|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2980 |
4.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2980 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí chuig an gCoimisiún a bhaineann le héiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 5a(23) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is cuid ríthábhachtach é an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú ar fud an Aontais. Ós rud é gurb iad na Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí (‘tiachóga’) bunchloch an chreata, is é is aidhm dó rochtain ar sheirbhísí ó Bhallstát go chéile a éascú, agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais á háirithiú an tráth céanna. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus, i gcás inarb ábhartha, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. |
|
(3) |
Le hAirteagal 5a(23) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, tugtar sainordú don Choimisiún, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta ábhartha a bhunú. Baintear é sin amach trí bhíthin ceithre Rialachán Cur Chun Feidhme, lena ndéileáiltear le prótacail agus comhéadain: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún (5), sláine agus croífheidhmiúlachtaí: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún (6), sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhú tréithe: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún (7), mar aon leis na fógraí chuig an gCoimisiún: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 (8). Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais ábhartha maidir le fógraí na mBallstát faoi eintitis iontaofa lena mbunaítear iontaofacht an Chreata um Chéannacht Dhigiteach Eorpach. |
|
(4) |
Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo ag brath ar an obair a rinneadh ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Digiteach Eorpach (9) agus go háirithe an creat ailtireachta agus tagartha.I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart don Choimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, leis an gcreat ailtireachta agus tagartha, agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint. |
|
(5) |
Chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir le foinse faisnéise thrédhearcach iontaofa a bhunú chun eintitis a fhíordheimhniú in éiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí, amhail soláthraithe tiachóg, soláthraithe sonraí sainaitheantais duine agus páirtithe is úsáideoirí tiachóige, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis is gá don chóras leictreonach arna sholáthar ag an gCoimisiún. I gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún (11) lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt faoi na scéimeanna ríomh-shainaitheantais is infheidhme maidir le modhanna ríomh-shainaitheantais, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar don Choimisiún i mBéarla. Ar an mbealach sin, tá tuairiscí ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar fáil i mBéarla do gach scéim den sórt sin, gan beann ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann siad le modhanna ríomh-shainaitheantais nó le tiachóga. |
|
(6) |
Ar mhaithe leis an gcuspóir céanna foinsí faisnéise a bhunú lenar féidir eintitis in éiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí a fhíordheimhniú, ba cheart don Choimisiún bonneagar a bhunú chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal ar bhealach slán, inléite ag an duine, soiléir agus inrochtana go héasca, agus i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, lena n-áirítear trí chomhéadan feidhmchláir a chur ar fáil. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 30 Meán Fómhair 2024. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo oibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt lena gcumasaítear bailíochtú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
|
(1) |
na cláir leictreonacha a úsáideann Ballstát chun faisnéis a fhoilsiú maidir le páirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 5b(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘cláir na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige’), suíomh chláir na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige, agus sainaithint chláraitheoirí na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige; |
|
(2) |
céannacht na bpáirtithe cláraithe is úsáideoirí tiachóige; |
|
(3) |
barántúlacht agus bailíocht na n-aonad tiachóige; |
|
(4) |
sainaithint na soláthraithe tiachóg; |
|
(5) |
barántúlacht na sonraí sainaitheantais duine; |
|
(6) |
sainaithint soláthraithe sonraí sainaitheantais duine; le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a rinneadh ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946, agus go háirithe an creat ailtireachta agus tagartha. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘soláthraí tiachóg’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘soláthraí sonraí sainaitheantais duine’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as sonraí sainaitheantais duine a eisiúint agus a chúlghairm agus as a áirithiú go mbeidh na sonraí sainaitheantais duine atá ag úsáideoir ceangailte go cripteagrafach d’aonad tiachóige; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘páirtí is úsáideoir tiachóige’ páirtí is úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige brath ar aonaid tiachóige chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘clár na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige’ clár leictreonach a úsáideann Ballstát chun faisnéis maidir le páirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil go poiblí mar a leagtar amach in Airteagal 5b(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘cláraitheoir páirtithe is úsáideoirí tiachóige’ an comhlacht atá freagrach as liosta na bpáirtithe cláraithe is úsáideoirí tiachóige atá bunaithe ina gcríoch agus atá ainmnithe ag Ballstát a bhunú agus a choinneáil ar bun; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóg d’úsáideoir aonair tiachóige; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach arna shainordú ag Ballstát chun deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir a eisiúint do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe sa Bhallstát sin; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘deimhniú rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ deimhniú le haghaidh ríomhshéalaí nó ríomhshínithe lena bhfíordheimhnítear agus lena mbailíochtaítear an páirtí is úsáideoir tiachóige arna eisiúint ag soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige. |
Airteagal 3
Córas fógartha
1. Cuirfidh an Coimisiún córas fógartha leictreonach slán ar fáil do na Ballstáit tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, rud a chuirfidh ar a gcumas do na Ballstáit fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis maidir leis na comhlachtaí agus na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 5a(18) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
2. Comhlíonfaidh an córas fógartha leictreonach slán na ceanglais theicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
Airteagal 4
Fógraí ó na Ballstáit
1. Déanfaidh na Ballstáit, tríd an gcóras fógartha leictreonach slán dá dtagraítear in Airteagal 3(1), an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II ar a laghad a chur isteach.
2. Déanfaidh na Ballstáit na fógraí i mBéarla ar a laghad. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aon doiciméad a thacaíonn leis na fógraí a aistriú i gcás ina gcruthódh sé sin ualach míréasúnta riaracháin nó airgeadais.
3. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise nó soiléirithe breise a iarraidh ar na Ballstáit chun iomláine agus comhsheasmhacht na faisnéise ar tugadh fógra fúithi a fhíorú.
Airteagal 5
Foilseacháin ón gCoimisiún
1. Déanfaidh an Coimisiún liosta a bhunú, a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú ina dtiomsófar an fhaisnéis ar thug na Ballstáit fógra fúithi maidir le cláraitheoirí na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige agus maidir le cláir na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, roinn 1.
2. Déanfaidh an Coimisiún liosta a bhunú, a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú ina dtiomsófar an fhaisnéis ar thug na Ballstáit fógra fúithi maidir le soláthraithe tiachóg, soláthraithe sonraí sainaitheantais duine agus soláthraithe deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige, dá dtagraítear i ranna 2, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn II.
3. Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir rochtain a fháil ar na liostaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo:
|
(a) |
i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus trí shuíomh gréasáin atá inléite ag an duine agus atá ar fáil i mBéarla ar a laghad; |
|
(b) |
gan gá le clárú ná le bheith fíordheimhnithe chun na liostaí a fháil nó a léamh; |
|
(c) |
ar bhealach slán trí chriptiú úrscothach na sraithe iompair a úsáid. |
4. Mar aon le foilseacháin na liostaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
na sonraíochtaí teicniúla a úsáideann an Coimisiún le haghaidh struchtúr na liostaí; |
|
(b) |
mionsonraí an URL ina bhfoilsítear na liostaí; |
|
(c) |
na deimhnithe atá le húsáid chun an síniú nó an séala ar na liostaí a fhíorú; |
|
(d) |
mionsonraí na sásraí a úsáidtear chun athruithe ar an suíomh dá dtagraítear i bpointe (b) nó ar na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailíochtú. |
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prótacail agus comhéadain a bhfuil an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach le tacú leo (IO L, 2024/2982, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2982/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2979, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2979/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2977, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2977/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí chuig an gCoimisiún a bhaineann le héiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2980, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2980/oj).
(9) IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj.
(10) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach a bhunú (IO L 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(11) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 289, 5.11.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/1984/oj).
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS MAIDIR LE CÓRAS FÓGARTHA AN CHOIMISIÚIN
1.
Is i mBéarla ar a laghad a bheidh comhéadan an chórais fógartha leictreonaigh shláin.
2.
Ceapfar an córas fógartha leictreonach slán arna sholáthar ag an gCoimisiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh:|
(a) |
ligean do na Ballstáit gan an fhaisnéis chéanna a chur isteach ach aon uair amháin, trí fhaisnéis a cuireadh isteach roimh ré a athúsáid i gcás inarb iomchuí; |
|
(b) |
cur isteach faisnéise trí chomhéadain meaisín-inphróiseáilte agus trí chomhéadain atá inúsáidte ag an duine araon a chumasú; |
|
(c) |
tacú le rialuithe rochtana iomchuí agus le bainistiú rialaithe rochtana, lena dtarmligtear chuig na Ballstáit an chumhacht chun rochtain a dheonú d’ionadaithe inniúla a mhéid a bhaineann leis na fógraí; |
|
(d) |
tacú le fógraí faoin bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II; |
|
(e) |
ligean do na Ballstáit féachaint ar fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi; |
|
(f) |
admháil a thabhairt go bhfuarthas fógraí faisnéise trí mheán leictreonach; |
|
(g) |
taifead stairiúil a choinneáil maidir le haon athrú ar aon fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi, agus ligean do na Ballstáit féachaint air sin. |
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS MAIDIR LE FÓGRAÍ Ó NA BALLSTÁIT
1. Fógraí maidir le faisnéis faoi chláraitheoirí agus faoi chláir
|
(1) |
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún faoina gcláraitheoirí agus faoina gcláir:
|
|
(2) |
Soláthrófar an fhaisnéis sin dá dtagraítear i bpointe (1) in aghaidh an chláir agus in aghaidh an chláraitheora. |
2. Fógraí maidir le faisnéis faoi sholáthraithe tiachóg agus faoi na sásraí chun barántúlacht agus bailíocht aonad tiachóige a bhailíochtú
|
(1) |
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún faoi sholáthraithe tiachóg:
|
|
(2) |
Soláthrófar an fhaisnéis sin dá dtagraítear i bpointe (1) in aghaidh an tsoláthraí. |
3. Fógraí maidir le faisnéis faoi sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine agus faoi na sásraí lena gcumasaítear fíordheimhniú agus bailíochtú sonraí sainaitheantais duine
|
(1) |
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún faoi sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine:
|
|
(2) |
Soláthrófar an fhaisnéis sin dá dtagraítear i bpointe (1) in aghaidh an tsoláthraí. |
4. Fógraí maidir le faisnéis faoi sholáthraithe deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige
|
(1) |
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún faoi sholáthraithe deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige:
|
|
(2) |
Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (1) in aghaidh an tsoláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2980/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)