil cheathartha a dhíriú i dtosach ar mhicreathruailleáin orgánacha, ar cuid shuntasach den truailliú iad agus ar ina leith a ceapadh teicneolaíochtaí bainte ábhair cheana. Ba cheart an chóireáil cheathartha a fhorchur ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim, in éineacht le cur chuige rioscabhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh is ionann agus 150 000 p.e. agus níos mó cóireáil cheathartha a sholáthar, ós rud é gur sciar suntasach iad na saoráidí sin mar chúis sceitheadh na micreathruailleán sa chomhshaol agus gur costéifeachtach na micreathruailleáin a bhaint le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ar an scála sin. I gcás na ngléasraí cóireála is ionann agus 150 000 p.e. agus níos mó sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do na hinfheistíochtaí is gá ionas go ndéanfar na saoráidí is airde riosca don chomhshaol agus do shláinte an duine a fheistiú gan mhoill. I gcás ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó ná sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit cóireáil cheathartha a chur i bhfeidhm i limistéir atá sainaitheanta mar limistéir atá íogair don truailliú ó mhicreathruailleáin ar bhonn critéir shoiléire, ar cheart iad a shonrú. Ba cheart a áireamh sna limistéir sin suíomhanna ina mbíonn cóimheasa caolúcháin ísle mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh chóireáilte sna dobharlaigh, nó a n-úsáidtear a ndobharlaigh ghlactha chun uisce óil a tháirgeadh, sliogéisc a tháirgeadh nó mar uiscí snámha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann gan cóireáil cheathartha a chur i bhfeidhm sna réimsí sin i gcás ina léirítear i measúnú riosca nach bhféadfadh aon bhaol a bheith ann don chomhshaol nó do shláinte an duine ó mhicreathruailleáin. Maidir le gach cineál eile dobharlach i gceirtleáin 10 000 p.e. nó níos mó, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sceitheadh micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí ar bhonn measúnú riosca caighdeánaithe agus níor cheart dóibh cóireáil cheathartha a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá de réir thorthaí an mheasúnaithe riosca. I gcás ina bhfuil roinnt gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó a shainaithnítear a bheith íogair don truailliú ó mhicreathruailleáin, níor cheart an chóireáil cheathartha a cheangal ach orthu siúd a scaoileann isteach sa limistéar atá i mbaol. Chun go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit an bonneagar is gá a phleanáil agus a sholáthar, ba cheart feidhm de réir a chéile a bheith ag an gceanglas maidir le cóireáil cheathartha go dtí 2045, maille le cuspóirí soiléire eatramhacha. |
(19) |
Chun a áirithiú go leanfaidh na hábhair a sceitear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le cóireáil thánaisteach, cóireáil threasach agus cóireáil cheathartha, ba cheart samplaí a ghlacadh i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo agus ba cheart do na samplaí sin na luachanna paraiméadracha a leagtar amach inti a chomhlíonadh. Chun go gcuirfí san áireamh na hathrúcháin theicniúla a d’fhéadfadh a bheith sna torthaí ó na samplaí sin, ba cheart líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh a leagan síos nach bhfuil i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha sin. |
(20) |
Beidh costas breise i gceist leis an gcóireáil cheathartha is gá chun micreathruailleáin a bhaint den fhuíolluisce uirbeach, amhail costas a bhaineann le faireachán agus an costas le nuathrealamh ardfhorbartha atá le suiteáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh áirithe. Chun an costas breise sin a chumhdach agus i gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 191(2) CFAE, tá sé riachtanach, maidir leis na táirgeoirí a chuireann ar mhargadh an Aontais táirgí ina bhfuil substaintí a fhaightear, ag deireadh a saolré, mar mhicreathruailleáin i bhfuíolluisce uirbeach, go nglacfaidh siad an fhreagracht as an gcóireáil bhreise is gá chun na substaintí sin a bhaint, ar substaintí iad a gineadh trína ngníomhaíochtaí gairmiúla. Córas trína ndéantar freagracht an táirgeora a leathnú, sin an modh is iomchuí chun é sin a bhaint amach, de bhrí go gcuirfeadh sé teorainn leis an tionchar airgeadais ar an gcáiníocóir agus ar na taraifí uisce, agus ag an am céanna go soláthrófaí dreasacht chun táirgí níos glaise a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag freagracht leathnaithe an táirgeora sin beag beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an táirge ar an margadh i mBallstát nó i dtríú tír, nó cé acu a monaraíodh nó nár monaraíodh a gcomhpháirteanna aonair i mBallstát nó i dtríú tír, nó cé acu atá nó nach bhfuil oifig chláraithe ag na táirgeoirí san Aontas nó a chuirtear nó nach gcuirtear an táirge ar an margadh trí ardán digiteach. Is iad iarmhair na dtáirgí cosmaideacha agus na dtáirgí cógaisíochta príomhfhoinsí na micreathruailleán a fhaightear san fhuíolluisce uirbeach dá dteastaíonn cóireáil cheathartha. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag freagracht leathnaithe an tairgeora maidir leis an dá ghrúpa táirgí sin. Ar bhonn thorthaí an fhaireacháin ar fhuíolluisce uirbeach agus ar na sonraí eolaíocha is déanaí, ba cheart don Choimisiún meastóireacht thráthrialta a dhéanamh féachaint ar cheart táirgí eile a áireamh i gcóras fhreagracht leathnaithe an táirgeora. |
(21) |
De réir na sonraí atá ar fáil, an méadú a d'fhéadfadh teacht de bharr fhreagracht leathnaithe an táirgeora ar chostais na dtáirgí nó an laghdú féideartha ar chorrlaigh bhrabúis na dtionscal a chuireann na táirgí ar an margadh, bheadh sé imeallach ar leibhéal an Aontais agus ní chuirfeadh sé inacmhainneacht, infhaighteacht nó inrochtaineacht na dtáirgí sin ar mhargadh an Aontais i mbaol. Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh, áfach, na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm cheanglais fhreagracht leathnaithe an táirgeora ar inrochtaineacht, infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe cógais, a chuirtear ar mhargadh an Aontais, chomh maith leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na gceanglas sin ar an gcothrom iomaíochta. Is féidir leis na Ballstáit gníomhú chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil, lena n-áirítear trí chuid de na costais a mhaoiniú le haghaidh na cóireála ceathartha. Ós rud é go bhféadfadh na Ballstáit cuir chuige éagsúla a roghnú i ndáil leis an gcur chun feidhme, ba cheart aird a thabhairt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus, in aon mheastóireacht a dhéanfaí amach anseo ar an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis sin. |
(22) |
Mar sin féin, ba cheart díolúintí ó oibleagáidí fhreagracht leathnaithe an táirgeora a bheith indéanta. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás inar cainníochtaí beaga atá i gceist le líon iomlán na substaintí atá i dtáirgí a chuireann táirgeoir ar mhargadh an Aontais, is é sin le rá níos lú ná aon tonna amháin in aghaidh na bliana, ós rud é go mbeadh an t-ualach breise riaracháin ar an táirgeoir díréireach sna cásanna sin i gcomparáid leis na tairbhí comhshaoil. Ba cheart na díolúintí sin a bheith indéanta freisin don chuid sin de na dtáirgí ar féidir leis an táirgeoir a léiriú ina leith nach ngintear aon mhicreathruailleán ag deireadh a ré nó i gcás inar féidir a chruthú go bhfuil na hiarmhair ó tháirge in-bhithdhíghrádaithe go tapa san fhuíolluisce agus sa chomhshaol nó nach mbaineann siad amach na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Ba cheart don Choimisiún critéir mhionsonraithe a bhunú chun na táirgí a shainaithint a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus nach ngineann micreathruailleáin san fhuíolluisce uirbeach ag deireadh a saolré, agus dá ghuaisí atá siad agus dá n-in-bhithdhíghrádaitheacht á gcur san áireamh. Agus na critéir sin á bhforbairt aige, ba cheart don Choimisiún na critéir atá leagtha síos cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), mar aon le faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil, lena n-áirítear caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta. Ba cheart na critéir sin a bhunú sula dtiocfaidh oibleagáidí fhreagracht leathnaithe an táirgeora dá bhforáiltear sa Treoir seo i bhfeidhm. |
(23) |
Chun cásanna féideartha de shaobhadh inmheánach sa mhargadh a sheachaint, ba cheart íoscheanglais maidir le cur chun feidhme chóras fhreagracht leathnaithe an táirgeora a bhunú sa Treoir seo, agus ba cheart eagrú praiticiúil an chórais sin a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta. Chun tús áite a thabhairt do shubstaintí agus táirgí nua a bheith á gcur in ionad substaintí agus táirgí a ghineann mhicreathruailleáin i bhfuíolluisce uirbeach, ba cheart ranníocaíochtaí na dtáirgeoirí a bheith comhréireach le cainníochtaí na substaintí atá sna táirgí a chuireann siad ar an margadh agus lena ghuaisí atá na substaintí sin agus a gcuid iarmhar. Leis na ranníocaíochtaí sin, ba cheart na costais infheistíochta agus oibríochtúla a chumhdach ach gan iad a shárú, ar costais iad a bhaineann le gníomhaíochtaí faireacháin le haghaidh micreathruailleán, le bailiú, tuairisciú agus fíorú neamhchlaonta staidrimh maidir le cainníochtaí agus lena ghuaisí atá na táirgí a chuirtear ar mhargadh na mBallstát, agus maidir le cur i bhfeidhm na cóireála ceathartha ar fhuíolluisce uirbeach ar bhealach éifeachtúil. Leis na ranníocaíochtaí sin, ba cheart freisin na costais oibríochtúla a bhaineann le cóireáil cheathartha atá bunaithe cheana féin ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo a chumhdach nuair is gá sin chun oibleagáidí chóras fhreagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh. Ba cheart do na ranníocaíochtaí sin freisin cuid de chostais infheistíochta na gcóireálacha ceathartha sin atá bunaithe cheana féin a chumhdach agus dímheas na n-infheistíochtaí agus spriocdhátaí na n-oibleagáidí maoiniúcháin a bhunaítear sa Treoir seo á gcur san áireamh. Ó tharla go ndéantar comhchóireáil ar an bhfuíolluisce uirbeach, is iomchuí ceanglas a thabhairt isteach chun go rachadh táirgeoirí isteach in eagraíocht láraithe atá in ann a gcuid oibleagáidí faoi fhreagracht leathnaithe an táirgeora a chur chun feidhme thar a gceann. |
(24) |
Léiríodh sa mheastóireacht freisin go bhfuil an deis ann in earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh chun a tomhaltas fuinnimh féin a laghdú go suntasach agus a cuid fuinnimh in-athnuaite féin a tháirgeadh, mar shampla trí úsáid níos fearr a bhaint as na dromchlaí atá ar fáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhair fuinneamh gréine a tháirgeadh, nó trí bhithghás a tháirgeadh ó shloda agus chomh maith leis sin ó theas nó ó fhuinneamh cinéiteach nó ó fhoinsí eile fuinnimh in-athnuaite. Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach féidir a bheith ag súil ach le dul chun cinn páirteach san earnáil sin in éagmais oibleagáidí dlíthiúla soiléire. Sa chomhthéacs sin, maidir leis an méid iomlán fuinnimh a úsáidtear sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, atá ar chríocha na mBallstát, agus ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú nach sáróidh sé sin an méid fuinnimh a tháirgeann na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Chun sainiúlachtaí gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a chur san áireamh, barrfheabhas a chur ar na hinfheistíochtaí is gá agus an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil chun an cuspóir maidir le neodracht fuinnimh a bhaint amach, agus a áirithiú san am céanna go mbainfear leas iomlán as an bpoitéinseal fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh agus coigilteas fuinnimh a bhaint amach, ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus ní i gcás gach gléasra cóireála. Ba cheart gach fuinneamh in-athnuaite a tháirgeann oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, bíodh sé ar an láthair nó lasmuigh di, mar shampla fuinneamh hiodrálach, gréine, teirmeach, fuinneamh gaoithe nó bithghás, a chur san áireamh. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach de réir a chéile trí bhíthin spriocanna eatramhacha faoin 31 Nollaig 2045. Ba cheart a bheith in ann méid teoranta fuinnimh seachas fuinneamh iontaise a cheannach, nach bhfuil nasctha go díreach le gníomhaíochtaí cóireála fuíolluisce uirbigh, a cheannach ó fhoinsí seachtracha in 2040 agus 2045, trí úsáid a bhaint as maolú atá nasctha le coinníollacha. Níor cheart ceannach fuinnimh in-athnuaite a bheith i gceist leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag úinéirí nó oibreoirí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó arna ghiniúint thar a gceann. Má bhaintear amach cuspóir sin na neodrachta fuinnimh, beifear ag rannchuidiú go háirithe le laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí GCT inseachanta ó earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh, agus ag an am céanna beifear ag tacú le cuspóirí aeráidneodrachta 2050 agus cuspóirí gaolmhara náisiúnta agus de chuid an Aontais a bhaint amach, mar shampla na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Mar sin féin, níor cheart astaíochtaí meatáin nó ocsaíde nítriúla a dhul i méid as tionscnaimh chun neodracht fuinnimh a bhaint amach. I gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta deonaithe ceadanna a éascú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a bhfuil gá leo chun neodracht fuinnimh in earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh a bhaint amach. Trí spreagadh a thabhairt do tháirgeadh bithgháis nó grianfhuinnimh atá bunaithe san Aontas agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á bhfeabhsú i gcomhréir le Bunphrionsabal Éifeachtúlachta Fuinnimh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus an úsáid is fearr is féidir á bhaint as an digiteáil, rud a chiallaíonn go gcaithfear lánaird a thabhairt ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh costéifeachtúla agus an beartas fuinnimh á mhúnlú agus cinntí ábhartha infheistíochta á ndéanamh, cuideofar freisin le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, ar ceann de na cuspóirí é a chuirtear in iúl sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPower EU’.Tá sé i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir (AE) 2018/2001 ina sainaithnítear láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh mar ‘sprioclimistéir’ le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, rud a chiallaíonn gur suíomhanna iad atá ainmnithe mar áit atá rí-oiriúnach chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh. Chun cuspóir na neodrachta fuinnimh a bhaint amach trí bhearta optamacha do gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus don chóras bailithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), gach ceithre bliana. Ba cheart a áireamh sna hiniúchtaí sin freisin go sainaithneofaí an poitéinseal i ndáil leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú, dramhtheas a aisghabháil agus a úsáid ar bhealach costéifeachtach, bíodh sé ar an láthair nó trí chóras fuinnimh ceantair, sin nó fuinneamh in-athnuaite a úsáid nó a tháirgeadh ar bhealach costéifeachtach de réir na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
(25) |
Ós rud é gur mó an tionchar a bhíonn ag laghduithe ar astaíochtaí meatáin ná laghduithe ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin go comhréireach, agus mar gheall ar earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh a bheith sainaitheanta mar cheann de na príomhearnálacha d’astaíochtaí meatáin, ba cheart don earnáil sin faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin agus féachaint lena laghdú mar a leagtar amach sa Ghealltanas Domhanda Meatáin, tionscnamh a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú (COP 26), ar aon dul leis an Laghdú ar Astaíochtaí Meatáin i Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chun rannchuidiú earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh a áirithiú chun an sprioc maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. |
(26) |
Ó tharla, mar thoradh ar chineál trasteorann an truaillithe uisce, gur gá do Bhallstáit chomharsanacha nó tríú tíortha dul i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú sin agus bearta a shainaithint chun dul i ngleic le foinse an truaillithe, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a chéile nó an tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas i gcás ina mbíonn tionchar, nó inar dócha go mbeidh tionchar, ar cháilíocht an uisce de chuid Ballstát eile nó de chuid tríú tír ag truailliú uisce a thagann ó sceitheadh fuíolluisce uirbigh i mBallstát amháin nó i dtríú tír. Ba cheart faisnéis den sórt sin a sholáthar láithreach i gcásanna truailliú teagmhasach a mbíonn éifeacht shuntasach aige ar dhobharlaigh níos faide síos le sruth agus ba cheart freagraí a chur in iúl go tráthúil. I gcás ina bhfuil comhaontuithe roimhe seo tugtha i gcrích ag na Ballstáit eatarthu féin nó le tríú tíortha maidir le saincheisteanna comhshaoil a bhaineann leis an uisce, d’fhéadfaí comhar trí na comhaontuithe sin a chur san áireamh. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thruailliú den sórt sin agus, más gá, ba cheart don Choimisiún a bheith rannpháirteach sna cruinnithe arna iarraidh sin do na Ballstáit. Tá sé tábhachtach freisin dul i ngleic leis an truailliú trasteorann ó thríú tíortha a bhfuil na dobharlaigh i gcomhpháirt acu le roinnt de na Ballstáit. Chun déileáil le truailliú a thagann ó thríú tíortha nó a shroicheann tríú tíortha, féadfar an comhar agus an comhordú le tríú tíortha a dhéanamh faoi chuimsiú Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta arna leasú (19) nó Coinbhinsiúin réigiúnacha ábhartha eile mar shampla na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha nó Aibhneacha. |
(27) |
Chun cosaint ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le córais bhailiúcháin agus leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a thógtar chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, go ndéantar iad a dhearadh, a thógáil, a oibriú, agus a chothabháil le go mbeidh siad in ann feidhmiú ar bhealach leormhaith faoi na gnáthdhálaí aeráide áitiúla go léir. Ós rud é gur aithníodh bonneagar fuíolluisce uirbigh mar eintiteas criticiúil faoi Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar measúnú ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ar chórais bhailiúcháin agus iad á ndearadh, á dtógáil agus á n-oibriú a mhéid a bhaineann lena leochaileacht i leith teagmhais fhoircneacha a tharlaíonn mar gheall ar an athrú aeráide. |
(28) |
Glacann gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach freisin fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é, lena n-áirítear fuíolluisce tionsclaíoch, ar féidir raon truailleán nach gcumhdaítear go sainráite le Treoir 91/271/CEE a bheith ann, mar shampla miotail throma, micreaphlaistigh, micreathruailleáin agus ceimiceáin eile, lena n-áirítear substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS). D’fhéadfadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é den sórt sin teacht, mar shampla, ó thionscail, nó ó ghnólachtaí tráchtála, nó ó ospidéil agus ó shaoráidí leighis eile. I bhformhór na gcásanna, is bocht an tuiscint agus an t-eolas atá ann maidir leis an truailliú sin, ar truailliú é as ar féidir meathlú teacht ar fheidhmiú an phróisis cóireála agus cur le truailliú na n-uiscí glactha, agus aisghabháil sloda agus athúsáid fuíolluisce chóireáilte á gcosc freisin. Dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit faireachán agus tuairisciú a dhéanamh go tráthrialta ar an truailliú sin nach truailliú teaghlaigh é a théann isteach sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus a sceitear isteach i ndobharlaigh. Chun cosc a chur ag an bhfoinse ar thruailliú ó sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é, ba cheart d’ábhair a scaoiltear ó thionscail nó ó fhiontair atá nasctha le córais bhailiúcháin a bheith faoi réir réamhrialachán nó údarú sonrach, nó iad araon, ón údarás inniúil nó ón gcomhlacht iomchuí. Chun a áirithiú go mbíonn córais bhailiúcháin agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh in ann, ar bhonn teicniúil, an truailliú a thagann isteach a ghlacadh agus a chóireáil, ba cheart dul i gcomhairle leis na hoibreoirí a bhainistíonn na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a ghlacann an fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é agus iad a chur ar an eolas sula n-eisítear na húdaruithe sin nó sula nglactar na réamhrialacháin sin, agus ba cheart do na hoibreoirí sin a bheith in ann na húdaruithe eisithe sin a cheadú, arna iarraidh sin dóibh, chun gur féidir a gcuid próiseas cóireála a oiriúnú. I gcás ina sainaithnítear gur ann do thruailliú nach truailliú teaghlaigh é sna huiscí atá ag teacht isteach, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun an truailliú a laghdú ag an bhfoinse, tríd an bhfaireachán ar thruailleáin sna córais bhailiúcháin a fheabhsú ionas gur féidir foinsí an truaillithe a shainaithint agus, i gcás inar gá, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe a soláthraíodh do na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ábhartha atá nasctha. |
(29) |
Tá an brú atá ar acmhainní uisce an Aontais ag dul i méid ar feadh an ama, agus mar thoradh air sin bíonn ganntanas uisce buan nó sealadach ann i roinnt limistéar san Aontas. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do na brúnna méadaitheacha sin ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce uirbeach cóireáilte, lena dteorannófaí an méid uisce úir a bhaintear as dobharlaigh dhromchla agus screamhuisce. Dá bhrí sin, ba cheart athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte a spreagadh agus a chur i bhfeidhm nuair is iomchuí, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus mór ar acmhainní uisce, agus le haghaidh na gcuspóirí iomchuí uile, agus sreabhadh éiceolaíoch íosta na n-uiscí glactha á áirithiú ag an am céanna agus an gá a áirithiú go gcomhlíontar na cuspóirí maidir le dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach glactha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/60/CE, á chur san áireamh freisin. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar thionchar athúsáid an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte ar shreabhadh éiceolaíoch íosta na n-uiscí glactha ina measúnú ar thionchair arna ndéanamh faoi Threoir 2000/60/CE. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an bpoitéinseal fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid agus aird á tabhairt ar na pleananna bainistíochta abhantraí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE agus ar chinntí na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), chomh maith leis an ngá lena áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí maidir le dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach glactha, mar a shainmhínítear é i dTreoir 2000/60/CE, á gcur san áireamh. Le hathneartú na gceanglas maidir le fuíolluisce uirbeach a chóireáil, agus leis na gníomhaíochtaí chun gur fearr an faireachán, rianú agus laghdú a dhéantar ar thruailliú ag an bhfoinse, imreofar tionchar ar cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte, agus dá bhrí sin tacófar le hathúsáid uisce. I gcás inarb é an t-uisciú talmhaíochta is cuspóir don athúsáid uisce, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741. I gcás inarb iomchuí chun athúsáid shábháilte fuíolluisce uirbigh chóireáilte a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí cóireáil cheathartha a dhéanamh le haghaidh an fhuíolluisce uirbigh a athúsáidtear nó a athúsáidfear. Ba cheart féachaint an bhféadfaí bearta i ndáil le hathúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte a chur chun cinn agus an athúsáid sin a chur san áireamh i straitéisí maidir le hathléimneacht uisce ar leibhéal na mBallstát, nuair a bhíonn na straitéisí sin ar fáil. |
(30) |
Is féidir leis na cothaithigh atá i bhfuíolluisce uirbeach a bheith úsáideach i gcásanna ina ndéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid sa talmhaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741. Sna cásanna sin, faoi choinníollacha sonracha lena n-áirithítear an leibhéal is airde cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tairbhe a bhaint as maolú ar an oibleagáid cóireáil threasach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir seo ach amháin maidir leis an gcuid sin den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a dhéantar a athúsáid sa talmhaíocht. |
(31) |
Chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú agus go háirithe ó thaobh urramú na dteorainnluachanna astaíochtaí, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitear isteach sa chomhshaol. Ba cheart an faireachán a dhéanamh trí chóras éigeantach le haghaidh réamhrialachán nó údaruithe sonracha, nó iad araon, a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun an fuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitheadh isteach sa chomhshaol. Ina theannta sin, chun cosc a chur ar sceitheadh neamhbheartaithe bithmheán isteach sa chomhshaol ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin, tá sé riachtanach go n-áireofaí sna húdaruithe nó sna rialacháin, nó iad araon, chun sceitheadh oibleagáidí sonracha maidir le faireachán a dhéanamh go leanúnach ar an sceitheadh sin agus maidir leis an sceitheadh sin a chosc. De ghnáth, is as plaisteach a dhéantar na bithmheáin sin agus d’fhéadfadh bithiompróirí, bithchoirníní nó coirníní polaistiréine, i measc nithe eile, a bheith i gceist leo. |
(32) |
I gcás inar gá, ba cheart do na Ballstáit a mbonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh a oiriúnú de réir fhás nó mhéid a ndaonra agus de réir na n-ualaí gaolmhara fuíolluisce teaghlaigh chun go leanfar de bheith ag comhlíonadh cheanglais na Treorach seo. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos faoin Treoir seo, níor cheart a mheas gur sárú ar a n-oibleagáidí faoi Threoir 2000/60/CE an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag sceitheadh ar dhobharlaigh i ngeall ar thógáil agus oiriúnú an bhonneagair sin. |
(33) |
Chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, ba cheart sceitheadh díreach d’fhuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe nach fuíolluisce teaghlaigh é isteach sa chomhshaol ó earnálacha tionsclaíocha áirithe a bheith faoi réir ceanglais iomchuí. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais sin go mbeidh sceitheadh díreach ó earnálacha tionsclaíocha áirithe faoi réir cóireáil thánaisteach, cóireáil threasach agus cóireáil cheathartha de réir mar is gá chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, agus go n-urramófar, i ndeireadh na scríbe, na paraiméadair a socraíodh le haghaidh fuíolluisce cóireáilte nó go n-áiritheofar an leibhéal céanna cosanta comhshaoil. |
(34) |
De réir Airteagal 168(1) CFAE, le gníomhaíocht an Aontais comhlánaítear na beartais náisiúnta agus tá sí le díriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú agus ar ghalair a chosc. Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as sonraí ábhartha sláinte poiblí i ndáil leis an bhfuíolluisce uirbeach, ba cheart faireachas fuíolluisce uirbigh a bhunú agus a úsáid chun críocha coisctheacha nó luathrabhaidh, mar shampla i ndáil le víris shonracha i bhfuíolluisce uirbeach a bhrath mar chomhartha go bhfuil eipidéimí nó paindéimí ag teacht chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé agus comhordú a bhunú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as bainistiú an fhuíolluisce uirbigh. I gcomhthéacs an chomhordaithe sin, ba cheart róil, freagrachtaí agus costais a leithdháileadh ar bhealach soiléir i measc na n-údarás inniúil sin. Ba cheart do na Ballstáit liosta a fhorbairt de pharaiméadair ábhartha le haghaidh sláinte phoiblí a bhfuil faireachán le déanamh orthu san fhuíolluisce uirbeach chomh maith le minicíocht agus suíomh na samplála, agus, i measc eintiteas eile, moltaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), ón Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) á gcur san áireamh agus na paraiméadair sláinte seo a leanas a mheas lena n-áireamh ar an liosta sin: SARS-CoV-2 agus a athraithigh, póilióivíreas, víreas fliú, pataiginí atá ag teacht chun cinn agus aon pharaiméadair sláinte poiblí eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith ábhartha. Ar bhonn faisnéis a bailíodh le linn phaindéim COVID-19 agus ar bhonn taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Mholadh (AE) 2021/472 ón gCoimisiún (22) (an ‘moladh’), ba cheart a cheangal ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar pharaiméadair sláinte ábhartha i bhfuíolluisce uirbeach i gcás éigeandáil sláinte. Chun a áirithiú go n-úsáidtear modhanna comhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit, a mhéid is féidir, úsáid a bhaint as na modhanna samplála agus anailíse a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/472 maidir le faireachán ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach. |
(35) |
Aithníonn an tAontas an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar fhadhb na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR), go háirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 dar teideal ‘A European One Health Action Plan against Antimicrobial Resistance (AMR) [Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (AMR)]’ agus ghlac sé Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne AMR. De réir EDS, déantar fuíolluisce uirbeach a aithint agus a dhoiciméadú mar cheann de phríomhfhoinsí na n-oibreán frithmhiocróbach agus a gcuid meitibilítí, agus mar cheann de phríomhfhoinsí na mbaictéar atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus a ngéinte. Chun méadú a chur ar an eolas atá ann ar phríomhfhoinsí AMR, ba cheart oibleagáid faireacháin a thabhairt isteach maidir le AMR a bheith i bhfuíolluisce uirbeach chun ár n-eolas eolaíoch a fhorbairt a thuilleadh agus b’fhéidir gníomhaíocht leordhóthanach a dhéanamh amach anseo. |
(36) |
Aithnítear sa Treoir seo gur cur chuige comhtháite, aontaithe é ‘Aon Sláinte Amháin’, mar a d’aithin EDS é, arb é is aidhm dó cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach agus sláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras a bharrfheabhsú. Aithnítear leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais, idirnasctha go dlúth agus idirspleách. |
(37) |
Chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, ba cheart do na Ballstáit na rioscaí a bhaineann le bainistiú fuíolluisce uirbigh a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu. D’fhéadfadh scagadh leathan ceimiceach a áireamh sa mheasúnú riosca, lena n-áirítear meascáin cheimiceacha, nó modhanna atá bunaithe ar éifeacht bhitheolaíoch, nó iad araon, chun substaintí ar ábhar imní iad lena n-áirítear, i measc nithe eile, don saol uisceach a shainaithint nó do cháilíocht an uisce óil nó an uisce snámha a shainaithint. Ar bhonn na sainaitheanta sin, agus i gcás inar gá chun ceanglais reachtaíocht uisce an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh maidir le fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil atá níos déine ná na bearta sin is gá chun na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 191(2) CFAE agus sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE, ba cheart do na Ballstáit, mar thosaíocht, an truailliú a rialú ag an bhfoinse a chur chun cinn chun truailliú na ndobharlach glacach a chosc. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit bearta coisctheacha a dhéanamh chun teorainn a chur ar an riosca le micreaphlaistigh a scaoiltear d’aon ghnó agus go neamhbheartaithe a bheith ag teacht chomh fada leis an bhfuíolluisce agus an sloda uirbeach. |
(38) |
Ag brath ar an gcás, ar na bearta níos déine sin féadfar a áireamh, i measc bearta eile, córais bhailiúcháin a bhunú, pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt nó cóireáil thánaisteach, cóireáil threasach nó cóireáil cheathartha a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach i gcás ceirtleáin nó gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach sroicheann na tairseacha p.e. lena ngníomhachtaítear cur i bhfeidhm na gceanglas caighdeánach. Féadfar a áireamh orthu freisin cóireáil atá níos forbartha ná an chóireáil is gá chun na híoscheanglais a urramú maidir le fuíolluisce uirbeach cóireáilte a dhíghalrú chun Treoir 2006/7/CE a chomhlíonadh. |
(39) |
Sprioc 6.2 de Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le huisce glan agus sláintíocht lena gceanglaítear ar na Ballstáit, faoi 2030, ‘rochtain do chách ar shláintíocht agus sláinteachas leordhóthanach agus cothrom a bhaint amach agus deireadh a chur le dífhaecú faoin aer, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na mban agus na gcailíní agus iad siúd atá i gcásanna leochaileacha’. Ba cheart go bhfágfadh saoráidí sláintíochta go mbeifear in ann fual, faecas agus fuil mhíosta an duine a bhainistiú agus a dhiúscairt go sábháilte agus táirgí míosta a athrú. Thairis sin, i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta sonraítear go bhfuil ag cách an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha ar dhea-chaighdeán, lena n-áirítear uisce agus sláintíocht. I bhfianaise an mhéid sin, agus i gcomhréir leis na moltaí i dTreoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte (23) agus leis an bPrótacal maidir le hUisce agus Sláinte a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, arna dhéanamh i Londain an 17 Meitheamh 1999, ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le saincheist na rochtana ar shláintíocht ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart é sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíochtaí lena n-áirithítear rochtain ar shláintíocht ag cách, mar shampla trí shaoráidí sláintíochta a chur ar bun i spásanna poiblí, agus freisin trí spreagadh a thabhairt le go mbeadh saoráidí sláintíochta iomchuí ar fáil in áitribh riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí saor in aisce nó go mbeadh siad inacmhainne do chách, lena n-áirítear gach cineál saoráide agus seirbhíse, mar shampla leithris shruthlaithe agus leithris thirime. Ba cheart iad a bhainistiú go sábháilte, rud a chiallaíonn gur cheart iad a bheith inrochtana do chách, i gcás inarb iomchuí, i gcónaí, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu, mar shampla leanaí, daoine aosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean, agus gur cheart iad a lonnú i suíomh lena n-áirithítear uasleibhéal sábháilteachta le haghaidh úsáideoirí, agus gur cheart iad a bheith sábháilte lena n-úsáid ar bhonn teicniúil agus ó thaobh sláinteachais de. Anuas air sin ba cheart líon leordhóthanach de na saoráidí sin a bheith ann chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais na ndaoine agus nach mbeidh amanna feithimh rófhada ann. Ba cheart líon leordhóthanach na saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí a chinneadh ar an leibhéal iomchuí, agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh. |
(40) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach], ina n-iarrtar go ndéanfaí an rochtain éifeachtach chothrom ar sheirbhísí riachtanacha a mhéadú, aithníodh cás sonrach na gcultúr mionlach, mar shampla cás na Romach agus an Lucht Siúil, is cuma aistreach nó neamhaistreach iad, agus go háirithe an easpa rochtana a bhíonn acu ar shláintíocht. Ar an iomlán, is iomchuí go dtabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar ghrúpaí leochaileacha nó ar ghrúpaí atá imeallaithe mar gheall ar thosca a bhaineann lena staid shocheacnamaíoch, bunadh eitneach, gnéasacht, inscne, míchumas, easpa dídine, stádas dlíthiúil, creideamh reiligiúnach nó cúiseanna eile trí na bearta is gá a dhéanamh chun rochtain ar shláintíocht a áirithiú do na grúpaí sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfar na grúpaí sin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Ar na bearta chun feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, d’fhéadfaí saoráidí sláintíochta a chur ar fáil i spásanna poiblí agus príobháideacha saor in aisce nó ar tháille íseal seirbhíse agus i bhfoirgnimh riaracháin phoiblí, an nasc le córais leordhóthanacha bailithe fuíolluisce uirbigh a fheabhsú nó a chothabháil, agus feasacht a ardú i leith na saoráidí sláintíochta is gaire. |
(41) |
De réir Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i ndáil le hUisce Óil Sábháilte agus leis an tSláintíocht, arna nglacadh ag an gComhairle an 17 Meitheamh 2019, is gá aird ar leith a thabhairt ar riachtanais na mban is na gcailíní, ó tharla gurb iadsan go háirithe atá i mbaol agus go bhfuil siad neamhchosanta ar ionsaithe, ar fhoréigean gnéasach agus inscne-bhunaithe, ar chiapadh agus ar bhagairtí eile ó thaobh a sábháilteachta de le linn dóibh a bheith ag úsáid saoráidí sláintíochta ar láthair eile seachas a dtithe. Tá sé sin i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Taidhleoireacht Uisce, arna nglacadh an 19 Samhain 2018, lena n-athdhearbhaítear an tábhacht a bhaineann le gné na hinscne a chomhtháthú sa taidhleoireacht uisce. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar mhná agus cailíní mar ghrúpa leochaileach agus ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun rochtain shábháilte ar shláintíocht don ghrúpa sin a fheabhsú nó a choinneáil ar bun. |
(42) |
Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar bhainistiú sloda chun é a ailíniú níos fearr le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear iad le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Maidir leis na gníomhaíochtaí chun faireachán agus laghdú níos fearr a dhéanamh ar thruailliú ó sceitheadh nach sceitheadh teaghlaigh é ag an bhfoinse, rannchuideoidh siad le feabhas a chur ar cháilíocht an tsloda a tháirgtear agus áiritheoidh siad go n-úsáidfear go sábháilte é sa talmhaíocht. Chun a áirithiú go ndéanfar cothaithigh, lena n-áirítear an tsubstaint chriticiúil fosfar, a aisghabháil ar bhealach cuí shábháilte ón sloda, ba cheart íosráta comhcheangailte athúsáide agus athchúrsála a shocrú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh fuíolluisce uirbeach nó sloda a athúsáid nó a athchúrsáil, nó iad araon, chun fosfar a aisghabháil. Leis an íosráta comhcheangailte athúsáide agus athchúrsála, ba cheart an cion fosfair sloda a chur san áireamh, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó limistéar amháin go limistéar eile. Ba cheart a chur san áireamh ann freisin leibhéal sáithithe gach margaidh náisiúnta, mar shampla, infhaighteacht foinsí eile fosfair ó fhoinsí orgánacha, mar shampla ó fheirmeoireacht beostoic, agus na féidearthachtaí a bhaineann lena ionsú sa talmhaíocht. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin i sloda, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go gcarnfaí micreathruailleáin i sloda, agus i gcás ina ndéantar é a athúsáid sa talmhaíocht chun cur leis an eolas ina leith agus chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Ba cheart a spreagadh go ndéanfaí cothaithigh a aisghabháil ar bhealach cuí sábháilte agus go n-athúsáidfí sa talmhaíocht iad chun tacú le hathléimneacht agus inbhuanaitheacht earnáil na talmhaíochta agus chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach thionscal leasacháin an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit, agus roghanna aisghabhála náisiúnta agus áitiúla á gcur san áireamh acu, bearta a dhéanamh chun táirgeadh agus ceannach cothaitheach athshlánaithe ó fhuíolluisce uirbeach agus sloda a spreagadh. Agus sloda á athúsáid sa talmhaíocht, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicreaphlaistigh. Dá bhrí sin, ba cheart faireachán córasach a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh nuair a dhéantar sloda a athúsáid sa talmhaíocht. Tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun sloda a bhainistiú ar bhealach sábháilte sa talmhaíocht agus d’aon athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bheartas ábhartha an Aontais. |
(43) |
Is gá faireachán leordhóthanach a dhéanamh chun go bhfíorófaí go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais nua na Treorach seo maidir le micreathruailleáin, truailliú nach truailliú teaghlaigh é, neodracht fuinnimh, forshreabhadh uisce stoirme agus rith chun srutha uirbeach. Ba cheart tacú leis an bhfaireachán, i gcás inarb indéanta go teicniúil agus inarb iomchuí, trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha. Ba cheart úsáid uirlisí digiteacha a mheas go córasach, go háirithe chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais bhailiúcháin agus ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Chun fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht na cóireála ceathartha i ndáil le laghdú na micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach a sceitear, is leor faireachán a dhéanamh ar shraith theoranta micreathruailleán ionadaíoch. Ba cheart na minicíochtaí faireacháin a bheith bunaithe ar na dea-chleachtais atá ann faoi láthair, mar a fheidhmítear san Eilvéis faoi láthair. Chun go leanfaidh siad de bheith costéifeachtach, ba cheart na hoibleagáidí sin a chur in oiriúint do mhéid na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus do mhéid na gceirtleán. Chun críocha an fhaireacháin sin, déantar foráil sa Treoir seo maidir le sampláil a dhéanamh. Gach uair a dhéantar sampláil, tógtar sampla ag ionraon agus asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh araon. Rannchuideoidh an faireachán freisin le sonraí a sholáthar don Chreat Faireachán Comhshaoil a bunaíodh faoin 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (26), agus ar bhealach níos sonraí cothóidh sé an Creat Faireacháin agus Ionchais Truaillithe Nialasaigh atá mar bhonn taca leis, a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách: ‘I dtreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’]. |
(44) |
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh agus ar mhicreathruailleáin ábhartha, i gcás inarb ábhartha, i bhforshreabhadh uisce stoirme agus i sceitheadh rith chun srutha uirbeach ó chórais ar leith a bhfuil clár samplála ionadaíoch acu lenar féidir meastachán tiúchana a dhéanamh d’fhonn cáilíocht an uisce cáilíocht an uisce a shamhaltú. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí GCT trí bhíthin anailíse, ríomhanna nó samhaltú, i gcás inarb iomchuí. |
(45) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an comhshaol a chosaint agus go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach faoi aon mheasúnú riosca atá le déanamh chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus chun dlí eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar raon leathan truailleán ag ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Chun ualach nach bhfuil gá leis a sheachaint, níor cheart faireachán a dhéanamh ach ar thruailleáin a mheastar a bheidh le fáil i bhfuíolluisce uirbeach agus an éagsúlacht ard truailleán a d’fhéadfadh dul chomh fada le hionaid chóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear truailleáin ó fhoinsí fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é, á cur san áireamh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an mhinicíocht faireacháin a laghdú mura n-aimsítear truailleáin i bpróisis samplála ina dhiaidh sin. Go sonrach, léiríonn na sonraí is déanaí go bhfuil substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) le fáil i bhfuíolluisce uirbeach, uaireanta ag tiúchan ard. Léiríonn an fhianaise eolaíoch is déanaí gur ábhar imní don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí iad PFAS mar gheall ar a marthanacht. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, tuiscint níos fearr a fháil ar chonairí PFAS isteach sa chomhshaol agus faireachán a dhéanamh orthu in ionraon agus asraon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Ar an gcéad dul síos, ba cheart an faireachán sin a dhéanamh i gcás ina sroicheann an sceitheadh dobharcheantair a úsáidtear chun uisce óil a bhaint astu, mar gheall ar na rioscaí arda go nochtfaí daoine do PFAS agus mar gheall ar a dtionchar ar an tsláinte. |
(46) |
Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus leas níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ar fáil ón digiteáil, ba cheart an tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach seo a fheabhsú agus a shimpliú trí dheireadh a chur leis an oibleagáid ar na Ballstáit chun tuarascáil a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain agus ar an gCoimisiún chun tuarascálacha a fhoilsiú gach dara bliain. Ina hionad ba cheart ceanglas a chur ar na Ballstáit, le tacaíocht ó EEA, feabhas a chur ar na tacair sonraí caighdeánaithe náisiúnta atá ann cheana faoi Threoir 91/271/CEE agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Úsáidfidh an Coimisiún na tacair sonraí feabhsaithe sin chun a fhíorú go bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh. Is iomchuí go ndéanfaidh EEA samhail an tuairiscithe a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart rochtain ar na bunachair sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún agus do EEA. Chun faisnéis iomlán a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart a áireamh sna tacair sonraí faisnéis maidir lena mhéid atá na ceanglais chóireála á gcomhlíonadh ag na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh (pas/teip, ualaigh agus leibhéil tiúchana na dtruailleán a sceitear), maidir lena mhéid atá cuspóirí na neodrachta fuinnimh á mbaint amach, maidir le hastaíochtaí GCT na ngléasraí cóireála os cionn 10 000 p.e. agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhthéacs forshreabhadh uisce stoirme agus rith chun srutha uirbeach, rochtain ar shláintíocht agus cóireáil arna déanamh ag córais aonair. Thairis sin, ba cheart comhsheasmhacht iomlán le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a áirithiú chun an úsáid is fearr a bhaint as na sonraí, agus chun tacú chomh maith le trédhearcacht iomlán. Leis an bhfaisnéis arna bailiú tríd an tacar sonraí sin ba cheart cur i gcomparáid agus malartú na ndea-chleachtas ar leibhéal an Aontais a éascú maidir leis an bhfeidhmíocht gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Leis an ualach riaracháin a bhaineann le faisnéis agus sonraí a sholáthar don phobal, ba cheart é a bheith de chineál lena ndéantar prionsabal na comhréireachta a urramú i gcónaí. |
(47) |
Is trí tharaifí uisce agus trí bhuiséid phoiblí, lena n-áirítear cistiú an Aontais, a dhéantar cur chun feidhme Threoir 91/271/CEE seo a mhaoiniú. Amach anseo, ba cheart freagracht leathnaithe an táirgeora a bheith de chineál go n-áiritheofaí go n-íocfaidh na tionscail lena mbaineann costais na cóireála ceathartha go páirteach ar a laghad agus go gcomhlánófar iad le cineálacha eile maoinithe. San am a chuaigh thart, thacaigh Beartas Comhtháthaithe an Aontais agus cláir an Aontais faoi Fís 2020 agus Clár LIFE go mór le cur chun feidhme Threoir 91/271/CEE freisin. Chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme an Treoir seo go tráthúil agus go cuí, tá sé riachtanach go mbunóidh na Ballstáit clár náisiúnta cur chun feidhme lena n-áirítear clárú fadtéarmach na n-infheistíochtaí is gá a mbeidh straitéis maoiniúcháin ag gabháil leis. Ba cheart na cláir náisiúnta cur chun feidhme sin a thuairisciú don Choimisiún. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le Ballstáit ina bhfuil os cionn 95 % de na ceirtleáin ag comhlíonadh na bpríomhoibleagáidí maidir le fuíolluisce a chóireáil agus a bhailiú. Chun leanúint de chur chun feidhme sásúil na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na cláir náisiúnta cur chun feidhme arna dtuairisciú ag na Ballstáit chun an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a ullmhú, mar aon leis na creataí a bheidh ann ina dhiaidh sin, agus ba cheart do na Ballstáit córas riachtanach fhreagracht leathnaithe an táirgeora a chur ar bun gan mhoill. |
(48) |
Is earnáil shonrach í earnáil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce uirbigh, a oibríonn mar mhargadh faoi chuing, ina bhfuil fiontair phoiblí agus fiontair bheaga nasctha leis an gcóras bailiúcháin gan a bheith in ann a n-oibreoirí a roghnú. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach rochtain phoiblí a áirithiú ar phríomhtháscairí feidhmíochta na n-oibreoirí, mar shampla an leibhéal cóireála a bhaintear amach, costais na cóireála, an méid fuinnimh a úsáidtear agus a tháirgtear agus na hastaíochtaí GCT agus an lorg carbóin a bhaineann leo. Chun an pobal a dhéanamh níos feasaí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ba cheart an phríomhfhaisnéis maidir le costas bliantúil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce a sholáthar, i gceirtleáin os cionn 10 000 p.e. ar a laghad, agus os cionn 1 000 p.e. más féidir, ar bhealach a bheidh so-inrochtana, le haghaidh gach teaghlaigh, mar shampla ar na sonraisc, agus ba cheart faisnéis mhionsonraithe eile a bheith inrochtana i bhformáid sholáimhsithe ar líne, ar shuíomh gréasáin an oibreora nó an údaráis inniúil. |
(49) |
Le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) ráthaítear an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) (29). Le Coinbhinsiún Aarhus cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus leis an bhfaisnéis sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe comhroinnte sonraí an Treoir sin a chomhlánú, tríd an oibleagáid a bhunú chun faisnéis a chur ar fáil don phobal ar líne, ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, maidir le bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh, gan córas dlí ar leith a chruthú. |
(50) |
Le go mbeidh an Treoir seo éifeachtach ó thaobh a haidhm a bhaint amach arb éard í an tsláinte phoiblí a chosaint i gcomhthéacs bheartas comhshaoil an Aontais, caithfidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó i gcás inarb iomchuí, a gcuid eagraíochtaí arna gcomhdhéanamh mar is cuí, a bheith in ann brath ar an Treoir in imeachtaí dlíthiúla agus caithfidh na cúirteanna náisiúnta a bheith in ann an Treoir seo a chur san áireamh mar ghné de dhlí an Aontais chun, inter alia, athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí de chuid údaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí. Ina theannta sin, de réir chásdlí bunaithe Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is faoi chúirteanna na mBallstát atá sé cosaint dhlíthiúil ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) CAE ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a sholáthar atá leordhóthanach chun cosaint dhlíthiúil éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, gan a héifeacht a bhaint den fhoráil maidir le cúiteamh. Anuas air sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, tá rochtain ar an gceartas le bheith ag daoine den phobal lena mbaineann mar chuid de chosaint an chirt chun maireachtáil i dtimpeallacht atá leordhóthanach do shláinte agus folláine an duine. |
(51) |
Chun an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun codanna áirithe de na hIarscríbhinní a leasú i ndáil leis an bhfaireachán a oiriúnú do mhodhanna úrscothacha chun faireachán a dhéanamh, lena n-áirítear d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as uirlisí digiteacha agus na modhanna ábhartha a úsáidtear i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí maidir le cóireáil threasach agus cóireáil cheathartha, agus na ceanglais le haghaidh réamhrialachán agus údaruithe sonracha chun fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitheadh isteach i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íosráta comhcheangailte athúsáide agus athchúrsála a shonrú le haghaidh fosfar ó shloda agus ó fhuíolluisce uirbeach, agus na teicneolaíochtaí agus na hacmhainní atá ar fáil chomh maith le hinmharthanacht eacnamaíoch aisghabháil an fhosfair á gcur san áireamh, agus an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal ar líne agus do theaghlaigh a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún, le linn a chuid oibre ullmhúcháin, i mbun comhairliúcháin iomchuí lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (30). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna a fhaigheann saineolaithe na mBallstát iad, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(52) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin a ghlacadh le haghaidh córais aonair a dhearadh, chun formáid an tuairiscithe agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bhunú maidir le córais aonair, chun formáid agus modh an mheasúnaithe riosca a bhunú a bheidh le húsáid i gcomhthéacs na cóireála ceathartha, chun modhanna faireacháin agus measúnaithe a ghlacadh le haghaidh tháscairí na cóireála ceathartha agus na gcuspóirí maidir le neodracht fuinnimh, chun coinníollacha coiteanna agus critéir choiteanna a bhunú le haghaidh chur i bhfeidhm na díolúine ó fhreagracht leathnaithe an táirgeora do tháirgí áirithe, chun modheolaíochtaí a bhunú chun tacú le pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt, chun táscairí malartacha a fhorbairt ar an gcuspóir táscach ualach-bhunaithe i dtaca le truailliú a laghdú, bunaithe, mar shampla, ar thoirt, ar líon na bhforshreafaí uiscí stoirme, ar thoirt an rith chun srutha uirbeach sceite, nó ar tháscairí malartacha ábhartha eile, agus chun minicíocht íosta samplála agus modheolaíochtaí a bhunú chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach agus i sloda a thomhas, chun íosliosta a bhunú de thruailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar i bhfuíolluisce uirbeach iad, lena n-áirítear modheolaíocht chun truailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar iad a shainaithint agus critéir maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar eisiamh roinnt truailleán a bhfuil faireachán le déanamh orthu, chun modheolaíocht chomhchuibhithe a bhunú chun ‘Iomlán Substaintí Sárfhluarailcile agus Polafluarailcile (PFAS)’ agus ‘Suim PFAS’ i bhfuíolluisce uirbeach a thomhas agus chun an fhormáid agus na módúlachtaí a ghlacadh maidir le cur i láthair na faisnéise atá le soláthar ag na Ballstáit agus arna tiomsú ag EEA maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). |
(53) |
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart dóibh, de réir mar is infheidhme, staid airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach a chur san áireamh. |
(54) |
De bhun an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo laistigh de thréimhse ama áirithe ón dáta a shocraítear chun í a thrasuí. Ba cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar an taithí a fuarthas agus ar na sonraí a bailíodh le linn don Treoir seo a bheith á cur chun feidhme, ar aon mholtaí atá ar fáil ó EDS, agus ar shonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha. Sa mheastóireacht, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar anailís ar leordhóthanacht na bparaiméadar sláinte poiblí a úsáidtear san fhaireachas ar fhuíolluisce uirbeach, ar anailís ar na breisluachanna a bhaineann le faireachán éigeantach ar pharaiméadair sláinte poiblí, ar anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le liosta na dtáirgí atá le cumhdach ag córais fhreagracht leathnaithe an táirgeora a oiriúnú, lena n-áirítear na coinníollacha le haghaidh díolúintí, ar anailís ar na tionchair fhéideartha a d'fhéadfadh a bheith ag na rátaí ranníocaíochta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgeoirí arna socrú ag na Ballstáit dá mb’éagsúil lena chéile iad na rátaí sin, ar anailís ar indéantacht agus oiriúnacht córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora a fhorbairt le haghaidh táirgí lena ngintear substaintí PFAS agus micreaphlaistigh, ar anailís ar bhreisluach agus oiriúnacht pleananna náisiúnta éigeantacha a cheangal maidir le hathúsáid uisce, lena n-áirítear spriocanna agus bearta náisiúnta, ar mheastóireacht ar chuspóir na neodrachta fuinnimh chun indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch agus tairbhí comhshaoil agus aeráide a anailísiú chun leibhéal níos airde neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach san earnáil, ar mheastóireacht ar na féidearthachtaí chun na hastaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha ó earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh a thomhas, ar mheastóireacht ar an bhféidearthacht aeráidneodracht a bhaint amach d’earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh, agus an t-am is gá chun í sin a bhaint amach, chomh maith lena indéanta agus a iomchuí atá sé íosrátaí athúsáide agus athchúrsála an Aontais a shocrú le haghaidh nítrigin ó shloda nó nítrigin ó fhuíolluisce uirbeach, nó iad araon. |
(55) |
Le Treoir 91/271/CEE foráiltear do spriocdhátaí sonracha do Mayotte mar thoradh ar é a bheith curtha san áireamh in 2014 mar réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 CFAE. Dá bhrí sin, maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí chun córais bhailiúcháin a bhunú agus chun cóireáil thánaisteach a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó, ba cheart é a chur siar i ndáil le Mayotte. |
(56) |
Is iomchuí staid shonrach Mayotte agus réigiún eile is forimeallaí an Aontais a mheas, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE iad, áit a ndéantar foráil do bhearta sonracha chun tacú leis na réigiúin sin. Maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh sna críocha sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an topagrafaíocht achrannach agus ar oileánachas na gcríoch sin. |
(57) |
Chun leanúnachas chosaint an chomhshaoil a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcoinneoidh na Ballstáit ar bun leibhéal na cóireála treasaí atá ann faoi láthair ar a laghad go dtí go mbeidh na ceanglais nua le haghaidh fosfar agus nítrigin a laghdú infheidhme. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE leanúint d’fheidhm a bheith aige go dtí go mbeidh na ceanglais nua sin infheidhme. |
(58) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon an comhshaol agus an tsláinte phoiblí a chosaint, dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach maidir le gníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht agus faireachas tráthrialta a áirithiú ar pharaiméadair atá ábhartha don tsláinte phoiblí, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(59) |
Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 91/271/CEE. An oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí, is de bharr na Treorach sin arb ann di. |
(60) |
Ba cheart don Treoir seo a bheith gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VII a thrasuí, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha maidir le bailiú, cóireáil, agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh, chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) á laghdú de réir a chéile go leibhéil inbhuanaithe lena bhfeabhsófar cothromaíocht fuinnimh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh agus lena rannchuideofar leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le rochtain ar shláintíocht do chách, maidir le trédhearcacht earnáil an fhuíolluisce uirbigh agus maidir le faireachas tráthrialta ar pharaiméadair ábhartha sláinte poiblí i bhfuíolluisce uirbeach agus maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
(2) |
ciallaíonn ‘fuíolluisce teaghlaigh’ fuíolluisce ó lonnaíochtaí, seirbhísí agus institiúidí cónaitheacha a thagann go príomha ón meitibileacht dhaonna nó ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh in áit chónaithe, nó iad araon; |
(3) |
ciallaíonn ‘fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é’ fuíolluisce, seachas fuíolluisce teaghlaigh agus rith chun srutha uirbeach, a sceitear ó áitribh a úsáidtear chun gníomhaíochtaí trádála nó tionsclaíocha nó eacnamaíocha a dhéanamh; |
(4) |
ciallaíonn ‘ceirtleán’ limistéar ina bhfuil an daonra arna shloinneadh i gcoibhéis daonra sách ard, bíodh sé comhcheangailte le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ná bíodh, chun go ndéanfar fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a iompar chuig gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh amháin nó níos mó nó chuig ceann amháin nó níos mó de na pointí sceite deiridh; |
(5) |
ciallaíonn ‘rith chun srutha uirbeach’ frasaíocht i gceirtleáin a bhailítear i séaraigh chomhcheangailte nó i séarach amháin ar leithligh; |
(6) |
ciallaíonn ‘forshreabhadh uisce stoirme’ fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte a sceitear isteach in uiscí glactha ó shéaraigh chomhcheangailte de dheasca frasaíochta nó de dheasca teipe sa chóras; |
(7) |
ciallaíonn ‘córas bailiúcháin’ córas seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach; |
(8) |
ciallaíonn ‘séarach comhcheangailte’ seolphíobán amháin a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach, lena n-áirítear rith chun srutha uirbeach; |
(9) |
ciallaíonn ‘séarach ar leithligh’ seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn ar leith óna chéile aon cheann díobh seo a leanas:
|
(10) |
ciallaíonn ‘coibhéis daonra 1’ nó ‘(1 p.e.)’ an t-ualach orgánach in-bhithdhíghrádaithe in aghaidh an lae a bhfuil éileamh bitheolaíoch ocsaigine 5 lá (BOD5) aige ar luach 60g ocsaigine in aghaidh an lae; |
(11) |
ciallaíonn ‘cóireáil phríomhúil’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas fisiceach nó ceimiceach, nó iad araon, ina ligtear solaid atá ar fuaidreamh a shocrú, nó trí phróisis eile ina laghdaítear BOD5 an fhuíolluisce isteach 20 % ar a laghad roimh an sceitheadh agus ina laghdaítear iomlán na solad atá ar fuaidreamh san fhuíolluisce isteach 50 % ar a laghad; |
(12) |
ciallaíonn ‘cóireáil thánaisteach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas inarb iondúil go ndéantar cóireáil bhitheolaíoch mar aon le síothlú tánaisteach nó próiseas eile lena laghdaítear ábhar orgánach in-bhithdhíghrádaithe ó fhuíolluisce uirbeach; |
(13) |
ciallaíonn ‘cóireáil threasach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear nítrigin nó fosfar, nó iad araon, i bhfuíolluisce uirbeach; |
(14) |
ciallaíonn ‘cóireáil cheathartha’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear speictream leathan micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach; |
(15) |
ciallaíonn ‘sloda’ iarmhar orgánach agus neamhorgánach a thagann ó chóireáil fuíolluisce uirbigh ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, seachas grean, gréisc, smionagar eile agus aon ábhar scagtha ná iarmhair eile ón gcéim réamhchóireála; |
(16) |
ciallaíonn ‘eotrófú’ uisce a shaibhriú le cothaithigh, go háirithe le comhdhúile ina bhfuil nítrigin nó fosfar, nó iad araon, lena gcuirtear faoi deara fás luathaithe ar algaí agus ar chineálacha níos airde de phlandaí, rud a chuireann ar sceabha ar bhealach neamh-inmhianaithe cothromaíocht na n-orgánach atá san uisce agus cáilíocht an uisce lena mbaineann; |
(17) |
ciallaíonn ‘micreathruailleán’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), lena n-áirítear a cuid táirgí díghrádúcháin, de ghnáth a bhíonn sa chomhshaol uisceach, san fhuíolluisce uirbeach nó sa sloda agus ar féidir a mheas gur substaint ghuaiseach í don chomhshaol nó do shláinte an duine ar bhonn na gcritéar ábhartha a leagtar amach i gCodanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, fiú ar leibhéil ísle tiúchana; |
(18) |
ciallaíonn ‘cóimheas caolúcháin’ an cóimheas idir an meán le cúig bliana anuas de shreabhadh bliantúil na n-uiscí glactha ag pointe an sceite agus an meán le cúig bliana anuas de thoirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a sceitear isteach in uiscí dromchla; |
(19) |
ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a chuireann táirgí ar mhargadh Ballstáit ar bhonn gairmiúil, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33); |
(20) |
ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht tairgeoirí’ eagraíocht a aithnítear go náisiúnta arna bunú chun é a chur ar chumas do tháirgeoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagail 9 agus 10 a chomhlíonadh; |
(21) |
ciallaíonn ‘sláintíocht’ saoráidí agus seirbhísí chun fual agus faecas daonna a bhainistiú agus a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, sláintiúil, slán agus inghlactha go sóisialta agus go cultúrtha, agus chun táirgí míosta a athrú agus a dhiúscairt, lena soláthraítear príobháideachas agus lena n-áirithítear dínit; |
(22) |
ciallaíonn ‘frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha’ cumas miocrorgánach teacht slán i láthair leibhéal tiúchana oibreáin fhrithmhiocróbaigh ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú; |
(23) |
ciallaíonn ‘Aon Sláinte Amháin’ Aon Sláinte Amháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34); |
(24) |
ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a mbeadh éifeacht air nó ar dócha go mbeadh éifeacht air ag cinneadh a bheith déanta chun oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6, 7 nó 8 den Treoir seo a chur chun feidhme nó a mbeadh leas aige sa chinneadh sin a bheith déanta; chun críocha an tsainmhínithe seo, meastar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta; |
(25) |
ciallaíonn ‘bithmheán’ aon taca, atá déanta as plaisteach de ghnáth a úsáidtear chun na baictéir a fhorbairt is gá chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil; |
(26) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit; |
(27) |
ciallaíonn ‘ualach’ méid an ábhair in-bhithdhíghrádaithe orgánaigh arna thomhas mar BOD5 i bhfuíolluisce uirbeach, arna shloinneadh in p.e., nó aon truailleán nó aon chothaitheach, arna shloinneadh in aonaid mhaise in aghaidh ama; |
(28) |
ciallaíonn ‘córas aonair’ saoráid sláintíochta a bhailíonn, a stórálann, a chóireálann nó a dhiúscraíonn fuíolluisce teaghlaigh ó fhoirgnimh nó ó chodanna d’fhoirgnimh nach bhfuil nasctha le córas bailiúcháin. |
Airteagal 3
Córais bhailiúcháin agus an t-ualach ceirtleáin a ríomh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach ceirtleán 2 000 p.e. agus níos mó na ceanglais seo a leanas:
(a) |
go soláthraítear córais bháiliúcháin dóibh; |
(b) |
go mbíonn a bhfoinsí fuíolluisce teaghlaigh go léir nasctha leis an gcóras bhailiúcháin. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh ceirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. ceanglais mhír 1 faoin 31 Nollaig 2035.
Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo ar feadh uastréimhse:
(a) |
8 mbliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:
|
(b) |
10 mbliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:
|
Féadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo ar feadh uastréimhse:
(a) |
12 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:
|
(b) |
14 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025:
|
I gcás ina maolaíonn na Ballstáit ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go n-áireofar an méid seo a leanas ina gcéad chlár náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23:
(a) |
líon na gceirtleán 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. nach bhfuil córais bhailiúcháin iomlána acu an 1 Eanáir 2025; agus |
(b) |
plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá chun lánchomhlíonadh a bhaint amach do na ceirtleáin sin laistigh de na spriocdhátaí fadaithe; agus |
(c) |
na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. |
Ní bheidh feidhm le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an dara fomhír nó an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028.
3. Déanfar ualach ceirtleáin arna shloinneadh in p.e a ríomh ar bhonn an mheánualaigh sheachtainiúil uasta arna ghiniúint sa cheirtleán sin le linn na bliana, cé is moite de dhálaí neamhghnácha aimsire, mar shampla báisteach throm.
4. Comhlíonfaidh córais bhailiúcháin na ceanglais i gCuid A d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 4
Córais aonair
1. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar Airteagal 3, ach amháin mura bhfuil údar le bunú córais bhailiúcháin nó nascadh le córas bailiúcháin toisc nach dtiocfadh aon tairbhe chomhshaoil ná aon tairbhe do shláinte an duine as, toisc nach mbeadh sé indéanta go teicniúil nó toisc go mbeadh costas iomarcach i gceist leis. Má dhéantar maolú ar Airteagal 3, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear córais aonair chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus, nuair is infheidhme, a chóireáil i gceirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó, nó i gcuid de na ceirtleáin sin.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na córais aonair dá dtagraítear i mír 1 a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach lena mbainfear amach an leibhéal céanna cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus atá ag na cóireálacha tánaisteacha agus na cóireálacha treasacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar córais aonair a úsáidtear i gceirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó i gclárlann. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó aon chomhlacht eile atá údaraithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil cigireachtaí tráthrialta ar na córais sin nó seiceálacha tráthrialta nó rialaithe tráthrialta ar na córais sin ar mhodhanna eile, ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun íoscheanglais a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
dearadh, oibriú agus cothabháil na gcóras aonair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2; agus |
(b) |
na cigireachtaí tráthrialta dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear íosmhinicíocht le haghaidh na gcigireachtaí sin a bhunú, ag brath ar chineál an chórais aonair, agus bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Eanáir 2028 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Na ceanglais a bhaineann le dearadh dá dtagraítear i mír 2 agus sa mhír seo, ní bheidh feidhm acu maidir leis na córais aonair dá dtagraítear i mír 1 a bunaíodh roimh an 1 Eanáir 2025.
5. Maidir leis na Ballstáit a úsáideann córais aonair chun sciar níos mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh ar an leibhéal náisiúnta a bhailiú agus/nó a chóireáil ó cheirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó, soláthróidh siad don Choimisiún míniú ar na cúiseanna le haghaidh córais aonair a úsáid. Leis an míniú sin:
(a) |
léireofar go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 maidir le córais aonair a úsáid á gcomhlíonadh; |
(b) |
tabharfar tuairisc ar na bearta a rinneadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; |
(c) |
léireofar go bhfuil na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 4 á gcomhlíonadh i gcás ina mbíonn an Coimisiún tar éis a chumhachtaí cur chun feidhme faoin mír sin a fheidhmiú; |
(d) |
léireofar nach gcuireann úsáid na gcóras aonair cosc ar na Ballstáit na cuspóirí comhshaoil a bunaíodh in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a chomhlíonadh. |
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 5
Pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh
1. Faoin 31 Nollaig 2033, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le haghaidh limistéir dhraenála na gceirtleán 100 000 p.e. agus níos mó.
2. Sé mhí ar a dhéanaí tar éis an chéad nuashonraithe ar an bplean bainistithe abhantraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(7) de Threoir 2000/60/CE tar éis an 1 Eanáir 2025 ach tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2028, bunóidh na Ballstáit liosta de cheirtleáin idir 10 000 p.e. agus 100 000 p.e. i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, agus sonraí stairiúla, samhaltú agus réamh-mheastacháin úrscothacha i leith na haeráide á gcur san áireamh, lena n-áirítear éagsúlachtaí séasúracha, chomh maith leis na brúnna antrapaigineacha agus an measúnú tionchair a dhéantar faoin bplean bainistithe abhantraí:
(a) |
tá riosca ann don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca forshreabhadh uisce stoirme; |
(b) |
is mó an forshreabhadh uisce stoirme ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh arna bhailiú go bliantúil de na paraiméadair dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I, arna ríomh de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh; |
(c) |
ní féidir aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh de dheasca forshreabhadh uisce stoirme:
|
(d) |
sainaithníodh pointí ábhartha i séaraigh ar leithligh i gcás ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar rith chun srutha uirbeach a thruailliú ar bhealach inar féidir a mheas gur baol a sceitheadh isteach in uiscí glactha don chomhshaol nó do shláinte an duine nó ar bhealach nach féidir aon cheann de na ceanglais nó cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh. |
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach 6 bliana tar éis a bhunaithe agus déanfaidh siad é a nuashonrú i gcás inar gá.
3. Faoin 31 Nollaig 2039, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le haghaidh limistéir dhraenála na gceirtleán dá dtagraítear i mír 2.
4. Cuirfear pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
5. Áireofar sna pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh an méid a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad agus tabharfar tús áite do réitigh bonneagair ghlais agus ghoirm nuair is féidir.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a) |
modheolaíochtaí chun na bearta dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a shainaithint; |
(b) |
modheolaíochtaí chun táscairí malartacha a chinneadh lena fhíorú an mbaintear amach an cuspóir táscach i dtaca le truailliú a laghdú dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn V; |
(c) |
an fhormáid ina bhfuil pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh le cur ar fáil don Choimisiún i gcás ina n-iarrtar sin i gcomhréir le mír 4. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Eanáir 2028 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a athbhreithniú ar a laghad gach 6 bliana tar éis a mbunaithe agus go ndéanfar iad a nuashonrú i gcás inar gá. Tar éis an liosta dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar pleananna comhtháite bainistithe le haghaidh ceirtleán laistigh de 6 bliana tar éis iad a chur ar an liosta sin.
Airteagal 6
Cóireáil thánaisteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le fhuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, ceanglais ábhartha maidir leis an chóireáil thánaisteach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Gan dochar don fhéidearthacht modhanna malartacha dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a úsáid, leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
Maidir le ceirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 10 000 p.e. atá ag sceitheadh isteach in uiscí cósta mar a shainmhínítear faoi Threoir 2000/60/CE agus a chuireann cóireáil iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 91/271/CEE an 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír go dtí an 31 Nollaig 2037.
2. I gcás ceirtleáin a sceitheann fuíolluisce uirbeach isteach i limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 91/271/CEE an 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, an 31 Nollaig 2037.
3. Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e., sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, ceanglais ábhartha maidir le cóireáil thánaisteach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Gan dochar don fhéidearthacht modhanna malartacha dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a úsáid, leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh uastréimhse:
(a) |
8 mbliana i gcás inar fíor an méid thíos an 1 Eanáir 2025 i bhfeidhm na Treorach seo:
|
(b) |
10 mbliana i gcás inar fíor an méid seo a leanas an 1 Eanáir 2025:
|
Féadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh uastréimhse:
(a) |
12 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,
|
(b) |
14 bliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,
|
I gcás ina maolaíonn na Ballstáit ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go n-áireofar an méid seo a leanas ina gcéad chlár náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23:
(a) |
líon na gceirtleán de 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. nach bhfuil cóireáil thánaisteach acu an 1 Eanáir 2025; |
(b) |
plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá chun lánchomhlíonadh a bhaint amach do na ceirtleáin sin laistigh de na spriocdhátaí fadaithe; agus |
(c) |
na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. |
Ní bheidh feidhm le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an dara fomhír nó an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028.
4. Féadfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh a bheith faoi réir cóireála nach bhfuil chomh dian leis an gcóireáil a fhorordaítear i míreanna 1 agus 3 go dtí an 31 Nollaig 2045 i gcás ina scaoiltear iad:
(a) |
isteach in uiscí atá suite i réigiúin ardsléibhte, eadhon os cionn airde 1 500 m, áit a bhfuil sé deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm i ngeall ar theochtaí ísle; nó |
(b) |
isteach in uiscí doimhne mara i gcás ina bhfuil sceitheadh fuíolluisce uirbigh den sórt sin ó cheirtleáin faoi bhun 150 000 p.e. sna réigiúin is forimeallaí is lú daonra de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, áit a bhfágann topagrafaíocht agus tíreolaíocht na críche go bhfuil sé deacair cóireáil éifeachtach bhitheolaíoch a chur i bhfeidhm; nó |
(c) |
isteach in uiscí ó cheirtleáin bheaga 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. suite i réigiúin ina bhfuil aeráid fhuar inar deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm mar gheall ar na teochtaí ísle más ísle ná 6 oC meánteocht ráithiúil uisce an ionraoin. |
Is iad na coinníollacha chun an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm go soláthróidh na Ballstáit lena mbaineann staidéir mhionsonraithe don Choimisiún lena léirítear nach ndéanann an sceitheadh sin dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine agus nach gcuireann siad cosc ar na huiscí glactha na cuspóirí ábhartha cáilíochta agus na forálacha ábhartha de dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.
5. Déanfar an t-ualach arna shloinneadh in p.e. a ríomh ar bhonn an mheánualaigh íosta sheachtainiúil a théann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh le linn na bliana, cé is moite de dhálaí aimsire neamhghnácha ar nós báisteach throm.
Airteagal 7
Cóireáil threasach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó agus nach mbaintear feidhm iontu as an gcóireáil threasach an 1 Eanáir 2025, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I faoin:
(a) |
31 Nollaig 2033 do sceitheadh ó 30 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin; |
(b) |
31 Nollaig 2036, do sceitheadh ó 70 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin níos mó. |
31 Nollaig 2039, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach dá dtagraítear i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I níos mó.
2. Faoin 31 Nollaig 2027, bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit liosta limistéar ar a gcríoch atá íogair ó thaobh eotrófaithe de. Áireoidh siad in éineacht leis an liosta sin faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na limistéir íogair ó thaobh fosfair nó nítrigine de, nó iad araon. Tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta gach 6 bliana ag tosú ón 31 Nollaig 2033.
Beidh ar áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na limistéir a shainaithnítear in Iarscríbhinn II.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás ina gcuireann Ballstát cóireáil threasach chun feidhme i gcomhréir le mír 5 ar a chríoch iomlán.
3. Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach iad i limistéir a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 2, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I faoin:
(a) |
31 Nollaig 2033 le haghaidh 20 % de na ceirtleáin sin; |
(b) |
31 Nollaig 2036 le haghaidh 40 % de na ceirtleáin sin; |
(c) |
31 Nollaig 2039 le haghaidh 60 % de na ceirtleáin sin; |
(d) |
31 Nollaig 2045 le haghaidh na gceirtleán uile sin. |
4. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), ar feadh 8 mbliana ar a mhéad ar choinníoll:
(a) |
nach bhfuil cóireáil threasach á cur i bhfeidhm ag ar a laghad 50 % de na ceirtleáin lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE nó nach gcomhlíonann siad ceanglais Chuid B agus Thábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin an 1 Eanáir 2025; agus |
(b) |
go n-áirítear an méid seo a leanas sa chéad chlár náisiúnta cur chun feidhme a chuirtear isteach faoi Airteagal 23(2):
|
Ní bheidh éifeacht le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa mhír seo ach amháin má chomhlíontar coinníollacha na chéad fhomhíre. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028. Mar sin féin, comhlíonfaidh gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhéanann cóireáil ar ualach 150 000 p.e. agus níos mó fós na spriocdhátaí a leagtar síos i mír 1.
5. Aon sceitheadh fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, comhlíonfaidh sé na ceanglais ábhartha i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Beidh meán bliantúil na samplaí le haghaidh gach paraiméadair dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha ábhartha a leagtar amach sa tábla sin.
6. Maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá á dtógáil, a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh a mhéid a bhaineann lena gcóireáil threasach nó a coimisiúnaíodh tar éis an 31 Nollaig 2020 agus roimh an 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann leis an bparaiméadar nítrigine dá dtagraítear san Airteagal seo 5 bliana ar a dhéanaí ó na spriocdhátaí a bhunaítear i míreanna 1 agus 3.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun Cuid C d’Iarscríbhinn I a leasú chun na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí maidir le cóireáil threasach a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch.
8. De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh aonair atá lonnaithe i limistéar a áirítear ar an liosta dá dtagraítear i mír 2, nach bhfuil sé le bheith faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 3 agus 5 i gcás inar féidir a léiriú gurb ionann luach chéatadán íosta an laghdaithe ar an ualach iomlán a théann isteach sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir sa limistéar sin agus:
(a) |
75 % ar a laghad den fhosfar iomlán agus 75 % ar a laghad den nítrigin iomlán ón 1 Eanáir 2025; |
(b) |
82,5 % den fhosfar iomlán agus 80 % den nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2039; |
(c) |
87,5 % den fhosfar iomlán agus 82,5 % den nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2045. |
9. Maidir le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is ionann agus 10 000 p.e. agus níos mó a théann isteach i ndobharcheantar de chuid limistéar atá íogair i leith an eotrófaithe agus atá ar áireamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 2, beidh an sceitheadh sin faoi réir mhíreanna 3, 5 agus 8 freisin.
10. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 2 tar éis ceann amháin de na nuashonruithe tráthrialta ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 5 laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha sa liosta sin.
11. I gcás nach slánuimhir é líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is gá a uasghrádú chun na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach, déanfar líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire. I gcás comhfhad idir dhá shlánuimhir, déanfar an líon a shlánú síos.
Airteagal 8
Cóireáil cheathartha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna faireacháin agus meastóireachta ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I faoin:
(a) |
31 Nollaig 2033 le haghaidh sceitheadh ó 20 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin; |
(b) |
31 Nollaig 2039 le haghaidh sceitheadh ó 60 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin; |
(c) |
31 Nollaig 2045 maidir le gach sceitheadh ó na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin. |
Leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan luachanna paraiméadracha Chuid B agus Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
2. Faoin 31 Nollaig 2030, beidh liosta bunaithe ag na Ballstáit de na limistéir ar a gcríoch náisiúnta ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan nó carnadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta sin in 2033, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é más gá.
Beidh na gnéithe seo a leanas ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a) |
dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2020/2184 ach amháin má léirítear sa mheasúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b), den Treoir sin nach bhfuil riosca a d’fhéadfadh bheith ann le sceitheadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh as a bhféadfadh meathlú teacht ar cháilíocht an uisce le go mbeadh sé ina riosca do shláinte an duine; |
(b) |
uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE mura léirítear leis an bpróifíl uisce snámha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin nach mbíonn aon éifeacht ag sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach ar uiscí snámha ná ar shláinte snámhaithe; |
(c) |
limistéir ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), ach amháin má tá na húdaráis inniúla náisiúnta sásta nach féidir le sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach éifeacht a bheith aige ar shábháilteacht an earra bia agus é ina fhoirm chríochnaithe. |
Cuimseofar ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na réimsí seo a leanas ar bhonn an mheasúnaithe ar na rioscaí don chomhshaol nó do shláinte an duine a eascraíonn sceitheadh micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach i ndáil leo seo a leanas:
(a) |
lochanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2000/60/CE iad; |
(b) |
aibhneacha mar a shainmhínítear in Airteagal (2), pointe (4), de Threoir 2000/60/CE iad nó sruthanna eile uisce inar lú ná 10 an cóimheas caolúcháin; |
(c) |
limistéir inar gá cóireáil bhreise a dhéanamh chun na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE a chomhlíonadh; |
(d) |
limistéir chaomhantais speisialta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (l), de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (38) agus limistéir chosanta speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4(1), an ceathrú fomhír, de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) ar cuid iad den líonra éiceolaíoch Natura 2000. |
(e) |
uiscí cósta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2000/60/CE iad; |
(f) |
uiscí trasdultacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2000/60/CE iad; |
(g) |
uiscí mara mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/56/CE iad. |
Cuirfear an measúnú riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar formáid an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, agus an modh atá le húsáid chun an measúnú riosca sin a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
4. Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil cheathartha a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna faireacháin agus meastóireachta ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I sula sceitear iad isteach i limistéir atá sa liosta dá dtagraítear i mír 2 faoin:
(a) |
31 Nollaig 2033 le haghaidh 10 % de na ceirtleáin sin; |
(b) |
31 Nollaig 2036 le haghaidh 30 % de na ceirtleáin sin; |
(c) |
31 Nollaig 2039 le haghaidh 60 % de na ceirtleáin sin; |
(d) |
31 Nollaig 2045 le haghaidh 100 % de na ceirtleáin sin. |
Leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan luachanna paraiméadracha Chuid B agus Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun Cuid C d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá lonnaithe i limistéar a áirítear ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 tar éis ceann amháin de na nuashonruithe tráthrialta ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin na ceanglais a leagtar síos i mír 4 agus i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha sa liosta sin, ach tráth nach déanaí ná na spriocdhátaí a leagtar amach i mír 4.
6. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na modhanna faireacháin agus samplála a bhunú atá le húsáid ag na Ballstáit chun láithreacht agus cainníochtaí na dtáscairí san fhuíolluisce uirbeach a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
7. I gcás nach slánuimhir é líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is gá a uasghrádú chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 41, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, déanfar líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire. I gcás comhfhad idir dhá shlánuimhir, déanfar an líon a shlánú síos.
8. Gan dochar d’fhorálacha eile an Airteagail seo, chun a áirithiú go mbeidh athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte sábháilte don chomhshaol agus do shláinte an duine, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach a athúsáidtear nó a bheartaítear go n-athúsáidtear é i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh cóireáil cheathartha a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte chun críocha talmhaíochta, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear toradh na measúnuithe riosca arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2020/741 san áireamh.
Airteagal 9
Freagracht leathnaithe an táirgeora
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh, faoin 31 Nollaig 2028, freagracht leathnaithe an táirgeora ar tháirgeoirí a chuireann aon cheann de na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III ar an margadh.
Áireofar leis na bearta sin go gcumhdóidh na táirgeoirí sin an méid seo a leanas:
(a) |
ar a laghad 80 % de na costais iomlána maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí agus costais oibríochtúla i ndáil le cóireáil cheathartha ar fhuíolluisce uirbeach chun go mbainfear as micreathruailleáin a eascraíonn as na táirgí a chuireann siad ar an margadh agus ó iarmhair na dtáirgí sin, agus le haghaidh faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a); |
(b) |
costais bailithe agus fíoraithe sonraí maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh; agus |
(c) |
costais eile is gá le freagracht leathnaithe an tairgeora atá orthu a fheidhmiú. |
2. Tabharfaidh na Ballstáit díolúine do thairgeoirí i leith fhreagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu faoi mhír 1 i gcás inar féidir leis na táirgeoirí aon cheann díobh seo a leanas a léiriú:
(a) |
is lú ná tona amháin in aghaidh na bliana cainníocht na substaintí atá sna táirgí a chuireann siad ar mhargadh an Aontais; |
(b) |
tá na substaintí atá sna táirgí a chuireann siad ar an margadh in-bhithdhíghrádaithe gan mhoill i bhfuíolluisce nó ní ghineann siad micreathruailleáin i bhfuíolluisce ag deireadh a saolré. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu i dteannta a chéile trí eagraíocht a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach in Airteagal 10.
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin na nithe seo a leanas a sholáthar do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí uair sa bhliain:
|
(b) |
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na heagraíochtaí um fhreagracht tairgeoirí chun na costais a eascraíonn as freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu a chumhdach; |
(c) |
go gcinnfear an ranníocaíocht ó gach táirgeoir, dá dtagraítear i bpointe (b), ar bhonn chainníochtaí na substaintí atá sna táirgí a chuirtear ar an margadh atá san fhuíolluisce uirbeach, agus ar bhonn a ghuaisí atá na substaintí sin; |
(d) |
go mbíonn eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir iniúchtaí neamhspleácha bliantúla ar a mbainistíocht airgeadais, lena n-áirítear a gcumas na costais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach, cáilíocht agus leordhóthanacht na faisnéise arna bailiú faoi phointe (a) agus leordhóthanacht na ranníocaíochtaí arna mbailiú faoi phointe (b); |
(e) |
go ndéantar na bearta is gá chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi bhearta coiscthe dramhaíola, faoi chórais fág ar ais agus faoi chórais bailiúcháin, faoi thionchar modhanna míchuí diúscartha dramhaíola i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III, agus faoina mí-úsáid agus a ró-úsáid, agus faoi bhailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí príobháideacha nó poiblí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus údaráis inniúla áitiúla; |
(b) |
go leagfar síos cuspóirí an bhainistithe fuíolluisce uirbigh chun na ceanglais agus na spriocdháta arna socrú faoi Airteagal 8(1), (4) agus (5) a chomhlíonadh chomh maith le haon chuspóirí cainníochtúla nó cáilíochtúla eile a mheastar a bheith ábhartha ó thaobh chur chun feidhme fhreagracht leathnaithe an táirgeora; |
(c) |
go mbeidh córas tuairiscithe ar bun chun sonraí a bhailiú maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus a chuireann na táirgeoirí ar an margadh agus sonraí maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh, chomh maith le sonraí eile atá ábhartha chun críocha phointe (b) den mhír seo; |
(d) |
go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí riachtanacha a chur in iúl agus a mhalartú le húdaráis inniúla ábhartha eile ar bhonn tráthrialta chun ceanglais an Airteagail seo agus Airteagal 10 den Treoir seo a chomhlíonadh. |
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (b), maidir le catagóirí sonracha táirgí agus lena n-in-bhithdhíghrádaitheacht nó lena ghuaisí atá. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027.
Airteagal 10
Na híoscheanglais maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil le haon eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a bunaíodh faoi Airteagal 9(3):
(a) |
go mbeidh cumhdach geografach aici atá sainithe go soiléir agus atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8; |
(b) |
go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus eagraíochtúla aici chun oibleagáidí na dtáirgeoirí maidir le freagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh, lena n-áirítear ráthaíochtaí airgeadais chun leanúnachas na cóireála ceathartha ar fhuíolluisce uirbeach a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 8 sna himthosca ar fad; |
(c) |
go gcuirfidh sí ar fáil go poiblí faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna bearta sin nós imeachta aitheantais náisiúnta lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí sula ndéantar iad a bhunú agus a oibriú iarbhír.
Soláthar faisnéise don phobal faoin Airteagal seo, beidh sé gan dochar do chaomhnú rúndacht faisnéise gnó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
2. Bunóidh na Ballstáit creat leormhaith faireacháin agus forfheidhmiúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a gcuid oibleagáidí ar bhealach trédhearcach, go mbainfear úsáid cheart as acmhainní airgeadais na n-eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus go ndéanfaidh na gníomhaithe uile ar a bhfuil freagracht leathnaithe an táirgeora sonraí iontaofa a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus, nuair a iarrtar sin, do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
3. Más rud é go mbíonn eagraíochtaí iomadúla um fhreagracht táirgeoirí ar chríoch Ballstáit, ceapfaidh an Ballstát lena mbaineann comhlacht amháin ar a laghad atá neamhspleách ar leasanna príobháideacha chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 9, nó cuirfidh sé de chúram ar údarás poiblí an fhormhaoirseacht sin a dhéanamh.
4. Áiritheoidh Ballstát go ndéanfaidh na táirgeoirí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile nó i dtríú tír, agus a chuireann táirgí ar mhargadh an Bhallstáit sin an méid seo a leanas:
(a) |
duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh ar a chríoch; nó |
(b) |
bearta a dhéanamh atá coibhéiseach le pointe (a). |
5. Chun a áirithiú go gcuirfear córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora chun feidhme ar an mbealach is fearr is féidir, go háirithe ó thaobh costais agus tairbhe de, eagróidh na Ballstáit idirphlé tráthrialta maidir lena chur chun feidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tacaíocht chun bearta atá le déanamh ag na húdaráis inniúla a shainaithint, inter alia:
(a) |
brú micreathruailleán a laghdú ag an bhfoinse, agus |
(b) |
na teicneolaíochtaí is iomchuí a chinneadh le haghaidh cóireáil cheathartha. |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachais geallsealbhóirí rannpháirteach san idirphlé sin, ar geallsealbhóirí iad a bhíonn bainteach le cur chun feidhme fhreagracht leathnaithe an táirgeora, lena n-áirítear táirgeoirí agus dáileoirí, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí príobháideacha nó poiblí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.
6. Faoin 1 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a eagrú idir na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 9 agus cur chun feidhme Airteagal an Airteagail seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
na bearta chun bunú, aithint agus feidhmiú eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a rialú; |
(b) |
na bearta chun comhlíonadh a n-oibleagáidí mar a shainítear sa Treoir seo ag táirgeoirí a rialú; |
(c) |
cur chun feidhme éifeachtach an mhéid a leanas:
|
(d) |
na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 9(2); |
(e) |
aon saincheist eile a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach Airteagal 9 agus cur chun feidhme an Airteagail seo; |
(f) |
na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 9 ar inrochtaineacht, infhaighteacht agus inacmhainneacht cógas a chuirtear ar mhargadh an Aontais. |
Foilseoidh an Coimisiún torthaí an mhalartaithe faisnéise, taithí agus dea-chleachtas i ndáil leis na gnéithe sin agus le gnéithe ábhartha eile, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfidh sé moltaí nó treoirlínte, nó iad araon, ar fáil do na Ballstáit.
7. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, bunóidh an Coimisiún liosta de na hiarrataí ar dhíolúintí a fhaigheann na Ballstáit ó tháirgeoirí faoi Airteagal 9(2) agus déanfaidh sé é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Cuirfear an liosta sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát.
Airteagal 11
Neodracht fuinnimh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2023/1791 iad, gach 4 bliana ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus córais bhailiúcháin atá i mbun oibríochta. Áireofar sna hiniúchtaí sin go saineofaí an poitéinseal chun úsáid a bhaint as bearta costéifeachtacha chun úsáid fuinnimh a laghdú agus chun feabhas a chur ar úsáid agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, agus béim ar leith ar an bpoitéinseal do tháirgeadh bithgháis a shainaithint agus a úsáid nó dramhtheas a aisghabháil agus a úsáid ar an láthair nó trí chóras fuinnimh ceantair, agus astaíochtaí GCT á laghdú ag an am céanna. Déanfar na chéad iniúchtaí fuinnimh:
(a) |
faoin 31 Nollaig 2028 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 p.e. agus níos mó agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo; |
(b) |
faoin 31 Nollaig 2032 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 100 000 p.e. agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, go mbeidh an méid fuinnimh iomlán bliantúil a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainítear é in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001, a bhíonn á ghiniúint ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag daoine eile thar a gceann, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fuinneamh sin á úsáid ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí na ngléasraí sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid fuinnimh sin coibhéiseach leo seo a leanas ar a laghad:
(a) |
sciar 20 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2030; |
(b) |
sciar 40 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2035; |
(c) |
sciar 70 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2040; |
(d) |
sciar 100 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2045. |
Leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag úinéirí nó oibreoirí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó arna ghiniúint thar a gceann, ní bheidh ceannach fuinnimh in-athnuaite i gceist leis.
3. De mhaolú ar mhír 2, mura mbainfidh Ballstát amach an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), d’ainneoin gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart is gá chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, a bheith déanta, féadfaidh na Ballstáit ceannach fuinnimh ó fhoinsí breosla nach breosla iontaise é a cheadú go heisceachtúil. Beidh an ceannach sin teoranta d’uasmhéid 35 % den fhuinneamh breosla nach breosla iontaise é i ndáil leis an gcuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d).
4. De mhaolú ar mhír 2, mura mbainfidh Ballstát amach an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), d’ainneoin gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta sin a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, a bheith déanta, féadfaidh na Ballstáit ceannach fuinnimh ó fhoinsí breosla nach breosla iontaise é a cheadú go heisceachtúil. Beidh an ceannach sin teoranta do 5 phointe céatadáin ar a mhéad den chuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (c). Ní dheonófar an maolú sin ach do na Ballstáit sin ar féidir leo a léiriú faoin 31 Nollaig 2040 go mbeidh gá 35 % den fhuinneamh breosla sheachtraigh nach breosla iontaise é dá dtagraítear i mír 3 a cheannach chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a bhaint amach, agus gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart is gá chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta sin a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun modhanna a bhunú chun a mheas ar baineadh amach na cuspóirí i mír 2. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 12
Comhar trasteorann
1. Gan dochar do chomhaontuithe nó socruithe idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana maidir le saincheisteanna uisce comhshaoil, i gcás ina ndéantar dochar d’uiscí atá laistigh de limistéar dlínse Ballstáit mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó Bhallstát eile nó ó thríú tír, tabharfaidh an Ballstát a ndearnadh dochar dá chuid uiscí fógra don Bhallstát eile nó don tríú tír agus don Choimisiún faoi na fíorais ábhartha.
Tabharfar an fógra sin láithreach i gcás truailliú a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith aige ar dhobharlaigh níos faide síos le sruth. I gcás aon sceitheadh a mbeadh éifeacht aige ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol i mBallstát eile, áiritheoidh an Ballstát ar tharla an sceitheadh ar a chríoch go gcuirfear údarás inniúil an Bhallstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
2. Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, de réir chineál, thábhacht agus iarmhairtí féideartha an teagmhais, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir le mír 1.
Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun an sceitheadh i gceist a shainaithint mar aon leis na bearta atá le déanamh ag an bhfoinse chun na huiscí a bhfuil dochar déanta dóibh a chosaint chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.
3. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhar den chineál dá dtagraítear i mír 1. Beidh an Coimisiún rannpháirteach sa chomhar sin arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann.
Airteagal 13
Dálaí aeráide áitiúla
Maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a thógtar chun go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach leordhóthanach faoi na gnáthdhálaí aeráide áitiúla uile. Gan dochar do bhearta arna ndéanamh faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2022/2557, déanfar measúnú ar éagsúlachtaí séasúracha an ualaigh agus ar leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus cuirfear san áireamh iad agus na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus na córais bhailiúcháin á ndearadh, á dtógáil agus á n-oibriú.
Airteagal 14
Sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é
1. Fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitear isteach i gcórais bailiúcháin agus isteach i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé faoi réir réamhrialachán nó údaruithe sonracha, nó iad araon, arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó ag comhlacht iomchuí.
I gcás údaruithe sonracha le haghaidh sceitheadh i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúla an méid seo a leanas:
(a) |
go rachaidh sé i gcomhairle le hoibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a sceitear an fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh isteach iontu, agus go gcuirfidh sé iad ar an eolas, sula ndeonaítear na húdaruithe sonracha sin; |
(b) |
arna iarraidh sin dóibh, go ligfidh sé d’oibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a sceitear an fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh é isteach iontu, na húdaruithe sonracha ina ndobharcheantair a cheadú, sula ndeonaítear iad, más féidir. |
I gcás réamhrialacháin le haghaidh sceitheadh i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go rachfar i gcomhairle le hoibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina sceithfear an fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é sula nglactar na réamhrialacháin sin.
2. Leis na réamhrialacháin agus na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:
(a) |
go gcomhlíontar na ceanglais cáilíochta uisce a leagtar amach i ndlí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoracha 2000/60/CE agus 2008/105/CE, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar faireachán ar cháilíocht agus ar chainníocht sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é; go háirithe, nach dtagann meathlú ar stádas an dobharlaigh ghlacaigh as an ualach truailleán atá san ábhar a sceitheadh ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus nach gcuireann sé cosc ar an dobharlach sin an stádas a bhaint amach i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE; |
(b) |
nach gcuireann na substaintí truaillitheacha a scaoiltear bac ar oibriú an ghléasra cóireála fuíolluisce, nach ndéanann siad dochar do chórais bhailiúcháin, do ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ná do threalamh gaolmhar, agus nach gcuireann na substaintí sin teorainn ar aon chumas acmhainní a aisghabháil, lena n-áirítear an t-uisce chóireáilte a athúsáid agus cothaithigh nó ábhar eile ó fhuíolluisce uirbeach nó ó shloda uirbeach a aisghabháil; |
(c) |
nach ndéanann na substaintí truaillitheacha a scaoiltear díobháil do shláinte na foirne atá ag obair i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; |
(d) |
go bhfuil an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh deartha agus feistithe chun na substaintí truaillitheacha a scaoiltear a laghdú; |
(e) |
i gcás ina ndéanann gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh cóireáil ar ábhair a sceitear ó shuiteáil a bhfuil ceadúnas aige dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), nach sáraíonn an t-ualach truailleán ó ábhair a sceitheadh ón ngléasra sin an t-ualach truailleán a sceithfí dá ndéanfaí an sceitheadh go díreach ón tsuiteáil agus dá mbeidís ag comhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí is infheidhme i gcomhréir leis an Treoir seo. |
Maidir le fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitear isteach i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, óna sceitear isteach i ndobharcheantair a úsáidtear le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a aistarraingt, áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonaítear aon údarú sonrach ná aon réamhrialachán don sceitheadh fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh é gan measúnú riosca agus bainistiú riosca na ndobharcheantar a úsáidtear le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a aistarraingt a chur san áireamh dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 agus na bearta bainistithe riosca de bhun an Airteagail sin.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí iomchuí na bearta iomchuí, lena n-áirítear na réamhrialacháin agus na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1, a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a chúlghairm, chun na foinsí truaillithe i bhfuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint, a chosc agus a laghdú a mhéid is féidir i gcás ina dtagann aon cheann de na cásanna seo a leanas chun cinn:
(a) |
go sainaithnítear truailleáin in ionraonta agus asraonta an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh faoi fhaireachán arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21(3); |
(b) |
go bhfuil sloda a eascraíonn as cóireáil fuíolluisce uirbigh le húsáid i gcomhréir le Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (41); |
(c) |
go bhfuil fuíolluisce uirbeach cóireáilte le hathúsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 nó le hathúsáid chun críoch eile seachas chun críoch talmhaíochta; |
(d) |
go n-úsáidtear na huiscí glactha chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a aistarraingt mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184; |
(e) |
leis an truailliú a bhaineann leis an bhfuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitear isteach sa chóras bailiúcháin nó sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, cuirtear i riosca oibriú an chórais nó an ghléasra sin. |
4. Le réamhrialacháin agus údaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a leasú, chun é a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch i réimse na cosanta comhshaoil.
5. Déanfar na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a oiriúnú gach 10 mbliana ar a laghad.
Déanfar na réamhrialacháin dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú go tráthrialta agus, i gcás inar gá, a oiriúnú.
Má thagann athrú suntasach ar shaintréithe an fhuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é, an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó an dobharlaigh glactha dramhaíola, déanfar na húdaruithe sonracha a athbhreithniú agus a oiriúnú do na hathruithe sin.
Airteagal 15
Athúsáid uisce agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh
1. Déanfaidh na Ballstáit athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a chur chun cinn ar bhealach córasach i gcás inarb iomchuí, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus ar acmhainní uisce, agus chun gach críche iomchuí uile. Déanfar measúnú ar an bpoitéinseal fuíolluisce cóireáilte a athúsáid ar bhealach lena dtugtar aird ar na pleananna bainistithe abhantraí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE (‘pleananna bainistithe abhantraí’) agus ar chinntí na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/741. Nuair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid nó má tá sé beartaithe é a athúsáid, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh sé sreabhadh éiceolaíoch na n-uiscí glactha i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach aige ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) 2020/741. I gcás ina bhfuil straitéisí maidir le hathléimneacht uisce ar leibhéal na mBallstát ar fáil, cuirfear san áireamh sna straitéisí sin bearta maidir le hathúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn agus bearta maidir leis an athúsáid í féin.
I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit maolú ar na ceanglais maidir le cóireáil threasach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I, don chodán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte atá ceaptha lena athúsáid go heisiach in uisciú talmhaíochta, i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:
(a) |
nach sáraíonn an cion cothaitheach sa chodán arna athúsáid éileamh cothaitheach na mbarr spriocdhírithe; |
(b) |
nach bhfuil aon riosca ann don chomhshaol, go háirithe maidir le heotrófú na n-uiscí sa dobharcheantar céanna; |
(c) |
nach bhfuil aon riosca do shláinte an duine go háirithe maidir le horgánaigh phataigineacha; |
(d) |
go bhfuil a dhóthain acmhainneachta ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce a chóireáil nó a stóráil, ionas nach ndéanfaí sceitheadh isteach in uiscí glactha fuíolluisce uirbigh nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh, ar a laghad, gach sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is ionann agus 1 000 p.e. agus níos mó faoi réir réamhrialachán nó údaruithe sonracha, nó iad araon. Áiritheofar le rialacháin agus údaruithe sonracha den sórt sin go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I.
3. Déanfar athbhreithniú ar réamhrialacháin agus údaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 2 gach 10 mbliana ar a laghad agus, más gá, déanfar iad a oiriúnú. I gcás ina dtagann athruithe suntasacha ar shaintréithe an fhuíolluisce uirbigh atá ag teacht isteach nó ar shaintréithe an sceite ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó ar shaintréithe an dobharlaigh ghlacaigh, déanfar forálacha na n-údaruithe sonracha a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go leanfar de na ceanglais sin a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
4. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a mbonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh, lena n-áirítear bonneagar nua a thógáil i gcás inar gá.
Agus na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, measfar go bhfuil na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE á gcomhlíonadh ag na Ballstáit má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
go bhfuil tógáil nó leathnú gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh chun ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh nó ualaí neamhchóireáilte fuíolluisce teaghlaigh ar bhealach eile a chóireáil faoi réir réamhúdarú i gcomhréir leis an Treoir seo; |
(b) |
ar chúiseanna a bhaineann leis an indéantacht theicniúil nó le costas díréireach, nach féidir tairbhí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i bpointe (a) a bhaint amach ar mhodhanna eile a rannchuideodh leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach, fiú pointí malartacha a aimsiú don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; |
(c) |
go ndéantar na bearta maolúcháin uile atá indéanta go teicniúil chun tionchair dhiúltacha an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ar na dobharlaigh a ndéantar difear dóibh a íoslaghdú agus go leagtar amach iad sna húdaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo agus san Airteagal seo; áireofar ar na bearta sin, i gcás inar gá, ceanglais chóireála a bheidh níos déine ná na ceanglais a bhíodh á gcur i bhfeidhm roimh don mhéadú teacht ar ualach an fhuíolluisce teaghlaigh, d’fhonn ceanglais na dTreoracha dá dtagraítear i gCuid B, pointe 6, d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh; |
(d) |
go bhfuil gach beart maolúcháin atá indéanta go teicniúil á chur chun feidhme chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar diúltach na ngníomhaíochtaí eile is cúis le brúnna comhchosúla sna dobharlaigh chéanna. |
Mura gcuirtear cosc ar an meathlú nó mura mbaintear amach na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE i ndobharlach dromchla mar thoradh ar réamhúdarú i bpointe (a), déanfar an réamhúdarú sin a leagan amach go sonrach agus déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír a mhíniú sna pleananna bainistithe abhantraí.
Airteagal 16
Fuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe nach fuíolluisce teaghlaigh é
1. Déanfaidh na Ballstáit ceanglais maidir le sceitheadh fuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe nach fuíolluisce teaghlaigh é a leagan síos atá iomchuí maidir le cineál an tionscail lena mbaineann agus lena n-áiritheofar ar a laghad an leibhéal céanna cosanta comhshaoil agus a áirithítear leis na ceanglais a leagtar amach i gcuid B d’Iarscríbhinn I.
2. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nuair a bhíonn na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a) |
tagann an fuíolluisce ó ghléasraí ina gcóireáiltear ualach 4 000 p.e. agus níos mó agus a bhaineann leis na hearnálacha tionsclaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ar gléasraí iad nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE; agus |
(b) |
ní théann an fuíolluisce isteach i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh sula sceitear é isteach in uiscí glactha (‘sceitheadh díreach’). |
Airteagal 17
Faireachas ar fhuíolluisce uirbeach
1. Bunóidh na Ballstáit córas náisiúnta le haghaidh comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
paraiméadair ábhartha sláinte poiblí a shainaithint, a ndéanfar faireachán orthu ar a laghad in ionraon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus na moltaí, i measc eintiteas eile, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), ón Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus paraiméadair eile nach iad á gcur san áireamh amhail:
|
(b) |
leithdháileadh soiléir na ról, na bhfreagrachtaí agus na gcostas i measc oibreoirí agus údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear i gcás gaol a bheith ann le sampláil agus anailís; |
(c) |
suíomh agus minicíocht na samplála a chinneadh don tsampláil agus anailís fuíolluisce uirbigh a dhéantar i gcás gach paraiméadair sláinte poiblí arna shainaithint i gcomhréir le pointe (a), agus na sonraí sláinte atá ar fáil agus na riachtanais atá ann i dtéarmaí sonraí sláinte poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, na staideanna eipidéimeolaíocha áitiúla á gcur san áireamh; |
(d) |
na torthaí faireacháin a chur in iúl ar bhealach iomchuí tráthúil do na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis inniúla um uisce óil chun gurbh fhusa Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 a chur chun feidhme, agus iad a chur in iúl freisin d’ardáin an Aontais, i gcás inar ann d'ardáin dá samhail, agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint. |
2. I gcás ina bhfógraíonn an t-údarás inniúil atá freagrach as an tsláinte phoiblí i mBallstát go bhfuil éigeandáil sláinte poiblí ann, déanfar faireachán ar na paraiméadair sláinte poiblí ábhartha i bhfuíolluisce uirbeach ó shampla ionadaíoch den phobal náisiúnta, a mhéid atá na paraiméadair sláinte ábhartha le fáil i bhfuíolluisce uirbeach. Leanfar den fhaireachán sin go dtí go bhfógraíonn an t-údarás inniúil sin go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte poiblí, nó ar feadh tréimhse níos faide má mheastar go mbeadh sé sin úsáideach chun críoch eile don údarás inniúil sin.
Chun a chinneadh an ann d’éigeandáil sláinte poiblí, breithneoidh an t-údarás inniúil cinntí ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2022/2371, meastacháin ó ECDC, agus cinntí ó EDS arna nglacadh i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
3. I gcás ceirtleáin 100 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit, faoin … [an lá deireanach den dara bliain ó dháta glactha an ghnímh chur chun feidhme sa dara fomhír], go ndéantar faireachán ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i bhfuíolluisce uirbeach.
Faoin 2 Iúil 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn minicíocht íosta samplála agus modheolaíocht chomhchuibhithe a bhunú chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a thomhas i bhfuíolluisce uirbeach, agus na sonraí uile atá ar fáil ar a laghad ó údaráis náisiúnta sláinte poiblí agus ó údaráis náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
4. Déanfar torthaí ón bhfaireachán dá dtagraítear san Airteagal seo a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (h).
Airteagal 18
Measúnú riosca agus bainistiú riosca
1. Faoin 31 Nollaig 2027, sainaithneoidh agus déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as sceitheadh fuíolluisce uirbigh, agus luaineachtaí séasúracha agus teagmhais fhoircneacha á gcur san áireamh, agus ar a laghad na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) |
cáilíocht an dobharlaigh a úsáidtear d'astarraingt an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184; |
(b) |
cáilíocht an uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE; |
(c) |
cáilíocht dobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
(d) |
stádas an dobharlaigh screamhuisce ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 19, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach screamhuisce glacach; |
(e) |
stádas na muirthimpeallachta mar a shainmhínítear í in Airteagal 3,pointe 5, de Threoir 2008/56/CE; |
(f) |
stádas an dobharlaigh dromchla ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 17, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach dromchla glacach. |
2. I gcás inar sainaithníodh rioscaí i gcomhréir le mír 1, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na bearta seo a leanas:
(a) |
bearta breise a dhéanamh chun truailliú ó fhuíolluisce uirbeach a chosc agus a laghdú ag an bhfoinse i gcás inar gá sin chun cáilíocht an dobharlaigh ghlactha a choimirciú chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a chomhlánú; |
(b) |
córais bhailiúcháin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.; |
(c) |
cóireáil thánaisteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.; |
(d) |
cóireáil threasach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e.; |
(e) |
cóireáil cheathartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e., go háirithe i gcás ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, mar uisce snámha, mar dhobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe agus i gcás ina ndéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid chun críoch talmhaíochta; |
(f) |
pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 10 000 p.e. agus na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghlacadh; |
(g) |
ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm maidir le cóireáil fuíolluiscí arna mbailiú. |
3. An tsainaithint rioscaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfar í a athbhreithniú gach 6 bliana, i gcomhréir le huainiú an athbhreithnithe ar na pleananna bainistithe abhantraí agus ag tosú an 31 Nollaig 2033. Áireofar achoimre ar na rioscaí a sainaithníodh mar aon le tuairisc ar na bearta a glacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo sna pleananna bainistithe abhantraí iomchuí agus sna pleananna náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus cuirfear chuig an gCoimisiún í arna iarraidh sin. Cuirfear an achoimre sin ar fáil don phobal.
Airteagal 19
Rochtain ar shláintíocht
Gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta ná do phrionsabal na comhréireachta, agus an dearcadh áitiúil agus réigiúnach agus na himthosca don tsláintíocht á gcur san áireamh acu, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun rochtain do chách ar shláintíocht a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí daoine leochaileacha agus imeallaithe.
Chun na críche sin, faoin 12 Eanáir 2029 déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
daoine nach bhfuil rochtain acu, nó a bhfuil rochtain theoranta acu, ar shaoráidí sláintíochta a shainaithint, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna atá leis an easpa rochtana sin a sholáthar; |
(b) |
measúnú a dhéanamh ar na roghanna chun rochtain ar shaoráidí sláintíochta do na daoine sin a fheabhsú; |
(c) |
i gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, spreagadh a thabhairt le go mbunófaí líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí, a bheadh inrochtana saor in aisce agus sábháilte, go háirithe do mhná, agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis chuí faoi na saoráidí sin don phobal; |
(d) |
i gcás gach ceirtleáin 5 000 p.e. agus níos mó, na húdaráis inniúla a spreagadh líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta saor in aisce a chur ar fáil i bhfoirgnimh phoiblí, go háirithe i bhfoirgnimh riaracháin; |
(e) |
spreagadh a thabhairt go gcuirfí ar fáil saoráidí sláintíochta do chách, saor in aisce nó ar tháille seirbhíse íseal, i mbialanna, i siopaí agus i spásanna príobháideacha comhchosúla a mbeadh rochtain ag an bpobal orthu. |
Airteagal 20
Sloda agus aisghabháil acmhainní
1. Spreagfaidh na Ballstáit aisghabháil na n-acmhainní luachmhara agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh bainistiú sloda i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. Leis an mbainistiú sloda sin, déanfar an méid seo a leanas:
(a) |
an cosc a uasmhéadú; |
(b) |
ullmhúchán a dhéanamh chun acmhainní a athúsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil, go háirithe fosfar agus nítrigin, agus roghanna aisghabhála náisiúnta nó áitiúla á gcur san áireamh; agus |
(c) |
íoslaghdú a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. |
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íosráta comhcheangailte athúsáide agus athchúrsála a shonrú le haghaidh fosfar ó shloda agus ó fhuíolluisce uirbeach nár athúsáideadh faoin maolú ar Airteagal 15(1), agus na teicneolaíochtaí atá ar fáil, na hacmhainní agus inmharthanacht eacnamaíoch na haisghabhála fosfair á gcur san áireamh chomh maith le cion fosfair an tsloda agus leibhéal sáithithe an mhargaidh náisiúnta le fosfar orgánach ó fhoinsí eile á gcur san áireamh freisin agus é á áirithiú ag an am céanna go bhfuil bainistiú sloda sábháilte agus nach bhfuil aon drochthionchar ann ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin faoin 2 Eanáir 2028.
Airteagal 21
Faireachán
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán ar an méid seo a leanas:
(a) |
sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais de Chuid B d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na modhanna chun faireacháin agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid D d’Iarscríbhinn I; áireofar leis an bhfaireachán sin ualaí agus leibhéil tiúchana na bparaiméadar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I; |
(b) |
na méideanna, comhdhéanamh agus ceann scríbe an tsloda, agus ceanglais Threoir 86/278/CEE maidir le sloda atá beartaithe a úsáid sa talmhaíocht á gcur san áireamh; |
(c) |
na cainníochtaí in aghaidh na bliana agus na míosa den fhuíolluisce uirbeach a athúsáidtear le haghaidh uisciú talmhaíochta atá faoi réir maolú dá dtagraítear in Airteagal 15(1); cion cothaitheach an chodáin fuíolluisce uirbigh athúsáidte le haghaidh uisciú talmhaíochta agus an tréimhse ina n-athúsáidtear an codán sin i gcomparáid le héileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an bhfuíolluisce uirbeach athúsáidte sin; |
(d) |
na GCTanna, lena n-áirítear ar a laghad CO2, N2O, CH4, a astaítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó, trí bhíthin anailíse, ríomhanna nó samhaltaithe i gcás inarb iomchuí; |
(e) |
an fuinneamh arna úsáid agus arna tháirgeadh ag úinéirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag oibreoirí na ngléasraí sin, gan beann ar cibé acu a úsáidtear nó a ghintear é ar an láthair nó lasmuigh den láthair, i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(2), chomh maith leis an bhfuinneamh arna cheannach faoi na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus (4). |
2. Maidir le gach ceirtleán dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, comhlachtaí iomchuí nó oibreoirí an chórais bailiúcháin faireachán ionadaíoch, ag pointí ábhartha, ar fhorshreabhadh uisce stoirme isteach i ndobharlaigh agus ar sceitheadh rith chun srutha uirbeach ó chórais ar leith, chun meastachán a dhéanamh ar thiúchan agus ualaí na bparaiméadar a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2, chomh maith le cion na micreaphlaisteach agus na dtruailleán ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin sin a úsáid chun samhaltú a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.
3. I gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán, in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ar thiúchan agus ualaí an mhéid seo a leanas san fhuíolluisce uirbeach:
(a) |
truailleáin ar dócha iad a bheith le fáil i bhfuíolluisce uirbeach a liostaítear iontu seo a leanas:
|
(b) |
paraiméadair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharcheantar dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin; faoinar féidir leis na Ballstáit, i gcás substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), rogha a dhéanamh idir ceann amháin nó an dá cheann de na paraiméadair ‘PFAS Iomlán’ agus ‘Suim PFAS’ a úsáid nuair atá modheolaíocht ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5; |
(c) |
paraiméadair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/7/CE i gcás ina ndéantar sceitheadh díreach ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uisce snámha le linn an tséasúir snámha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhac do Threoir 2006/7/CE a chomhlíonadh; |
(d) |
micreaphlaistigh a bheith ann; |
Féadfar na truailleáin agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a eisiamh ón bhfaireachán dá dtagraítear sa mhír seo ar choinníoll gur féidir a léiriú, inter alia ar bhonn thorthaí an fhaireacháin, nach ann dóibh i bhfuíolluisce uirbeach.
Maidir le gach ceirtleán de 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí iomchuí faireachán ar mhicreaphlaistigh a bheith sa sloda nuair is ábhartha agus, go háirithe, nuair a dhéantar é a athúsáid sa talmhaíocht.
Déanfar an faireachán dá dtagraítear sa mhír seo de réir na minicíochtaí seo a leanas:
(a) |
dhá shampla ar a laghad in aghaidh na bliana, agus 6 mhí ar a mhéad idir tráthanna glactha na samplaí, le haghaidh ceirtleáin 150 000 p.e. agus níos mó; |
(b) |
sampla amháin ar a laghad gach 2 bhliain le haghaidh ceirtleáin idir 10 000 p.e. agus 150 000 p.e. |
Féadfar na minicíochtaí faireacháin sin a laghdú faoina leath i mblianta ina dhiaidh sin má tá torthaí an fhaireacháin ar na truailleáin dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhun na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil is infheidhme faoi Threoir 2008/105/CE i dtrí shampla as a chéile. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na minicíochtaí faireacháin gach bliain ar a laghad.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn modheolaíochtaí a bhunú chun astaíochtaí GCTanna díreacha agus indíreacha ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach agus i sloda uirbeach a thomhas, a mheas agus a shamhaltú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Iúil 2027 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun modheolaíocht a bhunú chun ‘PFAS Iomlán’ agus ‘Suim PFAS’ a thomhas i bhfuíolluisce uirbeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 2 Eanáir 2027 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
6. Ar bhonn na tuarascála ó na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta íosta de thruailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar iad i bhfuíolluisce uirbeach a shonrú agus trí mhodheolaíocht a fhorbairt chun truailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar iad i bhfuíolluisce uirbeach a shainaithint, agus na dálaí áitiúla agus an measúnú riosca arna dhéanamh faoi dhlí ábhartha an Aontais á gcur san áireamh chomh maith leis na critéir agus minicíocht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar eisiamh truailleán áirithe mar a leagtar amach i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 22
Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme
1. Le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), agus torthaí na dtástálacha maidir leis na critéir pas/teip a bhunaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(b) |
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina léirítear an céatadán den fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(c) |
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi chur chun feidhme Airteagal 4(5) agus faoin ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin os cionn 2 000 p.e. agus a chóireáiltear i gcórais aonair, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(d) |
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoin líon samplaí a bailíodh agus faoin líon samplaí a tógadh i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn I ar theip orthu agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(e) |
faoin 12 Eanáir 2029, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi bhearta a rinneadh chun feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht i gcomhréir le hAirteagal 19, pointí (a), (b), (c), lena n-áirítear faisnéis faoin sciar den daonra a bhfuil rochtain aige ar shláintíocht i gceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin; |
(f) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis ar astaíochtaí GCT mar aon le miondealú ar na gáis éagsúla agus ar mhéid iomlán an fhuinnimh a úsáidtear agus an méid fuinnimh in-athnuaite a ghineann gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó sin mar aon le ríomh ar an gcéatadán a baineadh amach ó thaobh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2), céatadán an fhuinnimh a cheannaítear ó fhoinsí fuinnimh breosla nach breosla iontaise é agus, nuair a bheidh sé ar fáil, miondealú ar na cineálacha éagsúla foinsí breosla nach breosla iontaise é a úsáidtear, i gcás ina n-úsáidtear an maolú dá dtagraítear in Airteagal 11(3), agus na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(g) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na bearta a rinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn V, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(h) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na torthaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (3) agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin; |
(i) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir íogaire i leith an eotrófaithe agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 7(2); |
(j) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan micreathruailleán nó ar an gcarnadh micreathruailleán, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 8(2); |
(k) |
i gcás ina n-úsáidtear bithmheáin arna bunú faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí ina bhfuil an cineál bithmheán a úsáidtear agus tuairisc ghairid ar na bearta arna ndéanamh ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin chun doirteadh isteach sa chomhshaol a sheachaint, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ina dhiaidh sin; |
(l) |
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (c), agus comparáid ann idir éileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an gcodán athúsáidte den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte dá dtagraítear in Airteagal 15(1), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag EEA ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1.
3. An fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, cuirfear san áireamh í le haghaidh an tuairiscithe a cheanglaítear faoin Airteagal seo le haghaidh na dtruailleán sin a bhaineann le fuíolluisce uirbeach.
Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, soláthróidh EEA rochtain don phobal ar shonraí ábhartha tríd an gClár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) faoin 31 Nollaig 2028 maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (f), (g), (h), (j), (k) agus (l).
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1, pointí (a), (b), (c), (d) agus (i) a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 23
Cláir náisiúnta cur chun feidhme
1. Faoin 1 Eanáir 2028, bunóidh na Ballstáit clár náisiúnta cur chun feidhme le haghaidh na Treorach seo.
Beidh ar áireamh sna cláir sin:
(a) |
measúnú ar leibhéal chur chun feidhme Airteagail 3 go 8; |
(b) |
sainaithint agus pleanáil na n-infheistíochtaí is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme le haghaidh gach ceirtleáin, lena n-áirítear meastachán táscach airgeadais agus nuair atá fáil air, meastachán ar an ranníocaíocht airgeadais ó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10, agus ord tosaíochta do na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le méid an cheirtleáin agus le leibhéal an tionchair a bhíonn ag sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte ar an gcomhshaol agus rioscaí gaolmhara don chomhshaol agus do shláinte an duine; |
(c) |
meastachán ar na hinfheistíochtaí is gá chun bonneagar fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a athnuachan, a uasghrádú nó chun bonneagar nua a chur ina ionad, lena n-áirítear córais bhailiúcháin, bunaithe ar rátaí dímheasa, agus ar choinníollacha teicniúla agus oibríochtúla, agus é mar aidhm aige seo sceitheadh, insíothlú agus insreabhadh mícheangailte féideartha isteach sna córais bhailiúcháin a chosc, agus úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as ionstraimí digiteacha; |
(d) |
sainaithint na bhfoinsí féideartha maoinithe nó ar a laghad tásc orthu, nuair a bhíonn gá leo chun muirir ar úsáideoirí a chomhlánú; |
(e) |
aon fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(4) i gcás inarb infheidhme. |
Féadfaidh na Ballstáit leanúint den chistiú ón Aontas atá ar fáil a úsáid chun an Treoir seo a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbainfidh gach saoránach tairbhe chomhionann as bailiú agus cóireáil éifeachtúil fuíolluisce uirbigh. Féadfaidh na Ballstáit freisin dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas feabhas a chur ar ionsú chistí an Aontais.
I gcás ina suíonn Ballstát, le linn chur chun feidhme a chláir náisiúnta cur chun feidhme, nach féidir an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), nó iad araon, a urramú i limistéir shonracha mar gur gá an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, déanfaidh an Ballstát sin a chlár náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta. Beidh liosta sa nuashonrú sin de na ceirtleáin ina bhfuil na limistéir lena mbaineann, míniú mionsonraithe lena léirítear go bhfuil sé thar a bheith deacair an bonneagar riachtanach a thógáil mar gur gá an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, agus amlíne choigeartaithe chun an bonneagar riachtanach sna limistéir sin a thabhairt chun críche. Aon síneadh a chuirtear leis na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 6(3), beidh sé limistéar-shonrach agus coinneofar chomh gearr agus is féidir é, agus ní rachaidh sé thar 8 mbliana. Cuirfear an clár náisiúnta cur chun feidhme nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig de bhliain an nuashonraithe sin.
2. Faoin 1 Eanáir 2028, cuirfidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, ach amháin i gcás ina léirítear leo, ar bhonn na dtorthaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 21, go gcomhlíontar Airteagail 3 go 8.
3. Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ar a laghad. Cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad faoin 31 Nollaig de bhliain an nuashonraithe, ach amháin i gcás inar féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad Airteagail 3 go 8.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn na modhanna agus na formáidí a bhunú chun na cláir náisiúnta cur chun feidhme a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 24
Faisnéis don phobal
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis atá leordhóthanach so-inrochtana agus cothrom le dáta maidir le bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh ar fáil don phobal ar líne, ar bhealach soláimhsithe agus saincheaptha le haghaidh gach ceirtleáin os cionn 1 000 p.e. nó gach limistéir riaracháin ábhartha. Beidh ar áireamh ar a laghad san fhaisnéis na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar mhodhanna eile ar iarraidh réasúnaithe a fháil.
2. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaigheann gach teaghlach i gceirtleáin os cionn 10 000 p.e., agus os cionn 1 000 p.e. más féidir, atá nasctha le córais bhailiúcháin, go tráthrialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, san fhoirm is iomchuí agus is inrochtana, mar shampla, ar a sonrasc, i gcás ina mbíonn sé ar fáil, nó trí mhodhanna digiteacha ar nós feidhmchláir chliste nó suíomhanna gréasáin, gan iallach a bheith orthu í a iarraidh, an fhaisnéis seo a leanas:
(a) |
faisnéis maidir lena mhéid atá Airteagail 3, 4, 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear comparáid idir an méid iarbhír truailleán a scaoileadh isteach sna huiscí glactha agus na teorainnluachanna a leagtar amach i gCuid B agus Táblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I; cuirfear an fhaisnéis sin i láthair ar bhealach a fhágann go bhféadtar comparáid a dhéanamh go héasca, mar shampla mar chéatadán den chomhlíonadh; |
(b) |
toirt nó toirt mheasta an fhuíolluisce uirbigh, i méadair chiúbacha, a bhailítear agus a chóireáiltear in aghaidh na bliana nó in aghaidh na tréimhse billeála don teaghlach nó don eintiteas nasctha, mar aon le treochtaí agus praghas bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh don teaghlach sin (costas in aghaidh an lítir agus an mhéadair chiúbaigh); |
(c) |
comparáid idir toirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a bhailítear agus a chóireáiltear don teaghlach in aghaidh na bliana agus léiriú ar an meántoirt teaghlaigh sa cheirtleán lena mbaineann; |
(d) |
nasc chuig an ábhar ar líne dá dtagraítear i mír 1. |
I gcás nach bhfuil faisnéis maidir leis an úsáid aonair ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) thuas ar leibhéal an cheirtleáin ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár cliste.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun mír 2 den Airteagal seo agus Iarscríbhinn VI a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar don phobal ar líne agus do na teaghlaigh atá nasctha le córais bhailiúcháin chun na ceanglais sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus don fháil atá ar shonraí sa réimse sin.
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus na modhanna chun an fhaisnéis sin a chur i láthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Airteagal 25
Rochtain ar an gceartas
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcóras dlí náisiúnta ábhartha, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhlíthiúlacht shubstainteach nó dhlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha atá faoi réir Airteagail 6, 7 nó 8 i gcás ina bhfuil ar a laghad ceann de na coinníollacha seo a leanas á chomhlíonadh:
(a) |
tá leas leordhóthanach acu ann; |
(b) |
áitíonn siad gur sáraíodh ceart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit. |
Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann do shásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar iomchuí.
2. Ní bheidh páirteachas sa nós imeachta athbhreithnithe ag brath ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo.
3. Cinnfidh na Ballstáit an chéim ag ar féidir agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha dá dtagraítear i mír 1.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.
Airteagal 26
Cúiteamh
1. I gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na daoine atá faoina éifeacht cúiteamh ar an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.
2. Eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh, mar chuid den phobal lena mbaineann, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine atá faoina éifeacht. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar éileamh a dhéanamh faoi dhó mar gheall ar shárú a dtagann dochar as, is é sin le rá éileamh amháin á dhéanamh ag na daoine atá faoina éifeacht agus ceann eile á dhéanamh ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear sa mhír seo.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh a fheidhmiú ar dhochar arb é sárú is cúis leis de bhun mhír 1.
4. Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí teorann a bhunú chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula dtagann deireadh leis an sárú agus sula mbíonn a fhios ag an duine a bhfuil an cúiteamh á éileamh aige nó aici gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur réasúnach a cheapadh go mbeidh a fhios sin aige nó aici faoi sin.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal maidir lena gceart chun cúiteamh a éileamh ar dhochar.
Airteagal 27
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(7), Airteagal 8(4), Airteagal 14(4), Airteagal 20(2) agus Airteagal 24(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7(7), Airteagal 8(4), Airteagal 14(4), Airteagal 20(2) agus Airteagal 24(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacann sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(7), Airteagal 8(4), Airteagal 14(4), Airteagal 20(2) nó Airteagal 24(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 28
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le Treoir 91/271/CEE cúnamh don Choimisiún i dtaca leis an treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh a oiriúnú i leith dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus i dtaca leis an treoir a chur chun feidhme. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 29
Pionóis
1. Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas sna pionóis a bunaíodh de bhun an Airteagail seo, de réir mar is infheidhme:
(a) |
cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe; |
(b) |
i gcás inarb iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí; |
(c) |
an daonra nó an comhshaol a mbíonn éifeacht ag an sárú air, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a bhaint amach; |
(d) |
cineál athdhéanta nó aonair an tsáraithe; |
(e) |
staid airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill mhíchuí,faoi na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 30
Meastóireacht
1. Faoin 31 Nollaig 2033 agus faoin 31 Nollaig 2040, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo ar bhonn an mhéid seo a leanas go háirithe:
(a) |
an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme; |
(b) |
na tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22(1); |
(c) |
sonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha, lena n-áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas; |
(d) |
moltaí EDS, i gcás ina mbíonn siad ar fáil. |
Beidh anailís ar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheastóireacht sin:
(a) |
oiriúnacht na bparaiméadar sláinte poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a bhfuil faireachán le déanamh ag na Ballstáit orthu; |
(b) |
an breisluach a bhaineann le faireachán éigeantach a dhéanamh ar pharaiméadair shonracha sláinte poiblí; |
(c) |
an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach fhreagracht leathnaithe an táirgeora a oiriúnú de réir na n-athruithe ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, de réir an eolais fheabhsaithe ar mhicreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce uirbeach, agus a dtionchar siúd ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí, de réir sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus anailís ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll le haghaidh díolúine ó fhreagracht leathnaithe an táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (a); |
(d) |
an breisluach agus an oiriúnacht a bhaineann le pleananna náisiúnta éigeantacha maidir le hathúsáid uisce a chur de cheangal, lena n-áirítear spriocanna agus bearta náisiúnta, lena gcuirtear san áireamh forbairt beartas agus dlí de chuid an Aontais a bhaineann le bainistiú uisce; |
(e) |
cuspóir na neodrachta fuinnimh chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé ó thaobh gnéithe teicniúla agus eacnamaíochta de leibhéal níos airde neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach san earnáil agus na tairbhí comhshaoil agus aeráide a bhainfeadh leis sin; |
(f) |
na féidearthachtaí chun astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha ó earnáil an fhuíolluisce uirbigh a thomhas, lena n-áirítear astaíochtaí GCT ó GCTanna eile seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (d), agus chun ceanglais a shocrú maidir le tomhais iarbhír i ndáil leis an bhfaireachán, agus na modheolaíochtaí is déanaí á gcur san áireamh maidir le hastaíochtaí GCT a thomhas san earnáil an fhuíolluisce uirbigh arna leagan amach ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide; |
(g) |
na tionchair fhéideartha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh ag rátaí ranníocaíochta do tháirgeoirí arna socrú ag na Ballstáit agus dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá mb’éagsúil lena chéile iad; |
(h) |
a indéanta agus a oiriúnaí a bheadh sé córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora a fhorbairt le haghaidh táirgí lena ngintear PFAS agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach, bunaithe go háirithe ar na sonraí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 maidir le PFAS agus micreaphlaistigh in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; |
(i) |
an fhéidearthacht chun earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh aeráidneodracht a bhaint amach, agus an t-am is gá chun é sin a dhéanamh; |
(j) |
a indéanta agus a iomchuí atá sé íosrátaí athúsáide agus athchúrsála de chuid an Aontais a shocrú le haghaidh nítrigin ó shloda nó nítrigin ó fhuíolluisce uirbeach, nó iad araon. |
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus, i gcás ina measann an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leo.
2. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a ullmhú.
Airteagal 31
Athbhreithniú
Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún luathrabhadh a sheoladh chuig na Ballstáit a dteipeann orthu nó a bhfuil an baol ann go dteipfidh orthu na cuspóirí agus na spriocdhátaí a leagtar síos in Airteagail 3, 5, 6, 7, 8 agus 11 a bhaint amach.
Airteagal 32
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
1. Déantar Treoir 91/271/CEE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo, a aisghairm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2027 gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.
2. Maidir le Mayotte, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus ag Airteagal 6(1) den Treoir seo ón 31 Nollaig 2030 agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus Airteagal 6(3) den Treoir seo ón 31 Nollaig 2040.
Leanfaidh Airteagal 3(1a), an chéad fhleasc, agus Airteagal 4(1a), an chéad fhleasc, de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith acu go dtí an 30 Nollaig 2030.
3. I gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh a chóireáiltear ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 150 000 CD agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a) |
go dtí an 31 Nollaig 2033 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025; |
(b) |
go dtí an 31 Nollaig 2036 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033; |
(c) |
go dtí an 31 Nollaig 2039 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036. |
Gan dochar don chéad fhomhír, i gcás sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, leanfaidh Airteagal 5 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige:
(a) |
go dtí an 31 Nollaig 2033 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025; |
(b) |
go dtí an 31 Nollaig 2036 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2033; |
(c) |
go dtí an 31 Nollaig 2039 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2036; |
(d) |
go dtí an 31 Nollaig 2045 do cheirtleáin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(3) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2039; |
(e) |
go dtí an 31 Nollaig 2053 do cheirtleáin a bhfuil feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7(4) den Treoir seo ina leith. |
4. Leanfaidh Airteagal 7 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Nollaig 2037 le haghaidh ceirtleáin idir 2 000 p.e agus 10 000 p.e. agus a sceitear isteach in uiscí cósta agus a chuireann cóireáil iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin an 1 Eanáir 2025.
5. Leanfaidh Airteagal 6 de Threoir 91/271/CEE d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Nollaig 2037 [an dara lá go dtí an lá deireanach den dóú bliain déag tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] maidir le ceirtleáin a sceitear isteach i limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna agus a chuireann cóireáil nach bhfuil chomh dian céanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin an 1 Eanáir 2025.
6. Beidh feidhm ag Airteagal 15(4) de Threoir 91/271/CEE maidir leis na Ballstáit go dtí an 31 Nollaig 2028.
7. Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Threoir 91/271/CEE agus ag Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/431/AE ón gCoimisiún (44) maidir leis na Ballstáit go dtí an 1 Eanáir 2028.
8. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 33
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialacháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 11 agus 14 go 26 agus Iarscríbhinní I, III, V agus VI a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Iúil 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacann na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialacháin agus riaracháin atá ann cheana don Treoir atá á haisghairm leis an Treoir seo, go ndéanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach leis an tagairt sin a dhéanamh agus conas a dhéantar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacann siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 34
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 12 agus 13 agus Iarscríbhinní II agus IV ón 1 Lúnasa 2027.
Airteagal 35
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 146, 27.4.2023, lch. 35.
(2) IO C, C/2023/250, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/250/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 5 Samhain 2024.
(4) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(5) Féach Cuid A d’Iarscríbhinn VII.
(6) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht de chuid an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(8) Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).
(9) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(10) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(12) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(13) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(14) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(15) Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).
(16) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(17) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15 Iúil 2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).
(19) IO L 186, 5.8.1995, lch. 44.
(20) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(21) Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
(22) Moladh (AE) 2021/472 ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 maidir le cur chuige comhchoiteann i leith faireachas córasach a bhunú ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach i bhfuíolluiscí san Aontas (IO L 98, 19.3.2021, lch. 3).
(23) Treoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte, 2018.
(24) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
(25) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(26) Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(28) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(29) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(30) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(31) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(32) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(33) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(34) Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26).
(35) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
(36) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
(37) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(38) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(39) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(40) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(41) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair atá sloda séarachais á úsáid in obair na talmhaíochta (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).
(42) Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2001 lena mbunaítear liosta na substaintí tosaíochta i réimse an bheartais uisce agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).
(43) Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a thiocfaidh in ionad Treoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE (IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj.
(44) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/431/AE ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2014 maidir le formáidí le haghaidh tuairisciú ar na cláir náisiúnta chun Treoir 91/271/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme (IO L 197, 4.7.2014, lch. 77).
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH
Cuid A
Córais bhailiúcháin
Cuirfidh córais bhailiúcháin san áireamh na ceanglais maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.
Déanfar córais bhailiúcháin a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil i gcomhréir leis an eolas teicniúil is fearr nach mbaineann costais iomarcacha leis, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
— |
toirt agus saintréithe fuíolluisce uirbigh, |
— |
sceitheadh fuíolluisce uirbigh, insíothlú agus insreabhadh mícheangailte isteach sna córais bhailiúcháin a chosc, |
— |
teorainn a chur le truailliú uiscí glactha a tharlaíonn mar gheall ar fhorshreabhadh uisce stoirme, agus na ceanglais ábhartha in Airteagal 5 agus Iarscríbhinn V á gcur san áireamh. |
Cuid B
Sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uiscí glactha
1. |
Déanfar gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhearadh nó a mhodhnú ionas gur féidir samplaí ionadaíocha den fhuíolluisce atá ag teacht isteach agus den eisilteach cóireáilte a fháil sula ndéantar é a sceitheadh isteach sna huiscí glactha. |
2. |
Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo. |
3. |
Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), chomh maith leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcásanna ina gcuirtear Airteagal 7(8) i bhfeidhm. |
4. |
Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4), comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn seo. |
5. |
Le réamhrialacháin agus údaruithe sonracha don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin, áireofar an méid seo a leanas iontu:
|
6. |
Cuirfear i bhfeidhm ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na huiscí glactha na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2000/60/CE, 2008/56/CE, 2008/105/CE agus 2006/7/CE. |
7. |
Déanfar pointí sceite an fhuíolluisce uirbigh a roghnú, a mhéid is féidir, chun na héifeachtaí díobhálacha ar na huiscí glactha a íoslaghdú. |
Cuid C
Modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí
1. |
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear i bhfeidhm modh faireacháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 go 5. I gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh gach modh anailíse na híoschritéir feidhmíochta chéanna mar a shainítear iad i dTreoir 2009/90/CE agus i rialacha ábhartha eile.
Féadfar modhanna eile seachas na modhanna sin dá dtagraítear i bpointí 2, 3 agus 4 a úsáid ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbaintear amach torthaí coibhéiseacha leis na modhanna eile sin. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir a bhaineann leis an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm. |
2. |
Déanfar samplaí sreabh-chomhréireacha nó am-bhunaithe thar tréimhse 24 uair an chloig a bhailiú ag an bpointe dea-shainithe chéanna in asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus, más gá, in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Aon samplaí am-bhunaithe a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin, áfach, samplaí 48 uair an chloig a bheidh iontu.
Cuirfear i bhfeidhm dea-chleachtais idirnáisiúnta saotharlainne chun díghrádú na samplaí idir tráth a mbailithe agus tráth a n-anailísithe a íoslaghdú. |
3. |
Cinnfear an líon íosta bliantúil samplaí le tógáil de réir mhéid an ghléasra cóireála agus baileofar na samplaí go tráthrialta le linn na bliana:
Nóta 1: Maidir le ceirtleáin a mbaineann gníomhaíocht shéasúrach leo, glactar le heatraimh 2 mhí ar a mhéad gan sampláil ar choinníoll go dtógtar samplaí breise le linn mhíonna na gníomhaíochta séasúraí. Tógfar 12 shampla san iomlán i rith na bliana. |
4. |
Glacfar leis go bhfuil an fuíolluisce uirbeach cóireáilte i gcomhréir leis na paraiméadair ábhartha más rud é, maidir le gach paraiméadar ábhartha arna mheas ina aonar, go léiríonn samplaí den uisce go gcomhlíonann sé an luach paraiméadrach ábhartha ar an gcaoi seo a leanas:
|
5. |
Tógfar na samplaí sa chaoi go mbeidh siad ina léiriú ar an truailliú le linn sreabhadh uisce triomaigh. Ní chuirfear san áireamh luachanna foircneacha cháilíocht an uisce i gceist i gcás ar leith nuair is de bharr dálaí neamhghnácha trombháistí iad na luachanna sin. |
6. |
Is ar shamplaí scagtha a dhéanfar anailís ar an sceitheadh ón murlachú; mar sin féin, níor cheart tiúchan iomlán na solad ar fuaidreamh i samplaí uisce neamhscagtha sa sceitheadh sin a bheith níos mó ná 150 mg/l.
Tábla 1: Ceanglais maidir le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh faoi réir Airteagal 6 den Treoir seo. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.
|
Nóta 1: Féadfar paraiméadar eile a chur in ionad an pharaiméadair: carbón orgánach iomlán (TOC) nó éileamh iomlán ar ocsaigin (TOD) más féidir coibhneas a shuí idir BOD5 agus an paraiméadar ionaid.
Nóta 2: Déanfaidh na Ballstáit an t-éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) nó an Carbón Orgánach Iomlán a thomhas.
Nóta 3: Tá an ceanglas seo roghnach.
Nóta 4: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh.
Tábla 2: Ceanglais maidir le cóireáil threasach ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Maidir le sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), beidh feidhm ag an dá pharaiméadar. Maidir le ceirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfar paraiméadar amháin nó an dá pharaiméadar a chur i bhfeidhm ag brath ar an staid áitiúil. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.
Paraiméadair |
Tiúchan |
Céatadán íosta an laghdaithe (féach Nótaí 1 agus 2) |
Modh tomhais tagartha |
Fosfar iomlán (féach Nóta 4) |
0,7 mg/l (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.) 0,5 mg/l (os150 000 p.e. agus níos mó) |
87,5 (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.) 90 (150 000 p.e. agus níos mó) |
Speictreafótaiméadracht ionsúiteacháin mhóilínigh |
Nítrigin iomlán (féach Nóta 4) |
10 mg/l (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.) 8 mg/l (150 000 p.e. agus níos mó) (féach Nóta 5) |
80 (féach Nóta 3) |
Speictreafótaiméadracht ionsúiteacháin mhóilínigh |
Nóta 1: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh nó leis an ualach a ghintear i gceirtleán más féidir an leibhéal céanna cosanta comhshaoil a áirithiú.
Nóta 2: Má úsáidtear codán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfar cothaithigh sa chodán sin a áireamh i ríomh an ualaigh insiltigh agus féadfar iad a eisiamh ón ualach a sceitear.
Nóta 3: I gcásanna eisceachtúla mar gheall ar imthosca áitiúla sonracha, féadfar coinneáil nádúrtha nítrigine a chur san áireamh sna Ballstáit inar cuireadh coinneáil nádúrtha nítrigine san áireamh agus céatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/271/CEE á ríomh agus i gcás ina léirítear gur féidir cuid den nítrigin a d’eascair as fuíolluisce uirbeach a dhíothú sna huiscí glactha, go dtí an 31 Nollaig 2037 i gcéatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo a ríomh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(1) |
go bhfuil meán-am coinneála hiodrálach an eisiltigh a sceitear 1.5 bliain ar a laghad sula sroicheann sé an limistéar atá íogair do nítrigin a ainmnítear faoi Airteagal 7(2); |
(2) |
go n-áirithítear clár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh ar an bparaiméadar nítrigine iomláin:
|
(3) |
go gcomhlíontar céatadán íosta an laghdaithe nítrigine i dTábla 2; go ríomhfar an céatadán sin ar bhonn na sonraí arna mbailiú ón gclár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh dá dtagraítear i bpointe (2); |
(4) |
gur féidir a thaispeáint nach ndéanann scaoileadh nítrigine ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sa dobharcheantar dochar don chomhshaol, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht, ná do shláinte an duine agus nach n-athraíonn sé an t-éiceachóras; |
(5) |
go gcomhlíonann tiúchan na gcothaitheach sna limistéir dá dtagraítear i bpointe (c) de choinníoll (2) an coinníoll a leagtar síos faoi Iarscríbhinn V.1.2.1 a ghabhann le Treoir 2000/60/CE chun stádas maith éiceolaíoch na limistéar sin a shainiú; |
(6) |
go ndéantar úsáid na coinneála nádúrtha nítrigine a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 22(1)(a), chomh maith leis na Ballstáit chomharsanacha a bhféadfadh éifeacht a bheith orthu, mar aon leis an méid uile is gá chun a fhíorú go bhfuil coinníollacha (1), (2), (3), (4) agus (5) á gcomhlíonadh. |
Nóta 4: Beidh feidhm ag an gceanglas seo an 1 Eanáir 2025 maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a bhfuil sé d’oibleagáid orthu na spriocdhátaí a bunaíodh faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh agus maidir le ceirtleáin faoi Airteagal 7(3). Go dtí go mbainfear na spriocdhátaí sin amach, beidh feidhm ag oibleagáidí Airteagal 32(3) maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin.
Nóta 5: I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 12 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:
(1) |
go n-áirithítear nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ar an gcomhshaol; |
(2) |
go mbeadh costais iomarcacha nó ídiú iomarcach fuinnimh ag teastáil chun na luachanna le haghaidh nítrigine i dTábla 2 a bhaint amach. |
I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 5 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo.
Tábla 3: Ceanglais maidir le cóireáil cheathartha ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus/nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
Táscairí |
An céatadán íosta arna bhaint i ndáil le hualach an insiltigh |
Substaintí ar féidir leo uisce a thruailliú fiú ar leibhéil ísle tiúchana (féach Nóta 1) |
80 % (féach Nóta 2) |
Nóta 1: Déanfar tiúchan na substaintí orgánacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a thomhas.
(a) |
Catagóir 1 (substaintí arb an-éasca iad a chóireáil):
|
(b) |
Catagóir 2 (substaintí arb éasca iad a dhiúscairt):
|
Nóta 2: Ríomhfar an céatadán arna bhaint de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh le haghaidh 6 shubstaint ar a laghad. Beidh líon na substaintí i gcatagóir 1 dhá oiread níos líonmhaire ná líon na substaintí i gcatagóir 2. I gcás nach féidir ach níos lú ná 6 shubstaint a thomhas ina dtiúchan leordhóthanach, ainmneoidh an t-údarás inniúil substaintí eile chun ríomh a dhéanamh ar an gcéatadán íosta arna bhaint nuair is gá sin. Le linn an ríomha, bainfear úsáid as meán na gcéatadán sonrach arna mbaint le haghaidh na substaintí aonair go léir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint, is é sin 80 %, nó nár baineadh.
Tábla 4: Ceanglas maidir le samplaí
Sraith samplaí a thógtar in aon bhliain |
Líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na ceanglais a chomhlíonadh |
4-7 |
1 |
8-16 |
2 |
17-28 |
3 |
29-40 |
4 |
41-53 |
5 |
54-67 |
6 |
68-81 |
7 |
82-95 |
8 |
96-110 |
9 |
111-125 |
10 |
126-140 |
11 |
141-155 |
12 |
156-171 |
13 |
172-187 |
14 |
188-203 |
15 |
204-219 |
16 |
220-235 |
17 |
236-251 |
18 |
252-268 |
19 |
269-284 |
20 |
285-300 |
21 |
301-317 |
22 |
318-334 |
23 |
335-350 |
24 |
351-365 |
25 |
IARSCRÍBHINN II
LIMISTÉIR ATÁ ÍOGAIR I LEITH AN EOTRÓFAITHE
1.
Limistéir atá suite i ndobharcheantair Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Mara Thuaidh agus Mhuir Aidriad a sainaithníodh a bheith íogair i leith an eotrófaithe faoi Threoir 2008/56/CE nó 2000/60/CE;
2.
Lochanna nádúrtha fionnuisce, dobharlaigh fionnuisce eile, inbhir agus uiscí cósta a bhfaightear amach iad a bheith eotrófach nó a fhéadfaidh a bheith eotrófach go luath amach anseo mura ndéantar beart lena gcosaint.Cuirfear san áireamh an méid seo a leanas le linn breithniú a dhéanamh ar cé acu cothaitheach ba cheart a laghdú trí bhíthin cóireáil bhreise:
(a) |
lochanna agus srutháin a théann isteach i lochanna/taiscumair/bánna dúnta a bhfaightear amach droch-mhalartú uisce a bheith iontu, a dtarlaíonn carnadh iontu dá bharr. Sna limistéir sin, ba cheart baint an fhosfair a chur ar áireamh ach amháin i gcás inar féidir a léiriú nach mbeadh aon éifeacht ag baint an fhosfair ar leibhéal an eotrófaithe. I gcás sceitheadh ó cheirtleáin mhóra, féadfar féachaint arbh fhiú nítrigin a bhaint freisin; |
(b) |
inbhir, bánna agus uiscí cósta eile a bhfaightear amach droch-mhalartú uisce a bheith iontu, nó a nglactar cainníochtaí móra cothaitheach isteach iontu. Is iondúil gur beag an tábhacht a bhaineann le sceitheadh ó cheirtleáin bheaga sna limistéir sin, ach i gcás ceirtleáin mhóra, ba cheart baint an fhosfair nó na nítrigine a chur ar áireamh, nó iad araon, ach amháin i gcás inar féidir a léiriú nach mbeadh aon éifeacht ag baint na n-ábhar sin ar leibhéal an eotrófaithe. |
3.
Fionnuiscí dromchla a mbeartaítear uisce óil a bhaint astu agus a bhféadfadh tiúchan níotráite a bheith iontu is mó ná an tiúchan níotráite a leagtar síos faoi na forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2020/2184 mura ndéantar beart cosanta.
4.
Limistéir inar gá cóireáil bhreise seachas an chóireáil dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Treoir seo chun gníomhartha eile an Aontais i réimse an chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear go háirithe dobharlaigh a chumhdaítear le Treoir 2000/60/CE agus ar baolach nach mbeidh siad in ann stádas maith éiceolaíoch nó poitéinseal maith éiceolaíoch a choinneáil ar bun nó a bhaint amach.
5.
Aon limistéir eile a bhfaigheann na Ballstáit amach iad a bheith íogair i leith an eotrófaithe.
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NA dTÁIRGÍ A CHUMHDAÍTEAR LE FREAGRACHT LEATHNAITHE AN TÁIRGEORA
1.
Táirgí íocshláinte atá lena n-úsáid ag an duine agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
2.
Táirgí cosmaideacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
(1) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
IARSCRÍBHINN IV
EARNÁLACHA TIONSCLAÍOCHA
1.
Próiseáil bainne
2.
Monarú táirgí torthaí agus glasraí
3.
Monarú agus buidéalú deochanna boga
4.
Próiseáil prátaí
5.
Tionscal na feola
6.
Grúdlanna
7.
Táirgeadh alcóil agus deochanna alcólacha
8.
Monarú beatha ainmhithe ó tháirgí plandaí
9.
Monarú geilitín agus gliú ó sheithí, craiceann agus cnámha
10.
Tithe braiche
11.
Tionscal próiseála éisc
IARSCRÍBHINN V
ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH
1.
Anailís ar staid tosaigh limistéar draenála an cheirtleáin lena mbaineann, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) |
tuairisc mhionsonraithe ar líonra na gcóras bailiúcháin, ar na hacmhainneachtaí stórála agus iompartha fuíolluisce uirbigh agus ar na hinniúlachtaí stórála agus treoraithe rith chun srutha uirbeach atá sa líonra sin agus ar na hacmhainneachtaí cóireála fuíolluisce atá aige cheana féin i gcás báistí; |
(b) |
i gcás séaraigh chomhcheangailte, anailís dhinimiciúil ar shreabha fuíolluisce uirbigh i gcás báistí, bunaithe ar shonraí faireacháin nó ar úsáid samhlacha hidreolaíocha, hiodrálacha agus cáilíochta uisce, lena gcuirtear réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha san áireamh agus lena n-áirítear meastachán ar ualaí truaillithe na bparaiméadar dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I chomh maith le micreaphlaistigh agus truailleáin ábhartha a scaoiltear in uiscí glactha i gcás báistí; |
(c) |
i gcás séaraigh ar leithligh, tuairisc mhionsonraithe ar na ceanglais faireacháin ag pointí ábhartha de chórais ar leithligh a meastar go mbeidh sceitheadh truaillithe ó rith chun srutha uirbeach iontu mar a shainaithnítear faoi Airteagal 5(2), pointe (d), chun bearta ábhartha agus indéanta a shainaithint mar a cheanglaítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo. |
2.
Cuspóirí laghdú an truaillithe ó fhorshreabhadh uisce stoirme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) |
cuspóir neamhcheangailteach táscach go mbeidh forshreabhadh uisce stoirme ina chéatadán beag, nach mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime; comhlíonfar an cuspóir neamhcheangailteach táscach sin:
|
(b) |
laghdú de réir a chéile ar mhacraphlaistigh. |
3.
Na bearta atá le déanamh chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shocraítear sa phointe sin, lena ngabhfaidh amlíne maidir le cur chun feidhme na mbeart agus idirdhealú idir bearta atá i bhfeidhm cheana agus atá fós le déanamh. Sainaithneofar go soiléir freisin na gníomhaithe lena mbaineann agus a gcuid freagrachtaí i gcur chun feidhme an phlean chomhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh.
4.
Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé na bearta atá le déanamh faoi phointe 3, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil breithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) |
bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bhailiúcháin, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear chun cinn coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú nádúrtha an uisce baistí, agus bearta arb é is aidhm dóibh spásanna glasa agus gorma i limistéir uirbeacha a mhéadú chun forshreabhadh uisce stoirme a laghdú nó arb é is aidhm dóibh dromchlaí neamhscagacha sna ceirtleáin a theorannú; |
(b) |
bearta chun bainistiú agus optamú níos fearr a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear córais bhailiúcháin, na toirteanna stórála agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus é mar aidhm ag na bearta sin a áirithiú go ndéanfar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte nó rith chun srutha uirbeach truaillithe isteach in uiscí glactha a íoslaghdú; |
(c) |
i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, bearta maolúcháin breise lena n-áirítear oiriúnú an bhonneagair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus a chóireáil, mar shampla limistéir uirbeacha nuathógtha a nascadh le séaraigh ar leithligh, i gcás inarb ábhartha, nó bonneagar nua a chruthú agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas agus gorm, amhail díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. I gcás inarb ábhartha, féachfar an bhféadfaí uisce a athúsáid i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite bainisithe fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 5. |
IARSCRÍBHINN VI
FAISNÉIS DON PHOBAL
(1)
an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir/na hoibreoirí atá freagrach as seirbhísí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le struchtúr úinéireachta na n-oibreoirí agus faisnéis teagmhála dóibh;
(2)
ualach iomlán an fhuíolluisce uirbigh arna shloinneadh de réir coibhéis daonra (p.e.)a ghintear sa cheirtleán, maille le sonraí faoin sciar (ina %) den ualach sin:
(a) |
arna bhailiú agus arna chóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; |
(b) |
arna chóireáil i gcórais aonair chláraithe; |
(c) |
nach ndéantar a bhailiú ná a chóireáil; |
(3)
i gcás inarb ábhartha, míniú ar na cúiseanna nach ndéantar ualach áirithe fuíolluisce uirbigh a bhailiú nó a chóireáil;
(4)
faisnéis faoi cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh a sceitear ón gceirtleán isteach i ngach dobharlach glacach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) |
meántiúchan bhliantúil agus ualach na dtruailleán a chumhdaítear le hAirteagal 21 agus a scaoiltear ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh; |
(b) |
meastachán ar an ualach a sceitear ó chórais aonair le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I; |
(c) |
maidir le ceirtleáin os cionn 10 000 p.e., meastachán ar an ualach a sceitear ó shéaraigh chomhcheangailte agus ó fhorshreabhadh uisce stoirme le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I; |
(5)
na costais iomlána bhliantúla infheistíochta agus na costais iomlána bhliantúla oibríochtúla, agus idirdhealú déanta idir na costais bailithe agus cóireála, na costais iomlána bhliantúla a bhaineann le foireann, fuinneamh, tomhaltáin, riarachán agus costais eile chomh maith le meánchostais bhliantúla infheistíochta agus oibríochtúla in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, agus in aghaidh an mheánteaghlaigh i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce nó in aghaidh leibhéal an cheirtleáin i gcásanna eile;
(6)
faisnéis faoi conas a chumhdaítear na costais dá dtagraítear i bpointe (5) agus, i gcás ina n-aisghabhtar costais trí chóras taraifí, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear nó in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den uisce a sholáthraítear, lena n-áirítear costais sheasta agus athraitheacha agus miondealú de réir costais an bhailithe, na cóireála, an riaracháin agus costais eile;
(7)
pleananna infheistíochta le haghaidh bonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh ar leibhéal an cheirtleáin, ina bhfuil na cineálacha tionchair a bheartaítear ar tharaifí ar sheirbhísí fuíolluisce uirbigh agus na tairbhí airgeadais agus sochaíocha atá beartaithe;
(8)
i gcás gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó:
(a) |
an t-ualach iomlán (de réir p.e.) a chóireáiltear agus an fuinneamh ba ghá chun an fuíolluisce uirbeach a chóireáil (ina mhéid iomlán kWh agus kWh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh); |
(b) |
an méid iomlán fuinnimh a táirgeadh (GWh/bliain) gach bliain, lena n-áirítear miondealú de réir na foinse fuinnimh; |
(9)
an méid iomlán astaíochtaí GCT díreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh nó a seachnaíodh in aghaidh na bliana trí oibriú an bhonneagair bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó i ngach ceirtleán agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an méid iomlán astaíochtaí GCT indíreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh go háirithe le linn an bonneagar sin a bheith á thógáil;
(10)
achoimre ar chineál na ngearán a fuarthas agus ar na staitisticí i dtaobh na ngearán, agus ar na freagraí a thug oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh maidir le cúrsaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;
(11)
ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do thomhaltóirí ar shonraí stairiúla le haghaidh faisnéis faoi phointí (2), (4), (8) agus (9), ag dul siar suas le 10 mbliana ach gan dul níos faide siar ná an 1 Eanáir 2025.
IARSCRÍBHINN VII
Cuid A
Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 32)
Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40) |
|
Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún (IO L 67, 7.3.1998, lch. 29) |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1) |
Iarscríbhinn III, pointe 21 agus an pointe sin amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 21.11.2008, lch. 1) |
Iarscríbhinn, pointe 4.2 agus an pointe sin amháin |
Treoir 2013/64/AE ón gComhairle (IO L 353, 28.12.2013, lch. 8) |
Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin |
Cuid B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraítear in Airteagal 32)
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
91/271/CEE |
30 Meitheamh 1993 |
98/15/CE |
30 Meán Fómhair 1998 |
2013/64/AE |
an 31 Nollaig 2018 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(1), (2) agus (3) an 30 Meitheamh 2014 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(5), pointe (a) an 31 Nollaig 2014 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(5), pointe (b) |
IARSCRÍBHINN VIII
Tábla comhghaoil
Treoir 91/271/CEE |
An Treoir seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach |
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach |
Airteagal 2, pointí 1 go 4 |
Airteagal 2, pointí 1 go 4 |
— |
Airteagal 2, pointí 5 agus 6 |
Airteagal 2, pointe 5 |
Airteagal 2, pointe 7 |
— |
Airteagal 2, pointí 8 agus 9 |
Airteagal 2, pointe 6 |
Airteagal 2, pointe 10 |
Airteagal 2, pointe 7 |
Airteagal 2, pointe 11 |
Airteagal 2, pointe 8 |
Airteagal 2, pointe 12 |
— |
Airteagal 2, pointí 13 agus 14 |
Airteagal 2, pointe 10 |
Airteagal 2, pointe 15 |
Airteagal 2, pointe 11 |
Airteagal 2, pointe 16 |
— |
Airteagal 2, pointí 17 go 28 |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
— |
Airteagal 3(2) agus (3) |
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(4) |
Airteagal 3(1), an tríú fomhír |
Airteagal 4(1) |
— |
Airteagal 4(2) |
— |
Airteagal 4(3) |
— |
Airteagal 4(4) |
— |
Airteagal 4(5) |
— |
Airteagal 4(6) |
— |
Airteagal 5 |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 6(1) |
— |
Airteagal 6(2) |
— |
Airteagal 6(3) |
–Airteagal 4(2) |
Airteagal 6(4) |
Airteagal 4(4) |
Airteagal 6(5) |
— |
Airteagal 7(1) |
— |
Airteagal 7(2) |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 7(3) |
— |
Airteagal 7(4) |
Airteagal 5(3) |
7(5) |
— |
Airteagal 7(6) agus (7) |
Airteagal 5(4) |
Airteagal 7(8) |
Airteagal 5(5) |
Airteagal 7(9) |
Airteagal 5(7) |
Airteagal 7(10) |
— |
Airteagal 7(11) |
— |
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 9 |
— |
Airteagal 10 |
— |
Airteagal 11 |
Airteagal 9 |
Airteagal 12(1) agus (2) |
— |
Airteagal 12(3) |
Airteagal 10 |
Airteagal 13 |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 14(1) |
— |
Airteagal 14(2) |
— |
Airteagal 14(3) |
— |
Airteagal 14(4) |
Airteagal 11(3) |
Airteagal 14(5) |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 15(1) |
Airteagal 12(2) |
Airteagal 15(2) |
Airteagal 12(3) |
Airteagal 15(3) |
— |
Airteagal 15(4) |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 16(1) agus (2) |
— |
Airteagal 17 |
— |
Airteagal 18 |
— |
Airteagal 19 |
Airteagal 14(1) |
Airteagal 20(1) |
— |
Airteagal 20(2) |
Airteagal 15(1) |
Airteagal 21(1) |
— |
Airteagal 21(2) |
— |
Airteagal 21(3) go (6) |
— |
Airteagal 22 |
Airteagal 17(1) |
Airteagal 23(1) |
— |
Airteagal 23(2) |
Airteagal 17(3) |
Airteagal 23(3) |
— |
Airteagal 23(4) |
— |
Airteagal 24 |
— |
Airteagal 25 |
— |
Airteagal 26 |
— |
Airteagal 27 |
Airteagal 18 |
Airteagal 28 |
— |
Airteagal 29 |
— |
Airteagal 30 |
— |
Airteagal 31 |
— |
Airteagal 32 |
Airteagal 19 |
Airteagal 33 |
— |
Airteagal 34 |
Airteagal 20 |
Airteagal 35 |
Iarscríbhinn I(A) |
Iarscríbhinn I(A) |
Iarscríbhinn I(B) |
Iarscríbhinn I(B) |
Iarscríbhinn I(C) |
— |
Iarscríbhinn I(D) |
Iarscríbhinn I(C) |
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn II |
— |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn IV |
— |
Iarscríbhinn V |
— |
Iarscríbhinn VI |
— |
Iarscríbhinn VII |
— |
Iarscríbhinn VIII |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)