|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2867 |
11.11.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2867 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i láthair lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 33(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 na samhlacha de lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a fhéadfar a úsáid, lena n-áirítear samhail dhubh agus bán. Mar sin féin, ní údaraítear go sainráite samhail bhán agus dubh (claonchló) atá go hiomlán inbhéartaithe, cibé acu imlíne teormharcála a bheith nó gan bheith timpeall an lógó. Ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 go n-údaraítear samhail den sórt sin freisin ós rud é go bhfreagraíonn sé do riachtanas teicniúil ar an láthair. |
|
(2) |
In Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 tugtar an dath le haghaidh lógó glas an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach leis an dath tagartha sa chairt dathanna Pantone agus sa tsamhail dathanna CMYK, ina n-úsáidtear ceithre phláta dúigh – cian, maigeanta, buí agus eochair (dubh). An tagairt choibhéiseach sa tsamhail dathanna RGB ina n-úsáidtear trí bhundath bhreiseánacha, dearg, glas agus gorm, ba cheart í a sholáthar chun críoch digiteach freisin. |
|
(3) |
Foráiltear le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 gur féidir imlíne teormharcála a úsáid timpeall an lógó nuair a bhíonn an lógó ar chúlra agus gur deacair é a fheiceáil dá bharr sin. Chun a áirithiú go n-urramaítear toisí an chóimheasa airde/leithid, ba cheart imlíne teormharcála a úsáid i gcónaí nuair a bhíonn an lógó ar chúlra agus gur deacair é a fheiceáil dá bharr sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.2 agus 1.3 :
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.5:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2867/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)