European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3018

6.12.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/3018 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear an creat dlíthiúil ar leibhéal an Aontais chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

(2)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 le Rialachán (AE) 2015/759 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE), go háirithe a neamhspleáchas gairmiúil, a neartú tuilleadh. Tá sé léirithe go bhfuil an rialachas neartaithe sin éifeachtach.

(3)

An 6 Márta 2023, d’fhoilsigh an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (ESGAB) a thuarascáil bhliantúil do 2022. Mar a luaitear inti, tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas gairmiúil a áirithiú chun Staidreamh Eorpach atá oibiachtúil agus neamhchlaonta a sholáthar agus chun muinín an phobail i gcinntí agus i mbeartais atá bunaithe air a chothú. Dá bhrí sin, tá na Ballstáit agus an Coimisiún le dea-chleachtais idirnáisiúnta a leanúint maidir le cinn na n-institiúidí náisiúnta staidrimh (ISNanna) agus Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin (Eurostat) faoi seach a roghnú, a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, ar bhonn critéir ghairmiúla shoiléire amhail clú staidrimh agus ardleibhéal inniúlachta i réimse an staidrimh. Na cúiseanna le foirceannadh luath an chonartha, níl siad le cur isteach ar an neamhspleáchas gairmiúil; tú údar maith le bheith leo, tá siad le sonrú agus le cur in iúl ar bhealach iomchuí, agus urraim á tabhairt ag an am céanna do chearta an duine lena mbaineann. Ina theannta sin, tá an Coimisiún (Eurostat) le ESGAB a chur ar an eolas faoi aon imní mhór atá air maidir le cur chun feidhme Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, i bhfianaise ról tábhachtach ESGAB mar chomhlacht de chuid an Aontais ar cuireadh de chúram air measúnú neamhspleách a sholáthar ar an dóigh ar chuir CSE Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh i bhfeidhm agus comhairle a sholáthar maidir le muinín agus iontaoibh úsáideoirí i Staidreamh Eorpach a neartú.

(4)

Tá réaltachtaí atá thar a bheith difriúil ann mar gheall ar an gclaochlú digiteach agus tá timpeallacht nua cruthaithe aige ina bhfuil riachtanais nua maidir le Staidreamh Eorpach. Thairis sin, mar thoradh ar imeachtaí daonnúla agus polaitiúla le déanaí, amhail paindéim COVID-19, agus ar an ngéarchéim fuinnimh agus costais maireachtála a spreagadh le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, méadaíodh na héilimh agus na hionchais maidir le Staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe a theastaíonn chun tacú le cinnteoireacht an Aontais agus chun an fhreagairt is fearr is féidir ón Aontas ar ghéarchéimeanna a áirithiú.

(5)

Is féidir géarchéimeanna a bheith ann ina mbíonn gá le Staidreamh Eorpach tráthúil agus nuálach chun freagairt ar riachtanais bheartais phráinneacha. Mar shampla, cuireann an easpa sonraí tráthúla maidir le brabúis aonaid agus brabúis ghnó bac ar lucht déanta beartas agus iad ag iarraidh measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar shaincheist an bhorrtha ar phraghsanna tráth a dhéantar taighde ar thionchar na mbeartas corparáideach mar chúinse a d’fhéadfadh cur leis an mboilsciú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, nósanna imeachta a bhunú chun freagairt ar riachtanais bheartais phráinneacha maidir le Staidreamh Eorpach.

(6)

Chun aghaidh a thabhairt ar éilimh agus ionchais mhéadaitheacha maidir le Staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe chomh maith le freagairt CSE níos tapúla agus níos comhordaithe ar éilimh staidrimh phráinneacha le linn géarchéime, is gá Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú. Is é cuspóir an Rialacháin leasaithigh seo a áirithiú go leanfaidh Staidreamh Eorpach de bheith ábhartha trí riachtanais úsáideora atá ag athrú agus atá níos déine a chur san áireamh, go háirithe trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na bhfoinsí sonraí digiteacha agus na dteicneolaíochtaí digiteacha agus trína n-úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach a chumasú, trí CSE a dhéanamh níos aclaí agus níos ábalta freagairt go héifeachtach agus go tapa ar ghéarchéimeanna, trí chomhroinnt sonraí a cheadú agus trí chomhordú i measc comhpháirtithe CSE a neartú.

(7)

Chun léiriú a thabhairt ar na réaltachtaí atá ann faoi láthair agus ar an timpeallacht dhigiteach iarbhír ina n-oibríonn CSE, ba cheart sainmhínithe nua nó nuashonraithe a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun soiléiriú a dhéanamh ar na coincheapa arb iad ‘sonraí’, ‘meiteashonraí’, ‘sealbhóir sonraí’, ‘foinse sonraí’, ‘rochtain ar shonraí’ agus ‘úsáid chun críoch staidrimh’.

(8)

Léiríodh le himeachtaí le déanaí amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh agus costais maireachtála a spreagadh mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil infhaighteacht staidrimh Eorpaigh atá tráthúil, iontaofa agus inchomparáide ríthábhachtach d’éifeachtacht fhreagairt na n-údarás poiblí ar chásanna éigeandála. Dá bhrí sin, ba cheart do CSE a bheith in ann gníomhaíochtaí comhordaithe a thionscnamh go pras má thagann riachtanais phráinneacha sonraí agus staidrimh chun cinn lasmuigh den ghnáthchreat pleanála, go háirithe le linn géarchéimeanna a aithnítear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, amhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (5), Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle (7), Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle (8) agus Rialachán lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh (an Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh). I gcás den sórt sin, ba cheart do shealbhóir sonraí, arna iarraidh sin, sonraí a chur ar fáil do ISN nó don Choimisiún (Eurostat) i gcás ina léiríonn an ISN sin nó an Coimisiún (Eurostat) go bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí a iarrtar a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) a bheith in ann gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh a dhéanamh i ndlúthchomhar leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (Coiste CSE). ISNanna agus údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (‘údaráis náisiúnta eile’), ba cheart dóibh a bheith in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin ar bhonn deonach.

(9)

Tá rochtain agus úsáid foinsí nua sonraí, lena n-áirítear mórshonraí, a thagann chun cinn ó sheirbhísí digiteacha agus ó Idirlíon na nEarraí (IoT) ag éirí ríthábhachtach chun Staidreamh Eorpach atá tráthúil, minic go cuí agus mionsonraithe go leor a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos saoire. Cuireann foinsí nua sonraí den sórt sin go mór freisin le creataí samplála staidrimh a fhorbairt chun críocha CSE. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain ar fhoinsí nua sonraí i gcoitinne a áirithiú, agus go háirithe ar shonraí a choinnítear go príobháideach, chun Staidreamh Oifigiúil Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhonn inbhuanaithe agus de réir rialacha atá cóir, soiléir, intuartha agus comhréireach, i gcomhréir le creat an Aontais um chearta bunúsacha. Ba cheart rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta costais agus níl ualaí iomarcacha le bheith ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr mar a leagtar síos in Airteagal 338(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(10)

Tagraíonn sonraí a choinnítear go príobháideach don mhéid ollmhór sonraí atá á gcoinneáil ag eintiteas príobháideach a fuarthas mar thoradh ar a ngníomhaíocht, sonraí a d’fhéadfadh údaráis staidrimh a úsáid chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh. D’fhéadfadh sonraí a choinníonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag sonraí den sórt sin chun staidreamh oifigiúil a chomhlánú agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus go háirithe ar an dul chun cinn a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid sonraí den sórt sin a mholadh go láidir.

(11)

Is iarraidh sheanbhunaithe ó CSE é rochtain a fháil ar fhoinsí nua sonraí, go háirithe ar shonraí a choinnítear go príobháideach, mar a léiríodh i bpáipéar seasaimh CSE maidir le rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus a bhfuil leas an phobail ag baint leo ó mhí na Samhna 2017, agus i bpáipéar seasaimh CSE maidir leis an togra faoin nGníomh um Shonraí a bheidh ann amach anseo ó mhí an Mheithimh 2021.

(12)

Ba cheart úsáid sonraí a choinnítear go príobháideach agus foinsí nua sonraí eile a bheith faoi réir coimircí agus ráthaíochtaí diana dlíthiúla, teicniúla agus nós imeachta, lena n-áirítear ardleibhéal slándála, rúndachta agus meas ar phríobháideacht a chur i bhfeidhm, mar a chumhdaítear cheana i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach a bheith teoranta do ISNanna, ag gníomhú dóibh féin nó thar ceann údaráis náisiúnta eile CSE, agus don Choimisiún (Eurostat) amháin. Ba cheart fíorghá a bheith leis na sonraí a iarrtar le haghaidh Staidreamh Eorpach agus staidreamh atá á fhorbairt a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ba cheart ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí den sórt sin a choinnítear go príobháideach i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(13)

Ba cheart iarrataí ó na ISNanna nó ón gCoimisiún (Eurostat) ar shonraí a choinnítear go príobháideach a bheith trédhearcach agus comhréireach ó thaobh a raon feidhme agus leibhéal an mhionsonraithe de. I ndáil leis sin, is gá iad seo a leanas a shonrú agus a mhíniú: cuspóir na hiarrata, an úsáid atá beartaithe do na sonraí a iarrtar, an mhinicíocht agus na spriocdhátaí faoinar cheart na sonraí a chur ar fáil chomh maith leis na socruithe oibríochtúla chun iad a chur ar fáil. Ba cheart aon phróiseáil sonraí i dtaca le hiarrataí ar shonraí den sórt sin a bheith gan dochar do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), do Rialachán (AE) 2016/679 agus do Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is iomchuí. Ós rud é gur earra poiblí é staidreamh oifigiúil, ba cheart rochtain ar shonraí a bheith saor in aisce. I gcás ina n-iarrann ISN sonraí, féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a sholáthar don sealbhóir sonraí príobháideach atá teoranta don tseirbhís próiseála de réir na sonraíochtaí arna n-iarraidh, ach amháin i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta do ISNanna ná d’údaráis náisiúnta eile sealbhóirí sonraí a chúiteamh. I gcás ina n-iarrann an Coimisiún (Eurostat) sonraí, ba cheart dó cúiteamh réasúnta a mholadh don sealbhóir sonraí príobháideach atá teoranta don tseirbhís phróiseála shonrach sin de réir na sonraíochtaí a iarradh.

(14)

Nuair a eisítear iarrataí ar shonraí a choinnítear go príobháideach, ba cheart don ISN nó don Choimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt don sealbhóir sonraí príobháideach idirphlé a dhéanamh chun paraiméadair nithiúla na n-iarrataí ar shonraí agus socruithe sonracha eile a shonrú, lena n-áirítear conas sonraí a chur ar fáil chomh maith le haon bhearta eagraíochtúla agus teicniúla chun rúndacht sonraí agus rúin trádála a chosaint, d’fhonn comhaontú maidir leis na gnéithe sin a thabhairt i gcrích. Mura dtugtar aon chomhaontú i gcrích laistigh de 3 mhí, nó mura gcomhlíonann an sealbhóir sonraí príobháideach an comhaontú, ba cheart an deis a bheith ag an ISN an dara hiarraidh a eisiúint don sealbhóir sonraí príobháideach chun sonraí a chur ar fáil. Má mhainníonn an sealbhóir sonraí príobháideach d’aon ghnó nó go faillíoch na sonraí a tharchur laistigh den spriocdháta nó má tharchuireann sé sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha, ba cheart don Bhallstát nó don Choimisiún bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht pionóis a fhorchur, ar cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe á gcur san áireamh, i bhfianaise leas an phobail atá á shaothrú. Ba cheart uasmhéideanna le haghaidh pionóis arna nglacadh ag an gCoimisiún a bhunú. Is féidir leis an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le ríomh na bhfíneálacha. Tá gach cinneadh a dhéanann an Coimisiún faoin Rialachán leasaitheach seo faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE. Ba cheart dlínse neamhtheoranta a bheith ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le fíneálacha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE.

(15)

Ba cheart comhtháthú breise staidrimh agus faisnéise geospásúla a mholadh chun úsáid níos éifeachtúla acmhainní agus comhtháthú feabhsaithe sonraí ag eagraíochtaí poiblí éagsúla a chumasú, chun aschuir nua staidrimh a tháirgeadh, amhail anailís spásúil, agus chun léirshamhlú agus scaipeadh sonraí a fheabhsú. Thacódh comhtháthú breise den sórt sin le cinnteoireacht agus le faireachán ar spriocanna beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

(16)

Ba cheart don Choimisiún (Eurostat), do ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile a ndícheall a dhéanamh rochtain a thabhairt ar a mbunachair sonraí agus ar mheiteashonraí tacaíochta agus ar dhoiciméadacht eile atá ábhartha do mheasúnú cáilíochta trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí atá cothrom le dáta agus atá éasca le húsáid.

(17)

Déanann an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh freisin ach faoi chreat dlíthiúil ar leithligh, rud a léiríonn struchtúr rialachais CEBC. I gcomhréir le hAirteagal 338(1) CFAE agus Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá gá le dlúthchomhar agus comhordú iomchuí idir CSE agus CEBC, go háirithe chun malartú sonraí a chothú idir an dá chóras go heisiach chun críoch staidrimh. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle (13).

(18)

Rannchuidíonn malartú sonraí rúnda le cáilíocht fheabhsaithe an staidrimh Eorpaigh. Tá obair déanta go gníomhach ag CSE ar mhalartú sonraí den sórt sin a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh do tharchur sonraí rúnda i reachtaíocht earnálach éagsúil. Ba cheart na hiarrachtaí sin a shaothrú. Ba cheart malartú frithpháirteach sonraí rúnda a cheadú laistigh de CSE agus idir CSE agus CEBC araon, i gcás inar gá ar mhaithe le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. I gcás inar tarchuireadh sonraí rúnda chuig an gCoimisiún (Eurostat), ba cheart gá a bheith le formheas ó ISN nó ón údarás náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

(19)

Comhlachtaí náisiúnta poiblí agus leathphoiblí atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin, córais idir-inoibritheachta riaracháin nó sonraí is ábhartha chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, is gá a áirithiú go ligfidh siad do ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile na sonraí sin a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú saor in aisce in am agus minic go leor chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé indéanta creataí samplála staidrimh a thógáil bunaithe ar shonraí riaracháin ábhartha ó ISNanna agus ó údaráis náisiúnta eile.

(20)

Ba cheart úsáid staidrimh ilfhoinsí a spreagadh tuilleadh, agus staidreamh á fhorbairt nó a á tháirgeadh ar bhonn foinsí sonraí éagsúla, lena n-áirítear trí theicnící samhaltaithe agus modhanna staidrimh eile nó cineálacha cur chuige nuálacha.

(21)

I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta chun críoch oifigiúla staidrimh i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 i gcomhréir leis an sainordú a thugtar do na húdaráis staidrimh sonraí pearsanta a iarraidh de bhun na tuairisce modheolaíochta sonraí le haghaidh gach táirge staidrimh, ba cheart don phróiseáil sin dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh, eadhon Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sna Rialacháin sin, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm.

(22)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críoch staidrimh oifigiúil ag ISNanna agus údaráis náisiúnta eile, a mheastar a bheith chun leasa an phobail, a bheith cumhdaithe ag maoluithe agus faoi réir coimircí iomchuí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Mar shampla, níor cheart a mheas go bhfuil tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta chun críoch staidrimh ar neamhréir leis na críocha tosaigh ar chucu a bailíodh iad. Is sonraí rúnda iad sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críoch staidrimh ar mhaithe le leas an phobail agus dá bhrí sin tá siad faoi réir phrionsabal na rúndachta staidrimh, rud a chiallaíonn nár cheart iad a úsáid ach amháin chun críoch staidrimh agus nár cheart iad a úsáid riamh chun tacú le bearta nó cinntí maidir le haon duine nádúrtha ar leith. Sa chomhthéacs sin, áirítear ar na coimircí ar leith, ar cheart iad a chur i bhfeidhm nuair a cheanglaítear le comhroinnt sonraí faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 sonraí pearsanta a phróiseáil, bearta teicniúla agus eagraíochtúla amhail teicneolaíocht cosanta príobháideachais agus urraim do phrionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, an íoslaghdaithe sonraí, an teorannaithe stórála agus na sláine agus na rúndachta mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus mar a mhionsonraítear tuilleadh i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh. Maidir leis sin, ba cheart teicneolaíochtaí cosanta príobháideachais a úsáid chun sonraí a chomhroinnt, ar teicneolaíochtaí iad atá ceaptha go sonrach chun na prionsabail sin a chur chun feidhme. De bhun Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart maoluithe a dheonú leis an dlí náisiúnta d’fhorbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh a bheith á ndéanamh ag ISNanna agus ag údaráis náisiúnta eile, faoi na coimircí a leagtar síos ann.

(23)

Chun bheith ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí nua agus léargais nua a chomhtháthú de réir a chéile, agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go leanfaidh Staidreamh Eorpach de bheith ábhartha, ba cheart rialacha a bhunú faoinar féidir staidreamh a fhorbairt, mar chuid d’iarracht chomhchoiteann de chuid CSE, i gcomhréir le riachtanais na n-úsáideoirí, i réimsí sonracha i bhfoirm staidreamh atá á fhorbairt nó i bhfoirm staidreamh turgnamhach, agus é mar aidhm leis sin iad a chomhtháthú i dtáirgeadh rialta Staidrimh Eorpaigh. Cé nach gá go gcomhlíontar na critéir cháilíochta go léir a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart caitheamh le staidreamh den sórt sin mar Staidreamh Eorpach. Ba cheart faisnéis thrédhearcach faoi cháilíocht an staidrimh atá á fhorbairt nó faoi staidreamh turgnamhach a bheith ag gabháil lena bhfoilsiú.

(24)

Agus iad ag féachaint le haschuir nua staidrimh a nuáil agus a fhorbairt, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta lánaird a thabhairt ar riachtanais na n-úsáideoirí arna léiriú, go háirithe ag comhairlí náisiúnta úsáideoirí staidrimh nó comhlachtaí iomchuí eile. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach (ESAC), a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) mar phríomhchomhlacht de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí, freagróirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh, a chur ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí ESAC san áireamh, go háirithe maidir le Staidreamh Eorpach nua a fhorbairt.

(25)

Chun coinneáil bord ar bhord leis na treochtaí acadúla is déanaí agus chun cáilíocht na sonraí agus na modhanna staidrimh a fheabhsú, ba cheart d’údaráis staidrimh comhar idirdhisciplíneach láidir, struchtúrtha, marthanach le hinstitiúidí acadúla agus taighde a chur chun cinn freisin, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, go háirithe nuair a bhíonn staidreamh nua á fhorbairt acu, modhanna agus teicneolaíochtaí nua á dtástáil acu agus nuálaíocht agus turgnamh á gcur chun cinn acu. Chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart a chumhdach le críocha eolaíocha gníomhaíochtaí taighde amhail forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh, taighde bunúsach nó taighde feidhmeach.

(26)

I bhfianaise na hiontaoibhe a thugtar d’ISNanna agus a n-ardsaineolais theicniúil i mbainistiú sonraí agus meiteashonraí, i gcáilíocht sonraí agus i gcosaint sonraí, ba cheart a mholadh do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ról tábhachtach a shannadh do na ISNanna sna creataí náisiúnta rialachais sonraí, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus é mar chuspóir leis sin comhroinnt sonraí, comhtháthú sonraí agus idir-inoibritheacht sonraí, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán a chur chun cinn. I ndáil leis sin, ba cheart baint a bheith ag ISNanna agus údarás náisiúnta eile maidir le dearadh tosaigh sonraí riaracháin, bunachar sonraí riaracháin nó córas idir-inoibritheachta riaracháin, agus maidir lena bhforbairt ina dhiaidh sin agus lena scor. Ba cheart baint den sórt sin a atreisiú, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht sonraí, i measc nithe eile, a áirithiú agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú.

(27)

Níor cheart a mheas gur sonraí rúnda iad sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal agus a leanann de bheith ar fáil don phobal de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais nuair a úsáidtear iad chun críoch staidrimh nó chun staidreamh a fhaightear ó shonraí den sórt sin a scaipeadh.

(28)

Ar mhaithe le tráthúlacht mhéadaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach na mBallstát a scaipeadh a luaithe a fhoilsítear go náisiúnta iad, fiú má foilsíodh iad roimh na spriocdhátaí chun an staidreamh a sholáthar a leagtar amach i reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais.

(29)

Is féidir neamhéifeachtúlachtaí agus neamhréireachtaí a bheith mar thoradh ar an easpa comhordaithe agus is féidir leis sin saincheisteanna a tharraingt anuas maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh. Tá institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais le dul i gcomhairle go córasach leis an gCoimisiún (Eurostat) maidir le modheolaíochtaí staidrimh agus cáilíocht sonraí nuair a bhíonn staidreamh nua á fhorbairt acu ina réimsí inniúlachta. Ba cheart a chumhdach leis an gcomhordú staidreamh eile atá ríthábhachtach chun lucht déanta beartas agus saoránaigh a chur ar an eolas, go háirithe toisc go bhféadfadh cáilíocht an staidrimh sin difear a dhéanamh do chlú an staidrimh Eorpaigh.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leasú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, ar chúiseanna comhsheasmhachta agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(31)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh a shonrú agus an nós imeachta a leagan amach chun iad a ghabháil de láimh, lena n-áirítear na ceanglais ábhartha maidir le tréimhsí ama, maidir leis an minicíocht agus maidir leis an gcáilíocht atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit sin atá rannpháirteach go deonach sa ghníomhaíocht phráinneach staidrimh, agus chun na gníomhaíochtaí práinneacha sin a leathnú, chomh maith leis na gnéithe teicniúla a leagan amach a bhaineann le comhroinnt sonraí idir na húdaráis staidrimh faoin Rialachán sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(32)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 6 Meán Fómhair 2023.

(33)

Chuathas i gcomhairle le Coiste CSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘4a.

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach nó neamhdhigiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin maidir leis na haonaid a breathnaítear;

4b.

ciallaíonn “meiteashonraí” aon fhaisnéis lena sainítear sonraí agus próisis agus lena dtugtar tuairisc ar shonraí agus ar phróisis;

4c.

ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach nó nádúrtha nó aon eintiteas eile ag a bhfuil sé de cheart, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ag a bhfuil an cumas sonraí a fhaightear mar thoradh ar a ngníomhaíocht a bhainistiú agus a chur ar fáil;’

;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘5a.

ciallaíonn “foinse sonraí” foinse lena soláthraítear sonraí is ábhartha agus is gá, iontu féin nó i gcomhcheangal le sonraí ó fhoinsí eile, chun staidreamh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear suirbhéanna, daonáirimh, sonraí riaracháin nó sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí arna iarraidh sin dóibh;

5b.

ciallaíonn “rochtain ar shonraí” an phróiseáil a dhéanann institiúid náisiúnta staidrimh nó údaráis náisiúnta eile nó an Coimisiún (Eurostat) ar shonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag sealbhóir sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla;’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

ciallaíonn “úsáid chun críoch staidrimh” úsáid eisiach ag údaráis staidrimh chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus eolaíocha, nó chun creataí samplála a bhunú;’

;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16a

Freagairt staidrimh ar riachtanais phráinneacha bheartais i ngéarchéimeanna

1.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) scrúdú ar ghéarchéimeanna agus féadfaidh sé tabhairt faoi ghníomhaíochtaí práinneacha staidrimh de réir mar is iomchuí, faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá fíorghá leis chun freagairt ar riachtanais phráinneacha bheartais a eascraíonn as an ngéarchéim lena mbaineann tar éis sásraí éigeandála seanbhunaithe a ghníomhachtú i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, amhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (*1) nó gníomhartha dlí éigeandála eile de chuid an Aontais;

(b)

ní féidir freastal ar na riachtanais phráinneacha bheartais sin faoin gClár Staidrimh Eorpach.

2.   Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais i ndlúthchomhar leis na ISNanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile, agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:

(a)

Staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhonn foinsí nua sonraí nó bailiú nua sonraí, agus an t-ualach ar fhreagróirí agus an éifeachtacht costais do na Ballstáit á gcur san áireamh;

(b)

táscairí nua staidrimh agus léargais a sholáthar ar bhonn sonraí atá ann cheana;

(c)

treoirlínte modheolaíochta a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh staidreamh ar fud na mBallstát a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh inchomparáide agus comhsheasmhach;

(d)

gníomhaíocht chomhordaithe eile ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm di freagairt staidrimh thráthúil agus ábhartha a thabhairt ar an staid shonrach.

3.   Agus measúnú á dhéanamh aige ar an ngá atá le gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) Coiste CSE ar an eolas go pras agus rachaidh sé i gcomhairle leis agus cuirfidh sé a threoraíocht ghairmiúil san áireamh go cuí. Beidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh atá le déanamh faoi réir réamhscrúdú ag Coiste CSE. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) faisnéis chríochnúil a sholáthar do Choiste CSE maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh, an t-údar maith atá leo ar bhonn éifeachtacht costais, na modhanna agus na tráthchláir chun iad a bhaint amach, an measúnú ar an ualach freagartha ar fhreagróirí na suirbhéanna agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais chun na costais incriminteacha arna dtabhú ag na ISNanna agus ag údaráis náisiúnta eile a chumhdach.

4.   Féadfaidh Ballstáit a chinneadh, ar leithligh agus ar bhonn deonach, páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1. Beidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh sin ábhartha agus cumhdófar leo na riachtanais bheartais phráinneacha a eascraíonn as an ngéarchéim san Aontas. Agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí práinneacha staidrimh, comhlíonfaidh Ballstáit na ceanglais choiteanna chomhaontaithe maidir leis an tréimhse ama, maidir leis an minicíocht agus maidir leis an gcáilíocht chun na sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú agus an nós imeachta maidir lena ngabháil de láimh a leagan amach, lena n-áirítear na ceanglais ábhartha maidir leis an tréimhse ama, maidir leis an minicíocht agus maidir leis an gcáilíocht atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit atá rannpháirteach ar bhonn deonach sa ghníomhaíocht phráinneach staidrimh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) do na ISNanna agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear sa liosta a bhunaítear de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo chun na costais incriminteacha arna dtabhú de bharr chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí práinneacha staidrimh sin a chumhdach. Ina theannta sin, féadfaidh na ISNanna sin agus na húdaráis náisiúnta eile sin iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó chláir airgeadais eile de is infheidhme chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha clár den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais faoin bhfomhír seo i gcomhréir le rialacha an chláir cistiúcháin ábhartha, faoi réir an chistithe a bheith ar fáil, go háirithe i gcomhréir le rialacha an Chláir Staidrimh Eorpaigh.

6.   Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi mhír 5 den Airteagal seo, fanfaidh siad i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná fad na géarchéime lena mbaineann, agus in aon chás tráth nach faide ná 12 mhí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ar feadh tréimhse bhreise 12 mhí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don Staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).’;"

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

‘Airteagal 17a

Sonraí riaracháin a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.   Comhlachtaí poiblí agus leathphoiblí náisiúnta faoin dlí náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin, córais idir-inoibritheachta riaracháin nó sonraí is ábhartha agus is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ceadóidh siad do na ISNanna agus do na húdaráis náisiúnta eile na sonraí sin agus na meiteashonraí ábhartha a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú, saor in aisce, ar bhealach tráthúil agus le minicíocht agus gráinneacht leordhóthanach chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

2.   Rachfar i gcomhairle leis na ISNanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) maidir le dearadh tosaigh foinsí sonraí riaracháin, bunachar sonraí riaracháin nó córas idir-inoibritheachta riaracháin arna gcur le chéile agus arna gcothabháil ag comhlachtaí eile, agus maidir lena bhforbairt ina dhiaidh sin agus lena scor, agus beidh siad rannpháirteach sa mhéid sin, agus ar an gcaoi sin, éascófar úsáid bhreise na bhfoinsí sonraí, na mbunachar sonraí nó na gcóras idir-inoibritheachta sin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Beidh siad rannpháirteach freisin sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe a bhaineann le foinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin nó córais idir-inoibritheachta riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh Staidrimh Eorpaigh.

2a.   Chun críocha an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain a fháil go tráthúil ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcothabháil ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus iad a úsáid agus a chomhtháthú go tráthúil agus gan dochar do ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na bunachair sonraí agus na córais idir-inoibritheachta sin, lena n-áirítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). Chun na críche sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais chun na sonraí agus meiteashonraí saincheaptha is gá, na socruithe oibríochtúla maidir le húsáid sonraí agus na coimircí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a shonrú. I gcás nach bhfuil na sonraí agus meiteashonraí is gá le haghaidh Staidreamh Eorpach ar fáil ach amháin i mbunachair sonraí agus i gcórais idir-inoibritheachta arna gcothabháil ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, na sonraí sin a chomhroinnt leis na ISNanna ábhartha nó leis na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, gan dochar do ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na bunachair sonraí agus na córais idir-inoibritheachta sin.

3.   Déanfar an rochtain a bheidh ag na ISNanna, ag údaráis náisiúnta eile agus ag an gCoimisiúin (Eurostat), mar aon lena rannpháirtíocht, de bhun mhíreanna 1, 2 agus 2a a theorannú d’fhoinsí sonraí riaracháin, do bhunachair sonraí riaracháin nó do chórais idir-inoibritheachta riaracháin laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin.

4.   Beidh meiteashonraí ábhartha ag gabháil le foinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin nó córais idir-inoibritheachta riaracháin a chuireann a n-úinéirí ar fáil do na ISNanna, d’údaráis náisiúnta eile agus don Choimisiún (Eurostat) chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach a tháirgeadh.

5.   Déanfaidh na ISNanna agus údaráis agus comhlachtaí náisiúnta eile dá dtagraítear i mír 1 na sásraí comhair is gá a bhunú i gcomhréir le sonraíochtaí náisiúnta. Leis na sásraí sin, cuirfear an deis ar fáil freisin do na ISNanna seiceálacha cáilíochta sonraí a dhéanamh agus creataí staidrimh a thógáil atá bunaithe ar na sonraí riaracháin ábhartha a bhfuarthas rochtain orthu.

(*5)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).’;"

(4)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 17b

Oibleagáid ar shealbhóirí sonraí príobháideacha sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.   Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe, bailiú sonraí nó aon rochtain ar shonraí a leagtar síos i reachtaíocht staidrimh earnálach an Aontais ná don oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), féadfaidh ISN nó an Coimisiún (Eurostat) a iarraidh ar shealbhóir sonraí príobháideach sonraí agus na meiteashonraí ábhartha a chur ar fáil saor in aisce i gcás ina bhfuil fíorghá leis na sonraí a iarrtar chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus nach féidir iad a fháil ar bhealaí eile nó i gcás ina mbeidh laghdú suntasach ar an ualach freagartha ar shealbhóirí sonraí agus ar ghnólachtaí eile mar thoradh ar a n-athúsáid. Féadfaidh an Coimisiún bailiú sonraí nó rochtain ar shonraí den sórt sin a áireamh sa chlár oibre bliantúil.

2.   Mar chomhordaitheoir de chuid an chórais staidrimh náisiúnta, féadfaidh ISN iarraidh ar shonraí a chur faoi bhráid sealbhóir sonraí príobháideach thar ceann aon údarás náisiúnta eile, i gcás ina bhfuil na sonraí a iarrtar riachtanach le haghaidh Staidreamh Eorpach arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh ag an údarás náisiúnta eile sin. Comhoibreoidh an ISN agus údaráis náisiúnta eile Ballstáit chun ualach iomarcach ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint.

3.   Comhoibreoidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun ualach iomarcach ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint agus chun a chinneadh cé a thíolacfaidh iarrataí ar shonraí. Go háirithe, cuirfidh an ISN an iarraidh ar shonraí faoi bhráid sealbhóir sonraí príobháideach, mura gcomhaontaíonn an Coimisiún (Eurostat) agus na ISNanna lena mbaineann go bhfuil an iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat) níos éifeachtúla, mar shampla i gcás sealbhóirí sonraí príobháideacha a oibríonn ar scála uile-Aontais.

4.   Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhaontú leis na ISNanna, bonneagar slán a bhunú, atá le húsáid ar bhonn deonach, chun comhroinnt bhreise leis na ISNanna agus na húdaráis náisiúnta eile a éascú maidir le sonraí a bhfuarthas rochtain orthu i gcomhréir le mír 3.

Beidh an bonneagar slán dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar theicneolaíochtaí atá ceaptha go sonrach chun Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) a chomhlíonadh.

5.   I gcás ina gceanglaítear seirbhís próiseála shonrach le sonraí a iarrann ISN faoi mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a sholáthar don sealbhóir sonraí príobháideach as an tseirbhís phróiseála shonrach sin, ach amháin i gcás ina gcuireann an dlí náisiúnta cosc ar an INS nó ar údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh a tháirgeadh sealbhóirí sonraí a chúiteamh. I gcás ina n-iarrann an Coimisiún (Eurostat) sonraí ar chúiseanna éifeachtúlachta de bhun mhír 3, agus ina bhfuil gá le seirbhís próiseála shonrach, molfaidh an Coimisiún (Eurostat) cúiteamh réasúnta don sealbhóir sonraí príobháideach as an tseirbhís phróiseála shonrach sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le micrifhiontair ná fiontair bheaga mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*9), ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ina bhfuil leas ar leith ag baint leis na sonraí a choinníonn micrifhiontair nó fiontair bheaga den sórt sin maidir le staidreamh oifigiúil mar gheall ar chineál agus méid na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 17c

Iarrataí ar shonraí agus socruithe chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.   Agus sonraí á n-iarraidh acu i gcomhréir le hAirteagal 17b, déanfaidh na ISNanna nó an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:

(a)

a shonrú cé na sonraí agus na meiteashonraí is gá;

(b)

an riachtanas staidrimh a shonrú a n-iarrtar na sonraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17b(1);

(c)

an mhinicíocht lena bhfuil na sonraí le cur ar fáil agus na spriocdhátaí faoina bhfuil siad le cur ar fáil a shonrú;

(d)

na socruithe oibríochtúla a shonrú chun na sonraí a chur ar fáil.

2.   Beidh iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 de réir phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus beidh siad comhréireach leis an ngá staidrimh i dtéarmaí leibhéal mionsonraithe agus mhéid na sonraí agus a mhinice atá na sonraí le cur ar fáil. Bainfidh iarrataí den sórt sin, i bprionsabal, le sonraí neamhphearsanta agus, in imthosca sonracha, agus sna himthosca sin amháin, le sonraí pearsanta ó chatagóirí sonraí pearsanta a shonraítear i reachtaíocht earnála.

3.   Tar éis iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfar idirphlé idir an ISN, an t-údarás náisiúnta eile nó an Coimisiún (Eurostat) agus an sealbhóir sonraí príobháideach lena mbaineann chun na bearta is gá a phlé agus a chomhaontú chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus é mar aidhm leis sin comhaontú a thabhairt i gcrích.

4.   Mura dtugtar comhaontú dá dtagraítear i mír 3 i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis fógra a thabhairt faoin iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 nó mura gcomhlíonann an sealbhóir sonraí príobháideach an comhaontú:

(a)

nuair atá na sonraí iarrtha ag an ISN, féadfaidh sé an dara hiarraidh a eisiúint don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de spriocdháta sonrach agus cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideacha na sonraí ábhartha ar fáil laistigh den spriocdháta sin;

(b)

nuair atá na sonraí iarrtha ag an gCoimisiún (Eurostat), féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh chun a cheangal ar an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach giorra ná 15 lá féilire agus ansin cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí ábhartha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) laistigh den spriocdháta a shonraítear ann.

Beidh feidhm ag mír 1 maidir le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Le cinneadh den sórt sin, cuirfear san áireamh ann saincheisteanna ar thángthas ar aon aigne fúthu, b’fhéidir, le linn an idirphlé leis an sealbhóir sonraí príobháideach. Sonrófar ann freisin an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach chun a fhreagra a thíolacadh, an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil, na fíneálacha dá bhforáiltear faoi mhír 6 a fhéadfar a chur i bhfeidhm mura soláthraítear na sonraí in am, agus na modhanna sásaimh in aghaidh an chinnidh.

5.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun forfheidhmiú éifeachtach na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a áirithiú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a glacadh i gcomhréir le mír 4, pointe (b), a áirithiú. Féadfar glacadh fíneálacha a áireamh ar na bearta sin i gcás ina mainníonn an sealbhóir sonraí príobháideach, d’aon ghnó nó go faillíoch, na sonraí a iarrtar le cinneadh dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), a sholáthar laistigh den spriocdháta nó ina soláthraíonn sé sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha. Agus méid na bhfíneálacha á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe.

7.   Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha laistigh de bhliain amháin tar éis an spriocdháta chun sonraí a thíolacadh a leagtar síos ina chinneadh faoi mhír 4, pointe (b), i gcás ina mainníonn an sealbhóir sonraí príobháideach aon sonraí a thíolacadh nó laistigh de bhliain amháin tar éis sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha a thíolacadh. Féadfaidh fíneálacha a bheith suas le EUR 25 000 agus, i gcás ina dtarlaíonn siad arís laistigh de 3 bliana, suas le EUR 50 000. An chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí lena bhforchuirtear fíneáil a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir tréimhse theorann 5 bliana ón dáta a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh. Sula nglacann an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 6, tabharfaidh sé deis don sealbhóir sonraí príobháideach éisteacht a fháil maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin agus maidir leis na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ar bhonn na réamhthorthaí sin.

Airteagal 17d

Athbhreithniú ar chinntí lena bhforchuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fíneálacha

I gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha. Féadfaidh sí an fhíneáil a forchuireadh a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 17e

Oibleagáidí ISNanna, údarás náisiúnta eile agus an Choimisiúin (Eurostat) maidir le húsáid a bhaint as sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí príobháideacha ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.   Úsáidfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17b chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh:

(a)

go heisiach chun críoch staidrimh;

(b)

i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1); agus

(c)

i gcomhréir leis an oibleagáid gan na sonraí a chomhroinnt lasmuigh de CSE ach amháin má tá sé comhaontaithe ag an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí sin a chomhroinnt.

2.   Cuirfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) coimircí iomchuí i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an prionsabal go bhfuil ainm bréige le cur i bhfeidhm ar shonraí.

3.   Déanfaidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:

(a)

bearta iomchuí a dhéanamh chun rúndacht staidrimh agus rúin trádála a chosaint;

(b)

bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chur chun feidhme a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo maidir le haon údarás náisiúnta eile a fuair sonraí tar éis iarraidh a thíolaic ISN thar a cheann i gcomhréir le hAirteagal 17b(2).

Airteagal 17f

Comhroinnt sonraí neamhrúnda in CSE agus idir CSE agus CEBC

1.   Déanfar sonraí neamhrúnda a chomhroinnt, más gá agus má tá siad ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna iarraidh sin idir ISNanna, ar a dtionscnamh féin nó thar ceann aon údarás náisiúnta eile, agus idir ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) go heisiach chun críoch staidrimh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an Staidrimh Eorpaigh.

2.   Déanfar sonraí neamhrúnda, lena n-áirítear sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha, a chomhroinnt idir CSE agus comhalta de CEBC arna iarraidh sin, más gá agus má tá siad ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe, i réimsí freagrachta comhroinnte nó leasa choitinn agus i gcás ina n-úsáidtear na sonraí go heisiach chun críoch staidrimh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an Staidrimh Eorpaigh arna fhorbairt agus arna tháirgeadh ag an gcomhalta sin de CEBC.

3.   Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) bonneagar slán chun comhroinnt sonraí faoin Airteagal seo a éascú, agus féadfaidh na ISNanna, agus nuair is ábhartha na húdaráis náisiúnta eile, nó comhaltaí CEBC, an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin a úsáid ar bhonn deonach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gnéithe teicniúla a bhaineann le comhroinnt sonraí idir na húdaráis staidrimh dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

(*6)  Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj)."

(*7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

(*9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).’;"

(5)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil IIIa

Forbairt an staidrimh Eorpaigh

Airteagal 17g

Staidreamh atá á fhorbairt

1.   Féachfaidh na ISNanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) le haschuir agus léargais staidrimh nua a nuáil agus a fhorbairt go leanúnach ar bhonn na bhfoinsí sonraí uile atá ar fáil agus le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, agus é mar aidhm iad a chomhtháthú i dtáirgeadh rialta Staidrimh Eorpaigh. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar le Coiste CSE, forbairt aschuir agus léargais staidrimh nua a thionscnamh ar fud CSE. Féadfar na haschuir agus léargais staidrimh sin a áireamh sa chlár oibre bliantúil agus a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí staidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   Maidir leis an staidreamh atá á fhorbairt, ní cheanglófar na critéir cháilíochta go léir a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach atá á fhorbairt a scaipeadh le comhaontú na ISNanna nó údarás náisiúnta eile agus léireoidh sé go sainráite go bhfuil an staidreamh sin á fhorbairt. Féadfaidh ISNanna agus údaráis náisiúnta eile Staidreamh Eorpach atá á fhorbairt agus táirgthe acu a scaipeadh freisin.’

;

(6)

in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach a d’fhoilsigh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta cheana a scaipeadh roimh na spriocdhátaí a leagtar amach sa reachtaíocht earnála ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na sainmhínithe ábhartha agus an t-aicmiú ábhartha le staidreamh den sórt sin.’

;

(7)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Sonraí rúnda ó údarás CSE, dá dtagraítear in Airteagal 4, a bhailigh na sonraí, ceadófar iad a tharchur chuig údarás eile CSE, ar choinníoll go bhfuil gá leis an tarchur chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

2.   Ceadófar sonraí rúnda a tharchur idir údarás CSE a bhailigh na sonraí agus comhalta de CEBC, ar choinníoll go bhfuil gá leis an tarchur chun an Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú, faoi réimsí inniúlachta CSE agus CEBC faoi seach, agus go bhfuil údar tugtha leis an ngá sin. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.’

;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Airteagal 23

Rochtain ar shonraí rúnda chun críoch taighde

Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), na ISNanna nó na húdaráis náisiúnta eile, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, rochtain ar shonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha, ar sonraí iad nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint leo ach amháin go hindíreach, a dheonú do thaighdeoirí a dhéanann anailísí staidrimh chun críoch eolaíoch. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdófar le críocha taighde gníomhaíochtaí taighde amhail forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh, taighde bunúsach agus taighde feidhmeach.’

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Sonraí atá ar fáil go poiblí

Ní mheasfar gur sonraí rúnda iad sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal agus a leanann de bheith ar fáil don phobal de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais, nuair a úsáidtear iad chun críoch staidrimh nó chun staidreamh a fhaightear ó shonraí den sórt sin a scaipeadh. Áireofar ar shonraí den sórt sin go háirithe sonraí maidir le príomh-shaintréithe cuideachtaí aonair mar a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún (*10).

(*10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43).’;"

(10)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil VI:

‘Airteagal 26a

Rannchuidiú le creataí náisiúnta rialachais sonraí

1.   I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, féadfaidh na ISNanna feidhmeanna a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta mar a leagtar síos sna creataí náisiúnta rialachais sonraí agus é mar sprioc leo comhtháthú agus idir-inoibritheacht sonraí, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán, comhroinnt sonraí agus athúsáid sonraí, mar aon le cúraimí agus feidhmeanna eile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), a chur chun cinn.

2.   Beidh comhlíonadh na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag na ISNanna ag luí le feidhmiú na bhfeidhmeanna staidrimh a dhéantar i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh, mar a leagtar amach in Airteagal 2(1).

(*11)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).’;"

(11)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27a

Measúnú agus athbhreithniú

Faoin 27 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoina phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa mheastóireacht, déanfar go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an fhreagairt staidrimh ar ghéarchéim faoi Airteagal 16a;

(b)

an oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí príobháideacha cead a thabhairt a gcuid sonraí a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagail 17b, 17c, 17d agus 17e;

(c)

an chomhroinnt sonraí in CSE faoi Airteagal 17f;

(d)

Staidreamh Eorpach a fhorbairt faoi Chaibidil IIIa.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C, C/2023/1032, 20.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1032/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Samhain 2024.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) 2015/759 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach (IO L 123, 19.5.2015, lch. 90).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).

(6)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(7)  Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64).

(9)  Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).

(14)  Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 91/116/CEE ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2008, lch. 13).

(15)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3018/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)