|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3005 |
12.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3005 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat domhanda nua um fhorbairt inbhuanaithe, Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’), a bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) mar chroílár ann. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal ‘Next steps for a sustainable European future: European action for sustainability [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Gníomhaíocht Eorpach don inbhuanaitheacht]’, déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartais de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, go gcuirfear na SDGanna san áireamh ón tús. Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 agus 23 Meitheamh 2017, deimhníodh gealltanas an Aontais agus na mBallstát Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí eile. Ina theannta sin, tá breis agus 5 300 sínitheoir, arb ionann iad agus os cionn EUR 120 trilliún de shócmhainní faoi bhainistíocht, ag na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, a dtacaíonn NA leo, tráth glactha an Rialacháin seo,. An 11 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (‘An Comhaontú Glas don Eoraip’). An 30 Meitheamh 2021, glacadh an Dlí Aeráide Eorpach mar Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena gcumhdaítear i ndlí an Aontais an sprioc a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip m maidir le geilleagar agus sochaí an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. |
|
(2) |
Tá an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach gheilleagar an Aontais agus cáilíocht saoil shaoránaigh an Aontais a áirithiú, agus chun an téamh domhanda a choinneáil cuid mhaith faoi bhun thairseach 1,5 céim Celsius. Tá an inbhuanaitheacht i gcroílár bheartais an Aontais le fada agus aithnítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) araon a gnéithe sóisialta agus comhshaoil. |
|
(3) |
Chun cuspóirí na SDGanna a ghnóthú san Aontas, ní mór sreafaí caipitil a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Is gá leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le bacainní ar ghluaiseacht éifeachtúil chaipitil i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach, cosc a chur ar na bacainní sin teacht chun cinn, agus rialacha agus caighdeáin a leagan síos, ar thaobh amháin, chun maoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn agus, ar an taobh eile, infheistíochtaí a dhídhreasú a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar ghnóthú cuspóirí na SDGanna. |
|
(4) |
Tá cur chuige an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach fréamhaithe san 20 prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2017 dar teideal ‘Establishing the European Pillar of Social Rights’ [Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhunú] arb é is aidhm dóibh aistriú cothrom i dtreo fás den sórt sin a áirithiú mar aon le beartais nach bhfágtar aon duine ar lár leo. Thairis sin, le acquis sóisialta an Aontais, lena n-áirítear Straitéisí Aontas an Chomhionannais, cuirtear caighdeáin ar fáil maidir le dlí an tsaothair, an comhionannas, an inrochtaineacht, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus an frith-idirdhealú. |
|
(5) |
Tá ról ríthábhachtach ag margaí airgeadais maidir le caipiteal a chur i dtreo infheistíochtaí a bhfuil gá leo chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach. Sa teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta maidir le ‘Financing Sustainable Growth’ [Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú], lena seoltar a straitéis maidir le hairgeadas inbhuanaithe. Is iad cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta sin tosca inbhuanaitheachta a phríomhshruthú i mbainistíocht riosca agus sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. |
|
(6) |
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú, in 2021 choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar dar teideal ‘Study on Sustainability Related Ratings, Data and Research’ [Staidéar ar Rátálacha, Sonraí agus Taighde a bhaineann leis an Inbhuanaitheacht] chun na forbairtí i margadh na dtáirgí agus na seirbhísí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a mheas, chun príomh-rannpháirtithe an mhargaidh a shainaithint agus chun na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a thabhairt chun suntais. Leis an staidéar sin, soláthraíodh fardal agus aicmiú gníomhaithe margaidh, táirgí agus seirbhísí inbhuanaitheachta atá ar fáil ar an margadh agus anailís ar an úsáid a bhaineann rannpháirtithe sa mhargadh as táirgí agus seirbhísí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, agus ar an gcáilíocht a mheastar a bheith ag baint leis na táirgí agus na seirbhísí sin. Tugadh chun suntais sa staidéar gur ann do choimhlintí leasa, d’easpa trédhearcachta agus cruinnis a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí rátála comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus d’easpa soiléireachta maidir leis an téarmaíocht agus oibríochtaí soláthraithe rátála ESG. |
|
(7) |
Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis uasdátaithe maidir le hairgeadas inbhuanaithe chun cinn a glacadh ina theachtaireacht an 6 Iúil 2021 dar teideal ‘Strategy for Financing the Transition to a Sustainable Economy’ [Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú]. |
|
(8) |
Mar obair leantach, d’fhógair an Coimisiún sa straitéis sin go mbeadh comhairliúchán poiblí ann maidir le rátálacha ESG chun cur le measúnú tionchair. Sa chomhairliúchán poiblí a rinneadh in 2022, dhearbhaigh geallsealbhóirí go raibh imní orthu faoin easpa trédhearcachta maidir le modheolaíochtaí agus cuspóirí rátála ESG agus faoin easpa soiléireachta maidir le gníomhaíochtaí rátála ESG. Ós rud é go bhfuil an iontaoibh ríthábhachtach agus na margaí airgeadais á bhfeidhmiú, ba cheart aghaidh a thabhairt go práinneach ar an easpa trédhearcachta agus iontaofachta sin i rátálacha ESG. |
|
(9) |
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’eisigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) tuarascáil i mí na Samhna 2021 ina bhfuil sraith moltaí maidir le soláthraithe rátála ESG agus táirgí sonraí. Ba cheart don Choimisiún agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) breithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí IOSCO sin agus measúnú á dhéanamh ar cheanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag dlínse tríú tír nó ag soláthraí rátála ESG chun críche coibhéise, formhuinithe nó aitheantais. |
|
(10) |
Tá ról tábhachtach ag rátálacha ESG sna margaí caipitil domhanda, ós rud é gur mó a úsáideann infheisteoirí, iasachtaithe agus eisitheoirí na rátálacha ESG mar chuid den phróiseas maidir le cinntí feasacha a dhéanamh a bhaineann le hinfheistíocht agus maoiniú inbhuanaithe. Is minic a úsáideann institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus gnóthais athárachais, i measc eagraíochtaí eile, na rátálacha ESG mar thagairt don fheidhmíocht inbhuanaitheachta nó do na rioscaí agus na deiseanna inbhuanaitheachta ina ngníomhaíocht infheistíochta. Dá réir sin, bíonn tionchar suntasach ag rátálacha ESG ar an tslí a n-oibríonn margaí agus ar iontaoibh agus muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí. Chun a áirithiú go mbeidh rátálacha ESG arna n-úsáid san Aontas neamhspleách, inchomparáide i gcás inar féidir, neamhchlaonta, córasach agus ar cháilíocht leormhaith, tá sé tábhachtach go ndéanfaí gníomhaíochtaí rátála ESG i gcomhréir le prionsabail na sláine, na trédhearcachta, na freagrachta agus an dea-rialachais, agus go rannchuideofaí le clár oibre airgeadais inbhuanaithe an Aontais ag an am céanna. Chuirfeadh inchomparáideacht níos fearr agus iontaofacht mhéadaithe rátálacha ESG le héifeachtúlacht an mhargaidh sin atá ag fás go tapa, rud a d’éascódh dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
|
(11) |
Tá ról cumasúcháin ag rátálacha ESG maidir le feidhmiú cuí mhargadh airgeadais inbhuanaithe an Aontais trí fhaisnéis thábhachtach a sholáthar d’infheisteoirí agus institiúidí airgeadais le haghaidh a straitéisí infheistíochta, bainistíocht riosca agus oibleagáidí nochta. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go soláthrófar le rátálacha ESG faisnéis a bheidh ábhartha agus úsáideach d’úsáideoirí rátálacha ESG i dtaobh cinntí a dhéanamh, agus gur fearr a thuigfidh úsáideoirí rátálacha ESG na cuspóirí a shaothraítear le rátálacha ESG agus na saincheisteanna sonracha agus na méadrachtaí a thomhaistear le rátálacha den sórt sin. |
|
(12) |
Is gá aitheantas a thabhairt do shamhlacha gnó éagsúla an mhargaidh rátála ESG. Is é an chéad samhail ghnó an tsamhail ‘íocann an t-úsáideoir’, inarb infheisteoirí den chuid is mó iad úsáideoirí rátálacha ESG, a cheannaíonn rátálacha ESG chun cinntí infheistíochta a dhéanamh. Is é an dara samhail ghnó an tsamhail ‘íocann an t-eisitheoir’, ina gceannaíonn gnóthais rátálacha ESG chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dheiseanna laistigh dá n-oibríochtaí. Chun iontaofacht níos fearr na rátálacha ESG a sholáthraítear san Aontas a áirithiú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag míreanna rátáilte nó, i gcás ionstraim airgeadais nó táirge airgeadais, ag eisitheoirí míre rátáilte na sonraí a úsáideann an soláthraí rátála ESG a fhíorú agus aird a tharraingt ar aon earráidí fíorasacha sa tacar sonraí arna úsáid a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht rátálacha sa todhchaí. Chuige sin, ba cheart do mhír rátáilte nó d’eisitheoir míre rátáilte, arna iarraidh sin, a bheith in ann rochtain a fháil ar an tacar sonraí arna úsáid chun a rátáil ESG a eisiúint. Ba cheart don fhéidearthacht an tacar sonraí a fhíorú a bheith ina huirlis seiceála fíricí amháin agus níor cheart do mhíreanna rátáilte ná d’eisitheoirí míreanna rátáilte a bheith in ann tionchar a imirt ar aon bhealach ar na modheolaíochtaí rátála ná ar an toradh rátála. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas atá ar sholáthraí rátála ESG fógra a thabhairt don mhír rátáilte nó d’eisitheoir míre rátáilte sula ndéantar rátáil ESG a eisiúint ach amháin roimh chéadeisiúint na rátála agus níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon nuashonruithe ina dhiaidh sin. Fónann an ceanglas sin mar mhodh chun an mhír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte a chur ar an eolas go ndéanfaidh an soláthraí rátála ESG é nó í a rátáil. |
|
(13) |
Ní dhéanann na Ballstáit rialáil ná maoirseacht ar ghníomhaíochtaí soláthraithe rátála ESG ná ar na coinníollacha maidir le rátálacha ESG a sholáthar. I bhfianaise na n-éagsúlachtaí, na heaspa trédhearcachta agus na heaspa comhrialacha atá ann faoi láthair, is dócha go nglacfadh na Ballstáit bearta agus cuir chuige éagsúla lena gcuirfí bac ar ailíniú le cuspóirí na SDGanna agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Bheadh tionchar diúltach díreach ag na bearta agus na cuir chuige éagsúla sin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus chruthófaí bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leo agus bheadh siad díobhálach don mhargadh rátála ESG. Maidir le soláthraithe rátála ESG a eisíonn rátálacha ESG lena n-úsáid ag institiúidí agus gnóthais airgeadais san Aontas, bheidís faoi réir rialacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. D’fhágfadh caighdeáin agus cleachtais mhargaidh éagsúla go mbeadh sé deacair soiléireacht a bheith ann maidir le tógáil rátálacha ESG agus comparáid a dhéanamh eatarthu, rud a chruthódh dálaí míchothroma margaidh d’úsáideoirí rátálacha ESG. Bheadh sé sin ina chúis le bacainní breise laistigh den mhargadh inmheánach agus bheadh baol ann go ndéanfaí cinntí infheistíochta a shaobhadh. |
|
(14) |
Comhlánaítear leis an Rialachán seo gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana i réimse an airgeadais inbhuanaithe agus is é is aidhm dó sreafaí faisnéise a éascú chun cinntí infheistíochta a éascú. |
|
(15) |
Chun an raon feidhme críochach a shainiú go leormhaith, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar an gcoincheap ‘oibriú san Aontas’, lena ndéantar idirdhealú idir cásanna ina bhfuil soláthraithe rátála ESG bunaithe san Aontas, de pháirt amháin, agus cásanna ina bhfuil soláthraithe rátála ESG bunaithe lasmuigh den Aontas, den pháirt eile. Sa chéad chás, ba cheart a mheas go bhfuil soláthraithe rátála ESG atá bunaithe san Aontas ag oibriú san Aontas nuair a eisíonn siad agus nuair a fhoilsíonn siad a rátálacha ESG ar a suíomh gréasáin nó trí mhodhanna eile, nó nuair a eisíonn siad agus nuair a dháileann siad a rátálacha ESG trí shuibscríobh nó trí chaidrimh chonarthacha eile le gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, le gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), le gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go háirithe maidir le heisitheoirí tríú tír a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais, nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó le húdaráis phoiblí de chuid na mBallstát. Sa dara cás, níor cheart a mheas go bhfuil soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ag oibriú san Aontas ach amháin nuair a eisíonn siad agus nuair a dháileann siad a rátálacha ESG trí shuibscríobh nó trí chaidrimh chonarthacha eile leis na heintitis chéanna agus a dhéanann soláthraithe rátála ESG atá bunaithe san Aontas. |
|
(16) |
Tá an Rialachán seo ceaptha chun eisiúint, dáileadh agus, i gcás inarb ábhartha, foilsiú rátálacha ESG a rialú, gan é a bheith beartaithe a n-úsáid a rialú. I bhfianaise go bhfuil raon feidhme críochach an Rialacháin seo ceangailte leis an gcoincheap ‘oibriú san Aontas’, ba cheart d’úsáideoirí rátálacha ESG dul i dteagmháil le soláthraithe rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe faoin Rialachán seo. Mar sin féin, i gcásanna teoranta, ba cheart d’úsáideoir rátálacha ESG san Aontas a bheith in ann dul i dteagmháil le soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil údaraithe ná aitheanta faoin Rialachán seo. Ba cheart, sna cásanna sin, cloí go docht le coinníollacha sonracha chun aon riosca go dtiocfaí timpeall ar na ceanglais faoin Rialachán seo a sheachaint. |
|
(17) |
Chun an raon táirgí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo a shainiú go leormhaith, ba cheart an sainmhíniú ar rátáil ESG a bheith teoranta do thuairimí nó do scóir, nó meascán den dá rud, atá bunaithe ar mhodheolaíocht bhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe amhail catagóirí rátála araon. Mar shampla, ba cheart sannadh míre do chatagóir nó scála atá dearfach nó diúltach, bunaithe ar mhodheolaíocht bhunaithe a mhéid a bhaineann le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, fachtóirí rialachais nó le neamhchosaint ar rioscaí, a mheas mar chóras rangaithe chun críocha an Rialacháin seo. |
|
(18) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le foilsiú nó dáileadh sonraí maidir le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus fachtóirí rialachais nach bhfuil forbairt rátála ESG mar thoradh orthu. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí nó seirbhísí ina n-ionchorpraítear gné de rátáil ESG, lena n-áirítear taighde infheistíochta mar a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Maidir le hathbhreithnithe seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus athbhreithnithe seachtracha agus tuairimí dara páirtí ar bhannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht, agus bannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais a mhargaítear mar bhannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais atá inbhuanaithe, ba cheart iad a bheith lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo freisin a mhéid nach ann do rátálacha ESG arna n-eisiúint ag an athbhreithneoir seachtrach nó ag an soláthraí tuairime dara páirtí in athbhreithnithe seachtracha agus i dtuairimí dara páirtí den sórt sin. Áirítear le hathbhreithnithe seachtracha athbhreithnithe ar nochtaí réamheisiúna, amhail bileoga fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha nó creataí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe, chomh maith le hathbhreithnithe ar nochtaí iareisiúna, amhail tuarascálacha leithdháilte bliantúla maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, tuarascálacha tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus tuarascálacha maidir le bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe. Ina theannta sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le rátálacha arna bhforbairt go heisiach le haghaidh próisis chreidiúnúcháin nó deimhniúcháin, toisc nach ndírítear le rátálacha den sórt sin ar anailís infheistíochta, anailís airgeadais, cinnteoireacht infheistíochta ná ar chinnteoireacht airgeadais. Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí lipéadaithe ESG ar choinníoll nach mbaineann nochtadh rátála ESG leis na lipéid a dheonaítear d’eintitis, d’ionstraimí airgeadais nó do tháirgí. |
|
(19) |
Ina theannta sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le rátálacha arna n-eisiúint ag comhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) nuair nach bhfoilsítear nó nach ndáiltear rátálacha den sórt sin chun críoch tráchtála. Tá an teorainn sin leis an raon feidhme le háirithiú nach mbeadh tionchar neamhbheartaithe ag an Rialachán seo ar bhearta CEBC a fhéachann le breithnithe aeráide nó breithnithe eile comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh i gcreat comhthaobhachta beartais airgeadaíochta CEBC agus nuair atá príomhchuspóir CEBC maidir le cobhsaíocht praghsanna a chothabháil agus, gan dochar don chuspóir sin, a chuspóir chun tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, á saothrú aige. |
|
(20) |
I gcás ina nochtann gnóthas nó institiúid airgeadais faisnéis faoina dtionchair, a rioscaí nó a ndeiseanna inbhuanaitheachta féin nó faoi thionchair, rioscaí nó deiseanna a slabhra luacha, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas mar rátáil ESG faoin Rialachán seo. |
|
(21) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le rátálacha ESG príobháideacha arna n-eisiúint de bhun ordú aonair agus arna soláthar go heisiach don duine a chuir an t-ordú isteach agus nach bhfuil beartaithe lena nochtadh nó lena ndáileadh go poiblí trí shuibscríobh nó trí mhodhanna eile. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach oiread maidir le rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas a úsáidtear go heisiach chun críoch inmheánach nó chun seirbhísí nó táirgí airgeadais inmheánacha nó inghrúpa a sholáthar. |
|
(22) |
Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal na cosanta d’infheisteoirí a fheabhsú tuilleadh, tá sé tábhachtach trédhearcacht leordhóthanach agus chomhsheasmhach a áirithiú maidir le rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas agus arna n-ionchorprú ina dtáirgí nó seirbhísí airgeadais, nuair a nochtar rátálacha den sórt sin agus nuair a bhíonn siad infheicthe, dá bhrí sin, do thríú páirtithe. Ba cheart d’infheisteoirí faisnéis leormhaith a fháil faoi na modheolaíochtaí is bonn leis na rátálacha ESG, ar faisnéis í ba cheart a nochtadh sa chumarsáid mhargaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo na hoibleagáidí nochta a bhaineann le cumarsáid mhargaíochta a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlánú freisin. Ba cheart an fhaisnéis chéanna a cheangal freisin ar aon ghnóthas airgeadais rialáilte eile san Aontas a nochtann rátáil ESG arna n-eisiúint ag an ngnóthas airgeadais rialáilte sin le tríú páirtí mar chuid dá chumarsáid mhargaíochta, ach amháin i gcás ina bhfuil sé faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088. Ba cheart d’infheisteoirí, trí nasc chuig na nochtaí ar shuíomh gréasáin an ghnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear ar sholáthraí rátála ESG de bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo, agus ábhar aon fhaisnéise arna nochtadh cheana ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2019/2088 á chur san áireamh. Ba cheart do ghnóthais airgeadais rialáilte eile san Aontas an fhaisnéis chéanna a nochtadh, agus na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, a saintréithe agus na difríochtaí eatarthu á gcur san áireamh, chomh maith leis an ngá atá le haon dúbláil faisnéise arna foilsiú cheana de bhun ceanglais rialála eile is infheidhme a sheachaint. Go ginearálta, ba cheart aon dúbláil ar cheanglais is infheidhme maidir le nochtadh a sheachaint. Agus an cuspóir céanna acu, ba cheart gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas a eisíonn rátálacha ESG agus a ionchorpraíonn na rátálacha sin sna táirgí nó sna seirbhísí airgeadais a thairgeann siad do thríú páirtithe a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(23) |
Eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a eisíonn rátálacha ESG chun críoch neamhthráchtála agus a fhoilsíonn na rátálacha sin saor in aisce, níor cheart a mheas go dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, ba cheart dóibh féachaint leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhtháthú i gcás inarb infheidhme. I gcás ina ngearrann eagraíochtaí neamhbhrabúis muirear ar mhíreanna rátáilte agus ar eisitheoirí míreanna rátáilte chun sonraí a thuairisciú nó rátáil a fháil trína n-ardán, nó i gcás ina ngearrann siad muirear ar úsáideoirí rátálacha ESG chun rochtain a fháil ar aon fhaisnéis faoi rátálacha ESG, ba cheart dóibh a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. |
|
(24) |
Níor cheart do dhaoine nádúrtha, lena n-áirítear acadóirí agus iriseoirí, a fhoilsíonn agus a dháileann rátálacha ESG chun críoch neamhthráchtála teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(25) |
Chun measúnú a dhéanamh ar phróifíl ESG cuideachtaí, agus mar chuid dá bpróisis chinnteoireachta infheistíochta agus maoiniúcháin inbhuanaithe, braitheann institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus gnóthais athárachais, i measc nithe eile, ar rátálacha ESG seachtracha agus ar tháirgí sonraí ESG seachtracha araon. Ba cheart freagracht a bheith ar institiúidí airgeadais i gcás líomhaintí i dtaobh an ghlas-snasaithe i dtaca lena dtáirgí airgeadais, agus níor cheart dáileadh faisnéise ESG faoi eintitis nó faoi tháirgí airgeadais, a bhraitheann ar mhodheolaíocht dílseánaigh nó bhunaithe, lena n-áirítear, i measc nithe eile, tacair sonraí maidir le hastaíochtaí agus sonraí maidir le conspóidí ESG, a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an leor an raon feidhme arna shainaithint chun muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí as feidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí agus seirbhísí airgeadais a áirithiú. I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún cuimhneamh ar an tacar táirgí sonraí ESG agus soláthraithe táirgí sonraí ESG a chumhdaítear leis an Rialachán seo a leathnú. |
|
(26) |
Tá sé tábhachtach rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar go mbeidh rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraithe rátála ESG atá údaraithe san Aontas ar cháilíocht leormhaith, go mbeidh siad faoi réir ceanglais iomchuí, go n-aithnítear gur ann do shamhlacha gnó éagsúla leo, agus go n-áiritheofar sláine an mhargaidh leo. Bheadh feidhm ag na rialacha sin maidir le rátálacha ESG foriomlána lena léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus maidir le rátálacha lena ndéantar measúnú ach ar aon fhachtóir comhshaoil, sóisialta nó rialachais amháin nó ar fho-chomhpháirt d’fhachtóir den sórt sin. Ba cheart rátálacha comhshaoil (E), sóisialta (S) agus rialachais (G) ar leithligh a sholáthar seachas rátáil ESG aonair lena gcomhiomlánaítear fachtóirí E, S agus G. Má chinneann soláthraithe rátála ESG rátálacha comhiomlánaithe a sholáthar, ba cheart dóibh an ráta agus an t-ualach a dheonaítear do gach catagóir E, S agus G a nochtadh agus ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chur i láthair ar bhealach lena n-áirithítear gur féidir gach ceann de na catagóirí sin a chur i gcomparáid leis na cinn eile. |
|
(27) |
I bhfianaise úsáid rátálacha ESG ó sholáthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus chun sláine an mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus forfheidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú, is gá ceanglais a thabhairt isteach bunaithe ar cé na soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas a d’fhéadfadh a gcuid seirbhísí a thairiscint san Aontas. Dá bhrí sin, moltar trí chóras fhéideartha do sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas: coibhéis, formhuiniú agus aitheantas. Mar riail, ba cheart maoirseacht agus rialáil i dtríú tír a bheith coibhéiseach le maoirseacht agus rialáil an Aontais ar rátálacha ESG. Dá bhrí sin, maidir le rátálacha ESG a sholáthraíonn soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus údaraithe nó cláraithe mar sin i dtríú tír, níor cheart iad a thairiscint san Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil cinneadh dearfach déanta ag an gCoimisiún maidir le coibhéis an chórais tríú tír. Chun aon drochthionchar a sheachaint mar thoradh ar scor tobann a d’fhéadfadh a bheith ann de rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraí rátála ESG tríú tír atá bunaithe lasmuigh den Aontas a thairiscint, is gá foráil a dhéanamh maidir le córais áirithe eile, eadhon córais formhuiniúcháin agus aitheantais. Ba cheart d’aon soláthraí rátála ESG ag a bhfuil struchtúr grúpa a bheith in ann úsáid a bhaint as an gcóras formhuiniúcháin do rátálacha ESG arna bhforbairt lasmuigh den Aontas. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dó, laistigh den struchtúr grúpa, soláthraí rátála ESG údaraithe a bhunú san Aontas. Ba cheart don soláthraí rátála ESG údaraithe sin a áirithiú go gcomhlíonann eisiúint agus dáileadh rátálacha ESG formhuinithe ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad le ceanglais an Rialacháin seo. Ina theannta sin, ba cheart an saineolas is gá a bheith ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas chun faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar eisiúint agus dáileadh rátálacha ESG arna soláthar ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus ba cheart cúis oibiachtúil a bheith ann leis an bhfáth a n-eisíonn soláthraí atá bunaithe lasmuigh den Aontas na rátálacha formhuinithe. Níor cheart an ceanglas maidir le léiriú ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo a chruthú le haghaidh gach rátála ESG formhuinithe ar leith ach le haghaidh na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta foriomlána arna gcur chun feidhme ag an soláthraí rátála ESG. Maidir le soláthraithe rátála ESG a aicmítear mar ghnóthais bheaga nó mar ghrúpaí beaga de réir na gcritéar a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE (‘soláthraithe rátála ESG beaga’), ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcóras aitheantais. I gcás ina bhfuil soláthraí ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas faoi réir maoirseacht i dtríú tír, ba cheart socruithe comhair iomchuí a chur i bhfeidhm chun malartú éifeachtúil faisnéise leis an údarás inniúil tríú tír ábhartha a áirithiú. |
|
(28) |
Baineann coincheap na bunaíochta le haon fhíorghníomhaíocht éifeachtach a fheidhmítear trí shocruithe cobhsaí. Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil bunaíocht i mBallstát ag eintiteas atá bunaithe lasmuigh den Aontas, is iomchuí breithniú a dhéanamh ar leibhéal cobhsaíochta na socruithe sin, ar fheidhmiú éifeachtach gníomhaíochtaí san Aontas, agus ar chineál sonrach na ngníomhaíochtaí agus na seirbhísí eacnamaíocha a chuirtear ar fáil. |
|
(29) |
Tá an tAontas ar cheann de na príomh-mhargaí le haghaidh rátálacha ESG. Tá sé ar cheann de na chéad dlínsí freisin le trédhearcacht agus sláine rátálacha ESG a rialáil. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag obair le páirtithe idirnáisiúnta chun cóineasacht na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le soláthraithe rátála ESG a chothú. |
|
(30) |
Chun ardleibhéal muiníne a áirithiú i measc infheisteoirí agus tomhaltóirí as an margadh inmheánach, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe rátála ESG a sholáthraíonn rátálacha ESG san Aontas a bheith údaraithe. Is gá, dá bhrí sin, coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le húdarú den sórt sin agus leis an nós imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú, diúltú dó, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG údaraithe fógra a thabhairt do ESMA faoi aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha maidir lena n-údarú tosaigh gan moill mhíchuí. Áirítear le hathruithe ábhartha aon bhrainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas. Chun tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil do sholáthraithe rátála ESG, ba cheart do ESMA a shonrú cad is athrú ábhartha ann trí threoirlínte chuige sin a eisiúint. |
|
(31) |
Chun ardleibhéal faisnéise a áirithiú d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile rátálacha ESG, ba cheart faisnéis maidir le rátálacha ESG agus soláthraithe rátála ESG a chur ar fáil ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(32) |
Chun cáilíocht agus iontaofacht rátálacha ESG a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG modheolaíochtaí rátála a úsáid atá dian, córasach, neamhspleách, agus ar féidir údar cuí a thabhairt leo agus a bhfuil feidhm leanúnach leo agus ar bhealach trédhearcach. Ba cheart soláthraithe rátála ESG a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar an dá ghné de phrionsabal na hábharthachta dúbailte. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG athbhreithniú a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí rátála ESG ar bhonn leanúnach agus ar a laghad uair sa bhliain, agus forbairtí Aontais agus idirnáisiúnta a dhéanann difear d’fhachtóirí E, S nó G á gcur san áireamh. Tá sé tábhachtach, áfach, é a fhágáil faoi sholáthraithe rátála ESG iad féin a modheolaíochtaí féin a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail sin. |
|
(33) |
Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG faisnéis a nochtadh don phobal maidir leis na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáideann na soláthraithe sin ina ngníomhaíochtaí rátála ESG agus i ngach ceann dá dtáirgí rátála ESG. I bhfianaise na n-úsáidí a bhaineann infheisteoirí as rátálacha ESG, ba cheart a nochtadh go soiléir sna táirgí rátála cén ghné de phrionsabal na hábharthachta dúbailte a dtugtar aghaidh uirthi leis an rátáil, eadhon, cibé an é an riosca airgeadais ábhartha don mhír rátáilte nó d’eisitheoir na míre rátáilte agus tionchar ábhartha na míre rátáilte nó eisitheoir na míre rátáilte ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí i gcoitinne araon atá i gceist, nó an é nach dtugtar aghaidh ach ar cheann amháin díobh sin léi. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG a nochtadh go soiléir freisin an dtugtar aghaidh ar ghnéithe eile leis an rátáil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar maidir leis na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála d’úsáideoirí rátálacha ESG. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis sin ar a gcumas d’úsáideoirí rátálacha ESG a ndícheall cuí féin a dhéanamh agus measúnú á dhéanamh acu i dtaobh ar cheart dóibh brath ar na rátálacha ESG sin. Níor cheart, áfach, go nochtfaí faisnéis íogair ghnó le nochtadh faisnéise a bhaineann le modheolaíochtaí, samhlacha agus príomhthoimhdí rátála ná go gcuirfí bac ar nuálaíocht. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG a nochtadh freisin an ndearna siad fachtóirí E, S, nó G, nó comhiomlánú díobh, an rátáil a thugtar do gach fachtóir ábhartha, agus an t-ualú a thugtar do gach ceann de na fachtóirí sin sa chomhiomlánú a chur san áireamh. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG teorainneacha na faisnéise atá ar fáil dóibh agus teorainneacha na modheolaíochta a úsáidtear a nochtadh freisin, amhail nuair nach ndéanann siad measúnú ach ar cheann amháin den dá ghné de phrionsabal na hábharthachta dúbailte nó nuair a shloinntear an rátáil ESG i luach coibhneasta nó i ndearbhluach. Ba cheart dóibh faisnéis a nochtadh freisin maidir le haon teagmháil fhéideartha le geallsealbhóirí na míre rátáilte nó le heisitheoir na míre rátáilte. |
|
(34) |
Chun leibhéal leordhóthanach cáilíochta a áirithiú, moltar cuspóirí an Aontais agus caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh gach fachtóra a chur san áireamh i rátálacha ESG. Mar sin, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG faisnéis a sholáthar i dtaobh an gcuirtear san áireamh sa rátáil, i measc spriocanna agus cuspóirí eile, spriocanna agus cuspóirí comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na cinn sin a leagtar amach i gComhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’) arna fhormheas ag an Aontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (11) le haghaidh fhachtóir E, comhlíonadh chroíchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an gceart chun eagrúcháin agus chun cómhargála le haghaidh fhachtóir S, agus ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le himghabháil agus seachaint cánach le haghaidh fhachtóir G. |
|
(35) |
Is tionscnaimh reachtacha thábhachtacha iad Rialachán (AE) 2019/2088, Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) chun infhaighteacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht ceanglas ESG a fheabhsú ar fud shlabhra luacha iomlán na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, lena rannchuidíter le feabhas a chur ar cháilíocht rátálacha ESG. |
|
(36) |
Níor cheart go gcuirfí isteach leis an Rialachán seo ar na modheolaíochtaí rátála ESG ná ar inneachar rátálacha ESG. Áirithítear le héagsúlacht i modheolaíochtaí soláthraithe rátála ESG gur féidir riachtanais leathana úsáideoirí rátálacha ESG a chomhlíonadh agus cuirtear an iomaíocht sa mhargadh chun cinn léi. |
|
(37) |
Cé gur cheart cead a bheith ag soláthraí rátála ESG úsáid a bhaint as ailíniú leis an tacsanomaíocht a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/852 mar fhachtóir ábhartha nó mar eochairtháscaire feidhmíochta ina mhodheolaíocht rátála, níor cheart rátálacha ESG laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a mheas mar lipéid ESG lena léirítear nó lena soláthraítear dearbhuithe comhlíontachta nó ailínithe le Rialachán (AE) 2020/852 nó le haon chaighdeáin eile. |
|
(38) |
Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG a áirithiú go soláthraíonn siad rátálacha ESG atá neamhspleách, neamhchlaonta, córasach agus ar cháilíocht leormhaith. Tá sé tábhachtach ceanglais eagraíochtúla a thabhairt isteach chun cosc agus maolú ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú. Chun neamhspleáchas soláthraithe rátála ESG a áirithiú, ba cheart dóibh cásanna coinbhleachta leasa a sheachaint agus coinbhleachtaí den sórt sin a bhainistiú go leormhaith i gcás nach féidir iad a sheachaint. Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG coinbhleachtaí leasa a nochtadh go tráthúil. Ba cheart dóibh taifead a choinneáil freisin de gach bagairt mhór ar a neamhspleáchas agus ar neamhspleáchas a gcuid fostaithe agus daoine eile atá páirteach sa phróiseas rátála, agus de na coimircí a chuirtear i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. Ina theannta sin, chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, níor cheart cead a bheith ag soláthraithe rátála ESG roinnt gníomhaíochtaí eile a thairiscint ó laistigh den eintiteas céanna, lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin, rátálacha creidmheasa, tagarmharcanna, gníomhaíochtaí infheistíochta, iniúchóireachta, gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa nó gníomhaíochtaí árachais agus athárachais. Ar deireadh, chun aon choinbhleacht leasa a chosc, a shainaithint, a chur as an áireamh nó a bhainistiú agus a nochtadh, agus chun cáilíocht, sláine agus críochnúlacht an phróisis rátála agus athbhreithnithe ESG a áirithiú i gcónaí, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú i ndáil le fostaithe agus daoine eile atá páirteach sa phróiseas rátála. Ba cheart, go háirithe, sásraí rialaithe inmheánaigh agus feidhm formhaoirseachta a bheith san áireamh le beartais agus nósanna imeachta den sórt sin. |
|
(39) |
Chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí coinbhleachtaí leasa, ba cheart gur ó eintitis dhlíthiúla ar leithligh a dhéanfaí roinnt gníomhaíochtaí a thairiscint. D’fhéadfaí roinnt de na gníomhaíochtaí sin a thairiscint, áfach, ó laistigh den eintiteas dlíthiúil céanna i gcás ina bhfuil bearta agus nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm ag an soláthraí rátála ESG lena mbaineann chun a áirithiú go bhfeidhmítear gach gníomhaíocht go neamhspleách agus chun cruthú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann sa chinnteoireacht laistigh dá ghníomhaíochtaí rátála ESG a sheachaint. Níor cheart é a bheith indéanta maolú den sórt sin a dhéanamh i gcás gníomhaíochtaí rátála creidmheasa ná i gcomhair gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus comhairliúcháin. Áirítear ar ghníomhaíochtaí comhairliúcháin forbairt straitéisí inbhuanaitheachta agus straitéisí chun rioscaí nó tionchair inbhuanaitheachta a bhainistiú. Maidir leis an ngníomhaíocht a bhaineann le soláthar tagarmharcanna, ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na bearta arna moladh ag an soláthraí rátála ESG iomchuí agus leordhóthanach maidir leis na rioscaí coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart a chur san áireamh i measúnú den sórt sin cibé an dtairgeann an riarthóir tagarmharcanna tagarmharcanna lena saothraítear cuspóirí inbhuanaitheachta agus go háirithe Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais agus Tagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). |
|
(40) |
Ba cheart do sholáthraithe rátála ESG a áirithiú maidir lena bhfostaithe agus daoine eile atá rannpháirteach sa phróiseas rátála, nach mbeidh siad rannpháirteach i rátáil ESG aon mhír rátáilte a chinneadh, ná nach mbeidh tionchar eile acu ar an gcinneadh sin, i gcás ina bhfuil aon fhianaise ann maidir le féin-athbhreithniú, féinleas, abhcóideacht nó eolas a eascraíonn as caidrimh airgeadais, pearsanta, gnó, fostaíochta nó eile idir na daoine sin agus an mhír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte, ar dá bharr a thiocfadh tríú páirtí oibiachtúil, réasúnach agus feasach, agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm á gcur san áireamh, ar an tátal go gcuirfí neamhspleáchas na ndaoine sin i mbaol. Más rud é, le linn na tréimhse ina bhfuil fostaithe soláthraithe rátála ESG nó daoine eile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála mar chuid de na gníomhaíochtaí measúnaithe, go gcumascann mír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte le heintiteas eile, nó go bhfaigheann sé eintiteas eile, ba cheart do na daoine sin, maidir le haon leas nó aon chaidreamh atá ann faoi láthair nó a bhí ann le déanaí a shainaithint agus a mheas, an leas nó caidreamh é, agus na coimircí atá ar fáil á gcur san áireamh, a d’fhéadfadh neamhspleáchas na ndaoine sin agus a gcumas leanúint de bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí measúnaithe tar éis dháta éifeachtach an chumaisc nó na fála a chur i mbaol. |
|
(41) |
Chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt agus chun muinín a fheabhsú maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátála ESG, is gá ceanglais a leagan síos maidir le maoirseacht leanúnach ar sholáthraithe rátála ESG san Aontas. I bhfianaise na gcosúlachtaí suntasacha idir gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus gníomhaíochtaí soláthraithe rátála ESG, i bhfianaise dhlúthailíniú gaolmhar na ngnéithe lárnacha den chreat rialála do sholáthraithe rátála ESG leis an gcreat rialála le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (15) agus chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo chomh maith le maoirseacht aonfhoirmeach a áirithiú, moltar i bhfianaise an chinnidh a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maoirseacht a chur de chúram ar ESMA maoirseacht soláthraithe rátála ESG a chur de chúram ar ESMA. Cé go gcuirtear maoirseacht de chúram ar ESMA leis an Rialachán seo, ní fasach é sin agus níor cheart a thuiscint as go mbunaítear cleachtas nó beartas maidir le sannadh freagrachtaí maoirseachta san earnáil seirbhísí airgeadais. |
|
(42) |
Seachas a n-úsáid san earnáil seirbhísí airgeadais, úsáidtear rátálacha ESG freisin i gcomhthéacs an tsoláthair agus an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, agus maoirseacht á déanamh aige ar sholáthraithe rátála ESG, ba cheart do ESMA an t-idirdhealú idir soláthraithe rátála ESG in earnálacha seirbhísí airgeadais agus iad siúd in earnálacha seirbhísí neamhairgeadais a chur san áireamh. |
|
(43) |
Ba cheart do ESMA a bheith in ann an fhaisnéis uile is gá a éileamh chun a chúraimí maoirseachta a dhéanamh go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a éileamh ó sholáthraithe rátála ESG, ó dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála ESG, ó mhíreanna rátáilte agus eisitheoirí míreanna rátáilte, ó thríú páirtithe a ndearna soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, ó dhaoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile le soláthraithe rátála ESG nó le gníomhaíochtaí rátála ESG, agus ó ionadaithe dlíthiúla arna n-ainmniú faoin gcóras aitheantais. |
|
(44) |
Ba cheart do ESMA a bheith in ann a chúraimí maoirseachta a chomhlíonadh, agus go háirithe iallach a chur ar sholáthraithe rátála ESG deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar, nó géilleadh d’imscrúdú nó do chigireacht ar an láthair. Chun a áirithiú go mbeidh sé in ann na cúraimí maoirseachta sin a dhéanamh, ba cheart do ESMA a bheith in ann fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. |
|
(45) |
I bhfianaise an róil atá aige mar údarás an Aontais a dhéanann soláthraithe rátála ESG a údarú agus a dhéanann maoirseacht orthu, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do ESMA an fhaisnéis is gá le haghaidh údarú soláthraithe rátála ESG a shonrú a thuilleadh. Ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
|
(46) |
Agus soláthraithe rátála ESG á n-údarú agus maoirseacht á déanamh orthu ag ESMA, ba cheart dó a bheith in ann táillí maoirseachta a ghearradh ar eintitis faoi mhaoirseacht. Ba cheart na táillí sin a bheith comhréireach agus iomchuí do mhéid na soláthraithe rátála ESG agus do mhéid na maoirseachta a dhéantar orthu. |
|
(47) |
Chun gnéithe teicniúla breise den Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sonraíochtaí an nós imeachta lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, forálacha maidir le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú agus i leith chineál na dtáillí, na nithe a bhfuil táillí dlite ina leith, mhéid na dtáillí, agus an modh ina n-íocfar na táillí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(48) |
Is gá roinnt beart a bheith i bhfeidhm lena dtacaítear le soláthraithe rátála ESG beaga chun a chur ar a gcumas leanúint dá ngníomhaíochtaí, nó dul isteach sa mhargadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart córas sealadach a thabhairt isteach chun iontráil soláthraithe rátála ESG beaga sa mhargadh a éascú agus chun tacú le forbairt soláthraithe rátála ESG beaga atá ann cheana agus atá ag oibriú cheana féin san Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Faoin gcóras sealadach sin, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG beaga clárú le ESMA, gan gá le húdarú a fháil chun oibriú san Aontas, agus níor cheart dóibh a bheith faoi réir ach forálacha an Rialacháin seo maidir le ceanglais eagraíochtúla agus trédhearcachta. Ba cheart an chumhacht a thabhairt do ESMA faisnéis a iarraidh, imscrúduithe ginearálta agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, agus bearta riaracháin a ghlacadh freisin. Ba cheart do ESMA a áirithiú go seachnófar rioscaí teacht timpeall maidir leis an Rialachán seo, go háirithe trí chosc a chur ar ghnóthais bheaga laistigh de ghrúpaí meánmhéide nó móra, de réir na gcritéar a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE, tairbhe a bhaint as an gcóras sealadach sin. A luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gcóras sealadach sin, ba cheart do sholáthraithe rátála ESG beaga iarratas a dhéanamh ar údarú chun oibriú san Aontas agus tairbhe a bhaint as ceanglais rialachais chomhréireacha agus as táillí maoirseachta atá comhréireach le glanláimhdeachas bliantúil an tsoláthraí rátála ESG lena mbaineann. |
|
(49) |
I gcás ina lorgaíonn mír, eisitheoir míre nó infheisteoir rátáil ESG ó dhá sholáthraí rátála ESG ar a laghad, féadfaidh sé breithniú a dhéanamh ar sholáthraí rátála ESG amháin ar a laghad ag a bhfuil sciar den mhargadh le haghaidh gníomhaíochtaí rátála ESG nach mó ná 10 % san Aontas a cheapadh. |
|
(50) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córas comhsheasmhach agus éifeachtach a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na leochaileachtaí is féidir eascairt as rátálacha ESG, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(51) |
Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. |
|
(52) |
Thug Banc Ceannais na hEorpa a thuairim féintionscnaimh uaidh an 4 Deireadh Fómhair 2023, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann rialála chun sláine, trédhearcacht, inchomparáideacht i gcás inar féidir, freagracht, iontaofacht, dea-rialachas agus neamhspleáchas gníomhaíochtaí rátála ESG a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin, rannchuidítear le trédhearcacht agus cáilíocht rátálacha ESG agus le clár airgeadais inbhuanaithe an Aontais. Is é is aidhm dó rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí a bhaint amach san am céanna agus glas-snasú agus cineálacha eile mífhaisnéise a chosc, lena n-áirítear snasú sóisialta, trí cheanglais trédhearcachta a thabhairt isteach a bhaineann le rátálacha ESG agus rialacha maidir le heagrú agus iompraíocht soláthraithe rátála ESG.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha ESG arna n-eisiúint ag soláthraithe rátála ESG atá ag oibriú san Aontas.
Meastar go bhfuil soláthraithe rátála ESG ag oibriú san Aontas sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás soláthraithe rátála ESG atá bunaithe san Aontas:
|
|
(b) |
i gcás soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, nuair a eisíonn siad agus nuair a dháileann siad a rátálacha ESG trí shuibscríobh nó trí chaidrimh chonarthacha eile le gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, le gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE, le gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/109/CE, nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó le húdaráis phoiblí de chuid na mBallstát. |
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
rátálacha ESG príobháideacha nach bhfuil beartaithe lena nochtadh go poiblí ná lena ndáileadh; |
|
(b) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas a úsáidtear go heisiach chun críoch inmheánach nó chun seirbhísí nó táirgí airgeadais inmheánacha nó inghrúpa a sholáthar; |
|
(c) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas:
Sna cásanna a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den phointe seo, i gcás ina nochtann gnóthas airgeadais rialáilte san Aontas rátáil ESG do thríú páirtithe mar chuid dá chumarsáid mhargaíochta, áireoidh sé ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le pointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus nochtfaidh sé nasc chuig na nochtaí suímh gréasáin sin sa chumarsáid mhargaíochta sin, ach amháin i gcás ina bhfuil sé faoi réir Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2019/2088. Déanfaidh údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha earnála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo faireachán ar cheanglais na chéad fhomhíre den phointe seo a bheith á gcomhlíonadh ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha reachtacha earnála sin; |
|
(d) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas nach bhfuil údaraithe ná aitheanta faoi Theideal II agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(e) |
foilsiú nó dáileadh sonraí maidir le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus le fachtóirí rialachais; |
|
(f) |
rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus aon scóir nó measúnuithe a bhaineann le ESG a tháirgtear nó a fhoilsítear mar chuid de na modheolaíochtaí le haghaidh rátálacha creidmheasa nó mar ionchur nó mar aschur ón measúnú acmhainneachta creidmheasa; |
|
(g) |
táirgí nó seirbhísí ina n-ionchorpraítear gné de rátáil ESG, lena n-áirítear taighde infheistíochta mar a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE; |
|
(h) |
athbhreithnithe seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/2631; |
|
(i) |
athbhreithnithe seachtracha nó tuairimí dara páirtí ar bhannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht, agus bannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais a mhargaítear mar bhannaí, iasachtaí agus cineálacha eile ionstraimí fiachais atá inbhuanaithe, a mhéid nach ann do rátálacha ESG arna n-eisiúint ag an athbhreithneoir seachtrach nó ag an soláthraí tuairime dara páirtí in athbhreithnithe seachtracha agus i dtuairimí dara páirtí den sórt sin; |
|
(j) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó ag údaráis phoiblí de chuid na mBallstát nuair nach ndéantar rátálacha den sórt sin a fhoilsiú nó a dháileadh chun críoch tráchtála; |
|
(k) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag soláthraí rátála ESG údaraithe i gcás ina bhfoilsíonn nó ina ndáileann tríú páirtí rátálacha den sórt sin; |
|
(l) |
rátálacha ESG arna n-eisiúint ag comhaltaí de Chóras Eorpach na mBanc Ceannais i gcás nach bhfoilsítear nó nach ndáiltear rátálacha den sórt sin chun críoch tráchtála; |
|
(m) |
nochtaí éigeantacha de bhun Airteagail 6, 8, 9, 10, 11 agus 13 de Rialachán (AE) 2019/2088; |
|
(n) |
nochtaí de bhun Airteagail 5, 6 agus 8 de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(o) |
rátálacha ESG arna bhforbairt go heisiach le haghaidh próisis chreidiúnúcháin nó deimhniúcháin, nach bhfuil dírithe ar anailís infheistíochta, anailís airgeadais, cinnteoireacht infheistíochta ná ar chinnteoireacht airgeadais; |
|
(p) |
gníomhaíochtaí lipéadaithe ar choinníoll nach bhfuil nochtadh rátála ESG i gceist leis na lipéid a dheonaítear do na heintitis ábhartha, do na hionstraimí airgeadais nó do na táirgí airgeadais; |
|
(q) |
rátálacha ESG a fhoilsíonn nó a dháileann eagraíochtaí neamhbhrabúis chun críoch neamhthráchtála. |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (q), i gcás ina ngearrann eagraíochtaí neamhbhrabúis muirear ar mhíreanna rátáilte nó ar eisitheoirí míreanna rátáilte chun sonraí a thuairisciú nó chun rátáil a fháil trína n-ardán, nó i gcás ina ngearrann siad muirear ar úsáideoirí rátálacha ESG chun rochtain a fháil ar aon fhaisnéis faoi rátálacha ESG, is faoi cheanglais an Rialacháin seo a bheidh siad.
3. Déanfaidh ESMA, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (UBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) (dá ngairtear ‘na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’ le chéile) tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise atá le nochtadh de bhun mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (c), an dara fomhír, agus na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, a saintréithe agus na difríochtaí eatarthu, agus an gá atá le dúbláil faisnéise a foilsíodh cheana i gcomhréir leis na ceanglais rialála is infheidhme a sheachaint á gcur san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘rátáil ESG’ tuairim nó scór, nó meascán den dá rud, maidir le próifíl nó saintréithe míre rátáilte i ndáil le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, nó le fachtóirí rialachais, nó maidir le nochtadh míre rátáilte do rioscaí nó tionchar ar chearta comhshaoil, sóisialta agus daonna, nó fachtóirí rialachais, atá bunaithe ar mhodheolaíocht bhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe de chatagóirí rátála araon, gan beann ar cibé an ndéantar rátáil ESG den sórt sin a lipéadú mar ‘rátáil ESG’, ‘tuairim ESG’ nó ‘scór ESG’; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘tuairim ESG’ measúnú ESG atá bunaithe ar mhodheolaíocht riailbhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe de chatagóirí rátála, agus ina bhfuil anailísí rátála páirteach go díreach sa phróiseas rátála; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘scór ESG’ tomhas ESG atá díorthaithe ó shonraí, agus úsáid á baint as modheolaíocht riailbhunaithe, agus atá bunaithe ar chóras nó samhail staidrimh nó algartamach réamhbhunaithe agus air nó uirthi sin amháin, gan aon ionchur anailíseach substaintiúil breise ó anailísí rátála; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘soláthraí rátála ESG’ duine dlítheanach a n-áirítear eisiúint, agus foilsiú nó dáileadh rátálacha ESG ar bhonn gairmiúil s lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘gnóthas airgeadais rialáilte san Aontas’ gnóthas, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, ar ceann de na nithe seo a leanas é:
|
|
(6) |
ciallaíonn ‘anailísí rátála’ duine a dhéanann feidhmeanna anailíseacha chun rátálacha ESG a eisiúint; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘mír rátáilte’ duine dlítheanach, ionstraim airgeadais, táirge airgeadais, údarás poiblí nó comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí atá rátáilte go sainráite nó go hintuigthe sa rátáil ESG, gan beann ar cibé ar iarradh rátáil den sórt sin agus gan beann ar cibé ar sholáthair an duine dlítheanach, an t-údarás poiblí nó an comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí faisnéis maidir leis an rátáil ESG sin; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘úsáideoir rátálacha ESG’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí, ar a ndáiltear rátáil ESG trí shuibscríobh nó trí chaidrimh chonarthacha eile; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht nó comhlachtaí soláthraí rátála ESG, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtugtar an chumhacht dóibh straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an tsoláthraí rátála ESG a shocrú, a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bhainistíochta sa soláthraí rátála ESG, agus lena n-áirítear na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí rátála ESG go héifeachtach; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí rátála ESG go héifeachtach mar aon le comhalta nó comhaltaí bhord riaracháin nó maoirseachta an tsoláthraí rátála ESG; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘grúpa de sholáthraithe rátála ESG’ grúpa gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a chuid fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, agus gnóthais atá nasctha le chéile trí chaidreamh, agus a n-áirítear soláthar rátálacha ESG mar chuid dá ngníomhaíochtaí. |
TEIDEAL II
RÁTÁLACHA ESG A SHOLÁTHAR SAN AONTAS
Airteagal 4
Ceanglais chun oibriú san Aontas
Aon duine dlítheanach ar mian leis oibriú mar sholáthraí rátála ESG san Aontas, beidh sé faoi réir ceann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
údarú arna eisiúint ag ESMA dá dtagraítear in Airteagal 6; |
|
(b) |
cinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 10 agus comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin; |
|
(c) |
údarú ar fhormhuiniú dá dtagraítear in Airteagal 11; |
|
(d) |
aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 12. |
Airteagal 5
Córas sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga
1. De mhaolú ar Airteagal 4, maidir le soláthraí rátála ESG a aicmítear mar ghnóthas beag nó mar ghrúpa beag de réir bhrí Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, nó Airteagal 3(5), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE (an ‘soláthraí rátála ESG beag’) atá bunaithe san Aontas agus ar mian leis oibriú san Aontas, ní bheidh sé ach faoi réir Airteagal 15(1), (5) agus (7), Airteagail 23 agus 24 agus Airteagail 32 go 37 den Rialachán seo, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go dtugann sé fógra do ESMA go bhfuil sé ar intinn aige oibriú san Aontas; agus |
|
(b) |
gur chláraigh ESMA é sular thosaigh sé ag feidhmiú san Aontas. |
2. Laistigh de 90 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a fháil, cinnfidh ESMA cibé an fógróir a chlárú mar sholáthraí rátála ESG beag. Cuirfidh ESMA an fógróir ar an eolas faoina chinneadh laistigh de 5 lá oibre uaidh.
3. I gcás ina scoirtear de sholáthraí rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aicmiú mar sholáthraí rátála ESG beag, nó 3 bliana tar éis a chlárúcháin i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, cibé acu is túisce a tharlóidh, beidh an soláthraí rátála ESG faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo agus déanfaidh sé iarratas laistigh de 6 mhí ar údarú chun oibriú san Aontas de bhun Chaibidil 1 den Teideal seo.
4. Féadfaidh na soláthraithe rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a roghnú a bheith páirteach sa Rialachán seo trí iarratas ar údarú a chur chuig ESMA de bhun Airteagal 6. I gcás ina roghnaíonn soláthraithe rátála ESG a bheith páirteach, beidh an Rialachán seo infheidhme maidir leo ina iomláine.
CAIBIDIL I
Údarú soláthraithe rátála ESG atá bunaithe san Aontas chun oibriú san Aontas
Airteagal 6
Iarratas ar údarú chun oibriú san Aontas
1. Daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus ar mian leo oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), pointe (a), déanfaidh siad iarratas ar údarú a chur chuig ESMA.
2. Beidh in iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuirfear isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais é. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán Uimh. 1 (37) ón gComhairle maidir le haon chumarsáid eile idir ESMA agus soláthraithe rátála ESG agus a bhfoireann.
3. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I a shonrú a thuilleadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair .
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Comhlíonfaidh soláthraí rátála ESG údaraithe i gcónaí na ceanglais faoinar deonaíodh an t-údarú tosaigh.
5. Tabharfaidh soláthraithe rátála ESG fógra do ESMA faoi aon athruithe ábhartha ar na himthosca faoinar deonaíodh an t-údarú tosaigh, lena n-áirítear aon bhrainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas, gan moill mhíchuí.
Airteagal 7
Scrúdú ESMA ar an iarratas ar údarú chun oibriú san Aontas mar sholáthraí rátála ESG
1. Laistigh de 25 lá oibre ó iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fháil, déanfaidh ESMA measúnú ar cibé an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc-am faoina mbeidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.
2. A luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir faoi.
3. Laistigh de 90 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ESMA cinneadh lán-réasúnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), chun údarú chun oibriú mar sholáthraí rátála ESG san Aontas a dheonú nó diúltú dó.
4. Féadfaidh ESMA síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go 120 lá oibre, go háirithe i gcás ina ndéanann an t-iarratasóir an méid seo a leanas:
|
(a) |
beartaíonn sé rátálacha ESG a fhormhuiniú amhail dá dtagraítear in Airteagal 11; |
|
(b) |
beartaíonn sé seachfhoinsiú a úsáid; nó |
|
(c) |
iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 22. |
5. Tiocfaidh an cinneadh arna ghlacadh ag ESMA de bhun mhír 3 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
6. Mura soláthróidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis a iarradh atá in easnamh sula rachaidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 in éag, diúltóidh ESMA don iarratas.
Mura bhfuil aon chinneadh glactha ag ESMA laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3 nó 4, measfar an t-iarratas a bheith diúltaithe.
Airteagal 8
Cinneadh chun údarú chun oibriú san Aontas a dheonú nó diúltú dó agus fógra a thabhairt faoin gcinneadh sin
1. Déanfaidh ESMA cinneadh lán-réasúnaithe a ghlacadh lena n-údaraítear d’iarratasóir oibriú san Aontas mar sholáthraí rátála ESG i gcás ina gcinnfidh sé óna scrúdú ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 7 go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais maidir le soláthar rátálacha ESG a leagtar amach sa Rialachán seo.
I gcás ina dtagann ESMA ar an gconclúid, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais maidir le soláthar rátálacha ESG a leagtar amach sa Rialachán seo, glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe lena ndiúltaítear don údarú sin.
2. Cuirfidh ESMA an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh dá dtagraítear i mír 1.
3. Cuirfidh ESMA an Coimisiún, ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas faoi aon chinneadh a dhéantar de bhun mhír 2.
4. Beidh éifeacht leis an údarú i gcríoch an Aontais ina hiomláine.
Airteagal 9
Údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar
1. Déanfaidh ESMA cinneadh a ghlacadh lena ndéantar údarú soláthraí rátála ESG dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar sa chás go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an soláthraí rátála ESG:
|
(a) |
tá sé tar éis an t-údarú a thréigean go sainráite nó níl aon rátálacha ESG curtha ar fáil aige ar feadh an 12 mhí roimhe sin; |
|
(b) |
tá a údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile; |
|
(c) |
ní chomhlíonann sé na coinníollacha faoinar údaraíodh é a thuilleadh; nó |
|
(d) |
tá sárú tromchúiseach déanta aige ar an Rialachán seo nó tá sé tar éis é a shárú arís agus arís eile. |
2. Cuirfidh ESMA an soláthraí rátála ESG ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinneadh a dhéanfar de bhun mhír 1. Beidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais ag an gcinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.
3. Cuirfidh ESMA na húdaráis inniúla, an Coimisiún, ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas freisin faoi aon chinneadh a dhéantar de bhun mhír 1.
CAIBIDIL 2
Coibhéis agus formhuiniú soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas chun oibriú san Aontas agus aitheantas a thabhairt dóibh.
Airteagal 10
Córas coibhéise
1. Ní bheidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus ar mian leis oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), pointe (b), in ann déanamh amhlaidh ach amháin i gcás ina bhfuil sé san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas údaraithe nó cláraithe mar sholáthraí rátála ESG sa tríú tír lena mbaineann agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht sa tríú tír sin; |
|
(b) |
go bhfuil fógra tugtha ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas do ESMA gur mian leis oibriú san Aontas agus go ndearna sé cruthúnas ar a údarú nó ar a chlárú mar sholáthraí rátála ESG, na doiciméid is gá le haghaidh údarú nó clárú den sórt sin sa tríú tír lena mbaineann a chur faoi bhráid ESMA, chomh maith le hainm an údaráis inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air, agus go bhfuil deimhniú faighte aige ó ESMA a mhéid a bhaineann le hiomláine na faisnéise a soláthraíodh; |
|
(c) |
go bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 2; |
|
(d) |
go bhfuil na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm. |
2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena sonraítear go n-áirithítear an méid seo a leanas le creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír:
|
(a) |
go gcomhlíonann soláthraithe rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo; |
|
(b) |
go bhfuil comhlíonadh na gceanglas ceangailteach dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin. |
Déanfar gníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a shonrú. Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur faoi réir na nithe seo a leanas:
|
(a) |
comhlíonadh éifeachtach ar bhonn leanúnach ag an tríú tír lena mbaineann maidir le haon choinníoll a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin arb é is aidhm dó caighdeáin mhaoirseachta agus rialála choibhéiseacha a áirithiú; |
|
(b) |
cumas ESMA na freagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach. |
4. Bunóidh ESMA socruithe comhair leis na húdaráis inniúla tríú tír ar aithníodh go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn tráthrialta agus ad hoc idir ESMA agus na húdaráis inniúla tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha uile a iarrann EMSA maidir leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin; |
|
(b) |
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír i dtaca leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus faoi mhaoirseacht ag an údarás inniúil tríú tír sin go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le húdarú nó le clárú an tsoláthraí rátála ESG á sárú ag an soláthraí sin, nó go bhfuil forálacha eile den dlí náisiúnta sa tríú tír sin á shárú aige; |
|
(c) |
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair; |
|
(d) |
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina ndéanann údarás inniúil tríú tír aon ghníomhaíochtaí rialála nó maoirseachta i ndáil leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin, lena n-áirítear aon athrú a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh go leanúnach ag an soláthraí rátála ESG; |
|
(e) |
an sásra chun fógra pras a thabhairt don údarás inniúil tríú tír i gcás ina n-eisíonn ESMA fógra poiblí i gcomhréir le hAirteagal 35 chuig an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin. |
Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás ina gcuirtear ESMA ar an eolas nach gcomhlíonann soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas na coinníollacha a thuilleadh chun bheith údaraithe nó cláraithe ina thríú thír údaraithe nó clárúcháin, bainfidh ESMA é den chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.
5. Chun críoch mhír 1, pointe (b), déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis iomlán laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil. Má mheasann ESMA an fhaisnéis a bheith neamhiomlán, déanfaidh ESMA spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an soláthraí rátála ESG aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar. A luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil an aighneacht iomlán, cuirfidh ESMA an soláthraí rátála ESG ar an eolas faoi thoradh an phróisis tráth nach déanaí ná 60 lá oibre ó dháta an chéad fhógra.
Airteagal 11
Formhuiniú rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas
1. Féadfaidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna a fhormhuiniú ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
|
(a) |
go ndearna an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas iarratas chuig ESMA ar an bhformhuiniú sin a údarú; |
|
(b) |
go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas na táscairí seo a leanas maidir le substaint íosta:
|
|
(c) |
nach gcuireann formhuiniú na rátála ESG isteach ar cháilíocht an mheasúnaithe ar an mír rátáilte, nó ar eisitheoir na míre rátáilte, ná ar shocrú na n-athbhreithnithe nó na gcuairteanna ar an láthair, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa mhodheolaíocht rátála ESG a úsáideann an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas; |
|
(d) |
go bhfuil sé fíoraithe ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas agus go bhfuil sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach do ESMA go gcomhlíonann eisiúint agus dáileadh na rátálacha ESG formhuinithe ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad le ceanglais an Rialacháin seo; go gceadófar don soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas comhlíonadh na gceanglas sin a léiriú gan a cheangal air tagairt a dhéanamh don phróiseas sonrach a leantar le haghaidh gach rátála aonair; |
|
(e) |
go bhfuil an saineolas is gá ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na rátálacha ESG arna soláthar ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, chun aon rioscaí gaolmhara a bhainistiú; |
|
(f) |
go bhfuil cúis oibiachtúil ann gur gá rátálacha ESG a fhormhuiniú maidir lena n-úsáid san Aontas, a bhféadfadh go n-áireofaí leo tosca amhail sainiúlachtaí rátálacha ESG, an gá atá leis na rátálacha EGS a tháirgeadh i ngar don eisitheoir nó do réaltacht eacnamaíoch shonrach, tionscal ar leith, ionaid barr feabhais d’fho-chomhpháirteanna fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus daonna, nó fachtóirí rialachais, infhaighteacht scileanna sonracha is gá chun na rátálacha ESG a tháirgeadh, infhaighteacht ábhartha sonraí ionchuir agus forbairt rátálacha ESG trí chomhoibriú foirne domhanda; |
|
(g) |
go soláthraíonn an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá do ESMA arna iarraidh sin dó chun é a chur ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcás inarb ábhartha maidir leis an rátáil fhormhuinithe; |
|
(h) |
i gcás ina bhfuil soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas faoi réir maoirseachta, tá socrú iomchuí comhair i bhfeidhm idir ESMA agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú. |
2. Soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas a dhéanann iarratas ar údarú ar fhormhuiniú amhail dá dtagraítear i mír 1, pointe (a),soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun a dheimhniú do ESMA go bhfuil, tráth an iarratais, na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.
3. Laistigh de 45 lá oibre ó iarratas iomlán ar údarú ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fháil, ach tráth nach déanaí ná 85 lá oibre ón iarratas tosaigh a fháil, scrúdóidh ESMA an t-iarratas agus cinnfidh sé an formhuiniú a údarú nó diúltú dó. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir laistigh de chúig lá oibre.
4. Measfar rátáil ESG fhormhuinithe a bheith ina rátáil ESG arna soláthar ag an soláthraí rátála ESG formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an soláthraí rátála ESG formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú chun ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint ná chun teacht timpeall orthu.
5. Leanfaidh soláthraí rátála ESG formhuiniúcháin de bheith freagrach go hiomlán as na rátálacha ESG formhuinithe agus as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
6. I gcás ina mbeidh cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA lena mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh sé de chumhacht aige a cheangal ar an soláthraí rátála ESG formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú, gan dochar d’fhorchur aon bheart maoirseachta, fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis is infheidhme i gcomhréir le hAirteagail 35, 36 agus 37.
Airteagal 12
Aitheantas a thabhairt do sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas
1. Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 10 nó, má ghlactar é, i gcás ina n-aisghairfear an cinneadh coibhéise, féadfaidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil a ghníomhaíochtaí uile atá faoi bhun na huasmhéide a leagtar amach in Airteagal 3(2), an dara fomhír, de Threoir 2013/34/AE, le haghaidh gach ceann de na trí bliana as a chéile is déanaí, oibriú san Aontas, ar choinníoll gur aithin ESMA an soláthraí rátála ESG sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. Soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhaineann le grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil comhdhlúite ghníomhaíochtaí uile an ghrúpa faoi bhun an uasmhéid a leagtar síos in Airteagal 3(5), an dara fomhír, de Threoir 2013/34/AE, le haghaidh gach ceann de na trí bliana as a chéile is déanaí, féadfaidh sé oibriú san Aontas ar choinníoll go bhfuil aitheantas tugtha ag ESMA don soláthraí rátála ESG sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. Chuige sin, féadfaidh ESMA measúnú a rinne iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú ó údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe a chur san áireamh.
2. Soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar mian leo go n-aithneofaí iad amhail dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus déanfaidh siad iarratas ar aitheantas a chur chuig EMSA.
3. Maidir le soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar mian leis go n-aithneofaí é amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh ionadaí dlíthiúil aige. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil sin ina dhuine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a cheap an soláthraí rátála ESG sin go sainráite chun gníomhú thar a cheann. Léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil do ESMA go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG ceanglais an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus beidh sé cuntasach do ESMA ina leith sin. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do ESMA chun ESMA a shásamh go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG ceanglais an Rialacháin seo.
4. Soláthróidh an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus iarratas ar aitheantas dá dtagraítear i mír 2 á chur isteach aige, an fhaisnéis seo a leanas do ESMA:
|
(a) |
an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh; |
|
(c) |
an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú do ESMA go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh; |
|
(d) |
liosta de na rátálacha ESG iarbhír nó ionchasacha atá beartaithe lena ndáileadh san Aontas; |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air. |
Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar aitheantas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ESMA cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt. Cuirfidh ESMA an t-iarratasóir ar an eolas faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh a dhéanamh.
5. Tabharfaidh ESMA aitheantas don soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
chomhlíon an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas míreanna 2,3 agus 4; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas faoi réir maoirseachta, féachfaidh ESMA le socrú comhair iomchuí a chur i bhfeidhm le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú; |
6. Glacfaidh ESMA cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas i gcás ina gcuirtear cosc ar ESMA a fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, le teorainneacha ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil an tríú tír sin.
7. Déanfaidh ESMA fíneálacha a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 36, nó déanfaidh sé an t-aitheantas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 9, a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-aitheantas sin a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, chun a mheas gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthraí rátála ESG:
|
(a) |
go bhfuil sé ag gníomhú, nó go raibh sé ag gníomhú, ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí rátálacha ESG nó d’fheidhmiú ordúil na margaí; |
|
(b) |
gur sháraigh sé ar bhealach tromchúiseach an Rialachán seo; |
|
(c) |
go ndearna sé ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh neamhrialta eile chun an t-aitheantas a fháil. |
8. I gcás nach gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG arna aithint ag ESMA faoin Airteagal seo na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra do ESMA faoi gan moill mhíchuí.
Tabharfaidh an soláthraí rátála ESG fógra do ESMA laistigh de 3 mhí ón dáta nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a thuilleadh más mian leis leanúint dá sheirbhísí a thairiscint san Aontas agus déanfaidh sé iarratas ar údarú laistigh de 12 mhí ón dáta sin. In éagmais fógra den sórt sin, scoirfidh an soláthraí rátála ESG de bheith ag oibriú san Aontas.
9. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun foirm agus ábhar an iarratais ar údarú dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh agus, go háirithe, chun cur i láthair na faisnéise a cheanglaítear i mír 4 a chinneadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Socruithe comhair
1. Beidh aon socrú comhair dá dtagraítear in Airteagal 10(4), Airteagal 11(1), pointe (h), agus Airteagal 12(5), pointe (b), faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 46. Maidir leis an malartú faisnéise arna dhéanamh faoi na socruithe comhair sin, beidh sé ann ar mhaithe le cúraimí ESMA nó na n-údarás inniúil tríú tír a chomhlíonadh.
2. Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh ESMA Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm (38).
CAIBIDIL 3
Clár agus inrochtaineacht faisnéise
Airteagal 14
Clár na soláthraithe rátála ESG agus inrochtaineacht faisnéise maidir leis an bpointe rochtana aonair Eorpach
1. Déanfaidh ESMA clár a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
céannacht na soláthraithe rátála ESG a údaraítear de bhun Airteagal 8 nó a chláraítear faoin gcóras sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga de bhun Airteagal 5(1); |
|
(b) |
céannacht na soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 agus na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin; |
|
(c) |
céannacht na soláthraithe rátála ESG formhuiniúcháin agus na soláthraithe rátála ESG formhuinithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 11, agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG formhuinithe; |
|
(d) |
céannacht na soláthraithe rátála ESGatá bunaithe lasmuigh den Aontas a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 12, na n-ionadaithe dlíthiúla atá bunaithe san Aontas de chuid na soláthraithe rátála ESG sin agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin. |
2. Beidh rochtain phoiblí ar an gclár dá dtagraítear i mír 1 ar shuíomh gréasáin ESMA agus tabharfar cothrom le dáta gan mhoill é, de réir mar is gá.
3. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus Airteagal 23(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an soláthraí rátála ESG an fhaisnéis sin, an tráth céanna, a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859.
4. Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
ullmhófar í i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2023/2859; |
|
(b) |
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:
|
5. Chun críocha mhír 4, pointe (b)(ii), gheobhaidh an soláthraí rátála ESG aitheantóir eintitis dhlítheanaigh..
6. Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
7. Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 11(3), Airteagal 35(6) agus Airteagal 38(1) den Rialachán seo ar fáil ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Maidir leis an bhfaisnéis sin
|
(a) |
ullmhófar í i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859; |
|
(b) |
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:
|
8. Chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le mír 3 a bhailiú agus a bhainistiú go héifeachtúil, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
|
(a) |
meiteashonraí ar bith eile a bheidh ag gabháil leis an bhfaisnéis; |
|
(b) |
struchtúrú na sonraí atá san fhaisnéis; |
|
(c) |
an fhaisnéis a bhfuil formáid atá inléite ag meaisín ag teastáil ina leith agus cén fhormáid atá inléite ag meaisín atá le húsáid. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí éagsúla atá inléite ag meaisín agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
9. I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 8, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.
TEIDEAL III
SLÁINE AGUS IONTAOFACHT GNÍOMHAÍOCHTAÍ RÁTÁLA ESG
CAIBIDIL 1
Ceanglais eagraíochtúla, próisis agus doiciméid a bhaineann le rialachas
Airteagal 15
Prionsabail ghinearálta
1. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG neamhspleáchas a ngníomhaíochtaí rátála, lena n-áirítear ó gach tionchar nó srian polaitiúil agus eacnamaíoch.
2. Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe rátála ESG lena n-áiritheofar go ndéanfar a rátálacha ESG a eisiúint, a fhoilsiú agus a dháileadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3. Bainfidh soláthraithe rátála ESG úsáid as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá leormhaith agus éifeachtach chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
4. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG beartais agus nósanna imeachta scríofa a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh a rátálacha ESG bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil dóibh agus atá ábhartha dá n-anailís i gcomhréir lena modheolaíochtaí rátála.
5. Glacfaidh soláthraithe rátála ESG beartais agus nósanna imeachta inmheánacha maidir le dícheall cuí lena n-áirithítear nach gcuireann a leasanna gnó isteach ar neamhspleáchas ná ar chruinneas na ngníomhaíochtaí rátála ESG.
6. Glacfaidh soláthraithe rátála ESG nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slána, sásraí rialaithe inmheánaigh, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise agus cuirfidh siad chun feidhme iad.
7. Bainfidh soláthraithe rátála ESG úsáid as modheolaíochtaí rátála diana, córasacha, neamhspleácha agus ar féidir údar cuí a thabhairt leo le haghaidh na rátálacha ESG a sholáthraíonn siad, agus cuirfidh siad na modheolaíochtaí rátála sin i bhfeidhm go leanúnach agus ar bhealach trédhearcach.
8. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG athbhreithniú ar na modheolaíochtaí rátála dá dtagraítear i mír 7 ar bhonn leanúnach agus uair sa bhliain ar a laghad.
9. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG faireachán agus meastóireacht ar bhonn bliantúil ar a laghad ar leormhaitheas agus éifeachtacht na gcóras, na n-acmhainní agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh.
10. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG feidhm formhaoirseachta bhuan, neamhspleách agus éifeachtach a bhunú agus a chothabháil chun formhaoirseacht a áirithiú ar gach gné de sholáthar a rátálacha ESG.
Beidh na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfeidhm formhaoirseachta agus beidh rochtain aici ar an bhfaisnéis uile is gá chun a dualgais a chomhlíonadh. Beidh rochtain dhíreach aici ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí rátála ESG.
Déanfaidh soláthraithe rátála ESG nósanna imeachta láidre a fhorbairt agus a chothabháil maidir lena bhfeidhm formhaoirseachta.
11. Glacfaidh na soláthraithe rátála ESG na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a úsáideann siad chun rátálacha ESG a eisiúint ar chaighdeán sách ard agus go bhfaightear an fhaisnéis sin as foinsí iontaofa. Cuirfidh soláthraithe rátála ESG in iúl go soiléir gurb é a dtuairim féin atá ina rátálacha ESG.
12. Tabharfaidh soláthraithe rátála ESG fógra don mhír rátáilte nó d’eisitheoir na míre rátáilte le linn a uaireanta oibre agus dhá lá oibre iomlána ar a laghad roimh chéad eisiúint na rátála ESG chun deis a thabhairt don mhír rátáilte nó d’eisitheoir na míre rátáilte soláthraithe rátála ESG a chur ar an eolas faoi aon earráidí fíorasacha. Chuige sin, cuirfidh soláthraithe rátála ESG ar fáil, ar iarraidh ón mír rátáilte nó ó eisitheoir na míre rátáilte, saor in aisce agus ar bhonn neamhthráchtála, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (b) agus (c), agus i bpointe 2, pointe (b)(ii), d’Iarscríbhinn III, in éineacht le dáta an nuashonraithe is déanaí ar shonraí agus, i gcás inarb ábhartha, aon sonraí eile arna mbailiú, arna meas nó arna ríomh a bhaineann leis an mír rátáilte nó le heisitheoir míre rátáilte.
13. Ní bheidh oibleagáid ar sholáthraithe rátála ESG faisnéis a nochtadh faoina gcaipiteal intleachtúil, faoina maoin intleachtúil, faoina bhfios gnó ná faoi thorthaí na nuálaíochta a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).
14. Ní dhéanfaidh soláthraithe rátála ESG athruithe ar a rátálacha ESG ach amháin i gcomhréir lena modheolaíochtaí rátála arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 23.
Airteagal 16
Gnó agus gníomhaíochtaí a dheighilt
1. Ní sholáthróidh soláthraithe rátála ESG aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí comhairliúcháin d’infheisteoirí nó do ghnóthais; |
|
(b) |
rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a dháileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009; |
|
(c) |
soláthar tagarmharcanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(d) |
seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Threoir 2014/65/AE; |
|
(e) |
iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais agus ardhearbhuithe iontaofachta maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta de réir bhrí Threoir 2013/34/AE; |
|
(f) |
gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus gníomhaíochtaí árachais nó athárachais de réir bhrí Threoir 2009/138/CE. |
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh soláthraí rátála ESG na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f), a sholáthar, ar choinníoll go gcuirfidh sé bearta sonracha i bhfeidhm, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 26, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a áirithiú go bhfeidhmeofar gach gníomhaíocht go neamhspleách; |
|
(b) |
go seachnófar rioscaí féideartha a chruthú maidir le coinbhleachtaí leasa sa chinnteoireacht laistigh dá gníomhaíochtaí rátála ESG; |
|
(c) |
a áirithiú nach soláthróidh a fhostaithe a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f). |
Agus na bearta sin á gcur chun feidhme aige, cuirfidh an soláthraí rátála ESG gníomhaíochtaí an ghrúpa lena mbaineann sé san áireamh freisin, más infheidhme.
3. De mhaolú ar mhír 1, pointe (c), féadfaidh soláthraí rátála ESG iarraidh a thaisceadh le ESMA a bheith údaraithe chun tagarmharcanna a sholáthar ar choinníoll go gcuireann sé bearta sonracha i bhfeidhm, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh ESMA cinneadh i dtaobh an bhfuil na bearta atá molta ag an soláthraí rátála ESG iomchuí agus leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coinbhleachtaí leasa. Má mheasann ESMA nach bhfuil na bearta iomchuí nó leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coinbhleachtaí leasa, beidh feidhm ag mír 1, pointe (c).
Tabharfaidh an soláthraí rátála ESG fógra do ESMA faoi aon athrú suntasach ar na bearta a dhéanfaidh an soláthraí rátála ESG nó ina gcur chun feidhme sula gcuirfear athrú den sórt sin chun feidhme. Déanfaidh ESMA cinneadh i dtaobh an bhfuil na bearta fós iomchuí agus leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le coinbhleachtaí leasa. Má mheasann ESMA nach bhfuil na bearta iomchuí nó leordhóthanacht a thuilleadh maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le coinbhleachtaí leasa, beidh feidhm ag mír 1, pointe (c).
Déanfaidh ESMA cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo laistigh de 30 lá oibre ó fhaisnéis iomlán a fháil faoi na bearta atá molta ag an soláthraí rátála ESG nó faoi aon athruithe substaintiúla orthu, nó laistigh de na spriocdhátaí a leagtar síos in Airteagal 7 i gcás ina bhfuil foirm measúnaithe ESMA mar chuid dá mheastóireacht ar iarratas an tsoláthraí rátála ESG ar údarú.
4. Áiritheoidh soláthraí rátála ESG nach soláthróidh a fhostaithe a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas measúnaithe ar mhír rátáilte aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (e).
5. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na mbeart agus na gcoimircí atá le cur chun feidhme de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4 a shonrú.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG nach gcruthófar le soláthar seirbhísí eile seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 rioscaí coinbhleachtaí leasa laistigh dá ngníomhaíochtaí rátála ESG. I gcás inarb ann do rioscaí coinbhleachta leasa, staonfaidh soláthraithe rátála ESG ó sheirbhísí eile den sórt sin a thairiscint.
Airteagal 17
Anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu le soláthar rátálacha ESG
1. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG go gcuirfear oiliúint iomchuí ar anailísithe rátála, ar fhostaithe agus ar aon duine nádúrtha eile faoina smacht nó a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh mar shampla trí shocrú conarthach, agus a bhfuil baint dhíreach acu le rátálacha ESG a sholáthar, lena n-áirítear anailísithe riosca a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas rátála agus daoine a bhfuil baint acu le scóir ESG a sholáthar, go mbeidh oiliúint iomchuí acu agus go mbeidh an t-eolas agus an taithí acu is gá chun na dualgais agus na cúraimí a shanntar a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuiscint leordhóthanach ar aon riosca ábhartha airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don mhír rátáilte agus ar aon tionchar ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ag an mír rátáilte ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí i gcoitinne.
2. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon mhír rátáilte nó le heisitheoir míre rátáilte, nó le haon duine a bhfuil nasc aige go díreach nó go hindíreach leis an mír rátáilte nó le heisitheoirí na míre rátáilte trí rialú.
3. Cé is moite de shealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe, nó infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistíocht punainne lánroghnach:
|
(a) |
ní cheannóidh ná ní dhíolfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil baint dhíreach acu le cinneadh rátála aonair ar mhír rátáilte, aon ionstraim airgeadais arna heisiúint, arna ráthú nó arna tacú ar shlí eile ag aon eintiteas atá rátáilte laistigh dá réimse freagrachta ó thaobh anailíse de nó ag aon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin, ná ní rachaidh siad i mbun aon idirbheart in ionstraimí airgeadais den sórt sin. |
|
(b) |
ní cheannóidh ná ní dhíolfaidh daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu sa soláthraí rátála ESG aon ionstraim airgeadais arna heisiúint, arna ráthú nó arna tacú ar shlí eile ag aon eintiteas arna rátáil ag an soláthraí rátála ESG, nó ag aon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin, ná ní rachaidh siad i mbun aon idirbheart in ionstraimí airgeadais den sórt sin |
4. Ní bheidh baint dhíreach ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 le rátáil ESG na míre rátáilte ábhartha a chinneadh, ná ní imreoidh siad tionchar ar bith ar an rátáil ESG sin a chinneadh, i gcás inar fíor an méid seo a leanas faoi na daoine sin:
|
(a) |
go sealbhaíonn siad ionstraimí airgeadais den mhír rátáilte, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe, agus infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistiú punainne lánroghnach; |
|
(b) |
go sealbhaíonn siad ionstraimí airgeadais aon eintitis, a bhfuil gaol acu le mír rátáilte, agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis an úinéireacht sin, nó go bhféadfadh an dearcadh ginearálta a bheith ann go bhfuil coinbhleacht leasa i gceist léi, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe lena n-áirítear cistí bainistithe, agus infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistíocht punainne lánroghnach; |
|
(c) |
go raibh, le bliain anuas, fostaíocht, gnó nó caidreamh eile acu leis an eintiteas arna rátáil ag an soláthraí rátála ESG nó le haon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin a d’fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le coinbhleacht leasa nó a d’fhéadfadh an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann. |
5. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG, maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis na daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu sa soláthraí rátála ESG:
|
(a) |
go ndéanann siad gach beart réasúnach chun maoin agus taifid atá i seilbh an tsoláthraí rátála ESG a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí rátála ESG agus ar chineál agus raon a ghníomhaíochtaí rátála ESG; |
|
(b) |
nach roinneann siad faisnéis rúnda a cuireadh de chúram ar an soláthraí rátála ESG le haon duine nach bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear anailísithe rátála agus fostaithe aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú, agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil nó a raibh a chuid seirbhísí ar fáil ag aon duine, nó faoi rialú aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú; |
|
(c) |
nach n-úsáideann nó nach roinneann siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas chun gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear chun ionstraimí airgeadais a thrádáil; agus |
|
(d) |
nach n-iarrfaidh siad airgead, bronntanais nó fabhair ar aon duine lena ndéanann an soláthraí rátála ESG gnó ná nach nglacfaidh siad le hairgead, bronntanais nó fabhair uathu. |
6. I gcás ina measann na daoine dá dtagraítear i mír 1 go raibh iompar a mheasann siad a bheith neamhdhleathach ar bun ag aon duine eile dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh siad é a thuairisciú don fheidhm formhaoirseachta láithreach. Áiritheoidh an soláthraí rátála ESG nach mbeidh aon iarmhairt dhiúltach ag an tuairisciú sin ar an duine a dhéanfaidh an tuairisciú.
7. I gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht le soláthraí rátála ESG agus, laistigh de bhliain amháin tar éis deireadh a chur leis an bhfostaíocht, go dtéann sé nó sí isteach i mír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte a raibh baint dhíreach aige nó aici le cinneadh a rátála aonair, déanfaidh an soláthraí rátála ESG athbhreithniú ar obair ábhartha an anailísí rátála ar feadh na tréimhse bliana roimh imeacht dó nó di chun a fhíorú an raibh aon choinbhleacht leasa ann.
8. Ní rachaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1, agus daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu i soláthraí rátála ESG, i mbun poist ardbhainistíochta laistigh de mhír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte a raibh baint acu le cinneadh a rátála aonair ar feadh tréimhse naoi mí tar éis dháta na rátála sin.
Airteagal 18
Ceanglais maidir le taifid a choimeád
1. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG a ngníomhaíochtaí rátála ESG a thaifeadadh. Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II sna taifid sin.
2. Coinneoidh soláthraithe rátála ESG an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar feadh 5 bliana ar a laghad agus i bhfoirm gur féidir an cinneadh maidir le rátáil ESG a mhacasamhlú agus a thuiscint go hiomlán.
Airteagal 19
Sásra láimhseála gearán
1. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe rátála ESG agus foilseoidh siad ar a suíomh gréasáin iad chun taifid a fháil, a imscrúdú agus a choinneáil maidir le gearáin arna ndéanamh ag úsáideoirí rátála ESG, ag míreanna rátáilte agus ag eisitheoirí míreanna rátáilte. Cuirfidh soláthraithe rátála ESG faisnéis ar fáil go soiléir ar a suíomh gréasáin freisin faoina sásra láimhseála gearán agus faoina sonraí teagmhála.
2. Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cuireann an soláthraí rátála ESG an beartas láimhseála gearán ar fáil go poiblí; |
|
(b) |
déantar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirtear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánach laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura rud é go mbeadh an chumarsáid sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40); agus |
|
(c) |
déantar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a raibh baint acu le cinneadh rátála aonair a ndéantar an gearán ina leith. |
3. Féadfar gearáin a chur isteach faoi na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na foinsí sonraí a úsáidtear le haghaidh rátáil ESG aonair, earráidí fíorasacha agus botúin; |
|
(b) |
an chaoi ar cuireadh an mhodheolaíocht rátála i bhfeidhm i ndáil le rátáil ESG aonair; |
|
(c) |
cibé an bhfuil rátáil ESG aonair ionadaíoch ar an mír rátáilte nó ar eisitheoir na míre rátáilte. |
Airteagal 20
Ábhair imní réasúnaithe
1. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe rátála ESG chun ábhair imní réasúnaithe a fháil ó gheallsealbhóirí a chuireann a n-ainmneacha agus a bpost ar fáil.
2. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG, cé is moite de sholáthraithe rátála ESG beaga, de réir bhrí Airteagal 5(1) den Rialachán seo, iarracht freagra a thabhairt ar na hábhair imní réasúnaithe laistigh de 30 lá oibre tar éis iad a fháil.
Airteagal 21
Seachfhoinsiú
1. Ní dhéanfar seachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar bhealach trína ndéanfaí dochar ábhartha do cháilíocht rialuithe inmheánacha soláthraí rátála ESG agus do chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a oibleagáidí faoin Rialachán seo ag an soláthraí rátála ESG.
2. Maidir le soláthraithe rátála ESG a sheachfhoinsíonn feidhmeanna nó aon seirbhísí nó aon ghníomhaíochtaí atá ábhartha maidir le rátáil ESG a sholáthar, leanfaidh siad de bheith lánfhreagrach as a n-oibleagáidí uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus as an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a nochtadh.
Airteagal 22
Díolúintí ó cheanglais rialachais
1. Féadfaidh soláthraí rátála ESG iarraidh a thaisceadh le ESMA a bheith díolmhaithe ó chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 15(6), (8) agus (10).
2. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, fíoróidh ESMA cibé an gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
gur soláthraí rátála ESG beag é an soláthraí rátála ESG de réir bhrí Airteagal 5(1); |
|
(b) |
go bhfuil bearta agus nósanna imeachta curtha chun feidhme ag an soláthraí rátála ESG, agus go háirithe sásraí rialaithe inmheánacha, socruithe tuairiscithe inmheánacha agus bearta inmheánacha, lena n-áirithítear neamhspleáchas na n-anailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann rátálacha ESG agus lena n-áirithítear comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo; |
|
(c) |
go bhfuil sé léirithe ag an soláthraí rátála ESG nár cinneadh a méid ar bhealach chun teacht timpeall ar cheanglais an Rialacháin seo; |
|
(d) |
gur léirigh an soláthraí rátála ESG le soiléireacht leordhóthanach nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(6), (8) agus (10) comhréireach le cineál, scála nó castacht ghnó an tsoláthraí rátála ESG sin nó i bhfianaise chineál nó raon eisiúna a rátálacha ESG. |
Ar bhonn na mbreithnithe sin, féadfaidh ESMA an soláthraí rátála ESG sin a dhíolmhú ó na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 15(6), (8) agus (10) nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus bunaithe ar na heilimintí arna soláthar ag an soláthraí rátála ESG de bhun na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo, ó chuid de na ceanglais sin amháin.
CAIBIDIL 2
Ceanglais trédhearcachta
Airteagal 23
Na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála ESG a nochtadh don phobal
1. Nochtfaidh soláthraithe rátála ESG ar a suíomh gréasáin, ar a laghad, na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáideann siad ina ngníomhaíochtaí rátála ESG, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Iarscríbhinn I agus pointe 1 d’Iarscríbhinn III. Déanfar nochtaí den sórt sin ar bhealach soiléir agus trédhearcach agus déanfar iad a shainaithint i roinn ar leith de shuíomh gréasáin an tsoláthraí rátála ESG.
Soláthróidh an soláthraí rátála ESG an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III ar a dhéanaí tráth a thosaíonn sé ag eisiúint rátálacha ESG.
2. Soláthrófar rátálacha ar leithligh E, S agus G seachas rátáil ESG aonair lena gcomhiomlánaítear fachtóirí E, S agus G. Soláthróidh soláthraithe rátála ESG na nochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagal 24 ar leithligh i leith gach fachtóra.
3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh soláthraithe rátála ESG rátáil ESG aonair a sholáthar lena gcomhiomlánaítear fachtóirí E, S agus G má sholáthraíonn siad, gan dochar d’oibleagáidí breise maidir le nochtadh faoin Rialachán seo, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) de phointe 1 d’Iarscríbhinn III.
4. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí atá le nochtadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, a shonrú tuilleadh. Ní áireofar sna heilimintí sin aon cheanglais bhreise maidir le nochtadh seachas na ceanglais sin a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
5. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na caighdeáin sonraí, na formáidí agus na teimpléid a shonrú a úsáidfidh soláthraithe rátála ESG chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 24
Nochtaí d’úsáideoirí rátálacha ESG, do mhíreanna rátáilte agus d’eisitheoirí míreanna rátáilte
1. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, ar a laghad, a nochtadh d’úsáideoirí rátálacha ESG, do mhíreanna rátáilte agus d’eisitheoirí míreanna rátáilte ar bhonn leanúnach.
2. Áiritheoidh soláthraí rátála ESG, nuair a údaróidh sé d’úsáideoir rátálacha ESG rátáil ESG a nochtadh, go mbeidh nasc chuig an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III ceangailte leis an rátáil ESG.
3. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí atá le nochtadh i gcomhréir le mír 1 a shonrú tuilleadh. Ní áireofar sna heilimintí sin aon cheanglais bhreise maidir le nochtadh seachas na ceanglais sin a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na caighdeáin sonraí, na formáidí agus na teimpléid a shonrú a úsáidfidh soláthraithe rátála ESG chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 3
Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa
Airteagal 25
Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint
1. Beidh socruithe daingne rialachais i bhfeidhm ag soláthraithe rátála ESG, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil le róil agus freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha do gach duine a bhfuil baint acu le rátáil ESG a sholáthar.
2. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG gach beart is gá chun a áirithiú nach ndéanfar difear d’aon rátáil ESG a sholáthraítear le haon choinbhleacht leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, nó le haon chaidreamh gnó nó eile, a eascraíonn as na soláthraithe rátála ESG iad féin nó óna scairshealbhóirí, bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe nó aon daoine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil ag soláthraithe rátála ESG, nó faoi rialú soláthraithe rátála ESG, nó aon daoine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leo trí rialú nó aon soláthraithe tríú páirtí a ndearnadh feidhmeanna nó seirbhísí nó gníomhaíochtaí ar bith a sheachfhoinsiú dóibh.
3. I gcás ina bhfuil baol ann go mbeidh coinbhleacht leasa ann laistigh de sholáthraí rátála ESG mar gheall ar struchtúr úinéireachta, leasanna urlámhais nó gníomhaíochtaí an tsoláthraí rátála ESG sin, nó aon eintiteas ar leis nó a rialaíonn an soláthraí rátála ESG, nó eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an tsoláthraí rátála ESG, nó aon chleamhnaí de chuid an tsoláthraí rátála ESG nó soláthraithe tríú páirtí, déanfaidh ESMA bearta iomchuí. Ceanglóidh ESMA ar an soláthraí rátála ESG bearta a dhéanamh chun an riosca sin a mhaolú.
I gcás nach bhfuil coinbhleacht leasa amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bainistiú go leormhaith trí na bearta um maolú riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ceanglóidh ESMA ar an soláthraí rátála ESG an choinbhleacht leasa sin a réiteach. Más gá, féadfaidh ESMA a cheangal ar an soláthraí rátála ESG scor de na gníomhaíochtaí nó de na caidrimh lena gcruthaítear an choinbhleacht leasa, nó scor de na rátálacha ESG a sholáthar.
4. Maidir le scairshealbhóir nó comhalta de sholáthraí rátála ESG a imríonn tionchar suntasach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (13), an dara habairt, de Threoir 2013/34/AE ar an soláthraí rátála ESG sin, nó ar ghnóthas a bhfuil an chumhacht aige rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an soláthraí rátála ESG sin, beidh toirmeasc air aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
tionchar suntasach a imirt ar aon soláthraí rátála ESG eile; |
|
(b) |
an ceart nó an chumhacht a bheith aige comhaltaí de bhord riaracháin nó maoirseachta aon soláthraí rátála ESG eile a cheapadh ná a bhriseadh as a bpost; |
|
(c) |
a bheith ina chomhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta aon soláthraí rátála ESG eile. |
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hinfheistíochtaí i soláthraithe rátála ESG eile ar leis an ngrúpa céanna soláthraithe rátála ESG iad ná maidir le hinfheistíochtaí i soláthraithe rátála ESG ar micreaghnóthais nó gnóthais bheaga iad de réir na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE.
5. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG gach coinbhleacht leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a nochtadh do ESMA, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú na soláthraithe rátála ESG.
6. Bunóidh agus oibreoidh soláthraithe rátála ESG beartais, nósanna imeachta agus socruithe eagraíochtúla éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a nochtadh, a chosc, a bhainistiú agus a mhaolú. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Leis na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe sin, coiscfear, bainisteofar nó maolófar go sonrach coinbhleachtaí leasa mar gheall ar úinéireacht nó rialú an tsoláthraí rátála ESG nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an tsoláthraí rátála ESG, nó coinbhleachtaí leasa ar daoine eile a imríonn tionchar nó rialú ar an soláthraí rátála ESG is cúis leo i ndáil leis an rátáil ESG a chinneadh.
7. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG athbhreithniú gach bliain ar a laghad ar a gcuid oibríochtaí chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
Airteagal 26
Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú a d’fhéadfadh eascairt as fostaithe
1. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG gur fíor an méid seo a leanas maidir lena bhfostaithe agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil acu nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar rátáil ESG:
|
(a) |
go bhfuil na scileanna is gá acu chun a gcúraimí agus a ndualgais a chomhlíonadh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach; |
|
(b) |
nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa; |
|
(c) |
nach gcúitítear iad agus nach ndéantar meastóireacht ar a bhfeidhmíocht ar bhealach a chruthóidh coinbhleachtaí leasa nó a chuirfeadh isteach ar shláine an phróisis cinnteoireachta rátálacha ESG ar shlí eile; |
|
(d) |
nach bhfuil aon leasanna ná naisc ghnó acu a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí an tsoláthraí rátála ESG; |
|
(e) |
go bhfuil toirmeasc orthu rannchuidiú le cinneadh rátála ESG trí dhul i mbun tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear go sainráite an rannchuidiú sin mar chuid den mhodheolaíocht rátála ESG agus ina bhfuil sé faoi réir rialacha sonracha a leagtar síos sa mhodheolaíocht sin; agus |
|
(f) |
go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise a rialú le fostaithe eile atá páirteach i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh riosca coinbhleachtaí leasa a chruthú nó le tríú páirtithe, i gcás ina bhféadfadh an fhaisnéis sin difear a dhéanamh don rátáil ESG. |
2. Bunóidh soláthraithe rátála ESG nósanna imeachta sonracha maidir le rialú inmheánach chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a chinnfidh an rátáil ESG a áirithiú, lena n-áirítear formheas inmheánach na bainistíochta sula ndáilfear an rátáil ESG.
Airteagal 27
Caitheamh go cothrom, go réasúnach, go trédhearcach agus go neamh-idirdhealaitheach le húsáideoirí rátálacha ESG
1. Déanfaidh soláthraithe rátála ESG bearta leormhaithe chun a áirithiú go mbeidh na táillí a mhuirearófar ar chliaint cothrom, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh ESMA a cheangal ar sholáthraithe rátála ESG fianaise dhoiciméadaithe a sholáthar dó maidir lena mbeartas praghsála, lena n-áirítear struchtúr na dtáillí agus na critéir phraghsála. Féadfaidh ESMA bearta maoirseachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35, agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 36 i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil táillí arna ngearradh ag soláthraithe rátála ESG cothrom, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
CAIBIDIL 4
Maoirseacht ag ESMA
Airteagal 28
Gan cur isteach ar ábhar rátálacha ESG nó na modheolaíochtaí
Agus ESMA, an Coimisiún nó aon údaráis phoiblí de chuid na mBallstát ag comhlíonadh a ndualgas faoin Rialachán seo, ní chuirfidh siad isteach ar ábhar rátálacha nó modheolaíochtaí ESG.
Airteagal 29
ESMA
1. I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ESMA treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcomhar idir ESMA agus na húdaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir le, agus na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le, tarmligean cúraimí.
2. I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an chórais formhuiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
3. Foilseoidh ESMA tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir leis na bearta maoirseachta arna ndéanamh agus fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur ag ESMA faoin Rialachán seo. Beidh sa tuarascáil sin, go háirithe, faisnéis maidir le héabhlóid an mhargaidh rátálacha ESG san Aontas agus measúnú ar chur i bhfeidhm na gcóras tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 12.
Cuirfidh ESMA an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
4. Gach bliain, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin liosta de sholáthraithe rátála ESG a áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14(1), lena léirítear a sciar iomlán den mhargadh san Aontas. Déanfar machnamh san fhoilseachán ar struchtúr an mhargaidh, lena n-áirítear leibhéil chomhchruinnithe agus éagsúlacht soláthraithe rátála ESG.
5. Chun críocha mhír 4, déanfar an sciar den mhargadh a thomhas trí thagairt a dhéanamh don láimhdeachas bliantúil arna ghiniúint ó ghníomhaíochtaí rátála ESG ar leibhéal an ghrúpa san Aontas.
6. Comhoibreoidh ESMA le ÚBE agus ÚEÁPC agus a chúraimí á gcur i gcrích aige agus rachaidh sé i gcomhairle le ÚBE agus ÚEÁPC sula ndéanfaidh sé treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus sula gcuirfidh sé isteach dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoin Rialachán seo.
Airteagal 30
Na húdaráis inniúla
1. Faoin 2 Aibreán 2026, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo.
2. Beidh foireann leormhaith, ó thaobh acmhainneachta agus saineolais de, ag na húdaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
Airteagal 31
Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 32, 33 agus 34
Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ESMA nó d’aon oifigeach nó d’aon duine eile arna údarú ag ESMA le hAirteagail 32, 33 agus 34, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.
Airteagal 32
Iarrataí ar fhaisnéis
1. Féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar sholáthraithe rátála ESG, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála ESG, le míreanna rátáilte agus le heisitheoirí míreanna rátáilte, ar thríú páirtithe a ndearna na soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, agus ar dhaoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile le soláthraithe rátála ESG nó le gníomhaíochtaí rátála ESG, gach faisnéis a sholáthar atá uaidh chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
2. Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
|
(a) |
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarraidh; |
|
(b) |
luafaidh sé cuspóir na hiarrata; |
|
(c) |
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear; |
|
(d) |
socróidh sé teorainn ama réasúnach ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh le soláthar; |
|
(e) |
cuirfidh sé an duine ar a n-iarrtar an fhaisnéis ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthar, ach i gcás ina dtugtar aon fhreagra ar an iarraidh, nach ceart go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart nó míthreorach; |
|
(f) |
léireoidh sé na fíneálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíodh mícheart nó míthreorach. |
3. Nuair a éilítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
|
(a) |
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarratas; |
|
(b) |
luafaidh sé cuspóir na hiarrata; |
|
(c) |
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear; |
|
(d) |
socróidh sé teorainn ama réasúnach ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh le soláthar; |
|
(e) |
sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 i gcás nach gcuirtear isteach an fhaisnéis arna hiarraidh laistigh den teorainn ama shocraithe nó ina bhfuil sí neamhiomlán; |
|
(f) |
sonróidh sé na fíneálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh mícheart nó míthreorach; |
|
(g) |
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó i gcás comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraíonn a ndlíodóirí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. Déanfaidh ESMA cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.
Airteagal 33
Imscrúduithe ginearálta
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach imscrúdú is gá a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
scrúdú a dhéanamh ar aon taifead, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a gcúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte; |
|
(b) |
cóipeanna deimhnithe a thógáil nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil; |
|
(c) |
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an imscrúdaithe, agus na freagraí a thaifeadadh; |
|
(d) |
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe; |
|
(e) |
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí. |
2. Déanfaidh oifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar leis an údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) i gcás nach soláthraítear na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó an fhaisnéis a sholáthair na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó i gcás ina bhfuil na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar leis na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthair na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) mícheart nó míthreorach.
3. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán seo faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 den Rialachán seo, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
4. In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ESMA údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ina chríoch ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine arna n-údarú ag ESMA chun críocha an imscrúdaithe. Ar iarraidh a fháil ó ESMA, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar an imscrúdú freisin arna iarraidh sin.
5. Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás iarraidh ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6. I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar an imscrúdaithe. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a hathbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 34
Cigireachtaí ar an láthair
1. Chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin chun na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile arna n-údarú ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó agus talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ESMA agus beidh na cumhachtaí dá ndéantar foráil in Airteagal 33(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó agus aon leabhar nó aon taifead a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3. Na hoifigigh agus na daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird lena sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta. Léireofar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 san údarú sin freisin i gcás nach ngéilleann na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sí le déanamh.
4. Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán seo do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 den Rialachán seo, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh ESMA cinntí den sórt sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
5. Oifigigh agus daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, tabharfaidh siad cúnamh gníomhach d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA, arna iarraidh sin ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin, arna iarraidh sin.
6. Féadfaidh ESMA freisin a cheangal ar na húdaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair thar a cheann, mar a fhoráiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 33(1) a dhéanamh. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 33(1).
7. I gcás ina bhfaigheann oifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA amach go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireacht arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmithe, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
8. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas de réir na rialacha náisiúnta gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
9. I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a hathbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Bearta maoirseachta ESMA
1. I gcás ina bhfaighidh ESMA amach nár chomhlíon soláthraí rátála ESG a oibleagáidí faoin Rialachán seo, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta seo a leanas:
|
(a) |
údarú nó aitheantas an tsoláthraí rátála ESG a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; |
|
(b) |
toirmeasc sealadach a chur ar an soláthraí rátála ESG rátálacha ESG a fhoilsiú nó a dháileadh, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú; |
|
(c) |
a cheangal ar an soláthraí rátála ESG deireadh a chur leis an sárú; |
|
(d) |
fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 36; |
|
(e) |
fógraí poiblí a eisiúint. |
2. Ina theannta sin, féadfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (e), den Airteagal seo a dhéanamh i leith aon soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1):
|
(a) |
gan Airteagal 4 a chomhlíonadh, nó i gcás ina ndearna ESMA údarú nó aitheantas an tsoláthraí rátála ESG dá dtagraítear san Airteagal sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; |
|
(b) |
gan na coinníollacha chun tairbhiú d’aon eisiamh a leagtar amach in Airteagal 2(2) a chomhlíonadh. |
3. Féadfaidh ESMA an beart maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhéanamh freisin, i gcás ina bhfuil gníomhaíocht rátála ESG de chuid soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí san Aontas.
Chun a fhíorú an bhfuil duine ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), féadfaidh ESMA na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagail 32, 33 agus 34 a úsáid i leith an duine lena mbaineann nó i leith aon tríú páirtithe a chuireann ar chumas an duine lena mbaineann an ghníomhaíocht rátála ESG a dhéanamh.
4. Beidh na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
5. Nuair a bheidh aon cheann de na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
|
(a) |
fad agus minicíocht an tsáraithe; |
|
(b) |
i dtaobh an raibh an sárú ina chúis le déanamh coireachta airgeadais nó i dtaobh ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó i dtaobh an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile; |
|
(c) |
cé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú; |
|
(d) |
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú; |
|
(e) |
láidreacht airgeadais an tsoláthraí rátála ESG, mar a léirítear lena ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán; |
|
(f) |
tionchar an tsáraithe ar leasanna infheisteoirí agus ar úsáideoirí eile rátálacha ESG; |
|
(g) |
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG agus tábhacht na gcaillteanas a sheachain sé nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis agus na caillteanais sin a dhéanamh amach; |
|
(h) |
leibhéal comhair an tsoláthraí rátála ESG le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé mar gheall ar an sárú, a áirithiú; |
|
(i) |
aon sáruithe a rinne an soláthraí rátála ESG roimhe sin; |
|
(j) |
bearta a rinne an soláthraí rátála ESG tar éis an tsáraithe chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (c), measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
6. Tabharfaidh ESMA fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon chinneadh chun beart maoirseachta a dhéanamh de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú. Déanfaidh ESMA aon chinneadh den sórt sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Beidh na nithe seo a leanas uile san fhoilseachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
|
(a) |
ráiteas lena ndearbhófar ceart an tsoláthraí rátála ESG achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh; |
|
(b) |
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin; |
|
(c) |
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
7. Féadfaidh ESMA a cheangal ar an soláthraí rátála ESG a rinne sárú freisin úsáideoirí a rátálacha ESG a chur ar an eolas faoi aon bheart maoirseachta arna dhéanamh ag ESMA de bhun mhír 1.
Airteagal 36
Fíneálacha
1. I gcás ina gcinnfidh ESMA gur sháraigh soláthraí rátála ESG, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí dlíthiúil, an Rialachán seo d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil. Is é 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an tsoláthraí rátála ESG a bheidh in uasmhéid na fíneála, arna ríomh ar bhonn na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil agus arna bhformheas ag comhlacht bainistíochta an tsoláthraí rátála ESG.
2. Maidir leis an soláthraí rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais a bhfuil sé de cheangal air nó uirthi cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE é, is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán, nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
3. Agus an leibhéal fíneála á chinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESMA na critéir a leagtar amach in Airteagal 35(5) san áireamh.
4. D’ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain an soláthraí rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
5. I gcás inar mó ná sárú amháin ar an Rialachán seo gníomh nó neamhghníomh soláthraí rátála ESG, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde arna ríomh i gcomhréir le mír 2 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 37
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ESMA, trí chinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:
|
(a) |
ar sholáthraí rátála ESG deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 35(1), pointe (c); |
|
(b) |
ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1):
|
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfidh ESMA an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcomhlíonfaidh an soláthraí rátála ESG nó an duine lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1.
3. D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoi chinneadh ESMA dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin ar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ina leith, athbhreithneoidh ESMA an beart.
Airteagal 38
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a d’fhorchuir sé de bhun Airteagail 36 agus 37 den Rialachán seo a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfí margaí airgeadais an Aontais i gcontúirt mhór leis an nochtadh sin nó go mbeadh an nochtadh ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725.
2. Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 36 agus 37.
3. Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 36 agus Airteagal 37 in-fhorfheidhmithe.
Déanfar forfheidhmiú na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a rialú leis na rialacha nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.
4. Déanfar fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais.
Airteagal 39
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur
1. I gcás ina bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann maidir le sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar an Rialachán seo, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdaithe laistigh de ESMA chun an cheist a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach imscrúdaithe páirt go díreach ná go hindíreach, ná ní bheidh páirt glactha ag an oifigeach, go díreach ná go hindíreach, i maoirseacht na rátálacha ESG lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna nó feidhmeoidh sí a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ESMA.
2. Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, cuirfidh sé nó sí san áireamh aon bharúil a chuir daoine atá faoi réir an imscrúdaithe isteach, agus cuirfidh sé nó sí comhad iomlán ina mbeidh a chuid torthaí nó a cuid torthaí faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA.
3. Beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdaithe faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 32 agus imscrúduithe a sheoladh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34.
4. Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag an oifigeach imscrúdaithe, beidh rochtain aige nó aici ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithe a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Rialachán seo.
6. Tar éis don oifigeach imscrúdaithe an comhad ina bhfuil a chuid torthaí nó a cuid torthaí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA, tabharfaidh sé nó sí fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.
7. Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil torthaí an oifigigh imscrúdaithe agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 40, déanfaidh Bord Maoirseoirí ESMA measúnú cé acu a rinne nó nach ndearna duine amháin nó níos mó atá faoi réir an imscrúdaithe na sáruithe lena mbaineann agus, i gcás inarb é an chonclúid a bheidh aige go ndearnadh na sáruithe sin, déanfaidh sé beart maoirseachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 35 agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36.
8. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdaithe rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ESMA ná ní dhéanfaidh sé nó sí idirghabháil ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ESMA.
9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú chumhacht ESMA fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus trí rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
10. Déanfaidh ESMA ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a chúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ní fhorchuirfidh ESMA fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad den chuid is mó, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 40
Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúduithe
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh lena bhforchuirtear beart maoirseachta, fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil de bhun Airteagail 35, 36 nó 37, tabharfaidh ESMA an deis do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe éisteacht a fháil faoina thorthaí. Is ar na torthaí sin a bhfuil deis ag na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a chinntí.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 35 chun gardhamáiste mór don chóras airgeadais a chosc. I gcás den sórt sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.
2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ESMA, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholóidh rochtain ar an gcomhad faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ESMA.
Airteagal 41
Athbhreithniú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ESMA lena bhforchuirtear fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a forchuireadh a neamhniú, nó a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 42
Táillí maoirseachta
1. Déanfaidh ESMA táillí comhréireacha a ghearradh ar sholáthraithe rátála ESG i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2. Cumhdófar go hiomlán leis na táillí sin caiteachas riachtanach ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe rátála ESG agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus a gcúraimí á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 43.
2. Beidh méid táille aonair comhréireach le glanláimhdeachas bliantúil an tsoláthraí rátála ESG lena mbaineann.
Faoin 2 Eanáir 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an t-údar atá leo faoi seach, an modh ina n-íocfar iad agus, i gcás inarb infheidhme, an bealach a aisíocfaidh ESMA na húdaráis inniúla a shonrú i leith aon chostas a d’fhéadfaidís a thabhú agus a gcúraimí á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43. Bunófar leis na gníomhartha tarmligthe sin táillí atá comhréireach agus iomchuí maidir le méid na soláthraithe rátála ESG agus le méid a maoirseachta, go háirithe nuair a dhéantar iad a aicmiú mar sholáthraithe rátála ESG beaga.
CAIBIDIL 5
Comhar idir ESMA agus na húdaráis inniúla
Airteagal 43
Cúraimí ESMA a tharmligean chuig na húdaráis inniúla
1. I gcás inar gá chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ESMA na cúraimí maoirseachta seo a leanas a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ESMA de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010:
|
(a) |
an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo; |
|
(b) |
an chumhacht chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 den Rialachán seo. |
2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ESMA i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
|
(a) |
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean; |
|
(b) |
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus |
|
(c) |
tarchur na faisnéise riachtanaí ag ESMA agus chuig ESMA. |
3. Aisíocfaidh ESMA leis an údarás inniúil ábhartha as costais arna dtabhú ar toradh iad ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích. Is é a bheidh sna costais a bheidh le haisíoc na costais sheasta uile, chomh maith leis na costais athraitheacha a bhaineann le feidhmiú na gcúraimí tarmligthe nó leis an gcúnamh arna sholáthar ag an údarás inniúil do ESMA.
4. Athbhreithneoidh ESMA aon tarmligean arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfaidh ESMA tarmligean a chúlghairm tráth ar bith.
5. Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht ESMA ná ní chuirfidh sé teorainn le cumas ESMA an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú. Ní dhéanfaidh ESMA freagrachtaí maoirseachta a tharmligean, lena n-áirítear cinntí údaraithe, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha a bhaineann le sáruithe.
Airteagal 44
Malartú faisnéise
Tabharfaidh ESMA agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo nó a bhfreagracht mhaoirseachta agus a sainorduithe faoi seach a dhéanamh.
Airteagal 45
Fógraí agus iarrataí fionraíochta ó na húdaráis inniúla
1. Údarás inniúil Ballstáit a chinneann go bhfuil gníomhartha lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ag soláthraí rátála ESG ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. I gcás ina measann údarás inniúil gurb iomchuí é chun críoch imscrúdúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a mholadh do ESMA go ndéanfadh sé measúnú ar an ngá atá le húsáid a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 32 i ndáil leis an soláthraí rátála ESG a bhfuil baint aige leis na gníomhartha sin.
2. Déanfaidh ESMA gníomhaíocht iomchuí. Cuirfidh ESMA an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí eatramhacha móra.
3. Maidir le húdarás inniúil Ballstáit a thugann fógra a mheasann, i dtaca le soláthraí rátála ESG a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 a n-úsáidtear a rátálacha ESG laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, go bhfuil an Rialachán seo sáraithe aige ar bhealach ina bhfuil tionchar mór ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a iarraidh ar ESMA soláthar rátála ESG ag an soláthraí rátála ESG lena mbaineann a fhionraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil a thugann fógra na cúiseanna iomlána atá leis an iarraidh sin do ESMA.
4. I gcás ina measann ESMA nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thugann fógra ar an eolas faoi sin i scríbhinn, agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena thuairim. I gcás ina measann ESMA go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, déanfaidh sé bearta iomchuí chun an tsaincheist a réiteach agus cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thugann fógra ar an eolas faoi sin i scríbhinn.
Airteagal 46
Rúndacht ghairmiúil
1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ESMA, maidir leis na húdaráis inniúla, agus maidir le gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do ESMA, do na húdaráis inniúla nó d’aon duine eile a ndearna ESMA cúraimí a tharmligean chuige, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ESMA. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás eile seachas de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
2. An fhaisnéis go léir a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ESMA, na húdaráis inniúla, ÚBE, ÚEÁPC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla nó le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
sonraíonn ESMA nó an t-údarás inniúil nó údarás nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh; |
|
(b) |
tá gá le nochtadh faisnéise den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlí; |
|
(c) |
úsáidtear an fhaisnéis a nochtar in achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais a shainaithint inti. |
TEIDEAL IV
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 47
An tarmligean a fheidhmiú agus a chúlghairm agus agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3), Airteagal 39(9) agus Airteagal 42(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3), Airteagal 39(9) agus Airteagal 42(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 39(9) agus Airteagal 42(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
7. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 6 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.
8. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.
Airteagal 48
Nós imeachta coiste
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (42). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43).
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 49
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2088
In Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2088, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘3. I gcás ina n-eisíonn agus ina nochtann rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó comhairleoir airgeadais rátáil ESG, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), do thríú páirtithe mar chuid dá chumarsáid mhargaíochta, áireoidh sé ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le pointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin agus nochtfaidh sé sa chumarsáid mhargaíochta sin nasc chuig na nochtaí suímh gréasáin sin.
Forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shonrú, agus an fhaisnéis a nochtadh cheana de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo á cur san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 50
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2859
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
‘20. |
Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/3005, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3005/oj).’. |
TEIDEAL V
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 51
Forálacha idirthréimhseacha
1. Tabharfaidh soláthraithe rátála ESG a bhí ag feidhmiú san Aontas ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo fógra do ESMA faoin 2 Lúnasa 2026 más mian leo leanúint de bheith ag oibriú san Aontas agus iarratas a dhéanamh ar údarú nó ar aitheantas i gcomhréir le Teideal II. Sa chás sin, déanfaidh siad iarratas ar údarú nó ar aitheantas laistigh de 4 mhí ón 2 Iúil 2026. In éagmais iarratas den sórt sin chuig ESMA laistigh den tréimhse 4 mhí sin, scoirfidh siad dá ngníomhaíochtaí.
2. Tar éis fógra a thabhairt do ESMA de bhun mhír 1, liostófar an soláthraí rátála ESG go sealadach sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 agus beidh cead aige, go dtí go mbeidh a iarratas formheasta nó diúltaithe, leanúint de bheith ag oibriú san Aontas agus féadfaidh sé rátáil ESG arna soláthar ag soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna faoi Airteagal 11 a fhormhuiniú.
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh soláthraithe rátála ESG a aicmítear mar sholáthraithe rátála ESG beaga, de réir bhrí Airteagal 5(1), a bhí ag oibriú san Aontas ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh siad fógra do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 5 laistigh de 2 Samhain 2026 más mian leo leanúint de bheith ag oibriú san Aontas. In éagmais fógra den sórt sin faoin dáta sin, scoirfidh siad dá ngníomhaíochtaí.
Airteagal 52
Athbhreithniú
1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoin 2 Eanáir 2029.
2. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Agus an mheastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé forbairtí sa mhargadh agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil dó san áireamh. Sa tuarascáil déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
tionchar an Rialacháin seo ar an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, ar an mbearna infheistíochtaí is gá chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus ar shreafaí caipitil phríobháidigh a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe; |
|
(b) |
tionchar an Rialacháin seo ar struchtúr an mhargaidh, lena n-áirítear éabhlóid ar líon agus éagsúlacht na soláthraithe rátála ESG; |
|
(c) |
i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin seo iomchuí chun a chuspóirí a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 1, lena n-áirítear i dtaobh ar cheart soláthraithe táirgí sonraí maidir le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus le fachtóirí rialachais, a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo; |
|
(d) |
leorgacht na gceanglas ar sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas oibriú san Aontas; |
|
(e) |
feidhmiú mhargadh na soláthraithe rátála ESG san Aontas, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa féideartha, agus an mhaoirseacht a dhéanann ESMA air; |
|
(f) |
i dtaobh ar rannchuidigh an Rialachán seo, lena n-áirítear prionsabal na neamhthrasnaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28, le cáilíocht agus iontaofacht rátálacha ESG a fheabhsú agus le húsáid rátálacha ESG míthreoracha a laghdú. |
3. I gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin, beidh togra reachtach chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.
Airteagal 53
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C, C/2024/883, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/883/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2024.
(3) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(5) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(6) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú na gceanglas trédhearcachta i dtaca le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(7) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(8) Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, lch. 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
(9) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
(11) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(13) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(14) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).
(16) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(17) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(18) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(19) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(20) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(21) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(22) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(23) Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(24) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(28) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(30) Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(31) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(32) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(34) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(35) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(36) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid, an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(37) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).
(38) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(39) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(40) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(41) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
(42) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45)
(43) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR ÚDARÚ
Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir san iarratas ar údarú:
|
(a) |
ainm iomlán an iarratasóra, seoladh oifige cláraithe an iarratasóra laistigh den Aontas, suíomh gréasáin an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an iarratasóra; |
|
(b) |
ainm agus sonraí teagmhála duine teagmhála ag an iarratasóir; |
|
(c) |
stádas dlíthiúil an iarratasóra; |
|
(d) |
struchtúr úinéireachta an iarratasóra; |
|
(e) |
céannacht na n-eintiteas laistigh de struchtúr úinéireachta an iarratasóra a sholáthróidh rátálacha ESG nó aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(1); |
|
(f) |
céannacht chomhaltaí bainistíochta sinsearaí an iarratasóra agus leibhéal na cáilíochta, na taithí agus na hoiliúna atá acu; |
|
(g) |
an líon anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile atá ag obair don iarratasóir, atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí rátála ESG, agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu; |
|
(h) |
cumhdach margaidh a bhfuiltear ag súil leis maidir le rátálacha ESG; |
|
(i) |
tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí a úsáidtear chun rátálacha ESG arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir a eisiúint agus a athbhreithniú, i dtaobh an bhfuil an soláthraí rátála ESG ag súil go n-úsáidfidh sé faisnéis a nochtar faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus Treoir 2013/34/AE, agus i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir ag súil le modheolaíochtaí a úsáid atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus a chuireann spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras nó aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile san áireamh; |
|
(j) |
na beartais nó na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir maidir le haon choinbhleacht leasa dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh; |
|
(k) |
i gcás inarb infheidhme, doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo; |
|
(l) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear formhuiniú a bhfuiltear ag súil leis, a dhéanann an t-iarratasóir, nó gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a dhéanamh; |
|
(m) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na bearta sonracha arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus (3) den Rialachán seo; |
|
(n) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí rátála ESG roimhe seo. |
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS EAGRAÍOCHTÚLA
1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil
Coimeádfaidh soláthraithe rátála ESG taifid maidir leis na nithe seo a leanas ar fad:
|
(a) |
maidir le gach rátáil ESG, i gcás inarb infheidhme:
|
|
(b) |
na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon mhír rátáilte nó eisitheoir na míre rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha ESG; |
|
(c) |
na taifid chuntais do gach úsáideoir rátálacha ESG; |
|
(d) |
na taifid lena dtugtar tuairisc ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí rátála bunaithe a úsáideann an soláthraí rátála ESG chun rátálacha ESG a chinneadh; |
|
(e) |
na taifid inmheánacha agus an chumarsáid sheachtrach agus na comhaid sheachtracha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála ESG a ghlactar; |
|
(f) |
taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir an soláthraí rátála ESG chun feidhme chun an Rialachán sin a chomhlíonadh; |
|
(g) |
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun rátáil ESG a chinneadh; |
|
(h) |
athruithe ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha nó aon imeacht uathu; |
|
(i) |
gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach. |
2. Seachfhoinsiú
I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú chun rátáil ESG a sholáthar, áiritheoidh an soláthraí rátála ESG go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil; |
|
(b) |
déanann an soláthraí rátála ESG gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach go bhféadfadh sé nach bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme; |
|
(c) |
coimeádann an soláthraí rátála ESG an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú; |
|
(d) |
nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don soláthraí rátála ESG a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme; |
|
(e) |
is féidir leis an soláthraí rátála ESG deireadh a chur leis na socruithe seachfhoinsithe i gcás inar gá; |
|
(f) |
déanann an soláthraí rátála ESG bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun go seachnófaí riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear rátálacha ESG. |
IARSCRÍBHINN III
CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH
1. Íosnochtaí don phobal
I gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo, nochtfaidh soláthraithe rátála ESG, an méid seo a leanas, ar a laghad, don phobal ar a suíomh gréasáin agus tríd an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP):
|
(a) |
forbhreathnú ar na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear agus ar athruithe orthu, lena n-áirítear cibé acu atá anailís siarbhreathnaitheach nó réamhbhreathnaitheach agus an tréimhse ama arna cumhdach; |
|
(b) |
an t-aicmiú tionscail a úsáideadh; |
|
(c) |
forléargas ar fhoinsí sonraí, lena n-áirítear i dtaobh an bhfaightear sonraí ó ráitis inbhuanaitheachta a cheanglaítear faoi Threoir 2013/34/AE nó ó fhaisnéis a nochtar faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus i dtaobh an bhfuil na foinsí poiblí nó neamhphoiblí agus forléargas ar phróisis sonraí, meastachán ar shonraí ionchuir i gcás nach bhfuil siad ar fáil agus minicíocht nuashonruithe sonraí; |
|
(d) |
struchtúr úinéireachta an tsoláthraí rátála ESG; |
|
(e) |
faisnéis i dtaobh an bhfuil na modheolaíochtaí rátála bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus an chaoi a bhfuil na modheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise eolaíoch; |
|
(f) |
faisnéis faoi chuspóir soiléir agus marcáil shoiléir na rátálacha ESG i dtaobh an bhfuil rioscaí, tionchair, nó iad araon á measúnú ag an rátáil, de réir phrionsabal na hábharthachta dúbailte, nó de réir aon toise eile, agus i gcás inarb ann d’ábharthacht dhúbailte, cion na hábharthachta riosca agus tionchair; |
|
(g) |
raon feidhme na rátála ESG, eadhon i dtaobh an gcumhdaítear léi fachtóir aonair E, S, nó G nó an fachtóir comhiomlánaithe rátála E, S agus G atá inti, nó an gcumhdaítear léi saincheisteanna sonracha amhail rioscaí aistrithe; |
|
(h) |
i gcás rátáil chomhiomlánaithe ESG, ualú na dtrí chatagóir uileghabhálacha d’fhachtóirí E, S agus G (e.g. 33 % le haghaidh na fachtóra E, 33 % le haghaidh na fachtóra S, 33 % le haghaidh na fachtóra R), agus an míniú ar an modh ualaithe, lena n-áirítear ualú in aghaidh na gcatagóirí aonair comhshaoil E, S agus G; |
|
(i) |
laistigh d’fhachtóirí E, S agus G, sonrú na dtopaicí a chumhdaítear le is an rátáil ESG, agus i dtaobh an gcomhfhreagraíonn siad do na topaicí ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforbairt de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE; |
|
(j) |
faisnéis maidir le cibé acu i ndearbhluach nó i luach coibhneasta a shloinntear an rátáil, |
|
(k) |
i gcás inarb infheidhme, tagairt d’úsáid na hintleachta saorga sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála, lena n-áirítear faisnéis faoi theorainneacha reatha nó rioscaí a ghabhann leis an intleacht shaorga a úsáid; |
|
(l) |
faisnéis ghinearálta maidir leis na critéir a úsáidtear chun táillí a ghearrtar ar chliaint a shuí, lena sonraítear na gnéithe éagsúla a cuireadh san áireamh, agus faisnéis ghinearálta maidir leis an tsamhail ghnó/íocaíochta; |
|
(m) |
aon teorannú atá ar na foinsí sonraí agus ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun rátálacha ESG a fhorbairt; |
|
(n) |
na príomhrioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus na bearta a dhéantar chun iad a mhaolú; |
|
(o) |
má chumhdaítear an fachtóir comhshaoil (E) le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear san áireamh sa rátáil sin spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras nó aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile; |
|
(p) |
má chumhdaítear na fachtóirí S agus G le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh leis an rátáil sin; |
|
(q) |
aon teorannú ar an bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraithe rátála ESG. |
2. Nochtaí breise d’úsáideoirí rátálacha ESG agus do mhíreanna rátáilte laistigh de raon feidhme Threoir 2013/34/AE
I gcomhréir le hAirteagal 24 agus sa bhreis ar an íosnochtaí don phobal dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo, cuirfidh soláthraithe rátála ESG an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí rátálacha ESG agus d’úsáideoirí míreanna rátáilte agus d’eisitheoirí míre rátáilte, más infheidhme, atá ina n-ábhar don rátáil sin:
|
(a) |
forléargas níos mionsonraithe ar na modheolaíochtaí rátála a úsáideadh (agus ar athruithe orthu), lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
forléargas níos mionsonraithe ar phróisis sonraí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le rannpháirtíocht le míreanna rátáilte agus le heisitheoirí míreanna rátáilte, lena n-áirítear an ndearna an soláthraí rátála ESG athbhreithnithe nó cuairteanna ar an láthair agus cé chomh minic agus a rinne sé iad; |
|
(d) |
i gcás ina n-eisíonn soláthraí rátála ESG rátáil gan iarraidh, ráiteas feiceálach chun na críche sin sa rátáil ESG, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh ar ghlac an mhír rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála agus an raibh rochtain ag an soláthraí rátála ESG ar dhoiciméid bhainistíochta nó ar dhoiciméid inmheánacha ábhartha eile na míre rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar. |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme, míniú ar aon mhodheolaíocht intleachta saorga a úsáidtear sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála; |
|
(f) |
i gcás faisnéis mhór nua i leith mír rátáilte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh rátála ESG, míneoidh soláthraithe rátála ESG conas a chuir siad an fhaisnéis sin san áireamh agus i dtaobh ar leasaigh siad an rátáil chomhfhreagrach ESG. |
I gcás inarb infheidhme, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo sonrach do gach rátáil ESG a dháilfear.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3005/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)