European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2897

18.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2897 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/2894 ón gComhairle an 18 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (2) agus Rialachán (AE) 2023/1529 (3), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

(2)

An 18 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2894, lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2023/1532. I bhfianaise thacaíocht mhíleata leanúnach na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go háirithe soláthar na hIaráine d’aerárthaí gan foireann agus de dhiúracáin don Rúis. Tugtar bearta sriantacha breise isteach le Cinneadh (CBES) 2024/2894.

(3)

Leis na bearta, tugtar isteach toirmeasc ar chomhpháirteanna breise a úsáidtear i bhforbairt agus i dtáirgeadh aerárthaí gan foireann agus comhpháirteanna a úsáidtear i bhforbairt agus i dtáirgeadh diúracán a onnmhairiú, a dhíol, a aistriú nó a sholáthar ón Aontas don Iaráin.

(4)

Chomh maith leis sin, tugtar isteach leis na bearta toirmeasc ar idirbhearta lena dtoirmisctear aon idirbheart le calafoirt agus loic atá faoi úinéireacht, á n-oibriú nó faoi rialú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí liostaithe nó a úsáidtear chun aerárthaí gan foireann nó diúracáin Iaránacha nó teicneolaíocht ghaolmhar nó comhpháirteanna díobh a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Áirítear leis sin rochtain ar shaoráidí na gcalafort agus na loc atá liostaithe agus aon seirbhís a sholáthar do shoithí. Tá díolúine i dtaca le sábháilteacht mhuirí san áireamh.

(5)

Is iomchuí freisin na critéir maidir le liostú a leasú agus foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí spriocdhírithe.

(6)

Tagann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(7)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ionas nach gcuirfear éifeachtacht na mbeart a leagtar amach ann i mbaol.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1529 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le cumas na hIaráine Aerárthaí gan Foireann (AÁGFanna) nó diúracáin mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a mhonarú, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar a ndíol, ar a soláthar, ar a n-aistriú agus ar a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.

Earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a onnmhairítear ón Aontas, beidh toirmeasc ar a n-idirthuras trí chríoch na hIaráine.’

;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

1.   Toirmiscfear gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le calafoirt agus loic a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

2.   Beidh san áireamh in Iarscríbhinn IV na calafoirt agus loic seo a leanas:

(a)

atá faoi úinéireacht, á n-oibriú nó faoi rialú ag aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(b)

atá faoi úinéireacht, á n-oibriú nó faoi rialú ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(c)

atáfaoi úinéireacht, á n-oibriú nó faoi rialú ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo; nó

(d)

a úsáidtear le haghaidh aerárthaí gan foireann nó diúracáin nó teicneolaíochtaí gaolmhara de chuid na hIaráine, nó comhpháirteanna díobh, a aistriú chun tacú leis an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás soitheach a bhfuil cúnamh de dhíth air agus é ag lorg áit dídine, i gcás cuairt éigeandála ar chalafort ar chúiseanna sábháilteachta muirí, nó chun beatha a shábháil ar muir, nó chun críoch daonnúil, nó chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.’

;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, nó atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

(a)

atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;

(b)

a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara nó comhpháirteanna díobh, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:

(i)

chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

(ii)

chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;

(iii)

chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,

(c)

a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b);

mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar iad a reo.’

;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3ca

1.   De mhaolú ar Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil d’eintitis a liostaítear faoi na huimhreacha iontrála 10, 11 agus 12 in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó leis na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh seirbhísí láimhseála ar an talamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

2.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó leis na hacmhainní eacnamaíocha chun déileáil le hábhair aershábháilteachta práinneacha atá sainaitheanta go soiléir agus tar éis dul i gcomhairle roimh ré le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ó údarú den sórt sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, Rialacháin (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).’;"

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3f

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

cuspóirí daonnúla, daoine a aslonnú nó a aisdúichiú, nó le haghaidh tionscnaimh lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha;

(b)

oibriú eitiltí a theastaíonn chun freastal ar chruinnithe arb é is aidhm leo réiteach a fháil ar thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua; nó arb é is aidhm leo lena gcuirtear chun cinn cuspóirí beartais na mbeart sriantach;

(c)

tuirlingt, éirí den talamh nó traseitilt éigeandála, nó

(d)

taisteal, chun críocha oifigiúla, chomhaltaí mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na mBallstát san Iaráin nó chomhaltaí eagraíochtaí idirnáisiúnta a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí; lonnaithe, bunaithe nó atá corpraithe ar an eolas faoi chistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil de bhun mhír 1 laistigh de 2 sheachtain tar éis iad a bheith curtha ar fáil. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fuarthas faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón bhfaisnéis a fháil.’

;

(6)

Scriostar Airteagal 4;

(7)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(8)

Cuirtear Iarscríbhinn IV leis i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2024/2894, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2894/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1529/oj).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529:

‘IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA N-ÍTIMÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2

RÉAMHNÓTAÍ

1.

I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód CC/AC, níl sna hearraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1529 ach cuid de raon feidhme an chóid CC/AC agus is iad an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus raon feidhme an chóid CC/AC araon a chinnfidh iad.

2.

Tugtar sainmhínithe ar théarmaí idir “comharthaí singile athfhriotail” i nóta teicniúil a bhaineann leis an ítim ábhartha.

3.

Tá sainmhínithe ar théarmaí idir “comharthaí dúbailte athfhriotail” le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

Catagóir 1 – Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar

Tuairisc

Cód CC/AC

Ábhair fuinneamhachais mar a leanas agus meascáin díobh:

Piocráit amóiniam (CAS 131-74-8);

ex 2908 99 00

Púdar dubh;

ex 3601 00 00

Heicsinítridhéfheiniolaimín (CAS 131-73-7);

ex 2921 44 00

Défhluaraimín (CAS 10405-27-3);

ex 2812 90 00

Stáirse nítreach (CAS 9056-38-6);

ex 3505 10 50

Teitrinítreanaftailéin (CAS 28995-89-3, CAS 4793-98-0);

ex 2902 90 00

Tríníotranasól (CAS 606-35-9);

ex 2909 30 90

Trínítreanaftailéin (CAS 55810-17-8, CAS 2243-94-9);

ex 2902 90 00

Tríníotrocsailéin (CAS 632-92-8);

ex 2902 41 00

ex 2902 42 00

ex 2902 43 00

ex 2902 44 00

N-meitil-2-piorólaidhéanón; 1-meitil-2-piorólaidhéanón (CAS 872-50-4);

ex 2939 79 90

Dé-ochtalmaléáit (CAS 142-16-5);

ex 2917 19 80

Eitilheicsiolaicrioláit (CAS 103-11-7);

ex 2916 12 00

Trí-eitiolalúmanam (TEA) (CAS 97-93-8), trímheitilalúmanam (TMA) (CAS 75-24-1), agus ailcilí agus airilí miotalacha pireafóracha ó litiam, sóidiam, maignéisiam, sinc nó bórón;

ex 2931 90 00

Nítriceallalós (CAS 9004-70-0);

3912 20

Nítriglicrín (nó gliocróiltríníotráit, trínítriglicrín) (NG) (CAS 55-63-0);

ex 2920 90 70

2,4,6-tríníotratolúéin (TNT) (CAS 118-96-7);

ex 2904 20 00

Eitiléindé-aimíndéníotráit (EDDN) (CAS 20829-66-7);

ex 2920 90 70

Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN) (CAS 78-11-5);

ex 2920 90 70

Aisíd luaidhe (CAS 13424-46-9), gnáthstiofnáit luaidhe (CAS 15245-44-0) agus stiofnáit luaidhe bhunúsach (CAS 12403-82-6), agus pléascáin phríomhúla nó cumaisc phrímeála ina bhfuil aisídí nó coimpléisc aisíde;

ex 2850 00 60

ex 2908 99 00

Dé-eitildéfheiniolúiré (CAS 85-98-3); démheitildéfheiniolúiré (CAS 611-92-7); úiré mheitileitildhéfheinile

ex 2924 21 00

N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach) (CAS 603-54-3);

ex 2924 21 00

Meitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach mheitile)(CAS 13114-72-2);

ex 2924 21 00

Eitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach eitile) (CAS 64544-71-4);

ex 2924 21 00

4-Nítridhéfheiniolaimín (4-NDPA)(CAS 836-30-6);

ex 2921 44 00

2,2-dénítreaprópánól (CAS 918-52-5);

ex 2905 59 98

Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha, nach rialaítear le 1C010 (1) ná 1C210 (2), le haghaidh úsáid i struchtúir “chomhchodacha” agus ag a bhfuil modal sonrach de 3,18 × 106 m nó níos mó agus ag a bhfuil neart teanntachta sonrach de 7,62 × 104 m nó níos mó

ex 5402 11

ex 5501 11

ex 5503 11

ex 6815 11

ex 6815 12

ex 6815 19

ex 7019 19 10

Nana-ábhair mar a leanas:

a.

Nana-ábhair leathsheoltóra;

b.

Nana-ábhair bunaithe ar ábhair chomhchodacha; nó

c.

Aon cheann de na nana-ábhair charbónbhunaithe seo a leanas:

1.

Nanafheadáin charbóin;

2.

Nanashnáithíní carbóin;

3.

Fullairéiní;

4.

Graiféiní; nó

5.

Oinniúin charbóin.

Nótaí:

Chun críoch an rialaithe seo, ciallaíonn nana-ábhar ábhar a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

1.

Tá sé comhdhéanta de cháithníní ag a bhfuil toise seachtrach amháin nó níos mó sa raon méide 1 - 100 nm le haghaidh níos mó ná 1 % dá líon méid-dáileacháin;

2.

Tá struchtúir inmheánacha nó dromchla aige ag a bhfuil toise amháin nó níos mó sa raon méide 1 - 100 nm; nó

3.

Tá sainachar dromchla aige, de réir toirte, atá níos mó ná 60 m2/cm3, gan ábhair atá comhdhéanta de cháithníní ag a bhfuil méid is lú ná 1 nm a chur san áireamh

ex 2805 30

ex 2846 10

ex 2846 90

ex 5402 11

ex 5501 11

ex 5503 11

ex 6815 11

ex 6815 12

ex 6815 13

ex 6815 19

ex 7019 12

ex 7019 19

Tungstan, cairbíd tungstain agus cóimhiotail, nach rialaítear le 1C117 (3), 1C226 (4), II.A1.013 (5) ná II.A1.017 (6), a bhfuil cion is mó ná 90 % tungstain iontu de réir meáchain.

Nóta 1:

Chun críoch an rialaithe seo, eisiatar sreang

Nóta 2:

Chun críoch an rialaithe seo, eisiatar ionstraimí máinlíochta nó leighis

2849 90 30

ex 8101 10

ex 8101 94

ex 8101 97

ex 8101 99

Poileitiléin Meáchain Mhóilínigh Ultra-Aird, nach rialaítear le 1C010 (7) ná 1C210 (8), a chuirtear i láthair in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

a.

Foirmeacha príomhúla;

b.

Snáth filiméid nó aonfhiliméid;

c.

Barraigh filiméid;

d.

Caisirníní;

e.

Snáithíní stáplacha nó mionghearrtha;

f.

Fabraicí;

g.

Laíon nó flocais.

ex 3901 20 10

ex 3901 20 90

ex 5402 39

ex 5402 49

ex 5402 59

ex 5402 69

ex 5404 90 90

ex 5407 20 11

ex 5407 20 19

ex 5501 90

ex 5503 90

ex 5506 90

ex 5601 30

Catagóir 2 – Próiseáil ar ábhair

Tuairisc

Cód CC/AC

Imthacaí agus córais imthacaí nach rialaítear le 2A001 (9) agus 2A101 (10):

a.

Imthacaí gránach nó imthacaí gránach soladacha, ag a bhfuil lamháltais atá sonraithe ag an monaróir i gcomhréir le ABEC 7, ABEC 7P, nó ABEC 7T nó Aicme 4 de Chaighdeán ISO nó níos fearr (nó a gcoibhéisí) agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas;

1.

Monaraítear iad lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin is airde ná 573 K (300o C) trí ábhair speisialta a úsáid nó trí theaschóireáil speisialta; nó

2.

Tá eilimintí bealaithe iontu nó tá modhnuithe déanta ar chomhpháirteanna díobh, arb amhlaidh, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, a saindearadh iad chun go mbeadh na himthacaí in ann oibriú ag luasanna is airde ná 2,3  milliún “dN”;

b.

Imthacaí rollacha barrchaolaithe soladacha, ag a bhfuil lamháltais atá sonraithe ag an monaróir i gcomhréir le hAicme 00 (orlach) nó Aicme A (méadrach) ANSI/ABMA nó níos fearr (nó a gcoibhéisí) agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Tá eilimintí bealaithe iontu nó tá modhnuithe déanta ar chomhpháirteanna díobh, arb amhlaidh, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, ar saindearadh iad chun go mbeadh na himthacaí in ann oibriú ag luasanna is airde ná 2,3  milliún “dN”; nó

2.

Monaraítear iad lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin is ísle ná 219 K (-54o C) nó is airde ná 423 K (150o C);

c.

Imthaca scragaill gásbhealaithe a mhonaraítear lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin 561 K (288 oC) nó níos airde, agus ag a bhfuil acmhainn aonadlasta is mó ná 1 MPa;

d.

Córais imthacaí mhaighnéadacha ghníomhacha;

e.

Imthacaí féinailínithe fabraiclíneáilte nó imthacaí sleamhnáin siurnail fabraiclíneáilte a mhonaraítear lena n-úsáid ag teochtaí oibriúcháin is ísle ná 219 K (-54o C) nó is airde ná 423 K (150o C).

ex 8482 10

ex 8482 20

ex 8482 30

ex 8482 40

ex 8482 50

ex 8482 80

ex 8482 91

Nótaí Teicniúla:

1.

Is éard atá in “dN” ná toradh thrastomhas cró an imthaca in mm agus threoluas rothlach an imthaca in isn.

2.

Áirítear le teochtaí oibriúcháin na teochtaí sin a fhaightear nuair a stopann inneall gástuirbín tar éis oibriú

 

Trealamh braite nithe ceilte a oibríonn sa raon minicíochta 30 GHz go 3 000  GHz agus ag a bhfuil taifeach spásúil 0,1 mrad (millearaidian) suas le 1 mrad (millearaidian) agus an taifeach sin san áireamh, ag achar scóipe 100 m; agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821.

Nóta: Áirítear le trealamh braite nithe ceilte trealamh chun daoine, doiciméid, bagáiste, earraí pearsanta eile, lasta agus/nó post a scagadh, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin.

Nóta Teicniúil:

Cumhdaítear le raon na minicíochtaí na minicíochtaí a meastar go ginearálta iad a bheith sna réigiúin toinne milliméadair, toinne fo-mhilliméadair agus teiriheirts.

ex 8526 10

ex 8526 92

ex 8482 10 90

Aonaid “rialaithe uimhriúil” le haghaidh meaisín-uirlisí agus meaisín-uirlisí “faoi rialú uimhriúil”, cé is moite díobh siúd a shonraítear in CML nó i Rialachán (AE) 2021/821 (féach an Liosta Ítimí Rialaithe):

a.

Aonaid “rialaithe uimhriúil” le haghaidh meaisín-uirlisí:

1.

Ag a bhfuil ceithre ais idirshuíomhacha is féidir a chomhordú go comhuaineach le haghaidh an rialaithe comhrianaithe; nó

2.

Ag a bhfuil dhá cheann nó níos mó d’aiseanna is féidir a chomhordú go comhuaineach le haghaidh an rialaithe comhrianaithe, maille le hincrimint in-ríomhchláraithe íosta is fearr (is lú) ná 0,001  mm;

3.

Aonaid “rialaithe uimhriúil” le haghaidh meaisín-uirlisí ag a bhfuil dhá ais, trí ais nó ceithre ais idirshuíomhacha is féidir a chomhordú go comhuaineach le haghaidh an rialaithe comhrianaithe, agus iad in ann sonraí dearaidh ríomhchuidithe (DRC) a fháil go díreach (ar líne) agus a phróiseáil le haghaidh ullmhú inmheánach treoracha meaisín; nó

b.

Cláir rialaithe gluaisne atá saindeartha le haghaidh meaisín-uirlisí agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

1.

Idirshuíomh i níos mó ná ceithre ais;

2.

An cumas próiseáil fíor-ama a dhéanamh ar shonraí chun conair na huirlise, an ráta fothaithe agus sonraí fearsaidí a mhodhnú, le linn na hoibríochta meaisínithe, trí aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Ríomh agus modhnú uathoibríoch sonraí páirtchláir le haghaidh meaisínithe in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna trí bhíthin timthriallta tomhais agus rochtain ar shonraí foinseacha; nó

b.

Rialú oiriúnaitheach ag a bhfuil níos mó ná athróg fhisiceach amháin arna dtomhas agus arna bpróiseáil le samhail ríomhaireachta (straitéis) chun ceann amháin nó níos mó de na treoracha meaisínithe a athrú chun an próiseas a bharrfheabhsú; nó

3.

An cumas sonraí DRC a fháil agus a phróiseáil le haghaidh ullmhú inmheánach treoracha meaisín;

c.

Meaisín-uirlisí “faoi rialú uimhriúil” ar féidir, de réir shonraíochtaí teicniúla an mhonaróra, gairis leictreonacha a fheistiú iontu ar gairis iad rialú comhrianaithe a dhéanamh go comhuaineach in dhá ais nó níos mó agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:

1.

Is féidir dhá ais nó níos mó a chomhordú go comhuaineach le haghaidh rialú comhrianaithe; agus

2.

Cruinnis aimsithe suímh de réir ISO 230/2 (2006), agus na cúitimh uile ar fáil:

a.

Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (aimsiú suímh foriomlán) le haghaidh meaisíní meilte;

b.

Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (aimsiú suímh foriomlán) le haghaidh meaisíní muilleála; nó

c.

Níos fearr ná 15 μm ar feadh aon ais líneach (aimsiú suímh foriomlán) le haghaidh meaisíní deileadóireachta; nó

d.

Meaisín-uirlisí, mar a leanas, chun miotail, ceirmigh nó “comhchodaigh” a bhaint nó a ghearradh, arb amhlaidh, de réir shonraíochtaí teicniúla an mhonaróra, is féidir feistí leictreonacha a fheistiú orthu le haghaidh rialú comhrianaithe a dhéanamh go comhuaineach in dhá ais nó níos mó:

1.

Meaisín-uirlisí deileadóireachta, meilte, muilleála nó aon chumasc díobh sin, a bhfuil dhá ais nó níos mó acu is féidir a chomhordú go comhuaineach le haghaidh rialú comhrianaithe agus ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

“Fearsaid chlaoine” chomhrianaithe amháin nó níos mó;

Nóta:

Is le meaisín-uirlisí meilte nó muilleála a bhaineann seo agus leo sin amháin.

b.

“Ceamáil” (díláithriú aiseach) in aon rothlú amháin den fhearsaid, is lú (is fearr) ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006  mm;

Nóta:

Is le meaisín-uirlisí deileadóireachta a bhaineann seo agus leo sin amháin.

c.

“Díláithriú gathach” in aon rothlú amháin den fhearsaid, is lú (is fearr) ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006  mm; nó

d.

Tá na “cruinnis aimsithe suímh”, agus na cúitimh uile ar fáil, níos lú (níos fearr) ná: 0,001 o ar aon ais rothlach;

2.

Meaisíní díluchtaithe leictreacha (EDManna) de chineál a oibríonn le fotha sreinge agus a bhfuil cúig ais nó níos mó acu is féidir a chomhordú go comhuaineach le haghaidh rialú comhrianaithe.

ex 8537 10 10

ex 8537 10 98

ex 8456 30

ex 8457 10

ex 8457 20

ex 8457 30

ex 8458 11

ex 8458 91

ex 8459 10

ex 8459 31

ex 8459 51

ex 8459 61

ex 8460 12

ex 8460 22

ex 8460 23

ex 8460 24

Cóimeálacha, cláir chiorcad nó ionsáiteáin atá saindeartha le haghaidh meaisín-uirlisí a rialaítear san iarscríbhinn seo:

a.

Cóimeálacha fearsaidí arb é atá iontu fearsaidí agus imthacaí mar chóimeáil íosta, agus gluaisne aise ghathach (“díláithriú gathach”) nó gluaisne aise aiseach (“ceamáil”) acu, in aon rothlú amháin den fhearsaid, is lú (is fearr) ná léamh táscaire iomlán (TIR) 0,0006  mm;

b.

Ionsáiteáin le haghaidh uirlis ghearrtha dhiamaint pointe aonair, ag a bhfuil gach ceann de na saintréithe a leanas:

1.

Faobhar uirlise gan cháim, “saor ó shlisíní”, nuair a bhreathnaítear í agus í arna formhéadú 400 uair in aon treo;

2.

Ga gearrtha ó 0,1 go 5 mm go huile; agus

3.

Is lú (is fearr) ná 0,002  mm TIR an gha gearrtha ó thaobh iomrall cruinne de.

c.

Cláir chiorcad phriontáilte shaindeartha a bhfuil comhpháirteanna feistithe iontu a bhfuil ar a gcumas, de réir shonraíochtaí an mhonaróra, aonaid “rialaithe uimhriúil”, meaisín-uirlisí nó gairis aisfhotha a uasghrádú go dtí na leibhéil a shonraítear san Iarscríbhinn seo, nó go dtí leibhéil níos airde.

Nóta Teicniúil:

Ní rialaítear leis an iontráil seo córais thrasnamhéadair tomhais, gan aisfhothú iata ná aisfhothú lúb oscailte, ina bhfuil léasar chun earráidí gluaisne sleamhnáin a thomhas i meaisín-uirlisí, i meaisíní iniúchta toisí, nó i dtrealamh comhchosúil.

ex 8207 19

ex 8207 20

ex 8207 50

ex 8207 60

ex 8207 90

ex 8466 10

ex 8466 20 20

ex 8466 20 91

ex 8466 20 98

ex 8466 30

ex 8466 93

“Bogearraí” a saindearadh le haghaidh na meaisín-uirlisí a rialaítear san Iarscríbhinn seo a “fhorbairt”, a “tháirgeadh”, nó a “úsáid”

 

Meaisín-uirlisí “faoi rialú uimhriúil”, ag a bhfuil ais líneach amháin nó níos mó ar mó ná 8 000  mm an fad gluaiste iontu.

ex 8456

ex 8457

ex 8458

ex 8459

ex 8460

Catagóir 3 – Leictreonaic

Tuairisc

Cód CC/AC

Ciorcaid iomlánaithe, mar a leanas: Eagar Geataí In-Ríomhchláraithe sa Réimse (EGIRR), micririaltáin, micreaphróiseálaithe, próiseálaithe comharthaí, anailíseoirí comharthaí, Tiontairí ó Analógach go Digiteach (ADC), rialtóirí voltais, ionchódóirí físeáin agus tiontairí DC-DC.

ex 8542 31

ex 8542 39

Aimplitheoirí agus feistí “Ciorcaid Iomlánaithe Micreathoinne Mhonailiotacha”(“MMICanna”)

ex 8542 33

8543 70 02

Scagairí radaimhinicíochtaí (scagairí RF) nó scagairí trasnaíochta leictreamaighnéadaí (scagairí EMI)

ex 8548 00

Toilleoirí tantalaim

8532 21

Toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim

8532 22

Toilleoirí ilsraitheacha tréleictreacha ceirmeacha

8532 24

Ciorcaid iomlánaithe stórála, mar a leanas:

a.

Cuimhní inléite amháin in-ríomhchláraithe in-léirscriosta go leictreach (EEPROM), a bhfuil toilleadh stórála iontu;

1.

Is mó ná 16 Mheigighiotán in aghaidh an phacáiste i gcás cineálacha flaischuimhne; nó

2.

Is mó ná ceachtar den dá theorainn seo a leanas le haghaidh gach cineál eile EEPROM:

a.

Is mó ná 1 Mheigighiotán in aghaidh an phacáiste; nó

b.

Is mó ná 256 chilighiotán in aghaidh an phacáiste agus a bhfuil uas-aga rochtana aige is lú ná 80 ns;

b.

Cuimhní randamrochtana statacha (SRAM) a bhfuil toilleadh stórála iontu:

1.

Is mó ná 1 Mheigighiotán in aghaidh an phacáiste; nó

2.

Is mó ná 256 chilighiotán in aghaidh an phacáiste agus a bhfuil uas-aga rochtana aige is lú ná 25 ns

ex 8542 32

Criostail phísileictreacha shuite

8541 60

“Gairis leathsheoltóra” a chomhlíonann caighdeán míleata MIL-STD-750D nó caighdeán coibhéiseach eile.

Nóta Teicniúil: Chun críoch an rialaithe seo, is éard is “gairis leathsheoltóra” ann comhpháirteanna leictreonacha a bhraitheann ar airíonna leictreonacha ábhair leathsheoltóra, amhail dé-óideanna, trasduchtóirí, gairis fhótamhothálacha, dé-óideanna srutha ailtéarnaigh (DIAC), trióideanna srutha ailtéarnaigh (TRIAC), tíreastóirí, XXXX, YYYY nó trasraitheoirí, lena n-áirítear trasraitheoirí tionchair réimse “leathsheoltóir-miotal-ocsaíd” (MOSFET), FET, FINFET, IGBT, etc

ex 8541 10

ex 8541 21

ex 8541 29

ex 8541 30

ex 8541 49

ex 8541 51

ex 8541 59

Plocóidí, nascóirí, seacanna, cáblaí preabthosaithe, teirminéil, soicéid nó cuibheoirí leictreacha, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Tá siad rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach is airde ná 398 K (125 oC);

b.

Tá siad rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach is ísle ná 218 K (– 55 oC); nó

c.

Tá siad rátaithe chun oibriú thar an raon iomlán teochta comhthimpeallaí ó 218 K (55 oC) go 398 K (125 oC);

ex 8536 69

ex 8536 90

Trealamh chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a mhonarú, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

a.

Trealamh próiseála scannán;

b.

Trealamh brataithe masc sádair;

c.

Trealamh breacaire grianghraf;

d.

Trealamh deasctha plátála nó leictreaphlátála;

e.

Cuasáin agus preasanna folúis;

f.

Lannaitheoirí rolla;

g.

Trealamh ailíniúcháin; nó

h.

Trealamh eitseála.

ex 8424 89 40

ex 8479 89 70

ex 8543 30 40

ex 8486 40

ex 8420 10 81

ex 8479 90 15

Trealamh iniúchta optúil uathoibrithe chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a thástáil, ar trealamh é atá bunaithe ar bhraiteoirí optúla nó leictreacha, agus atá ábalta aon cheann de na fabhtanna cáilíochta seo a leanas a bhrath:

a.

Spásáil, achar, toirt nó airde;

b.

Leath-cheannéirí;

c.

Comhpháirteanna (láithreacht, neamhláithreacht, tiontaithe, seach-churtha, polaraíocht, nó sceabha);

d.

Sádar (droicheadú, siúntaí sádair neamh-leordhóthanacha);

e.

Luaidheanna (taos neamh-leordhóthanach, ardú);

f.

Ceannéirí; nó

g.

Fabhtanna leictreacha (gearrchiorcaid, ciorcaid oscailte, friotaíocht, toilleas, cumhacht, feidhmíocht eangaí).

ex 9030 31

ex 9030 32

ex 9030 33 20

ex 9030 33 70

ex 9030 39 00

ex 9030 84

ex 9030 89

ex 9031 49 10

ex 9031 49 90

ex 9031 80 20

ex 9031 80 80

Ceimiceáin agus ábhair den chineál a úsáidtear chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a tháirgeadh, mar a leanas:

a.

Foshraitheanna “comhchodacha” CCP atá déanta as snáithín gloine nó cadás (e.g. FR-4, FR-2, FR-6, CEM-1, G-10, etc.);

b.

Foshraitheanna CCP ilchisealacha, ina bhfuil ciseal amháin ar a laghad d’aon cheann de na hábhair seo a leanas:

1.

Alúmanam;

2.

Polaiteitreafluaireitiléin (PTFE); nó

3.

Ábhair cheirmeacha (e.g. alúmana, ocsaíd tíotáiniam, etc.);

c.

Ceimiceáin eitseálóra;

1.

Clóiríd fheireach (7705-08-0);

2.

Clóiríd choprach (7447-39-4);

3.

Sárshulfáit amóiniam (7727-54-0);

4.

Sárshulfáit sóidiam (7775-27-1); nó

5.

Ullmhóidí ceimiceacha a saindearadh le haghaidh eitseála agus ina bhfuil aon cheann de na ceimiceáin a áirítear i bpointí 1 go 4.

Nóta:

Ní rialaítear leis an rialú seo“meascáin cheimiceacha” ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin a shonraítear san iontráil seo agus nach mó ná 10 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith a shonraítear iontu.

d.

Scragall copair ag a bhfuil íos-íonacht 95 % agus ar lú a thiús ná 100 μm;

e.

Substaintí polaiméireacha agus scannáin díobh atá níos lú ná 0,5  mm ar tiús, mar a leanas:

1.

Poilimídí aramatacha;

2.

Pairiléiní;

3.

Beinsicioglabúitéiní (BCBanna); nó

4.

Polaibeansocsasóil.

ex 3921 90 55

ex 8534 00

ex 2827 39 20

ex 2827 39 85

ex 2833 40

ex 3824 99 96

ex 7410 11

ex 7410 21

ex 3919 10 80

ex 3919 90 80

“Bogearraí” a saindearadh chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a thástáil, a “fhorbairt” nó a “tháirgeadh”.

Neamhbhainteach

Córais agus trealamh radaimhinicíochta nach n-áirítear i Rialachán (AE) 2021/821, comhpháirteanna agus gabhálais, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh chun aon cheann de na feidhmeanna seo a leanas a fhorbairt:

a.

Smacht agus ceannas a ghlacadh ar aerárthaí gan foireann (UAVanna).

b.

Cuir isteach d’aon ghnó agus go roghnach ar chomharthaí radaimhinicíochta chun aerárthaí gan foireann a rialú agus a stiúradh, nó iad a dhiúltú, a chosc, a dhíghrádú nó cluain a chur orthu.

c.

Sainghnéithe an phrótacail radaimhinicíochta a úsáideann dróin a úsáid chun cur isteach ar a n-oibriú.

ex 8517 62

ex 8517 71

ex 8517 79

ex 8525 50

ex 8526 92

ex 8529 10

ex 8543 70 90

Catagóir 4 – Ríomhairí

Tuairisc

Cód CC/AC

Ríomhairí leictreonacha agus trealamh gaolmhar, agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh, atá rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach is airde ná 343 K (70 oC)

ex 8471

“Ríomhairí digiteacha”, lena n-áirítear trealamh “próiseála comharthaí” nó trealamh “feabhsaithe íomhánna”, ag a bhfuil “Buaicfheidhmiú Coigeartaithe” (“APP”) cothrom le 0,0128  Teireaflap Ualaithe (TU) nó níos mó;

ex 8471

Ríomhairí hibride agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh, ina bhfuil tiontairí ó analógach go digiteach ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:

a.

32 chainéal nó níos mó; agus

b.

Taifeach 14 ghiotán (maille le sínghiotán) nó níos mó, ag a bhfuil ráta comhshó 200 000  Hz nó níos mó

ex 8471

Catagóir 5 – Teileachumarsáid agus an tslándáil faisnéise

Tuairisc

Cód CC/AC

Gléasra, gairis nó meaisíní teileachumarsáide, i gcomhair “aerárthaí”

ex 8517 62

ex 8517 69

Catagóir 6 – Braiteoirí agus léasair

Tuairisc

Cód CC/AC

Ceamaraí le haghaidh aershuirbhéireachta

ex 9006 30

Braiteoirí Optúla mar a leanas:

a.

Feadáin dianaithe íomhá agus comhchodanna a saindearadh lena n-aghaidh, mar a leanas:

1.

Feadáin dianaithe íomhá, ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

a.

Tá buaicfhreagairt i raon tonnfhaid acu ar mó í ná 400 nm, ach nach mó í ná 1 050  nm;

b.

Tá pláta micreachainéal iontu chun aimpliú leictreonach a dhéanamh ar íomhánna agus tá spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 μm ag an bpláta; agus

c.

Tá ceann amháin ar a laghad de na saintréithe seo a leanas acu:

1.

Tá fótacatóid S-20, S-25 nó il-alcaile iontu; nó

2.

Tá fótacatóid GaAs nó GaInAs iontu;

2.

Tá plátaí micreachainéal saindeartha iontu ag a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas:

a.

15 000 feadán toll nó níos mó in aghaidh an phláta; agus

b.

Spásáil idir poill (spásáil lár-go-lár) ar lú í ná 25 μm.

b.

Trealamh íomháithe amhairc dhírigh a oibríonn sa speictream infheicthe nó sa speictream infridhearg, lena n-ionchorpraítear feadáin dianaithe íomhá ag a bhfuil na saintréithe a liostaítear sa rialú seo.

ex 8529 90

ex 8542 39

ex 9006 91

ex 9013 80

ex 9025 80

ex 9025 90

ex 9026 80

ex 9026 90

ex 9027 50

ex 9032 10

Ceamaraí oíche

8525 83

Ceamaraí a chomhlíonann critéir Nóta 3 a ghabhann le 6A003.b.4 (11)

ex 8525 89

ex 9006 30

Raonaimsitheoirí léasair aerbheirthe

ex 9013 20 00

ex 9013 80 00

ex 9013 90 80

ex 9015 10

ex 9015 80

ex 9015 90

ex 9031 80 20

ex 9031 80 80

ex 9031 90 00

ex 9033 00 90

“Cealla príomhúla” nó ceallraí ag a bhfuil dlús fuinnimh 150 Wh/kg nó níos mó ag 293 K (20 oC)

Nótaí Teicniúla:

1.

Chun críocha an rialaithe seo, ríomhfar “dlús fuinnimh” (Wh/kg) mar a leanas: an voltas ainmniúil iolraithe faoin toilleadh ainmniúil in aimpéaruaireanta (Ah) roinnte ar an mais i gcileagraim. Mura luaitear an toilleadh ainmniúil, ríomhfar an dlús fuinnimh mar a leanas: an voltas ainmniúil cearnaithe, agus iolraithe faoin ré díluchtaithe in uaireanta roinnte ar an ualach díluchtaithe in óim agus ar an mais i gcileagraim.

2.

Chun críocha an rialaithe seo, sainmhínítear “cill” mar ghaireas leictriceimiceach a bhfuil leictreoidí dearfacha agus diúltacha, agus leictrilít inti, agus ar foinse fuinnimh leictrigh í. Is é bloc tógála bunúsach an cheallra é.

3.

Chun críocha an rialaithe seo, is éard is “cill phríomhúil” ann “cill” nach bhfuil deartha lena luchtú ó aon fhoinse eile.

ex 8506

Córais, trealamh agus comhpháirteanna móra radair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh, mar a leanas:

a.

Trealamh radair aerbheirthe, cé is moite de sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh;

b.

Trealamh radair “léasair”“spáscháilithe” nó trealamh Braite Solais agus Raonála (LIDAR) a saindearadh le haghaidh na suirbhéireachta nó le haghaidh na breathnóireachta mheitéareolaíche;

c.

Córais íomháithe radair amhairc fheabhsaithe um thonnta milliméadair a saindearadh le haghaidh rótar-aerárthaí agus ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:

1.

Oibríonn siad ag minicíocht 94 GHz;

2.

Tá meánchumhacht aschuir acu is lú ná 20 mW;

3.

Tá leithead an léis radair aon chéim amháin (1 chéim); agus

4.

Tá raon oibriúcháin 1 500  m nó níos mó acu

ex 8526 10

ex 8529 90

ex 9015 10

ex 90

“Maighnéadaiméadair”, braiteoirí “forsheoltacha” leictreamaighnéadacha, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:

a.

“Maighnéadaiméadair”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, ag a bhfuil “íogaireacht” is ísle (i.e. is fearr) ná 1,0 nT (fmc) in aghaidh na fréimhe cearnaí Hz

Nóta Teicniúil: Chun críocha an rialaithe seo, ciallaíonn “íogaireacht” (an leibhéal torainn) meán cuadratach an urláir torainn ghaireas-teoranta arb é atá ann an comhartha is ísle is féidir a thomhas

b.

Braiteoirí leictreamaighnéadacha “forsheoltacha”, comhpháirteanna a monaraíodh as ábhair “fhorsheoltacha” faoinar fíor an méid a leanas:

1.

Dearadh iad chun go n-oibreoidís ag teocht is ísle ná “teocht chriticiúil” ceann amháin ar a laghad de na comhábhair “fhorsheoltacha” (lena n-áirítear gairis éifeacht Josephson nó gairis “fhorsheoltacha” trasnaíochta candamaí (SQUIDS));

2.

Dearadh iad chun go mbraithfidís éagsúlachtaí i réimsí leictreamaighnéadacha ag minicíochtaí 1 kHz nó níos lú; agus

3.

Tá ceann amháin ar a laghad de na saintréithe seo a leanas acu:

a.

Cuimsítear iontu SQUIDS tana-scannáin ag a bhfuil gné-mhéid íosta is lú ná 2 μm agus ag a bhfuil ciorcaid chúplála ionchuir agus aschuir;

b.

Dearadh iad chun go n-oibreoidís le sliúráta réimse mhaighnéadaigh ar mó é ná 1 × 66 candaim flosca mhaighnéadaigh in aghaidh an tsoicind;

c.

Dearadh iad chun go bhfeidhmeoidís gan sciathú maighnéadach i réimse maighnéadach comhthimpeallach an domhain; nó

d.

Tá comhéifeacht teochta acu is lú ná 0,1  candam flosca mhaighnéadaigh/K.

ex 9015 80

ex 9031 80

Meá-mhéadair atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáid ar talamh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:

a.

Tá cruinneas statach acu is lú (i.e. is fearr) ná 100 μGal; nó

b.

Is de chineál na heiliminte grianchloiche (Worden) iad

ex 9015 80

“Bogearraí”, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, a saindearadh le haghaidh earraí a rialaítear le 6A002 (12), 6A003 (13), agus radair, maighnéadaiméadair agus meá-mhéadair a áirítear i gCatagóir 6 den Rialachán seo, a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”.

Neamhbhainteach

Catagóir 7 – Loingseoireacht agus eitleonaic

Tuairisc

Cód CC/AC

Córais Loingseoireachta Támhúla, Aonaid um Thomhas Támhúil (ATT), méadair luasghéaraithe nó gíreascóip, agus páirteanna díobh agus a ngabhálais

ex 9014 20

ex 9014 80

ex 9014 90

Aeróga agus frithchaiteoirí aeróige le haghaidh “aerarthaí” nó córais treoraíochta, páirteanna atá oiriúnach le húsáid leo

ex 8517 71

ex 8529 10

Trealamh “córas loingseoireachta satailíte”, lena n-áirítear aeróga agus antennae atá oiriúnach chun comharthaí GNSS (comharthaí an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte) a ghlacadh, agus páirteanna de

ex 8526 91

ex 8529 90

ex 8526 10

ex 8526 92

ex 8517 71

ex 8529 10

Taifeadáin sonraí eitilte dhigiteacha

Nóta: Ní chumhdaítear leis an rialú sin na taifeadáin sonraí eitilte digiteacha sin a chomhlíonann gach ceann díobh seo a leanas:

a.

Tá siad deimhnithe ag údaráis eitlíochta sibhialta i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó i stát atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar; agus

b.

Tá siad ceaptha le haghaidh“aerárthaí” neamh-mhíleata dár eisigh údaráis um eitlíocht shibhialta i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó i stát atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar aon cheann díobh seo a leanas i dtaca le “haerárthach” ina bhfuil inneall den sainchineál sin:

1.

Deimhniú den chineál sibhialta; nó

2.

A chomhionann de dhoiciméad agus é aitheanta ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

8543 70 04

Gléasra cúnta radaloingseoireachta le haghaidh “aerárthaí” agus comhpháirteanna saindeartha díobh

ex 8526 91

ex 8529 90

Aonaid rialaithe eitilte le haghaidh “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”), agus páirteanna díobh

ex 8537 10

ex 8807 30

Aonaid chianrialaithe le haghaidh “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”), agus páirteanna díobh

ex 8517 61

ex 8526 92

ex 8537 10

ex 8543 70 90

ex 8807 30

Catagóir 9 – Aeraspás agus tiomáint

Tuairisc

Cód CC/AC

“Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”) cé is moite díobh sin a dearadh chun paisinéirí a iompar, agus páirteanna díobh

8806 21

8806 22

8806 23

8806 24

8806 29

8806 91

8806 92

8806 93

8806 94

8806 99

ex 8807 30

Aerinnill ghástuirbín (innill turba-liáin, turba-scairde agus turba-fean) le haghaidh “aerárthaí”, agus comhpháirteanna saindeartha díobh

ex 8411 11

ex 8411 12

ex 8411 21

ex 8411 22

ex 8411 91

Innill loiní dócháin inmheánaigh fhrithingeacha spréachadhainte nó innill loiní dócháin inmheánaigh rothlacha le haghaidh “aerárthaí”

8407 10

Páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh le haghaidh “aerárthaí” amháin nó leis na hinnill sin go príomha

8409 10

Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú le haghaidh “aerárthaí”

ex 8408 90

Seirbheamótar i gcomhair “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”)

ex 8501

ex 8807 30

Córais lainseála le haghaidh “UAVanna”, agus páirteanna díobh

ex 8805 10

ex 8807 30

Trealamh tacaíochta ar talamh i gcomhair “UAVanna”

ex 8805 10

Trealamh tástala le haghaidh aeraspáis agus tiomána, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821:

Nóta: áirítear leis an rialú seo na hítimí seo a leanas, agus na “bogearraí” a bhaineann leo:

Binse tástála um scaoileadh ualaigh agus saoráidí eile chun ionsamhlú a dhéanamh ar an scaradh sábháilte ón “aerárthach” nó ón chóras lainseála.

Seomra sprae salainn a thugann raoin teochta agus bogthaise chun tastálacha ocsaídiúcháin a dhéanamh.

Seomraí chun tástálacha fungas a dhéanamh.

Gairis le haghaidh tástálacha luasghéaraithe, turrainge agus turrainge iompair.

Seomraí creathaidh a thugann raoin fíorairde, teochta agus bogthaise.

Seomraí le haghaidh tástálacha um dhí-chomhbhrú pléascach.

Seomraí le haghaidh tástálacha teochta, bogthaise agus grianradaíochta.

Gairis chun meastachán a dhéanamh ar an ngabháil grianradaíochta, agus a úsáidtear le haghaidh tastálacha grianradaiochta.

Creathadóirí le haghaidh tástálacha síneasóideacha, randamacha agus turrainge, ar feidir iad a úsáid in gcumasc le tástálacha fíorairde, teochta agus bogthaise.

Táblaí creathaidh le haghaidh tástálacha fad-aise agus tástálacha cliathánacha, a úsáidtear in éineacht le seomraí teochta.

Seomraí hipeabaracha.

ex 9031 20

ex 9031 80

Córais “foirceannadh eitilte” agus comhpháirteanna saindeartha.

Nóta: cumhdaítear leis an rialú seo caighdeáin chumarsáide dhigiteacha agus analógacha le haghaidh Córais Foirceanta Eitilte, lena n-áirítear modhanna oibríochtúla criptithe.

Nótaí teicniúla:

1.

Chun críocha an rialaithe seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh an méid seo a leanas i gceist le “foirceannadh eitilte”: ísliú rialaithe, féinscriosadh , nó madhmadh an tsoic pléascáin chun an baol damáiste chomhthaobhaigh a íoslaghdú

2.

Chun críocha an rialaithe seo, áirítear mar chomhpháirteanna an méid seo a leanas: trealamh talún agus trealamh ar bord, floscóirí ordaithe, ionchódóirí, rialaitheoirí aimplitheoirí, glacadóirí fíoraithe ordaithe, aimplitheoirí, tarchuradóirí, díchódóirí agus glacadóirí.

ex 8526 92

ex 8529 90

Catagóir 10 – Teicneolaíocht

“Teicneolaíocht”, a dearadh nó a sainoiriúnaíodh chun trealamh a rialaítear san Iarscríbhinn seo a thástáil, a fhorbairt nó a tháirgeadh

“Teicneolaíocht” le haghaidh meaisín-uirlisí a rialaítear san Iarscríbhinn seo a “úsáid”.’


(1)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(2)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(3)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(4)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(5)  Tagairt d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(6)  Tagairt d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(7)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(8)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(9)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(10)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(11)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(12)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.

(13)  Tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) 2023/1529:

‘IARSCRÍBHINN IV

Liosta na gcalafort agus na loc dá dtagraítear in Airteagal 2a

 

Ainm

Forais lena áireamh

Dáta cur i bhfeidhm

1.

Calafort Amirabad, an Iaráin

Airteagal 2a(1), pointe (d): úsáidtear le haghaidh aerfheithiclí gan foireann (UAVanna) nó diúracáin nó teicneolaíochtaí gaolmhara de chuid na hIaráine, nó comhpháirteanna díobh, a aistriú chun tacú leis an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine

18.11.2024

2.

Calafort Anzali, an Iaráin

Airteagal 2a(1), pointe (d): úsáidtear le haghaidh aerfheithiclí gan foireann (UAVanna) nó diúracáin nó teicneolaíochtaí gaolmhara de chuid na hIaráine, nó comhpháirteanna díobh, a aistriú chun tacú leis an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine

18.11.2024’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2897/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)