|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2906 |
19.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2906 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2024
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2026, an méid bliantúil le haghaidh 2025, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2025 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2027 agus 2028
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. |
|
(2) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2024 lena sonrófar uasteorainn na ranníocaíochta le haghaidh 2026, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2025, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2025 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2027 agus 2028. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear sna Cistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimh an gCiste is deireanaí. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh an Choimisiúin agus le haghaidh BEI. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní athúsáidfear sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle (4), socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2025 ag EUR 800 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 9 000 000 do BEI. |
|
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm dátaa fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo ag EUR 700 000 000 don Choimisiún méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le haghaidh 2026.
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2025 ag EUR 809 000 000. Íocfar é mar a leanas:
|
(a) |
le haghaidh an Choimisiúin, EUR 800 000 000; agus |
|
(b) |
le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), EUR 9 000 000. |
Airteagal 3
Socraítear leis seo ag EUR 359 000 000 méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe in CEF mar an chéad tráthchuid le haghaidh 2025. Íocfar é mar a leanas:
|
(a) |
le haghaidh an Choimisiúin, EUR 350 000 000; agus |
|
(b) |
le haghaidh BEI, EUR 9 000 000. |
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 6 300 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin 9ú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2025, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2027, socraítear leis seo í ag EUR 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI. Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2028, socraítear leis seo í ag EUR 400 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 (IO L, 2023/2586, 15.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2586/oj).
IARSCRÍBHINN
An chéad tráthchuid 2025 (EUR) atá le híoc leis an gCoimisiún agus le BEI
|
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
9ú scála CEF (%) |
11ú scála CEF (%) |
An Coimisiún |
BEI |
An Coimisiún + BEI |
||
|
An 11ú CEF |
Aisíocaíocht ón 9ú CEF |
11ú CEF lúide Aisíocaíocht ón 9ú CEF |
An 11ú CEF |
Méid iomlán na chéad tráthchoda in 2025 |
|||
|
AN BHEILG |
3,92 |
3,24927 |
11 372 445 |
246 960 |
11 125 485 |
292 434 |
11 417 919 |
|
AN BHULGÁIR |
|
0,21853 |
764 855 |
0 |
764 855 |
19 668 |
784 523 |
|
AN tSEICIA |
|
0,79745 |
2 791 075 |
0 |
2 791 075 |
71 771 |
2 862 846 |
|
AN DANMHAIRG |
2,14 |
1,98045 |
6 931 575 |
134 820 |
6 796 755 |
178 241 |
6 974 996 |
|
AN GHEARMÁIN |
23,36 |
20,57980 |
72 029 300 |
1 471 680 |
70 557 620 |
1 852 182 |
72 409 802 |
|
AN EASTÓIN |
|
0,08635 |
302 225 |
0 |
302 225 |
7 772 |
309 997 |
|
ÉIRE |
0,62 |
0,94006 |
3 290 210 |
39 060 |
3 251 150 |
84 605 |
3 335 755 |
|
AN GHRÉIG |
1,25 |
1,50735 |
5 275 725 |
78 750 |
5 196 975 |
135 662 |
5 332 637 |
|
AN SPÁINN |
5,84 |
7,93248 |
27 763 680 |
367 920 |
27 395 760 |
713 923 |
28 109 683 |
|
AN FHRAINC |
24,30 |
17,81269 |
62 344 415 |
1 530 900 |
60 813 515 |
1 603 142 |
62 416 657 |
|
AN CHRÓIT |
|
0,22518 |
788 130 |
0 |
788 130 |
20 266 |
808 396 |
|
AN IODÁIL |
12,54 |
12,53009 |
43 855 315 |
790 020 |
43 065 295 |
1 127 708 |
44 193 003 |
|
AN CHIPIR |
|
0,11162 |
390 670 |
0 |
390 670 |
10 046 |
400 716 |
|
AN LAITVIA |
|
0,11612 |
406 420 |
0 |
406 420 |
10 451 |
416 871 |
|
AN LIOTUÁIN |
|
0,18077 |
632 695 |
0 |
632 695 |
16 269 |
648 964 |
|
LUCSAMBURG |
0,29 |
0,25509 |
892 815 |
18 270 |
874 545 |
22 958 |
897 503 |
|
AN UNGÁIR |
|
0,61456 |
2 150 960 |
0 |
2 150 960 |
55 310 |
2 206 270 |
|
MÁLTA |
|
0,03801 |
133 035 |
0 |
133 035 |
3 421 |
136 456 |
|
AN ÍSILTÍR |
5,22 |
4,77678 |
16 718 730 |
328 860 |
16 389 870 |
429 910 |
16 819 780 |
|
AN OSTAIR |
2,65 |
2,39757 |
8 391 495 |
166 950 |
8 224 545 |
215 781 |
8 440 326 |
|
AN PHOLAINN |
|
2,00734 |
7 025 690 |
0 |
7 025 690 |
180 661 |
7 206 351 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
0,97 |
1,19679 |
4 188 765 |
61 110 |
4 127 655 |
107 711 |
4 235 366 |
|
AN RÓMÁIN |
|
0,71815 |
2 513 525 |
0 |
2 513 525 |
64 634 |
2 578 159 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
|
0,22452 |
785 820 |
0 |
785 820 |
20 207 |
806 027 |
|
AN tSLÓVAIC |
|
0,37616 |
1 316 560 |
0 |
1 316 560 |
33 854 |
1 350 414 |
|
AN FHIONLAINN |
1,48 |
1,50909 |
5 281 815 |
93 240 |
5 188 575 |
135 818 |
5 324 393 |
|
AN tSUALAINN |
2,73 |
2,93911 |
10 286 885 |
171 990 |
10 114 895 |
264 520 |
10 379 415 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE (*1) |
12,69 |
14,67862 |
51 375 170 |
799 470 |
50 575 700 |
1 321 076 |
51 896 776 |
|
IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100,00 |
350 000 000 |
6 300 000 |
343 700 000 |
9 000 000 |
352 700 000 |
(*1) De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go ndéanfadh an Coimisiún a sciar atá fágtha aici de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF a aisíoc trí ghlanáireamh a dhéanamh ar an ranníocaíocht atá fágtha aici sa CEF. Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2906/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)