|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2911 |
19.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2911 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na Comhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) a mhéid a bhaineann le modh anailíse amháin agus caighdeán trádála IOC le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) i gcrích thar ceann an Aontais trí mheán Chinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (1). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) le cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe sin a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
Le linn an 120ú seisiún dá cuid, atá le reáchtáil i mí na Samhna 2024, tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige, mar aon le cinneadh a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach. |
|
(4) |
Saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát, phléigh siad go mion na cinntí atá le glacadh le linn an 120ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí. Leis na cinntí sin, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán olaí olóige agus bunófar creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil na hola olóige. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na gcinntí sin. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an Aontas leis na cinntí atá le glacadh a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus go bhféadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag na cinntí sin ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon na caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(6) |
I gcás ina gcuirfear glacadh na gcinntí ar atráth ag an 120ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí chomhfhreagras a mhalartú de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú, ar choinníoll go dtionscnófar an nós imeachta sin roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí an Mheithimh 2025. |
|
(7) |
Mar sin féin, ba cheart d’ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bheith in ann oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán rádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige nó ar leasuithe a bhaineann leis an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach. |
|
(8) |
Chun leasanna an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a iarraidh glacadh na gcinntí a chur ar atráth go dtí seisiún níos déanaí de Chomhairle na gComhaltaí dá mba dhócha go ndéanfadh faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfí i láthair roimh an 120ú seisiún nó lena linn difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) ag an 120ú seisiún dá cuid, atá le reáchtáil i mí na Samhna 2024, nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí an Mheithimh 2025 maidir leis an gcinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus maidir leis an gcinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle na Comhaltaí de IOC (‘Comhairle na gComhaltaí’) oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an caighdeán trádála le haghaidh ola olóige agus olaí prabhaite olóige agus ar an modh dá dtagraítear san Iarscríbhinn, nó ar leasuithe a bhaineann leis an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach.
Airteagal 3
I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an 120ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, nó lena linn, iarrfaidh ionadaithe an Aontais glacadh na gcinntí a chur ar atráth, cinntí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus ar an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach, go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/848/oj).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/2023-01-01).
IARSCRÍBHINN
Tacóidh an tAontas Eorpach leis na leasuithe seo a leanas ar an gcaighdeán trádála IOC agus ar mhodhanna anailíse le linn an 120ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí IOC atá le reáchtáil i mí na Samhna 2024, nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí an Mheithimh 2025:
|
— |
an t-athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige dar teideal ‘COI/T.15/NC No. 3’, trí athrú a dhéanamh ar uimhir na n-athbhreithnithe a bhaineann leis an modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona agus leis an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach, |
|
— |
an t-athbhreithniú ar an modh dar teideal ‘COI/T.20/Doc. No. 28/Rev. 3’ (Cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach). |
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Chomhaltaí IOC oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad as leasuithe dá dtagraítear sa chéad mhír.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2911/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)