European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2898

20.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2898 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (1) (‘an Comhaontú’), shínigh an tAontas é agus cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ó bhí an 9 Iúil 2023 ann i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1475 ón gComhairle (2).

(2)

Le hAirteagal 14(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na bPáirtithe (‘an Comhchoiste’), chun riar agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú.

(3)

Le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú, déantar foráil go bhfuil an Comhchoiste lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

(4)

Ag an dara cruinniú den Chomhchoiste atá le reáchtáil i mí na Samhna 2024, tá coinne leis go nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena nglacfar a Rialacha Nós Imeachta.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an dara cruinniú den Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (‘an Comhchoiste’), a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste teacht ar chomhaontú maidir le mioncheartuithe teicniúla ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste gan cinneadh eile ón gComhairle i gcás ina bhfuil na hathruithe sin fíor-riachtanach chun gur féidir leis an gComhchoiste a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 182, 19.7.2023, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1475 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (IO L 182, 19.7.2023, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/… ÓN gCOMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN NUA-SHÉALAINN

an …

lena nglactar a Rialacha Nós Imeachta

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (1) (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Chomhaontú, tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 9 Iúil 2023 ann tar éis don Nua-Shéalainn fógra a thabhairt maidir le tabhairt chun críche a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.

(2)

Le Airteagal 14(3) den Chomhaontú, deántar foráil go bhfuil an Comhchoiste lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh chun cur chun feidhme éifeachtach cuí an Chomhaontaithe a áirithiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, mar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa…, …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO L 182, 19.7.2023, lch. 4.

IARSCRÍBHINN

Rialacha Nós Imeachta Chomhchoiste arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais

Riail 1

Cúraimí

An Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14(1) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta), de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), déanfaidh sé na cúraimí agus na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Chomhaontú.

Riail 2

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.

Beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ón Nua-Shéalainn.

2.

Tá oifigigh shinsearacha nó a n-ainmnithe, ag gníomhú dóibh mar ionadaithe ar an Aontas Eorpach agus ar an Nua-Shéalainn faoi seach, ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.

Tabharfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhchathaoirleach ar an gComhchoiste thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne faoi seach. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú dó mar chomhchathaoirleach thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne, faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Nua-Shéalainn don Pháirtí eile faoi chomhchathaoirleach nua.

4.

Measfar go bhfuil sé d’údarás ag comhchathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha don Pháirtí eile maidir le comhchathaoirleach nua.

Riail 3

Rúnaíocht

1.

Beidh Rúnaíocht an Chomhchoiste (‘an Rúnaíocht’) comhdhéanta d’oifigeach ón Aontas agus d’oifigeach ón Nua-Shéalainn. Feidhmeoidh an Rúnaíocht na cúraimí arna dtabhairt di leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Tabharfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta de Rúnaíocht an Chomhchoiste thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne faoi seach. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais agus na Nua-Shéalainne, faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Nua-Shéalainn maidir le hoifigeach nua.

Riail 4

Cruinnithe

1.

I gcomhréir le hAirteagal 14(5) den Chomhaontú, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n-éileofar sin le himthosca speisialta, arna iarraidh sin d’aon Pháirtí.

2.

Tiocfaidh sé le chéile, i bprionsabal, gach re seach sa Bheilg agus sa Nua-Shéalainn mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Féadfar cruinnithe a thionól freisin trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil, má chomhaontaíonn na comhchathaoirligh amhlaidh.

3.

Idir na cruinnithe a bheidh ag an gComhchoiste, oibreoidh sé ar bhonn leanúnach trí aon mhodh cumarsáide, go háirithe trí mhalartú ríomhphost.

Riail 5

Rannpháirtíocht i gcruinnithe

1.

Tréimhse ama réasúnta roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn, tríd an Rúnaíocht, comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí féin in iúl dá chéile agus sonróidh siad ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.

2.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e., daoine nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhchoiste chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhar sonrach agus chun bheith i láthair sna codanna sin den chruinniú nuair a phléifear na hábhair shonracha sin.

3.

Is é ionadaí an Páirtí a bhfuil an cruinniú á eagrú agus á óstáil aige, tar éis formheas a fháil ón bPáirtí eile, a shocróidh dáta agus ionad an chruinnithe.

Riail 6

Doiciméid

Déanfaidh an Rúnaíocht doiciméid ar a mbeidh pléití an Chomhchoiste bunaithe a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn.

Riail 7

Comhfhreagras

1.

Seolfaidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn a gcomhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhchoiste tríd an Rúnaíocht. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide scríofa, lena n-áirítear ríomhphost.

2.

Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar an comhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhchoiste a sheoladh chuig na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

3.

Déanfar gach comhfhreagras ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe chucu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

Riail 8

Clár oibre

1.

Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Chuige sin, 4 seachtaine ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, is é an t-oifigeach a bheidh ag gníomhú dó mar chomhalta de Rúnaíocht an Pháirtí a mbeidh an cruinniú á óstáil aige a ullmhóidh an chéad dréacht de chlár oibre sealadach mar aon leis na doiciméid a bhaineann le gach ítim ar an gclár oibre agus déanfar é a tharchur chuig comhalta Rúnaíocht an Pháirtí eile chun barúlacha a fháil. A luaithe a ullmhóidh an Rúnaíocht an dréachtchlár oibre sealadach, tarchuirfear é i dteannta aon doiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh lena bhformheas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dháta an chruinnithe.

2.

Áireofar ar an gclár oibre sealadach na hítimí sin a d’iarr na Páirtithe. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 15 lá roimh thús an chruinnithe.

3.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 thuas a laghdú.

4.

Glacfaidh an Comhchoiste a chlár oibre ag tús gach cruinnithe.

5.

Is féidir pointí nach bhfuil ar an dréachtchlár oibre a chur leis, agus féadfar pointí eile den dréachtchlár oibre a scriosadh, a chur siar nó a leasú ag an gcruinniú, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an dá Pháirtí déanamh amhlaidh.

Riail 9

Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid

1.

Ní thionólfar cruinnithe an Chomhchoiste go poiblí, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

2.

Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí an Chomhchoiste a fhoilsiú ina Iris Oifigiúil féin nó ar líne, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis an bPáirtí eile.

3.

I gcás ina gcuirfidh an tAontas nó an Nua-Shéalainn faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda nó cosanta ar nochtadh í faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an páirtí eile leis an bhfaisnéis sin.

4.

Má chuireann an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar fhairnéis rúnda nó cosanta ar nochtadh í faoina reachtaíocht ábhartha maidir le slándáil faisnéise (1), áiritheoidh an Nua-Shéalainn leibhéal inchomparáide rúndachta agus cosanta don fhaisnéis a gheofar. I gcás ina gcuirfidh an Nua-Shéalainn faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda nó cosanta ar nochtadh í faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an Coimisiún Eorpach leis an bhfaisnéis sin.

5.

Déanfaidh gach Páirtí iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid an Chomhchoiste a láimhseáil i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin ábhartha.

Riail 10

Miontuairiscí

1.

Scríobhfar miontuairiscí de gach cruinniú den Chomhchoiste.

2.

Maidir leis an oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 15 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht-mhiontuairiscí chuig an gcomhalta den Rúnaíocht ón bPáirtí eile chun barúlacha a fháil. Féadfaidh Rúnaíocht an Pháirtí sin barúlacha a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a fhaightear na dréacht-mhiontuairiscí.

3.

Tabharfar achoimre sna miontuairiscí ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na doiciméid a cuireadh isteach chuig an gComhchoiste;

(b)

aon ráiteas ar iarr ceann de na páirtithe go gcuirfí sna miontuairiscí é; agus

(c)

na cinntí a glacadh, na ráitis a cinneadh agus na conclúidí oibríochtúla a glacadh maidir le hítimí sonracha.

4.

Áireofar sna miontuairiscí liosta tinrimh ina mbeidh ainmneacha, teidil agus feidhmeanna na rannpháirtithe uile sa chruinniú.

5.

Déanfaidh na comhchathaoirligh na miontuairiscí a fhormheas agus a shíniú laistigh de 2 mhí tar éis an chruinnithe nó faoi aon dáta eile a chinnfidh na comhchathaoirligh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas sin. Déanfar an leagan barántúil de na miontuairiscí a chaomhnú i gcomhaid gach Páirtí.

6.

Laistigh de 2 lá oibre tar éis chruinniú an Chomhchoiste, ullmhóidh Rúnaíocht an Chomhchoiste achoimre ar na miontuairiscí freisin lena bhformheas ag na comhchathaoirligh a luaithe is féidir. A luaithe a bheidh téacs na hachoimre formheasta ag comhchathaoirligh an Chomhchoiste, féadfaidh na Páirtithe an achoimre ar na miontuairiscí a phoibliú.

Riail 11

Cinntí

1.

I gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoi Airteagal 14 den Chomhaontú, déanfaidh an Comhchoiste cinntí de chomhthoil. Déanfaidh an Rúnaíocht taifead ar aon chinneadh faoi shraithuimhir agus le tagairt don dáta a glacadh é.

2.

Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn trí mhalartú nótaí idir na comhchathaoirligh má chomhaontaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú amhlaidh. Déanfaidh comhchathaoirleach amháin téacs an dréachtchinnidh a chur i láthair an chomhchathaoirligh eile i scríbhinn i dteanga oifigiúil an Chomhchoiste, i gcomhréir le Riail 14. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí a mholann dréachtchinneadh, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go n-aontaíonn sé leis an dréachtchinneadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go gcomhaontaíonn sé leis an gcinneadh, pléifear an cinneadh atá beartaithe ag an gcéad chruinniú eile den Chomhchoiste agus féadfar é a ghlacadh ag an gcruinniú sin. Measfar an dréachtchinneadh a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leis agus déanfar sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chéad chruinnithe eile den Chomhchoiste.

3.

Síneoidh comhchathaoirligh an Chomhchoiste gach cinneadh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú.

4.

Sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste an dáta a ghabhfaidh éifeacht leo.

Riail 12

Cosaint sonraí pearsanta

Foilseofar na doiciméid dá dtagraítear i Rialacha 9, 10 agus 11 i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme ag an dá Pháirtí, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta.

Riail 13

Meithleacha agus comhlachtaí comhairleacha

1.

I gcomhréir le hAirteagal 14(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh meitheal nó comhlacht comhairleach a bhunú nó a dhíscaoileadh ar an leibhéal saineolaithe. Cinnfidh an Comhchoiste comhdhéanamh agus dualgais gach meithle nó/comhlachta chomhairligh agus féadfaidh sé iad a leasú de réir mar is gá.

2.

Rannchuideoidh an mheitheal nó an comhlacht comhairleach le hobair an Chomhchoiste agus cuideoidh leis a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear – má chuireann an Comhchoiste de chúram air – trí thuarascálacha nó dréachtchinntí a ullmhú lena bhformheas ag an gComhchoiste.

3.

Tiocfaidh an mheitheal nó an comhlacht comhairleach le chéile de réir mar is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus tuairisceoidh don Chomhchoiste.

4.

Ní chuirfidh bunú ná feidhmiú meithle nó comhlachta chomhairligh cosc ar na Páirtithe aon ábhar a thabhairt go díreach don Chomhchoiste.

5.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste maidir leis na meithleacha agus na comhlachtaí comhairleacha arna mbunú ag an gComhchoiste.

Riail 14

Teangacha

1.

Béarla a bheidh i dteanga oibre oifigiúil an Chomhchoiste.

2.

Is i mBéarla a dhéanfar plé an Chomhchoiste. Is i mBéarla a dhréachtófar clár oibre an chruinnithe, na doiciméid a chuirfear faoi bhráid an Chomhchoiste agus miontuairiscí an chruinnithe.

3.

Is i mBéarla a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid Cinntí.

Riail 15

Caiteachas

Seasfaidh gach Páirtí as na costais a thabhóidh sé as rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha agus na gcomhlachtaí comhairleacha atá bunaithe.

Is ar an bPáirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le cruinnithe a eagrú.

Riail 16

Leasuithe ar na Rialacha

Féadfar na rialacha nós imeachta sin a leasú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, i gcomhréir le Riail 11.

Arna dhéanamh, …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO AE L 72, 17.3.2015, lch. 41).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2898/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)