|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2924 |
28.11.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2924 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 a mhéid a bhaineann le liosta na n-oileán agus na gcalafort dá dtagraítear in Airteagal 12(3-d) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 12(3-d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun nascacht oileán áirithe a áirithiú, déantar foráil in Airteagal 12(3-d) de Threoir 2003/87/CE maidir le maolú sealadach ar an oibleagáid lamháltais a thabhairt suas i leith calafoirt áirithe atá lonnaithe ar oileán nach bhfuil aon nasc bóthair ná iarnróid aige leis an mórthír agus ina bhfuil daonra is lú ná 200 000 cónaitheoir buan. |
|
(2) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 ón gCoimisiún (2), leagtar síos liosta na n-oileán agus na gcalafort dá dtagraítear in Airteagal 12(3-d), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE. |
|
(3) |
I ndiaidh thús na tréimhse tuairiscithe le haghaidh 2024, chuir an Danmhairg agus an Ghréig iarrataí isteach chun calafoirt agus oileáin bhreise a áireamh ar liosta na gcalafort lena mbaineann an maolú sealadach de bhun Airteagal 12(3-d) de Threoir 2003/87/CE. |
|
(4) |
Chun an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a shimpliú, chun feidhmiú éifeachtach an chórais maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas a áirithiú, mar aon le hintuarthacht, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 ón gCoimisiún mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2023 lena leagtar síos liosta na n-oileán agus na gcalafort dá dtagraítear in Airteagal 12(3-d) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus liosta na gconarthaí seirbhíse poiblí trasnáisiúnta nó na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí trasnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(3-c) den Treoir sin (IO L, 2023/2895, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2895/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2895 mar a leanas:
|
(1) |
sa roinn a bhaineann leis an Danmhairg, sa dara colún agus sa tríú colún, cuirtear isteach an ró seo a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear an roinn a bhaineann leis an nGréig mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2924/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)