|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2929 |
28.11.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2929 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2024
lena gceartaítear an leagan Fraincise d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéil tiúchana substaintí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Fraincise de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá earráidí ann a mhéid a bhaineann le leibhéil tiúchana substaintí áirithe sa tábla in Iarscríbhinn XVII, ar thaobh amháin in iontráil 68, an dara colún, pointe (2), an dara fomhír, pointe (10), an chéad abairt agus an dara habairt, agus pointe (11), an chéad abairt, agus ar an taobh eile in iontráil 73, an dara colún, pointí (1) agus (4). Déanann na hearráidí difear do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Fraincise d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tugadh na hearráidí sin isteach le dhá ghníomh ón gCoimisiún, mar atá Rialachán (AE) 2019/957 (2) agus Rialachán (AE) 2021/1297 (3). Dá bhrí sin, ar bhonn na gcumhachtaí a bhronnann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún in Airteagal 68(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun an Rialachán sin a leasú, glacann an Coimisiún an gníomh ceartúcháin sin. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) 2019/957 agus Rialachán (AE) 2021/1297, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj.
(2) Rialachán (AE) 2019/957 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le sioláintriól (3,3,4,4,5,5,6,6,7,7,8,8,8-trídeacafluarochtail) agus TDFAnna (IO L 154, 12.6.2019, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/957/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 282, 5.8.2021, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1297/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2929/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)