European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2968

29.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2968 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh lena mbunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Cinneadh 97/126/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1997.

(2)

De bhun Airteagal 31 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste, a bunaíodh faoin Airteagal sin (‘an Comhchoiste’) cinntí a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú.

(3)

Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a dhéanamh lena mbunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh ón gComhchoiste.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Le Cinneadh (AE) 2019/2198 (3), thacaigh an Chomhairle leis an leasú ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar foráil do thacar nua rialacha tionscnaimh nuachóirithe agus níos solúbtha (‘an leasú ar an gCoinbhinsiún’). Tiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

(6)

Ag an gcruinniú teicniúil a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur chun feidhme, bunaithe ar an leasú ar an gCoinbhinsiún ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach (‘na Rialacha idirthréimhseacha’). Tá feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.

(7)

Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.

(8)

Ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, tá roinnt prótacal déthaobhach tagtha i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún (4), rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm. A mhéid a bhaineann le Ríocht na Danmhairge (‘an Danmhairg’) agus le hOileáin Fharó, cuireadh Prótacal 3 nua in ionad Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú le Cinneadh Uimh. 1/2021 ó Chomhchoiste CE/an Danmhairg-Oileáin Fharó (5). Leagtar amach na Rialacha idirthréimhseacha i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal 3 nua sin.

(9)

Is iad an dá phríomhchuspóir atá ag na Rialacha idirthréimhseacha, ar an gcéad dul síos, foráil a dhéanamh do rialacha nach bhfuil chomh dian sin a thabhairt isteach chun é a dhéanamh níos éasca d’earraí cáiliú do stádas tionscnaimh fhabhraigh agus, ar an dara dul síos, úsáid cruthúnas tionscnaimh arna n-eisiúint go leictreonach agus/nó arna gcur isteach go leictreonach a chumasú.

(10)

Chomhaontaigh an tAontas de pháirt, agus an Danmhairg agus Oileáin Fharó, den pháirt eile, Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach. Dá bhrí sin, ba cheart creat ceanglas ginearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach a chinneadh.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), i ndáil le cinneadh lena mbunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangalleis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

SZIJJÁRTÓ P.


(1)  Cinneadh 97/126/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1996 a bhaineann le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (IO L 53, 22.2.1997, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2019/2198 ón gComhairle an 25 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún (IO L 339, 30.12.2019, lch. 1).

(4)  An tAontas Eorpach, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise (lena n-áirítear Lichtinstéin), Ríocht na hIorua, Oileáin Fharó, Stát Iosrael, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, an Phalaistín (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus ní dochar é do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an tsaincheist sin), Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Seirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.

(5)  Cinneadh Uimh. 1/2021 ó Chomhchoiste CE/an Danmhairg-Oileáin Fharó, an 23 Meitheamh 2021 lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna riaracháin a ionadú [2021/1906] (IO L 395, 9.11.2021, p. 84).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2968/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)