|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2966 |
28.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2966 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Samhain 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (‘an Comhaontú’), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Rialachán (CEE) Uimh. 2842/72 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 1973. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 30 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh faoin Airteagal sin (‘an Comhchoiste’), cinntí a dhéanamh faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. De bhun Airteagal 4 de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a dhéanamh forálacha an Phrótacail sin a leasú. |
|
(3) |
Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste le Cinneadh a dhéanamh maidir le leasú ar Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh ón gComhchoiste. |
|
(5) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Le Cinneadh (AE) 2019/2198 (3), thacaigh an Chomhairle leis an leasú ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar foráil do thacar nua rialacha tionscnaimh nuachóirithe agus níos solúbtha (‘an leasú ar an gCoinbhinsiún’). Tiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Ag an gcéad chruinniú a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur chun feidhme, bunaithe ar an leasú ar an gCoinbhinsiún ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach (‘na Rialacha idirthréimhseacha’). Tá feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm. |
|
(7) |
Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh an leasú an gCoinbhinsiúin i bhfeidhm. |
|
(8) |
Ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, tá roinnt prótacal déthaobhach tagtha i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún (4), rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha. A mhéid a bhaineann le Poblacht na hÍoslainne (‘an Íoslainn’), cuireadh Prótacal 3 nua in ionad Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú le Cinneadh Uimh. 1/2021 ó Chomhchoiste AE-an Íoslainn (5). Leagtar amach na Rialacha idirthréimhseacha i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal 3 nua sin. |
|
(9) |
Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha foráil a dhéanamh do rialacha nach bhfuil chomh dian sin, chun é a dhéanamh níos éasca d’earraí cáiliú do stádas tionscnaimh fhabhraigh. Ós rud é nach bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha chomh dian céanna i gcoitinne le rialacha an Choinbhinsiúin, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15 agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí. Tá na Rialacha idirthréimhseacha infheidhme i gcomhthráth leis na rialacha tionscnaimh a leagtar amach sa Choinbhinsiún, rud a chruthaíonn dhá limistéar ar leith de charnadh tionscnaimh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh earraí faoin dá thacar rialacha tionscnaimh ag an am céanna. De réir phrionsabal na tréscaoilteachta faoi Airteagal 21(1), pointe (d), d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú (‘tréscaoilteacht’), earraí a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu faoi thacar amháin rialacha tionscnaimh, is féidir a mheas freisin gur de thionscnamh na sraithe eile rialacha tionscnaimh iad. Chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne, (‘an Comhaontú’), ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú, a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara ar thaobh amháin, agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a áirítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú ar an taobh eile, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
SZIJJÁRTÓ P.
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2842/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 lena gcruthaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne agus lena nglactar forálacha maidir lena chur chun feidhme (IO L 301, 31.12.1972, lch. 1).
(2) Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).
(3) Cinneadh (AE) 2019/2198 ón gComhairle an 25 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún (IO L 339, 30.12.2019, lch. 1).
(4) An tAontas Eorpach, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise (lena n-áirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Stát Iosrael, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, an Phalaistín (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus ní dochar é do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an tsaincheist sin), Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Seirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
(5) Cinneadh Uimh. 1/2021 ó Chomhchoiste AE-an Íoslainn an 16 Iúil 2021 lena leasaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne trí Phrótacal Uimh. 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin a ionadú [2021/1857] (IO L 381, 27.10.2021, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2966/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)