|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2962 |
2.12.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2962 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Samhain 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 2019 maidir le caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, maidir le foilsiú na dtagairtí do chaighdeáin EN 581-1:2006 (Troscán lasmuigh – Suíochánra agus táblaí le húsáid le haghaidh campála, sa bhaile agus le haghaidh conarthaí – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta), EN 12491:2001 (Trealamh parafaoileoireachta – Paraisiúit éigeandála – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála), EN 1651:1999 (Trealamh parafaoileoireachta – Úmacha – Ceanglais sábháilteachta agus tástálacha láidreachta) agus EN 1273:2005 (Earraí úsáide agus cúraim maidir le leanaí – Frámaí siúil do leanaí – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a tharraingt siar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 4(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 3(1) de Threoir 2001/95/CE, ceanglaítear ar thairgeoirí gan ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh. |
|
(2) |
Faoin dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Threoir 2001/95/CE, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin náisiúnta ábhartha, meastar go bhfuil táirge sábháilte nuair a chomhlíonann sé caighdeáin náisiúnta dheonacha lena dtrasuitear caighdeáin an Aontais. D’fhoilsigh an Coimisiún na tagairtí do na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin. |
|
(3) |
I gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 ón gCoimisiún (2), in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, d’fhoilsigh an Coimisiún na tagairtí do chaighdeáin EN 581-1:2006 ‘Troscán lasmuigh - ‘Suíochánra agus táblaí le húsáid le haghaidh campála, sa bhaile agus le haghaidh conarthaí - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta’, EN 12491:2001 ‘Trealamh parafaoileoireachta - Paraisiúit éigeandála - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála’, EN 1651:1999 ‘Trealamh parafaoileoireachta - Úmacha - Ceanglais sábháilteachta agus tástálacha láidreachta’ agus EN 1273:2005 ‘Earraí úsáide agus cúraim maidir le leanaí - Frámaí siúil do leanaí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála’. |
|
(4) |
Rinne an Coiste Eorpach um Chaighdeánú caighdeáin EN 12491:2001, EN 1651:1999 agus EN 1273:2005 a tharraingt siar óna bhunachar sonraí. Ní léiríonn Caighdeán EN 581-1:2006 an úrscothacht a thuilleadh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach féidir a áirithiú a thuilleadh leis na caighdeáin sin go gcomhlíonfar an ceanglas ginearálta sábháilteachta agus gur cheart, mar thoradh air sin, na tagairtí dóibh a tharraingt siar ó liosta na dtagairtí do chaighdeáin a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, liosta atá i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, níor cheart toimhde sábháilteachta a dheonú a thuilleadh do na táirgí a chomhlíonann na caighdeáin dheonacha náisiúnta lena dtrasuitear na caighdeáin sin de chuid an Aontais, agus a chuirfear ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Shábháilteacht Ghinearálta Táirgí a bunaíodh le hAirteagal 15 de Threoir 2001/95/CE, |
|
(7) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Chaighdeáin a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le caighdeánú Eorpach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tarraingeofar siar na tagairtí do na caighdeáin seo a leanas ó liosta na dtagairtí do chaighdeáin a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
— |
EN 581-1:2006 Troscán lasmuigh – Suíochánra agus táblaí le húsáid le haghaidh campála, sa bhaile nó le haghaidh conarthaí – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta [scriostar Ró 1 d’Iarscríbhinn I]; |
|
— |
EN 12491:2001 Trealamh parafaoileoireachta – Paraisiúit éigeandála – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála [scriostar Ró 35 d’Iarscríbhinn I]; |
|
— |
EN 1651:1999 Trealamh parafaoileoireachta – Úmacha – Ceanglais sábháilteachta agus tástálacha láidreachta [scriostar Ró 15 d’Iarscríbhinn I]; |
|
— |
EN 1273:2005 Earraí úsáide agus cúraim maidir le leanaí – Frámaí siúil do leanaí – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála [scriostar Ró 13 d’Iarscríbhinn I]. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 an 9 Deireadh Fómhair 2019 maidir le caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 259, 10.10.2019, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1698/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2962/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)