European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2927

25.11.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2927 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Samhain 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8321)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429 agus a shainmhínítear mar ghalair chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis ráigeanna den ghalar sin, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, thug an Rómáin fógra don Choimisiún faoi ráigeanna breise d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair. Thairis sin, thug an Rómáin fógra don Choimisiún faoi mhoilleanna áirithe ar chur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar is gá a chur i bhfeidhm i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig de ghalar chatagóir A in ainmhithe talún ar coimeád i mbunaíocht. Mar thoradh air sin, leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin go cuí chun an méid sin a chur san áireamh. Ba le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2832 ón gCoimisiún (5) a leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 go deireanach.

(6)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2832 ann, thug an Rómáin fógra don Choimisiún gur cuireadh chun feidhme na bearta rialaithe galar is gá a chur i bhfeidhm i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig de ghalar chatagóir A in ainmhithe talún ar coimeád i mbunaíocht, a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, a mhéid a bhaineann le gach ráig de phlá na n-athchogantach beag a dearbhaíodh go dtí seo ar a críoch, lena n-áirítear iad siúd i gcontae Timis. Ina theannta sin, ó thús na heipidéime i gcontae Timis, tá faireachas galair déanta ag an Rómáin sa limistéar timpeall ar na ráigeanna sin, is é sin i gcontaetha Timis agus Caras Severin, agus fuarthas torthaí diúltacha ann maidir le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag.

(7)

Dá bhrí sin, méid agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise sa Rómáin san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119, ba cheart iad a choigeartú agus na sonraí eipidéimeolaíocha is déanaí á gcur san áireamh. Dá réir sin, is gá liosta na gcriosanna srianta agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú.

(8)

Ba cheart méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán an ionfhabhtaithe sin le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, níl an riosca maidir le leathadh breise an ghalair ann ach amháin i gcás an chreasa cosanta agus faireachais i ndáil leis an ráig dheireanach i gcontae Timis. Dá réir sin, níl gá a thuilleadh le crios srianta breise timpeall an limistéir chéanna.

(9)

Chun caillteanais airgeadais neamhriachtanacha ar an earnáil feirmeoireachta a chosc, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 leis an gCinneadh seo a luaithe is féidir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119.

Airteagal 2

Seolaí

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (IO L, 2024/2119, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2119/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2832 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2119 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (IO L, 2024/2832, 5.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2832/oj).


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna dearbhaithe

Contae agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Contae Timis

RO-PPR-2024-00019

RO-PPR-2024-00061

RO-PPR-2024-00063

RO-PPR-2024-00064

RO-PPR-2024-00065

RO-PPR-2024-00066

RO-PPR-2024-00067

An crios cosanta:

Those parts of the counties of Timis, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67).

23.11.2024

An crios faireachais:

Those parts of the counties of Timis and Caras-Severin, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.261807, Long. 21.451327 (2024/19) Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67) excluding the areas included in any protection zone.

2.12.2024

An crios faireachais:

Those parts of the counties of Timis and Caras-Severin, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 45.261807, Long. 21.451327 (2024/19) Lat. 45.280895, Long. 21.473979 (2024/61), Lat. 45.280971, Long. 21.460345 (2024/63), Lat. 45.279911, Long. 21.47413 (2024/64), Lat. 45.281111, Long. 21.471944 (2024/65), Lat. 45.280833, Long. 21.464167 (2024/66). Lat. 45.280274, Long. 21.472984 (2024/67).

24.11.2024 –2.12.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2927/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)