|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2994 |
4.12.2024 |
TREOIR (AE) 2024/2994 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus an riosca contrapháirtí in idirbhearta díorthacha a imréitítear go lárnach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, is gá sraith aonfhoirmeach rialacha a leagan síos i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun aghaidh a thabhairt ar riosca contrapháirtí in idirbhearta díorthacha a dhéanann gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI), i gcás ina ndearna contrapháirtí lárnach (CPL) atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán sin na hidirbhearta sin a imréiteach. Le Treoir 2009/65/CE, ní fhorchuirtear teorainneacha rialála ar riosca contrapháirtí ach amháin i leith idirbhearta díorthacha thar an gcuntar (OTC), gan beann ar cé acu a imréitíodh na díorthaigh go lárnach. Ós rud é go maolaíonn socruithe imréitigh lárnacha an riosca contrapháirtí atá ina dhlúthchuid de chonarthaí díorthacha, is gá a chur san áireamh an ndearna CPL atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 díorthach a imréiteach go lárnach agus is gá cothrom iomaíochta a bhunú idir díorthaigh arna dtrádáil ar an malartán agus díorthaigh thar an gcuntar, agus na teorainneacha riosca contrapháirtí is infheidhme á gcinneadh. Is gá freisin, chun críocha rialála agus comhchuibhithe, gan fáil réidh le teorainneacha riosca contrapháirtí ach amháin nuair a úsáideann na contrapháirtithe CPLanna atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint. |
|
(2) |
Chun rannchuidiú le cuspóirí aontas na margaí caipitil, is gá, ar mhaithe le húsáid éifeachtúil CPLanna, aghaidh a thabhairt ar bhaic áirithe ar úsáid imréitigh lárnaigh i dTreoir 2009/65/CE agus soiléiriú a thabhairt i dTreoir 2013/36/AE (5) agus i dTreoir (AE) 2019/2034 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. D’fhéadfadh ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais eascairt as spleáchas iomarcach chóras airgeadais an Aontais ar CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (CPLanna ar Leibhéal 2) ó thríú tíortha, ar ábhair imní iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí. Chun an chobhsaíocht airgeadais san Aontas a áirithiú agus chun rioscaí tógálachta a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú go leormhaith ar fud chóras airgeadais an Aontais, ba cheart bearta iomchuí a thabhairt isteach, dá bhrí sin, chun cothú a dhéanamh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith CPLanna a shainaithint, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs sin, ba cheart Treoir 2013/36/AE agus Treoir (AE) 2019/2034 a leasú chun institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta a spreagadh chun na bearta is gá a dhéanamh chun a samhlacha gnó a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na ceanglais nua maidir le himréiteach a tugadh isteach leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá i Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus chun feabhas foriomlán a chur ar a gcleachtais bainistithe riosca, ag féachaint do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí margaidh freisin. Cé go bhfuil tacar cuimsitheach beart agus cumhachtaí maoirseachta ag na húdaráis inniúla cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh i gcleachtais bainistithe riosca na n-institiúidí agus na ngnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an ceanglas cistí dílse breise a bheith acu i gcás rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith leis na ceanglais chaipitil atá ann cheana, ba cheart an tacar beart agus cumhachtaí maoirseachta sin a fheabhsú le huirlisí agus cumhachtaí breise agus níos sonraí faoi Cholún 2 i gcomhthéacs riosca comhchruinnithe iomarcach a eascraíonn as neamhchosaintí ar CPLanna. |
|
(3) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus a n-údaráis inniúla faireachán agus maolú leormhaith ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith CPLanna Leibhéal 2 a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach mhór ag baint leo agus deireadh a chur le teorainneacha riosca contrapháirtí le haghaidh idirbhearta díorthacha arna n-imréiteach go lárnach ag CPL atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2009/65/CE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE
Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;" |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 74(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
(*2) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 76(2), cuirtear an fhomhír seo leanas leis: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh an comhlacht bainistíochta pleananna sonracha agus spriocanna inchainníochtaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun faireachán a dhéanamh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.’ ; |
|
(3) |
in Airteagal 81, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais institiúidí maidir le bainistiú a riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear na pleananna arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 76(2), cúigiú fomhír den Treoir seo, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta le linn a samhlacha gnó a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.’ ; |
|
(4) |
in Airteagal 100, cuirtear an mhír seo a leanasleis: ‘5. Forbróidh ÚBE, i gcomhar le ESMA, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun modheolaíocht chomhsheasmhach a shonrú chun an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha a chomhtháthú sa tástáil struis mhaoirseachta. Eiseoidh ÚBE na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoin 25 Meitheamh 2026.’ |
|
(5) |
in Airteagal 104(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/2034
Leasaítear Treoir (AE) 2019/2034 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
(*3) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 29(1) mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 36(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Chun críoch na chéad fhomhíre, pointe (a), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais gnólachtaí infheistíochta maidir le bainistiú a riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear na pleananna a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 29(1) den Treoir seo, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta le linn a samhlacha gnó a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.’ ; |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 39(2) mar a leanas:
|
Airteagal 4
Trasuí
1. Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin i bhfeidhm is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 25 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 204, 12.6.2023, lch. 3.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2024.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1)
(4) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(5) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(6) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
(7) Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (IO L, 2024/2987, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2987/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2994/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)