European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2859

8.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2859 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

lena gceaptar triúr comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Spáinne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 30 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/227 (3), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún. An 27 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/2716 (4), lena gceaptar beirt chomhaltaí agus ceathrar comhalta malartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíocháin triúr comhaltaí malartacha tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Esther HERRANZ GARCÍA, Virginia MARCO CÁRCEL agus Miquel ROYO VIDAL a cheapadh.

(4)

Mhol rialtas na Spáinne na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: José Manuel CABALLERO SERRANO, Vicepresidente Segundo de la Junta de Comunidades de Castilla-La Mancha (an Dara Leas-Uachtarán ar Rialtas Phobal Féinrialaitheach Castile-La Mancha), Jaume DUCH GUILLOT, Consejero de Unión Europea y Acción Exterior, Generalitat de Cataluña (an tAire don Aontas Eorpach agus do Ghníomhaíochtaí Eachtracha, Rialtas na Catalóine), agus Jesús Ángel GARRIDO MARTÍNEZ, Director General de Fondos y Relaciones con la Unión Europea, Gobierno de La Rioja (Ard-Stiúrthóir um Chistí agus um Chaidreamh leis an Aontas Eorpach, Rialtas La Rioja),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

José Manuel CABALLERO SERRANO, Vicepresidente Segundo de la Junta de Comunidades de Castilla-La Mancha (an Dara Leas-Uachtarán ar Rialtas Phobal Féinrialaitheach na Caistíle-La Mancha),

Jaume DUCH GUILLOT, Consejero de Unión Europea y Acción Exterior, Generalitat de Cataluña (An tAire don Aontas Eorpach agus Gníomhaíochtaí Seachtracha, Rialtas na Catalóine), agus

María Esther HERRANZ GARCÍA, Director General de Fondos y Relaciones con la Unión Europea, Gobierno de La Rioja (Ard-Stiúrthóir um Chistí agus um Chaidreamh leis an Aontas Eorpach, Rialtas La Rioja).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/2157/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/227 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún (IO L 32, 3.2.2023, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/227/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2023/2716 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún (IO L, 2023/2716, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2716/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2859/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)