|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2982 |
4.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2982 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prótacail agus comhéadain a bhfuil an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach le tacú leo
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 5a(23) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is cuid ríthábhachtach é an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú ar fud an Aontais. Ós rud é gurb iad na Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí (‘tiachóga’) bunchloch an chreata, is é is aidhm dó rochtain ar sheirbhísí ó Bhallstát go chéile a éascú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais á háirithiú an tráth céanna. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. |
|
(3) |
Le hAirteagal 5a(23) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, tugtar sainordú don Choimisiún, i gcás inar gá, na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú. Baintear é sin amach trí bhíthin ceithre Rialachán Cur Chun Feidhme, lena ndéileáiltear le prótacail agus comhéadain: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún (4), sláine agus croífheidhmiúlachtaí: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún (5), sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhú tréithe: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún (6), mar aon leis na fógraí chuig an gCoimisiún: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 (7). Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais ábhartha maidir le prótacail agus comhéadain. |
|
(4) |
Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo ag brath ar an obair a rinneadh ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach (8) agus go háirithe an creat ailtireachta agus tagartha. I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart don Choimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, leis an gcreat ailtireachta agus tagartha, agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint. |
|
(5) |
Chun trédhearcacht agus iontaofacht páirtithe is úsáideoirí tiachóige i leith úsáideoirí tiachóige a áirithiú, ba cheart, leis na prótacail agus na comhéadain a úsáideann na réitigh tiachóige, sásra iontaofa a sholáthar d’úsáideoirí tiachóige chun páirtithe is úsáideoirí tiachóige agus aonaid eile tiachóige a fhíordheimhniú. Os a choinne sin, ba cheart do sholáthraithe tiachóg sásra a sholáthar chun aonaid tiachóige a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú ionas gur féidir le páirtithe is úsáideoirí dearbhuithe a fháil maidir le hiontaofacht agus barántúlacht na n-aonad tiachóige. Thairis sin, ba cheart bonneagar teicniúil na dtiachóg a dhearadh freisin chun a áirithiú nach n-aistreofar ach an t-íosmhéid sonraí is gá chuig na páirtithe is úsáideoirí údaraithe amháin, agus neamh-idirnascacht idir na hidirbhearta éagsúla á coimeád an tráth céanna. Chun eisiúint sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a éascú, ba cheart do gach réiteach tiachóige tacú le tacar íosta prótacal agus comhéadan. |
|
(6) |
Chun inúsáidteacht na réiteach tiachóige ó Bhallstát go chéile a áirithiú, ba cheart do na réitigh tiachóige uile tacú le sonraíochtaí teicniúla coiteanna nuair a chuirtear sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe i láthair páirtithe is úsáideoirí trí na tiachóga, i gcásanna cianda agus gaireachta araon. Ina theannta sin, féadfaidh aonaid tiachóige tacú le prótacail agus comhéadain eile le haghaidh cásanna úsáide sonracha. |
|
(7) |
Chun cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú a áirithiú, ba cheart roinnt gnéithe feabhsaithe príobháideachais a sholáthar do na tiachóga chun cosc a chur ar sholáthraithe modhanna ríomh-shainaitheantais agus ríomhdhearbhú tréithe sonraí pearsanta a fhaightear agus seirbhísí eile á soláthar acu a chomhcheangal leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a sholáthar. Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, níl páirtithe is úsáideoirí le hiarraidh ar úsáideoirí aon sonraí a sholáthar seachas na sonraí sin a chuirtear in iúl maidir leis an úsáid atá beartaithe do thiachóga le linn an phróisis chlárúcháin. Ba cheart é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí tiachóige sonraí clárúcháin na bpáirtithe is úsáideoirí a fhíorú tráth ar bith. Ina theannta sin, ba cheart d’aonaid tiachóige a bheith in ann deimhnithe clárúcháin páirtí is úsáideoir tiachóige a thaispeáint d’úsáideoirí, nuair a bheidh siad ar fáil, mar chuid d’iarraidh ar thréith. Leis sin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí tiachóige a fhíorú go bhfuil na tréithe atá á n-iarraidh ag an bpáirtí is úsáideoir tiachóige laistigh de raon feidhme a dtréithe cláraithe, lena dtabharfar dearbhú go bhfuil an iarraidh dlisteanach agus iontaofa. |
|
(8) |
Chun sonraí úsáideoirí tiachóige a chosaint, ba cheart do sholáthraithe tiachóg a áirithiú go ndéanfaidh aonaid tiachóige iarrataí ó pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nó ó aonaid eile tiachóige a bhailíochtú sula gcuirfear aon sonraí ar fáil. Ar an gcúis chéanna agus i gcomhréir le hAirteagal 5a(4)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ba cheart do sholáthraithe tiachóg a áirithiú go gceadóidh aonaid tiachóige d’úsáideoirí tiachóige iarrataí ar léirscriosadh sonraí a dhéanamh chuig páirtithe is úsáideoirí tiachóige. |
|
(9) |
Chun freagairtí tapa a chumasú i gcás aon ábhair imní maidir le cosaint sonraí a bhaineann le hAirteagal 5a(4)(d)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ba cheart do sholáthraithe tiachóg a áirithiú go soláthrófar sásraí le réitigh tiachóige chun páirtí is úsáideoir a thuairisciú don údarás náisiúnta inniúil um chosaint sonraí. Ba cheart solúbthacht iomchuí a fhágáil faoi sholáthraithe tiachóg agus údaráis cosanta sonraí chun sásraí oiriúnacha a bhunú chun idirghníomhú le húdaráis cosanta sonraí na mBallstát. |
|
(10) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus thug an Maoirseoir tuairim an 30 Meán Fómhair 2024. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le prótacail agus comhéadain réiteach tiachóige le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
(1) |
sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonaid tiachóige; |
|
(2) |
tréithe sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a chur i láthair páirtithe is úsáideoirí tiachóige agus aonad tiachóige eile; |
|
(3) |
iarrataí ar léirscriosadh sonraí a chur in iúl do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige; |
|
(4) |
páirtithe is úsáideoirí tiachóige a thuairisciú d’údaráis mhaoirseachta arna mbunú faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679; le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a rinneadh ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946, agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘páirtí is úsáideoir tiachóige’ páirtí is úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige brath ar aonaid tiachóige chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóg d’úsáideoir aonair tiachóige; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘soláthraí tiachóg’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘deimhniú rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ deimhniú le haghaidh ríomhshéalaí nó ríomhshínithe lena bhfíordheimhnítear agus lena mbailíochtaítear an páirtí is úsáideoir tiachóige arna eisiúint ag soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach arna shainordú ag Ballstát chun deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir a eisiúint do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe sa Bhallstát sin; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘fianú aonaid tiachóige’ oibiacht sonraí lena dtugtar tuairisc ar chomhpháirteanna an aonaid tiachóige nó lenar féidir na comhpháirteanna sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘beartas nochta leabaithe’ tacar rialacha, atá leabaithe i ríomhdhearbhú tréithe ag a sholáthraí, lena léirítear na coinníollacha nach mór do pháirtí is úsáideoir tiachóige a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar an ríomhdhearbhú tréithe; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘deimhniú clárúcháin páirtí is úsáideoir tiachóige’ oibiacht sonraí lena léirítear na tréithe atá cláraithe ag an bpáirtí is úsáideoir agus a bhfuil sé beartaithe aige iad a iarraidh ar úsáideoirí; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘soláthraí sonraí sainaitheantais duine’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as sonraí sainaitheantais duine a eisiúint agus a chúlghairm agus as a áirithiú go mbeidh na sonraí sainaitheantais duine atá ag úsáideoir ceangailte go cripteagrafach d’aonad tiachóige; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘ceangal cripteagrafach’ an modh chun sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe a nascadh le haonaid tiachóige trí mheáin chripteagrafacha. |
Airteagal 3
Forálacha ginearálta
Maidir leis na prótacail agus na comhéadain dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5, áiritheoidh soláthraithe tiachóg an méid seo a leanas maidir le haonaid tiachóige:
|
(1) |
go bhfíordheimhneofar agus go mbailíochtófar na deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige i gcás ina mbíonn siad ag idirghníomhú le páirtithe is úsáideoirí tiachóige; |
|
(2) |
go bhfíordheimhneofar agus go mbailíochtófar fianuithe aonaid tiachóige ó aonaid tiachóige eile i gcás ina mbíonn siad ag idirghníomhú le haonaid tiachóige eile; |
|
(3) |
go bhfíordheimhneofar agus go mbailíochtófar iarrataí a dhéantar trí úsáid a bhaint as deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige nó as fianuithe aonaid tiachóige ó aonaid tiachóige eile, i gcás inarb infheidhme; |
|
(4) |
an deimhniú clárúcháin páirtí is úsáideoir tiachóige a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú, i gcás inarb infheidhme; |
|
(5) |
go dtaispeánfar d’úsáideoirí tiachóige faisnéis atá sna deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige nó atá sna fianuithe aonaid tiachóige; |
|
(6) |
go dtaispeánfar na tréithe a iarrtar ar úsáideoirí tiachóige a chur i láthair úsáideoirí tiachóige, i gcás inarb infheidhme; |
|
(7) |
go dtaispeánfar d’úsáideoirí tiachóige, i gcás inarb infheidhme, faisnéis atá sa deimhniú clárúcháin páirtí is úsáideoir tiachóige; |
|
(8) |
go gcuirfear fianuithe aonaid tiachóige an aonaid tiachóige i láthair páirtithe is úsáideoirí tiachóige nó aonaid tiachóige a iarrann iad; |
|
(9) |
nach gcuirfidh siad aon tréith a iarrtar i láthair páirtithe is úsáideoirí tiachóige ná aonad tiachóige go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
|
|
(10) |
teicnící caomhnaithe príobháideachais a chumasú lena n-áirithítear neamh-idirnascacht i gcás nach n-éilíonn ríomhdhearbhuithe tréithe sainaithint úsáideoir na tiachóige, agus fianuithe nó sonraí sainaitheantais duine á gcur i láthair i measc páirtithe éagsúla is úsáideoirí tiachóige. |
Airteagal 4
Sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonaid tiachóige
1. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go dtacóidh réitigh tiachóige le prótacail agus comhéadain chun sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonaid tiachóige.
2. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg nach n-iarrfaidh aonaid tiachóige sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint ach amháin ó pháirtithe a bhfuil deimhniú rochtana barántúil bailí páirtí is úsáideoir tiachóige acu lena bhfianaítear iad mar a leanas:
|
(a) |
mar sholáthraí sonraí aitheantais duine; |
|
(b) |
mar sholáthraí ríomhdhearbhaithe tréithe cáilithe; |
|
(c) |
mar sholáthraí ríomhdhearbhaithe tréithe arna eisiúint ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar ceann an chomhlachta sin; nó |
|
(d) |
mar sholáthraí ríomhdhearbhuithe tréithe neamhcháilithe. |
3. I ndáil le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonad tiachóige, áiritheoidh soláthraithe tiachóg go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina n-úsáideann úsáideoirí tiachóige a n-aonad tiachóige chun eisiúint sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh ó sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine nó ó sholáthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe lena gcumasaítear eisiúint sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe i níos mó ná formáid amháin, iarrfaidh an t-aonad tiachóige é i ngach formáid dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí; |
|
(b) |
i gcás ina n-úsáideann úsáideoirí tiachóige a n-aonad tiachóige chun idirghníomhú le soláthraithe sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe, cumasóidh aonaid tiachóige fíordheimhniú agus bailíochtú chomhpháirteanna an aonaid tiachóige trí fhianuithe an aonaid tiachóige a chur i láthair na soláthraithe sin arna iarraidh sin dóibh; |
|
(c) |
tacóidh réitigh tiachóige le sásraí lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine eisiúint, seachadadh agus gníomhachtú a fhíorú i gcomhréir le ceanglais ardleibhéil dearbhaithe a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (11); |
|
(d) |
fíoróidh aonaid tiachóige barántúlacht agus bailíocht na sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe. |
Airteagal 5
Tréithe a chur i láthair páirtithe is úsáideoirí tiachóige
1. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go dtacóidh réitigh tiachóige le prótacail agus comhéadain chun tréithe a chur i láthair páirtithe is úsáideoirí tiachóige go cianda agus, i gcás inarb iomchuí, i ngaireacht, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach san Iarscríbhinn.
2. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg, arna iarraidh sin d’úsáideoirí, go bhfreagróidh aonaid tiachóige d’iarrataí arna bhfíordheimhniú agus arna mbailíochtú go rathúil ó pháirtithe is úsáideoirí tiachóige dá dtagraítear in Airteagal 3, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach san Iarscríbhinn.
3. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go dtacóidh aonaid tiachóige le heochracha príobháideacha a chruthú a chomhfhreagraíonn d’eochracha poiblí a úsáidtear i gceangal cripteagrafach.
4. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go dtacóidh réitigh tiachóige le nochtadh roghnaitheach tréithe sonraí aitheantais pearsanta agus ríomhdhearbhuithe tréithe.
5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4 maidir le hidirghníomhaíochtaí idir dhá aonad tiachóige atá i ngaireacht dá chéile.
Airteagal 6
Iarrataí ar léirscriosadh sonraí a chur in iúl
1. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go dtacóidh aonaid tiachóige le prótacail agus comhéadain lena gceadaítear d’úsáideoirí tiachóige léirscriosadh a sonraí pearsanta arna soláthar trí na haonaid tiachóige sin a iarraidh ar pháirtithe is úsáideoirí tiachóige, ar páirtithe iad a ndearna siad idirghníomhú leo trí na haonaid tiachóige sin, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679.
2. Leis na prótacail agus na comhéadain dá dtagraítear i mír 1, beidh úsáideoirí tiachóige in ann na páirtithe is úsáideoirí tiachóige a bhfuil iarrataí ar léirscriosadh sonraí le cur faoina mbráid a roghnú.
3. Taispeánfaidh aonaid tiachóige don úsáideoir tiachóige iarrataí ar léirscriosadh sonraí a cuireadh isteach roimhe seo agus a rinneadh trí na haonaid tiachóige sin.
Airteagal 7
Páirtithe is úsáideoirí tiachóige a thuairisciú d’údaráis mhaoirseachta arna mbunú faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679
1. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go gcuirfidh aonaid tiachóige ar a gcumas d’úsáideoirí tiachóige páirtithe is úsáideoirí tiachóige a thuairisciú go héasca d’údaráis mhaoirseachta arna mbunú faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679.
2. Cuirfidh soláthraithe tiachóg na prótacail agus na comhéadain chun feidhme chun páirtithe is úsáideoirí tiachóige a thuairisciú i gcomhréir le dlíthe náisiúnta nós imeachta na mBallstát.
3. Áiritheoidh soláthraithe tiachóg go gcuirfidh aonaid tiachóige ar a gcumas d’úsáideoirí tiachóige bunús a thabhairt leis na tuarascálacha, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a chur i gceangal leo chun na páirtithe is úsáideoirí tiachóige a shainaithint, chomh maith le maímh na n-úsáideoirí tiachóige i bhformáid mheaisín-inléite.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prótacail agus comhéadain a bhfuil an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach le tacú leo (IO L, 2024/2982, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2982/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2979, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2979/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2977, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2977/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí chuig an gCoimisiún a bhaineann le héiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2980, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2980/oj).
(8) IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj.
(9) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach a bhunú (IO L 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1502/oj).
IARSCRÍBHINN
CAIGHDEÁIN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(1) AGUS (2)
|
— |
ISO/IEC 18013-5:2021 |
|
— |
ISO/IEC TS 18013-7:2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2982/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)