|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2977 |
4.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2977 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 5a(23) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is cuid ríthábhachtach é an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú ar fud an Aontais. Agus na Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí (‘tiachóga’) mar bhunchloch an chreata, is é is aidhm dó rochtain ar sheirbhísí ó Bhallstát go chéile a éascú, agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais á háirithiú an tráth céanna. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. |
|
(3) |
Le hAirteagal 5a(23) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, tugtar sainordú don Choimisiún, i gcás inar gá, na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú. Baintear é sin amach trí bhíthin ceithre Rialachán Cur Chun Feidhme, lena ndéileáiltear le prótacail agus comhéadain: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún (4), sláine agus croífheidhmiúlachtaí: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún (5), sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhú tréithe: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún (6), mar aon leis na fógraí chuig an gCoimisiún: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 (7). Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais ábhartha maidir le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe atá le heisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí. |
|
(4) |
Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo ag brath ar an obair a rinneadh ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach (8) agus go háirithe an creat ailtireachta agus tagartha atá mar chuid de. I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart don Choimisiún an rialachán cur chun feidhme seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, leis an gcreat ailtireachta agus tagartha agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint. |
|
(5) |
Chun cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú a áirithiú, ba cheart roinnt gnéithe feabhsaithe príobháideachais a sholáthar do na tiachóga chun cosc a chur ar sholáthraithe modhanna ríomh-shainaitheantais agus ríomhdhearbhaithe tréithe sonraí pearsanta a fhaightear agus seirbhísí eile á soláthar acu a chomhcheangal leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a sholáthar. |
|
(6) |
Chun comhchuibhiú a áirithiú, ba cheart feidhmiúlachtaí coiteanna áirithe a bheith ar fáil i ngach tiachóg, lena n-áirítear an cumas sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a chur i láthair go slán, faoi rialú aonair úsáideoir na tiachóige. Chun a áirithiú gur féidir sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a phróiseáil trí gach aonad tiachóige, ní mór do gach réiteach tiachóige tacú le sonraíochtaí teicniúla maidir le tréithe sonraí sainaitheantais duine, formáid na sonraí, agus an bonneagar is gá chun iontaofacht iomchuí sonraí sainaitheantais duine a áirithiú. Ina theannta sin, is é is aidhm do shonraíochtaí coiteanna i ndáil le tréithe sonraí sainaitheantais duine a áirithiú gur féidir na sonraí sin a úsáid chun céannacht a mheaitseáil de réir mar is gá. |
|
(7) |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na tiachóga in ann páirtithe is úsáideoirí, soláthraithe sonraí sainaitheantais duine agus soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe a fhíordheimhniú gan beann ar an áit a bhfuil siad bunaithe san Aontas. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na heintitis sin deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige a úsáid nuair a shainaithníonn siad iad féin in aonaid tiachóige. Chun idir-inoibritheacht na ndeimhnithe sin a ráthú ar fud na dtiachóg uile a sholáthraítear laistigh den Aontas, ba cheart do dheimhnithe rochtana páirtithe is úsáideoirí cloí le caighdeáin choiteanna. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt caighdeán nua nó caighdeán malartach ar a bhféadfaí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir a thógáil. Go háirithe, ba cheart measúnú a dhéanamh ar shamhlacha iontaoibhe a bhfuil a n-éifeachtúlacht agus a slándáil cruthaithe acu sna Ballstáit. |
|
(8) |
Chun trédhearcacht a áirithiú i leith úsáideoirí tiachóige, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a fhoilsiú lena léirítear cé na réitigh tiachóige a dtacaíonn soláthraithe sonraí sainaitheantais duine atá bunaithe ina gcríocha leo. Ós rud é nach mór céannacht an úsáideora a bheith chomh hiontaofa agus is féidir, ba cheart leibhéal dearbhaithe ard coiteann a fhorchur ar phromhadh céannachta úsáideoirí tiachóige sula n-eiseofar sonraí sainaitheantais duine, de réir leibhéal dearbhaithe ard mar a leagtar síos le haghaidh modhanna ríomh-shainaitheantais faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ar an mbealach sin, áirithíonn na haonaid tiachóige an leibhéal iontaofachta is airde atá ar fáil le haghaidh modhanna sainaitheantais ar fud an Aontais. Agus úsáideoirí tiachóige á gclárú ar leibhéal dearbhaithe ard, is féidir próisis shlána éagsúla a bheith ann, mar shampla, i gcás ina bhfuil sé fíoraithe go bhfuil fianaise ar ghrianghraif nó ar shainaithint bhithmhéadrach ag úsáideoir na tiachóige atá aitheanta ach nár eisigh an Ballstát ina ndéantar an t-iarratas ar an modh ríomh-shainaitheantais agus gurb éard atá san fhianaise sin an chéannacht a mhaítear, ba cheart an fhianaise a sheiceáil chun a chinneadh go bhfuil sí bailí de réir foinse údarásach ábhartha. |
|
(9) |
Chun tacú le hidir-inoibritheacht, ba cheart ríomhdhearbhuithe tréithe ceanglais chomhchuibhithe maidir leis an bhformáid a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Chun sonraí úsáideoirí tiachóige a chosaint agus chun barántúlacht ríomhdhearbhuithe tréithe a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag sásraí chun soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe a fhíordheimhniú, agus chun barántúlacht agus bailíocht aonad tiachóige a fhíorú ag an soláthraí sin sula n-eiseofar na fianuithe d’aonaid tiachóige. |
|
(11) |
Chun nach n-úsáidfear sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a chaill a mbailíocht dhlíthiúil tar éis iad a eisiúint d’aonad tiachóige, ná nach mbeifear ag brath orthu, ba cheart do sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe beartas a fhoilsiú lena leagfar amach na himthosca agus na nósanna imeachta maidir le cúlghairm. |
|
(12) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh sonraí sainaitheantais duine ionadaíocht uathúil ar úsáideoir na tiachóige, ba cheart do na Ballstáit, sa bhreis ar na tréithe sainordaitheacha sna sonraí sainaitheantais duine a leagtar amach sa Rialachán seo, tréithe roghnacha a sholáthar a bhfuil gá leo chun a áirithiú go mbeidh an tacar sonraí sainaitheantais duine uathúil. |
|
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug an Maoirseoir tuairim an 30 Meán Fómhair 2024. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a eisiúint d’aonaid tiachóige, rialacha atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a dhéantar ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946, agus go háirithe an an creat ailtireachta agus tagartha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóg d’úsáideoir aonair tiachóige; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘soláthraí sonraí sainaitheantais duine’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as sonraí sainaitheantais duine a eisiúint agus a chúlghairm agus as a áirithiú go bhfuil na sonraí sainaitheantais duine atá ag úsáideoir ceangailte go cripteagrafach d’aonad tiachóige; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘fianú aonaid tiachóige’ oibiacht sonraí lena dtugtar tuairisc ar chomhpháirteanna an aonaid tiachóige nó lenar féidir na comhpháirteanna sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘soláthraí tiachóg’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘páirtí is úsáideoir tiachóige’ páirtí is úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige brath ar aonaid tiachóige chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘deimhniú rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ deimhniú le haghaidh ríomhshéalaí nó ríomhshínithe lena bhfíordheimhnítear agus lena mbailíochtaítear an páirtí is úsáideoir tiachóige arna eisiúint ag soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘soláthraí deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach arna shainordú ag Ballstát chun deimhnithe rochtana páirtí is úsáideoir a eisiúint do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe sa Bhallstát sin. |
Airteagal 3
Eisiúint sonraí sainaitheantais duine d’aonaid tiachóige
1. Eiseoidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine sonraí sainaitheantais duine d’aonaid tiachóige i gcomhréir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear réitigh tiachóige.
2. Áiritheoidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine go mbeidh an fhaisnéis is gá chun sonraí sainaitheantais duine a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú sna sonraí sainaitheantais duine a eiseofar d’aonaid tiachóige.
3. Áiritheoidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine go gcomhlíonfaidh sonraí sainaitheantais duine arna n-eisiúint d’aonaid tiachóige na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí sainaitheantais duine a eisítear d’úsáideoir tiachóige ar leith uathúil don Bhallstát.
5. Áiritheoidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine go mbeidh na sonraí sainaitheantais duine a eisíonn siad ceangailte go cripteagrafach den aonad tiachóige dá n-eisítear iad.
6. Cuirfidh na Ballstáit liosta réiteach tiachóige ar fáil go poiblí, ar réitigh iad a fhaigheann tacaíocht ó sholáthraithe sonraí sainaitheantais duine atá mar chuid de scéimeanna ríomh-shainaitheantais an Bhallstáit sin.
7. Cláróidh na Ballstáit úsáideoirí tiachóige i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le clárú ar leibhéal dearbhaithe ard, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (11). I gcomhthéacs an phróisis clárúcháin, déanfaidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine fíorú céannachta ar úsáideoir na tiachóige i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le promhadh agus fíorú céannachta sula n-eiseofar na sonraí sainaitheantais duine d’aonad tiachóige úsáideoir comhfhreagrach na tiachóige.
8. Agus sonraí sainaitheantais duine á n-eisiúint acu d’aonaid tiachóige, déanfaidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine iad féin a shainaithint d’aonaid tiachóige trí úsáid a bhaint as a ndeimhniú rochtana páirtí is úsáideoir nó trí úsáid a bhaint as sásra fíordheimhniúcháin eile i gcomhréir le scéim ríomh-shainaitheantais arna fograítear ar leibhéal dearbhaithe ard.
9. Sula n-eiseoidh siad sonraí sainaitheantais duine d’aonad tiachóige, déanfaidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine fianú aonaid tiachóige an aonaid tiachóige a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú agus fíoróidh siad go mbaineann an t-aonad tiachóige le réiteach tiachóige a nglacann soláthraí sonraí sainaitheantais duine leis nó go n-úsáideann sé sásra fíordheimhnithe eile i gcomhréir le scéim ríomh-shainaitheantais arna deimhniú ar leibhéal dearbhaithe ard.
Airteagal 4
Eisiúint ríomhdhearbhuithe tréithe d’aonaid tiachóige
1. Comhlíonfaidh ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint d’aonaid tiachóige ceann amháin ar a laghad de na caighdeáin sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979.
2. Déanfaidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe iad féin a shainaithint d’aonaid tiachóige trí úsáid a bhaint as a ndeimhniú rochtana páirtí is úsáideoir tiachóige.
3. Áiritheoidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe tréithe go gcuimseofar an fhaisnéis is gá i ríomhdhearbhuithe tréithe a eiseofar d’aonaid tiachóige chun na ríomhdhearbhuithe tréithe sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú.
Airteagal 5
Sonraí sainaitheantais duine a chúlghairm
1. Beidh beartais i scríbhinn a bheidh ar fáil go poiblí ag soláthraithe sonraí sainaitheantais duine arna n-eisiúint d’aonad tiachóige maidir le bainistiú stádais bailíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoinar féidir na sonraí sainaitheantais duine sin a chúlghairm gan mhoill.
2. Ní fhéadfaidh ach soláthraithe sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhaithe tréithe na sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint acu a chúlghairm.
3. I gcás ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine cúlghairthe ag soláthraithe sonraí sainaitheantais duine, cuirfidh siad úsáideoirí tiachóige is ábhar do na sonraí sainaitheantais duine sin ar an eolas, trí bhealaí tiomnaithe slána, laistigh de 24 uair an chloig faoin gcúlghairm agus faoi na cúiseanna atá leis an gcúlghairm. Déanfar é sin ar bhealach atá gonta, inrochtana go héasca agus i dteanga shoiléir shimplí.
4. I gcás ina ndéanann soláthraithe sonraí sainaitheantais duine arna n-eisiúint d’aonaid tiachóige a chúlghairm, déanfaidh siad amhlaidh i ngach ceann de na himthosca seo a leanas:
|
(a) |
arna iarraidh sin go sainráite d’úsáideoir na tiachóige ar eisíodh na sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhú tréithe dá aonad tiachóige; |
|
(b) |
i gcás ina ndearnadh an fianú aonaid tiachóige ar eisíodh na sonraí sainaitheantais duine dó a chúlghairm |
|
(c) |
i gcásanna eile arna gcinneadh ag na soláthraithe sonraí sainaitheantais duine nó ríomhdhearbhuithe tréithe ina mbeartais dá dtagraítear i mír 1. |
5. Áiritheoidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine arna n-eisiúint d’aonad tiachóige nach féidir cúlghairmeacha a chur ar ais.
6. Beidh rochtain ar na sonraí sainaitheantais duine cúlghairthe a fhad a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
7. I gcás ina ndéanann soláthraithe sonraí sainaitheantais duine sonraí sainaitheantais duine arna n-eisiúint d’aonaid tiachóige a chúlghairm, cuirfidh siad stádas bailíochta na sonraí sainaitheantais duine a eisíonn siad ar fáil go poiblí, ar bhealach lena gcaomhnaítear príobháideachas, agus léireoidh siad suíomh na faisnéise sin sna sonraí sainaitheantais duine.
8. Cumasóidh soláthraithe sonraí sainaitheantais duine teicnící lena gcaomhnaítear príobháideachas lena n-áirithítear nach féidir nascadh i gcás nach n-éilítear sainaithint an úsáideora le ríomhdhearbhuithe tréithe.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2982 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prótacail agus comhéadain a bhfuil an Creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach le tacú leo (IO L, 2024/2982, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2982/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2979 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sláine agus croífheidhmiúlachtaí na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2979, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2979/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2977, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2977/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí chuig an gCoimisiún a bhaineann le héiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2980, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2980/oj).
(8) IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj.
(9) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1502/oj).
IARSCRÍBHINN
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA MAIDIR LEIS NA SONRAÍ SAINAITHEANTAIS DUINE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(3)
1. Tacar sonraí sainaitheantais duine nádúrtha
Tábla 1
Sonraí sainaitheantais duine sainordaitheacha maidir leis an duine nádúrtha
|
Aitheantóir sonraí |
Sainmhíniú |
Láithreacht |
|
family_name |
Sloinne nó sloinnte reatha an úsáideora lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
|
given_name |
Céadainm nó céadainmneacha reatha, lena n-áirítear lárainm nó lárainmneacha i gcás inarb infheidhme, an úsáideora lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
|
birth_date |
An lá, an mhí agus an bhliain a rugadh an t-úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
|
birth_place |
An tír mar chód tíre alfa-2 mar a shonraítear in ISO 3166-1, nó an stát, an cúige, an ceantar, nó an limistéar áitiúil nó an bardas, an chathair, an baile nó an sráidbhaile inar rugadh an t-úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
|
nationality |
Cód tíre alfa-2 amháin nó níos mó mar a shonraítear in ISO 3166-1, lena léirítear náisiúntacht an úsáideora lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
I gcás nach eol luach tréithe don duine nó nach féidir é a eisiúint ar shlí eile mar chuid den tacar sonraí sainaitheantais duine, úsáidfidh na Ballstáit luach tréithe is iomchuí don chás ina ionad sin.
Tábla 2
Sonraí sainaitheantais duine roghnacha maidir leis an duine nádúrtha
|
Aitheantóir sonraí |
Sainmhíniú |
Láithreacht |
||||||||||||||||
|
resident_address |
Seoladh iomlán na háite ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine nó inar féidir teagmháil a dhéanamh leis (ainm sráide, uimhir tí, cathair etc.). |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_country |
An tír ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine, mar chód tíre alfa-2 mar a shonraítear in ISO 3166-1. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_state |
An stát, an cúige, an ceantar, nó an limistéar áitiúil ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_city |
An bardas, an chathair, an baile nó an sráidbhaile ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_postal_code |
Cód poist na háite ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_street |
Ainm na sráide ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
resident_house_number |
Uimhir an tí ina bhfuil cónaí faoi láthair ar an úsáideoir lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine, lena n-áirítear aon táthmhír nó iarmhír. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
personal_administrative_number |
Luach a shanntar don duine nádúrtha atá uathúil i measc na n-uimhreacha riaracháin pearsanta uile a eisíonn an soláthraí sonraí sainaitheantais duine. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit an aitreabúid sin a chur san áireamh, tabharfaidh siad tuairisc ina scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoina n-eisítear na sonraí sainaitheantais duine ar an mbeartas a chuirfidh siad i bhfeidhm maidir le luachanna na haitreabúide sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, coinníollacha sonracha maidir le próiseáil an luacha sin. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
portrait |
Íomhá d’aghaidh úsáideoir na tiachóige a chomhlíonann sonraíochtaí ISO 19794-5 nó ISO 39794. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
family_name_birth |
Sloinne nó sloinnte úsáideoir na sonraí sainaitheantais duine tráth na breithe. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
given_name_birth |
Céadainm nó céadainmneacha, lena n-áirítear lárainm nó lárainmneacha, úsáideoir na sonraí sainaitheantais duine tráth na breithe. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
sex |
Is ceann díobh seo a leanas a bheidh sna luachanna:
I gcás luachanna 0, 1, 2 agus 9, tá feidhm ag ISO/IEC 5218. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
email_address |
Seoladh ríomhphoist an úsáideora lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine [i gcomhréir le RFC 5322]. |
Roghnach |
||||||||||||||||
|
mobile_phone_number |
Uimhir fóin póca an úsáideora lena mbaineann na sonraí sainaitheantais duine, ag tosú leis an tsiombail ‘+’ mar réamhuimhir idirnáisiúnta agus an cód tíre, agus uimhreacha amháin ina dhiaidh sin. |
Roghnach |
2. Tacar sonraí sainaitheantais duine nádúrtha
Tábla 3
Sonraí sainaitheantais duine sainordaitheacha maidir leis an duine dlítheanach
|
Eilimint sonraí |
Láithreacht |
|
ainm dlíthiúil reatha |
Sainordaitheach |
|
aitheantóir uathúil arna thógáil ag an mBallstát seolta i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla chun críoch sainaitheanta trasteorann agus ar bhealach atá chomh seasmhach agus is féidir ó thaobh ama de. |
Sainordaitheach |
I gcás nach eol eilimint sonraí don duine nó nach féidir é a eisiúint ar shlí eile mar chuid den tacar sonraí sainaitheantais duine, úsáidfidh na Ballstáit luach tréithe is iomchuí don chás ina ionad sin.
Tábla 4
Sonraí sainaitheantais duine roghnacha maidir leis an duine dlítheanach
|
Eilimint sonraí |
Láithreacht |
|
seoladh reatha |
Roghnach |
|
uimhir aitheantais CBL |
Roghnach |
|
uimhir thagartha cánach |
Roghnach |
|
aitheantóir uathúil Eorpach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Roghnach |
|
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún |
Roghnach |
|
Clárú agus Aitheantas Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún |
Roghnach |
|
uimhir mháil dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle |
Roghnach |
3. Tacar meiteashonraí faoi shonraí sainaitheantais duine
Tábla 5
Meiteashonraí faoi na sonraí sainaitheantais duine
|
Aitheantóir sonraí |
Sainmhíniú |
Láithreacht |
|
expiry_date |
An dáta (agus, más féidir, an t-am) a rachaidh na sonraí sainaitheantais duine in éag. |
Sainordaitheach |
|
issuing_authority |
Ainm an údaráis riaracháin a d’eisigh na sonraí sainaitheantais duine, nó cód tíre alfa-2 ISO 3166 an Bhallstáit lena mbaineann i gcás nach bhfuil aon údarás ar leith ann atá i dteideal sonraí sainaitheantais duine a eisiúint. |
Sainordaitheach |
|
issuing_country |
Cód tíre alfa-2, mar a shonraítear in ISO 3166-1, thír nó chríoch an tsoláthraí sonraí sainaitheantais duine. |
Sainordaitheach |
|
document_number |
Uimhir le haghaidh na sonraí sainaitheantais duine, arna sannadh ag an soláthraí sonraí sainaitheantais duine. |
Roghnach |
|
issuing_jurisdiction |
Cód foroinne tíre na dlínse a d’eisigh na sonraí sainaitheantais duine, mar a shonraítear in ISO 3166-2:2020, Clásal 8. Beidh an chéad chuid den chód mar an gcéanna le luach na tíre eisiúna. |
Roghnach |
|
location_status |
Suíomh na faisnéise maidir le stádas bailíochta i ndáil le sonraí sainaitheantais an duine i gcás ina ndéanann soláthraithe sonraí sainaitheantais duine sonraí sainaitheantais duine a chúlghairm. |
Roghnach |
4. Ionchódú aitreabúidí sonraí sainaitheantais duine
Eiseofar sonraí sainaitheantais duine in dhá fhormáid:
|
(1) |
an fhormáid a shonraítear in ISO/IEC 18013-5:2021; |
|
(2) |
‘Samhail Sonraí maidir le Dintiúir Infhíoraithe 1.1.’, Moladh W3C, an 3 Márta 2022. |
5. Mionsonraí faoin mbonneagar iontaoibhe
Le liosta na soláthraithe sonraí sainaitheantais duine arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2980 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí chuig an gCoimisiún a bhaineann le héiceachóras na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí, cumasófar fíordheimhniú na sonraí sainaitheantais duine.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2977/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)