|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2971 |
28.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2971 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Shingeapór maidir le Comhaontú maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Phoblacht Shingeapór i gcláir de chuid an Aontais agus maidir le comhlachas Phoblacht Shingeapór le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 186 agus 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Phoblacht Shingeapór i gcláir de chuid an Aontais agus maidir le comhlachú Phoblacht Shingeapór le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027). |
|
(2) |
Comhlíonann Poblacht Shingeapór na critéir maidir le comhlachú leis an gclár Fís Eorpach a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Shingeapór le haghaidh comhaontú maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Phoblacht Shingeapór i gcláir de chuid an Aontais agus maidir le comhlachú Phoblacht Shingeapór le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).
2. Déanfar an chaibidlíocht a sheoladh ar bhonn treoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Áise-an Aigéine, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Shingeapór i gcláir de chuid an Aontais, agus leis an Meitheal um Thaighde, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Shingeapór sa Chlár Fís Eorpach.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2971/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)