|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2998 |
4.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2998 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Foscríbhinní III agus IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin maidir le haontachas na Seoirsia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (1) (‘an Coinbhinsiún’), is amhlaidh a tugadh i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 87/415/CEE ón gComhairle (2) agus is ar an 1 Eanáir 1988 a tháinig sé i bhfeidhm. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 15(3)(a) den Choinbhinsiún, tá an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún sin (‘an Comhchoiste AE-CTC’) le leasuithe ar Fhoscríbhinní III agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh trí bhíthin cinntí. |
|
(3) |
Chuir an tSeoirsia in iúl gur mian léi aontú don Choinbhinsiún agus d’iarr an Comhchoiste AE-CTC uirthi é sin a dhéanamh. |
|
(4) |
Le haontachas na Seoirsia, beidh gá leis na doiciméid ráthaíochta dá bhforáiltear i dTeideal II den Choinbhinsiún a oiriúnú, agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach i dteanga na Seoirsia sa Choinbhinsiún. |
|
(5) |
Chuir Ballstáit uile an Aontais a dtuairim dhearfach in iúl a mhéid a bhaineann leis na leasuithe atá beartaithe sa Mheitheal AE-Thíortha an Nós Imeachta Chomhchoitinn maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach arna bunú le hAirteagal 17 de Rialacha Nós Imeachta Chomhchoiste AE-CTC. |
|
(6) |
Ós rud é go leasófar an Coinbhinsiún le cinneadh an Chomhchoiste AE-CTC, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha. |
|
(7) |
Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais maidir leis an leasú atá beartaithe a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (‘an Comhchoiste AE-CTC’) a bhaineann le leasuithe ar Fhoscríbhinní III agus IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste AE-CTC atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC mionathruithe ar an dréachtchinneadh a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar an cinneadh ón gComhchoiste AE-CTC dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.
(2) Cinneadh 87/415/CEE ón gComhairle an 15 Meitheamh 1987 maidir le Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (IO L 226, 13.8.1987, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2998/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)